Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go dtabharfaí i dtír iad that they would be brought ashore
" Líomhaintí ======= Rinne John Howard deimhin dá lucht tacaíochta nuair a chuir sé i leith na dteifeach i mbád eile gur chaith siad páistí isteach san fharraige ag súil go dtabharfaí i dtír iad de bharr a gclann a bheith i gcontúirt.
nuair a cuireadh clabhsúr ar chúrsaí when things were brought to an end
" Bhí an slua thar a bheith foighneach go dtí an deireadh ach nuair a cuireadh clabhsúr ar chúrsaí cheapfá go raibh Murchadh na nDóiteán feicthe acu agus an fonn abhaile a bhí ar chách.
caithfear sin a chur san áireamh that must be brought into consideration
" Ach tá pobal na hÉireann i ndiaidh athrú agus pobal ilchultúrtha atá ann anois agus caithfear sin a chur san áireamh freisin.
tugadh éadaí cosanta isteach, protective clothing was brought in,
" Gan trácht ar na céadta dianghortú, maraíodh ocht mac léinn déag agus iad ag imirt peile sa bhliain 1905! Chun a leithéid a sheachaint, cuireadh toirmeasc ar na seifteanna úd, agus tugadh éadaí cosanta isteach, mar chlogaid agus gheansaithe pardógacha.
cuireadh dlí nua i bhfeidhm a new law was brought into force
" Ag an am chéanna, cuireadh dlí nua i bhfeidhm a d’ordaigh go gcaithfí tochailt seandálaíochta a dhéanamh idir treascairt agus atógáil.
Spreag agus chothaigh Kieran Kieran encouraged and brought on
" Spreag agus chothaigh Kieran go leor léiritheoirí óga lena linn.
a chuir an t-iar-rialtas i bhfeidhm which the last government brought into effect
" WorkChoices* *a tugadh ar na dlíthe seo, aa chuir an t-iar-rialtas i bhfeidhm go luath in 2006.
Thug na daoine seo amhráin leo these people brought songs with them
" Thug na daoine seo amhráin leo agus ba uathasan a fuair sí cuid de na hamhráin a bhí aici.
sin an áit ar tógadh máthair Lunny, that is the place where Lunny's mother was brought up
" B’as Gaeltacht Rann na Feirste é Mac Grianna agus sin an áit ar tógadh máthair Lunny, a cailleadh le gairid.
chuir gach cuid dá shaol gliondar air every part of his life brought him joy
" Bhí croí éadrom aige agus chuir gach cuid dá shaol gliondar air – a theaghlach agus a chairde, a phost, a chultúr, agus an Ghaeilge.
ag tabhairt cuairte ar a theachín dúchais, visiting the cottage where he was brought up,
" Agus muid ag tabhairt cuairte ar a theachín dúchais, bhraith mé an bochtanas a bhí ann le linn a óige.
a chuir na díolacháin seo i gcrích. who brought off these sales
" Ba é Aire Cosanta na Seoirsia, Davit Kezerashvili – ar saoránach de chuid Iosrael é – a chuir na díolacháin seo i gcrích.
nochtaíodh liom brought home to me
" Ó tharla gur ag léamh an ailt seo anois atá tú, is léir gur éirigh liom! Garmin Rud eile a nochtaíodh liom ar an tsaoire seo freisin, ná giúirléid an-úsáideach eile: GPS.
á imirt brought to bear
" Murach an tAontas Eorpach, bheadh cumhacht na dtíortha seo – an Ghearmáin, an Fhrainc, an Ríocht Aontaithe – á imirt orainn ar chaoi ar bith.
cuimhnítear is brought to memory
" Ach a luaithe is a luaitear ‘stáisiún eithneach’, cuimhnítear láithreach ar na heachtraí a tharla i Three Mile Island in 1979 agus i Chernobyl in 1986 nó ar an gconspóid ar fad faoin stáisiún eithneach i Sellafield (sea, < Windscale) ar chósta thiar Shasana.
chuir giorria eile ina shuí brought up another matter
" Cé atá i gceannas agus cén duine ba cheart a bheith i gceannas agus maidir le pé dream atá i gceannas cé a choiméadfaidh súil orthu? Ar cheart athshamhlú a dhéanamh ar cad is Gaeltacht ann? An bhfuil dóthain sa phlean don chainteoir dúchais Gaeltachta nó an bhfuil an stráitéis róthugtha don dátheangachas? An bhfuil an sprioc de 250,000 cainteoir laethúil faoi 2030 insroichte? An bhfuil dóthain ann chun dul i ngleic le fadhbanna na Gaeilge sa chóras oideachais? An bhfuil an plean radacach a dhóthain? An bhfuil struchtúr ann le cinntiú go gcuirfear i bhfeidhm é? Ceisteanna móra tromchúiseacha Bhí alt eile san *Irish Times* le déanaí, le Brian Ó Broin, a chuir giorria eile ina shuí nach gcloistear chomh minic sin, cé go bhfuil sé fite fuaite leis na ceisteanna eile ar fad.
a fuineadh agus a fáisceadh sinn we were bred and brought up
" Ba ó na gnáthdhaoine - a itheann a ndinnéar i lár an lae - a fuineadh agus a fáisceadh sinn.
tharraing míchlú brought disrepute
" Ní thabharfar cuireadh d'éinne (iarcheannairí ina measc) a tharraing míchlú orainn chuig an Ard-Fheis feasta.
tionscnaíodh were brought forward
" Tá a chruthúntas nár éirigh le spriocanna an Aire Ryan le feiceáil fosta in dhá chás cúirte a tionscnaíodh ar an mallaibh.
D’ardaigh sé sin that rose, brought about
" D’ardaigh sé sin ana-chuid ceisteanna in ana-chuid daoine óga, mé féin ina measc agus is saghas dul chun cinn nádúrtha é as san, is dóigh liom, ceistiú a dhéanamh faoi rudaí agus aigne a athrú.
fáiscithe as brought up on
" Tá dintiúirí maithe aige agus é fáiscithe as an pholaitíocht mar a bhí a mhuintir roimhe.
d'fháisc as brought about from
" Is é Ervine ceannaire úr an *Progressive Unionist Party* (PUP), páirtí polaitíochta a bhfuil léargas aige ar smaointeoireacht an UVF (an bhfuil cuimhne agaibh ar an bhéarlagair amaideach sin?) Toghadh Ervine mar cheannaire ar an pháirtí i ndiaidh géarchéime a d'fháisc as dúnmharú uafásach Bobby Moffet ar Bhóthar na Seanchille i mí Bealtaine anuraidh.
curtha i gcrích brought to fruition
" Gan é, ní mórán a bheadh curtha i gcrích.
tugtar thú you’re brought
" Ó thús go deireadh, tugtar thú isteach i mBéal Feirste na haoise sin ina raibh Séamus ag fás aníos mar stócach óg i gcuideachta agus i gcomhluadar a dhearthár Seán agus a mhuintire uilig.
chur i gcrích brought to fruition
" Tuiscint ar am, ar áit agus tuiscint ar chumas nó ar an méid is féidir a chur i gcrích sa saol.
tugtha chun aibíochta brought to fruition
" Fómhar luath beart umhlaíochta sa Gháirdín Chuimhniúcháin tugtha chun aibíochta.
curtha i gcrích brought to fruitition
" Spriocanna ===== Dúradh sa cháipéis go mbeadh aidhmeanna na meithle bainte amach nuair a bheadh roinnt athruithe curtha i gcrích: - Meas a bheith ar an iomáint i mBaile Átha Cliath i measc spóirt éagsúla - Foirne iomána Átha Cliath a bheith ar na sé fhoireann is fearr sa tír ar bhonn rialta - Ardmheas a bheith ar ghairmiúlacht lucht bainistíochta agus oiliúna na hiomána san ardchathair - Tacaíocht do chur chun cinn na hiomána a bheith ar fáil ó gach uile chlub de chuid an CLG i mBaile Átha Cliath.
thógfar na cúisimh charges are brought
" Tuigfidh lucht tógtha na ladrann faoi cheann roinnt blianta, áfach, nuair a thógfar na cúisimh éagsúla chun tosaigh ina n-éadan i gcúirteanna SAM féin, an milleadh agus an scrios a rinne siad in áiteanna ar fud an domhain mar a bhfuil cosmhuintir Mhuslamach beo bocht, cosmhuintir ar neamhní lena gcuid rialtas féin iad cuid mhaith.
chuir snaidhm ar an gceangal a bhí eadrainn really brought us together
" Ansin, ar an droichead idir an Ghearmáin agus an Pholainn, tharla eachtra a chuir snaidhm ar an gceangal a bhí eadrainn.
sileadh solas ar iarrachtaí fir amháin one man’s efforts were brought to light
" I rith an tsamhraidh sileadh solas ar iarrachtaí fir amháin i gcathair Átha Cliath a bhí agus atá gan dídean.
Nocht siad iontaisí úra they brought forth new fossilized material
" Nocht siad iontaisí úra sa téacs agus san fhothéacs.
Tugadh anonn mise I was brought over
" Tugadh anonn mise go Glaschú – scéal suimiúil é seo – bhí fear ceaptha an rud a chur i láthair i nGàidhlig; tús an ruda.
coinín é a bhí curtha as tom aitinn it was a matter brought into discussion
" Cheap mé gur coinín é a bhí curtha as tom aitinn ag Éamon Ó Cuív le aird a tharraingt ó rudaí eile a bhí le déanamh.
chroch mé liom I brought with me
" Ní raibh coileach uaim ach ba léir go raibh an t-éan is fearr faighte acu dom agus in ionad a bheith drochbhéasach, d’íoc mé as, ghabh mé buíochas leo agus chroch mé liom mo chara nua ar ais i dtreo an kayak.
a theacht ar an saol its being brought into being
" Preispitéirigh, nó ó cheart, Saor-Phreispitéirigh na Sé Chontae go háirithe ar an bhronntanas gan choinne in Albain, Comhairle nan Eilean, a theacht ar an saol.
Bhain sí scairteadh gáire as an gcuideachta she brought the house down
" Bhain sí scairteadh gáire as an gcuideachta nuair a mhaígh sí: murach na Gaeil, bheadh an Astráil go díreach mar an gcéanna leis an Nua-Shéalainn! Moladh do na Gaeil cinnte, ach masla dár gcomharsana tras-Tasmáine.
curtha i gcrích brought to fruition
" François Damiens ======== Míorúilt atá curtha i gcrích ag François Damiens.
thug leo tromlach na ngradam brought away most of the awards
" Na Buaiteoirí ===== D’éirigh le léiriúcháin teilfíse, raidió agus na meáin úra Ghaeilge ainmniúcháin a fháil ar ghearrliosta iomaíoch na Féile, ina measc, Raidió Fáilte agus Tobar Productions, ach ba iad na forais sheanbhunaithe, RTÉ (teilifis agus raidió) chomh maith le TG4, a thug leo tromlach na ngradam a bronnadh ar léiriúcháin as Éirinn.
a bheith tionscanta againn that we have brought into being
" Is minice ráite gur dream uafásach sinn, an cine daonna ag milleadh an domhain, gan trácht ar aon chinéal feabhais, beag nó mór, a bheith tionscanta againn.
Tá an mhian sin gnóthaithe anois aici she’s brought that desire into being
" Tá an mhian sin gnóthaithe anois aici agus cá bhfios nach é an sméar mullaigh a bheas ar an scéal an bonn óir a bhuachan?
tógadh was brought up
" ** AW: Rugadh is tógadh mé i mBeirlin, in iarthar Bheirlin.
smaointí fánacha i mo cheann (brought) various thoughts to mind
" Agus chuir an áit bheag dhraíochtúil seo smaointí fánacha i mo cheann.
curtha i gcrích brought to fruition
" Tá scéimeanna éagsúla curtha i gcrích ag formhór mór de bhaill an Aontais Eorpaigh (AE) chun inimircigh lasmuigh den dlí a thabhairt chun rialtachta agus tá an Pholainn tar éis deireadh a chur le scéim dá leithéid le déanaí.
a chuir cor nua sa scéal which brought a new element into the matter
" Ach rinne Cúirt Bhreithiúnais an AE rialú a chuir cor nua sa scéal anuraidh.
tugadh isteach lucht plandála planters were brought in
" Bogadh na Palaistínigh de leataobh agus tugadh isteach lucht plandála, teaghlaigh as gach cearn a raibh an creideamh ceart acu.
an reachtaíocht a socraíodh the legislation which was brought into being
" Is de bharr na polasaithe agus an reachtaíocht a socraíodh le linn na bliana 2012, a chaill mé dóchas sa gcomhrialtas seo maidir le todhchaí na Gaeltachta.
ritheadh dlíthe ar fud na tíre laws were brought in throughout the country
" Cheana féin tá eagla ar gach éinne roimh gach éinne eile, go háirithe ó ritheadh dlíthe ar fud na tíre a cheadaigh do dhaoine gunnaí a iompar faoi choim.
a thug orm féin which brought me
" Ach ní hé Coimisiún na hEorpa a thug orm féin Domhnach seaca a chaitheamh sa tír mí Eanáir.
cásanna casta á dtógaint in éadan complicated cases being brought against
"cásanna casta á dtógaint in éadan na Vatacáine, agus ‘coireanna in éadan na daonnachta’ i gcoinne an Phápa féin.
a thug, is ba chiontaí le who brought and was the reason for
" Déanann daoine go leor dearmad air, ba é fear as an gCorrán in Acaill a thug, is ba chiontaí le, Raidió na Gaeltachta a thabhairt go Contae Mhaigh Eo an chéad lá riamh agus níor tugadh mórán aitheantais dhon fhear a thug ann é.
thug muid scata daoine we brought a couple of people
" Chonaic muid anseo le cúpla cruinniú a thugas muid féin le chéilí, oíche Dé hAoine seo a caitheadh, thug muid scata daoine le chéilí a bhíof ag piocadh na bhfataí fadó agus tháinig os cionn céad duine le chéilí.
feoil bheo dhaonna ar brought to life
" Chuir Day-Lewis, Lee Jones agus Sally Field feoil bheo dhaonna ar phearsain ró-oirmhinneacha na staire.
i gcuimhne dom (brought) to my mind
" Cuireadh mo chéad chuairt ar Mheiriceá i gcuimhne dom, blianta fada ó shin, nuair a dúirt mé le mo chomharsa ar an eitleán go mbeinn ag tógáil bus ar aghaidh go dtí mo cheann cúrsa.
thug cairde leis friends brought
" Briseadh a chos agus thug cairde leis chun na hotharlainne é, ach níor tugadh cead isteach dó.
tugtar na dánta chun beochtana the poems are brought to life
" Mar go bhfuil na dánta léite sna canúintí inar chum na filí iad ar na físeáin ann, tugtar na dánta chun beochtana – PoetryBeo.
sular thug na Lochlannaigh sclábhaithe dubha before the Vikings brought black slaves
" Spreagann sé an cheist, cá mhéad duine in Éirinn a bhfuil "fuil na nGormán" iontu i ngan fhios dóibh? Measann Bill Rolson go raibh i bhfad níos mó daoine gorma in Éirinn ná mar a shamhlaíonn muid leis na céadta, sular thug na Lochlannaigh sclábhaithe dubha go Dyflinnarskiri/Baile Átha Cliath, croílár na sclábhaíochta Lochlannaí, a deirtear.
agus mise i mo leibide gan leabhar while I’m there like an idiot (not having brought …
" An lucht éisteachta ag teannadh isteach agus mise i mo leibide gan leabhar.
Oidhreacht na Bliana what the year has brought about
" Oidhreacht na Bliana ========= Toradh suntasach eile ar an bhliain eisceachtúil seo is ea go bhfuil meanma agus féinmhuinín an phobail i ndiaidh fás go mór.
rabhthas ag cur deireadh leis na pointí bisigh the bonus points were to be brought to an end
" Ábhar mór conspóide ab ea an cinneadh sin i measc lucht labhartha na Gaeilge nuair a d’fhógair an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Brendan Howlin, i mí Dheireadh Fómhair, 2013 go rabhthas ag cur deireadh leis na pointí bisigh agus go gcuirfí cionmhéid i bhfeidhm feasta nuair a bheadh earcú á dhéanamh.
chuir an leabhar féna bhráid brought the book to his notice
" Bean Steve Mc Queen a chuir an leabhar féna bhráid.
a thug a fhad seo muid which brought us this far
" Tá córas a haon “maith go leor”, ba é a thug a fhad seo muid (ón ré a mbímis ag brath go hiomlán ar an instinn).
tugadh i nglais lámha he was brought in handcuffs
" Stopadh an fear de dheasca mioneachtra tráchta, agus nuair a thug sé faoina ghnó a dhéanamh i gceann de dhá theanga oifigiúla an Stáit – Gaeilge – gabhadh é agus tugadh i nglais lámha chuig beairic Garda é, áit ar coimeádadh é go raibh fáil ar Gharda a bhí in innimh gnó a dhéanamh leis sa teanga sin.
thláthaigh dlúth iad brought them together
" Dá fheabhas í Parramatta mar cheann scríbe gastronomique, a bhuíochas san d’ealaín chócaireachta na bpobal éagsúla, nua agus sean, ba bheag eile anseo a thláthaigh dlúth iad.
chuir sé crothnú mhillteanach orm it brought on a great feeling of loss
" Chuir sé cumhaidh mhillteanach agus chuir sé crothnú mhillteanach orm, don bheirt acu.
chur i gcrích ar bhealach brought to conclusion in a way
" Ní fheicim féin siocair ar bith nach bhféadfaí na scéalta seo uilig a chur i gcrích ar bhealach nach ngríosódh fearg na tíre agus, ag an am chéanna nach scriosfadh an téarnamh geilleagair.
a dhóthain cánach á bhailiú isteach enough tax being brought in
" Thugas faoi deara le gairid, go raibh Éamonn Gilmore agus Pat Rabbitte ag caint sna meáin roimh an toghcháin faoin bhfaoiseamh cánach a thabharfaidís do ‘middle Ireland’, ag am nach bhfuil a dhóthain cánach á bhailiú isteach le seirbhísí ceart leighis a sholáthar sna hotharlanna.
i gcuimhne dom (brought) to my mind
" Blianta ó shin, siar ag tús 2008, bhí mé ag plé cúrsaí cheoil ar Twitter le @BrianGreene agus mar shampla de rud éigin nach ritheann liom anois, chuir sé íomhá de chlúdach díolama ‘*look Sharp*’ le Joe Jackson i gcuimhne dom.
fíoraíodh Gort na gCnámh a poem by Cathal Ó Searcaigh was brought to life
" Cad é an dóigh ar fíoraíodh Gort na gCnámh eile i lár na hEorpa lenár linn? Cad é a thug an Dr.
dúisithe put, brought up
" Caithfear aird a thabhairt ar dhream ar leith agus ar na ceisteanna atá dúisithe acu, deir Breandán Delap.
á himirt brought to bear
" Ní thuigeann an móramh an diabhlaíocht atá á himirt orthu, deir sé.
nochtar is brought to light
" Níl i roinnt den sceimhlitheoireacht a nochtar i SAM ach drámaíocht agus aisteoireacht ina dtreoraítear go slítheánta an corrchréatúr neoid chun na carcrach.
ní a thug ar aon ardán í í something which brought her to share a platform
" Thaobhaigh Cabríní le cuspóirí Chonradh na Gaeilge le blianta, ní a thug ar aon ardán í le triúr eile ag Oireachtas na Gaeilge i Leitir Ceanainn le caint a thabhairt; caint a tharraing caint.
go mba cheart cás caomhnú na Gaeilge a chur that a case for the preservation of Irish ought to be brought
" Molann sé go mba cheart cás caomhnú na Gaeilge a chur os comhair Comhairle Airí Aontas na hEorpa.