Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
buailte ar an Aigéan Ciúin beside the Pacific Ocean
" Domhnach Cásca, 15 Aibreán, léadh Aifreann mar a dhéantar chuile Dhomhnach Cásca le fada ag leacht cuimhneacháin laochra 1798 i reilig Waverley in oirthear Sydney, atá buailte ar an Aigéan Ciúin.
a bholg buailte thiar ar a dhroim extremely thin
" Bhí sé caol fada, a bholg buailte thiar ar a dhroim agus scead liath os cionn an dá chluais aige.
buailte leis beside it
" Murach an obair pháirtaimseartha atá ar fáil i dtionscal na hiascaireachta sna Cealla Beaga agus ag Earagal Éisc i Mín an Aoire, bheadh Cill Chartha agus na paróistí buailte leis ar an ghannchuid ó thaobh oibre.
Bhí a dhá pluc buailte ar a chéile she had sunken cheeks
" Bhí a dhá pluc buailte ar a chéile agus fiú agus í ina codladh, ba léir go raibh an dá shúil sáite thiar ina ceann.
Ní raibh ach a tóin buailte ar an tsuíochán she had just sat down
" Ní raibh ach a tóin buailte ar an tsuíochán nuair a scairt an fáilteoir, "Sin tú, a Fiona.
buailte go dona ag an ngorta badly affected by famine
" Beidh an Bhanglaidéis faoi uisce ar fad, nach mór, agus na milliúin teifeach ag brú isteach san Ind agus sa tSín, dhá thír mhóra a bheas buailte go dona ag an ngorta.
buailte small grazing fields
" Airgead mór a bhí siad á ghearradh ar mhuintir bhocht fhadaraíonach na hÉireann as ionlanna a thógáil amuigh sna buailte sna laethanta fadó.
buailte ar a chéile next to each other
" Deir siad go n-éiríonn daoine níos réchúisí sna daichidí – cad é bhain duitse!?” Ar an drochuair, nuair a shuigh siad síos bhí Bríd agus Kate buailte ar a chéile agus bhí deireadh déanta.
buailte le cathair bhríomhar beside a lively city
" Tá Gaeltacht Chonamara faoi bhrú de bharr é a bheith buailte le cathair bhríomhar atá ag síorfhás agus a bhfuil a cuid bruachbhailte ag bogadh siar de réir a chéile.
buailte beaten
" Bhí mo dheartháir i gcúpla troid ar scoil agus tháinig sé abhaile chuig mo mháthair agus é buailte.
Tá an chéad Nollaig eile beagnach buailte linn the next Christmas is almost with us
" Tá an chéad Nollaig eile beagnach buailte linn – Nollaig nach bhfeicfidh mé m’iníon lena linn agus Nollaig nach mbeidh mé in ann taitneamh a bhaint aisti ina héagmais.
Tá an t-am sin den bhliain buailte linn arís. that time of the year is upon us again
" Tá an t-am sin den bhliain buailte linn arís.
atá buailte linn which is upon us
" Is soiléire é seo i rith Seachtain na Gaeilge atá buailte linn.
buailte linn arrived
" Agus deireadh bliana eile buailte linn, níor mhiste roinnt machnaimh a dhéanamh ar staid an domhain.
sách buailte damaged enough
" Tá an Ghaeltacht sách buailte, gan ár gcairde i saol na Gaeilge a bheith ag iarraidh tairne a bhualadh sa chónra.
buailte linn arís arrived again
" Tá mí Dheireadh Fómhair buailte linn arís, a chairde.
buailte linn has arrived
" Tá an Nollaig buailte linn agus tá margaí le fáil ar líne.
buailte leis bordering on
" Tá sí buailte leis an gCéinia ar an teorainn thuaidh agus tá an Mhósaimbíc léi aneas.
buailte stricken
" Dhá Mháthair an Mhí-Áidh ============= Tá dhá chúis leis an difear ollmhór idir líon na marbh sa dá cheantar buailte.
buailte faoi arraing suffering pain
" Bhí a saol lán le fadhbanna sláinte; bhí polio uirthi nuair a bhí sí óg agus bhí sí i dtaisme bóthair millteanach agus í ina déagóir a d’fhág í briste brúite agus buailte faoi arraing go minic don chuid eile dá saol.
buailte go dona badly hit
" Tá an fhoirgníocht scriosta ar fad sna ceantair tuaithe, tá an miondíol buailte go dona de dheasca an chúlaithe, agus tá ceist mhór faoi thodhchaí na déantúsaíochta, rud a fhágann deacrachtaí ar leith ag an cheantar sin.
buailte linn has arrived
" Uair na cinniúna buailte linn maidir le craobhchomórtas na bliana seo.
buailte le hurchar millte suffered a stroke
" Tá obair pháirtaimsireach ag Mija – í ag tabhairt aire do sheanfhear atá buailte le hurchar millte.
buailte linn almost upon us
" Tá an Nollaig buailte linn agus buaileann driopás áirithe sinn go minic faoi Nollaig chomh maith.
bliain úr eile buailte linn into a new year
"bliain úr eile buailte linn, a léitheoirí dílse.
buailte leis an ngalar dubhach depressed
" Tá an bhrídeog Justine fionn, buailte leis an ngalar dubhach, tláith, dúnta, aonarach, ag titim as a chéile.
frithlaochra buailte broken antiheroes
" Athraíonn a chuid frithlaochra buailte a riocht agus a gcultúr agus iad ag dul ó áit go háit trí chríocha briste, macarónach.
agus an buille maraithe buailte when the fell blow is struck
" Ní chuirtear aon bhall dá ballaibh amú agus an buille maraithe buailte: beirítear na cluasa, mar shampla, leagtar i gcorcán le glasraí iad dá éis, agus dáiltear sin mar réamhghoblach, nó tapa.
beagnach buailte linn almost upon us
" Is cinnte go bhfuil údar maith ag lucht leanúna sacair scleondar agus sceitimíní a bheith orthu agus Euro 2012 sa Pholainn agus san Úncráin beagnach buailte linn.
Dream Buailte nó Dream a Buaileadh a beaten people or a people who have been hit
" Dream Buailte nó Dream a Buaileadh? ================== Deir seanfhocal linn, ‘an madadh a bhuailtear sa chloigeann, cuimhníonn sé!’ B’fhéidir gur ag cuimhneamh le fada a bhí muintir na hÉireann agus gurb ’in é an fáth a raibh na coiscéimeanna malltriallach le breis is céad bliain anuas: Cogadh na Talún, Cogadh na Saoirse as ar glacadh le mionn ‘don Rí’ le ‘Saorstát’ a bhaint amach.
aon síocóis atá buailte orm every psychosis I suffer from
" Ach dá olcas an dá leabhar úd, ní thig liom an milleán a chur orthu as gach aon síocóis atá buailte orm! Lena chois sin, caithfidh mé a admháil nach bhfuil an ghráin agam ar theanga ná ar litríocht an Bhéarla dá bharr.
cheantair atá buailte ag area which are affected by
" Scriosadh 35,000 crann óg d’aon turas go dtí seo in Éirinn agus tá an Roinn Talmhaíochta in Éirinn tar éis cosc a chur ar allmhairiú bonsach óg agus síolta ó cheantair atá buailte ag an ngalar ag súil is nach scaipfidh sé ar fud na tíre seo.
buailte linn has come around (again)
" Tá an Late Late Toy Show buailte linn agus mé ag machnaimh go dian ar bhur mianta Nollag, a chairde nerd.
cé chomh buailte how badly struck
" Cailleadh Cumhachta ========= Ar maidin, agus an aibhléis gearrtha, níorbh eol dúinne ná d'éinne eile sa cheantar, cé chomh buailte is a bhíomar.
buailte ag cruachás airgid hit by money problem(s)
" Anois tá an *‘landlady’* buailte ag cruachás airgid, de bharr titim thubaisteach le cúig bhliain anuas san ioncam fógraíochta.
Agus ré na teicneolaíochta buailte linn with us now in the technological era
" Agus ré na teicneolaíochta buailte linn, tá sise den tuairim gur cheart bunphrionsabail na ríomhaireachta a chur ar shúile ár bpaistí go luath sa saol.
Imbolg buailte linn February has arrived
"Imbolg buailte linn, a léitheoirí dílse.
buailte ag an ngéarchéim hit by the crisis
" ‘68% de mhuintir na Beilge buailte ag an ngéarchéim’ an ceannteideal a bhí i bpáipéar nuachta Le Soir ar an suíochán le mo thaobh sa tacsaí.
ba mheasa buailte ag triomach struck worst with drought
" Is intuigthe má leagtar béim áirithe ar athrú aeráide leis an té a shiúil tailte agus campaí seasca na Somáile nó tíortha teo na Saiheile, an chuid sin den domhan ba mheasa buailte ag triomach agus ag leathnú an ghaineamhlaigh dá réir.
buailte go tobann struck suddenly
" D’fhógair sé ag tús Mí Aibreáin go bhfuil sé buailte go tobann agus go dona tinn le hailse.
buailte linn faoi dheireadh thiar thall arrived at long last
" Tá an samhradh buailte linn faoi dheireadh thiar thall agus tá múinteoirí na hÉireann ag ullmhú dá gcuid laethanta saoire.
ag am nuair atá an tír buailte go holc when the country is badly hit
" Tá sé seo tarraingteach go maith ag am nuair atá an tír buailte go holc ag an dífhostaíocht.
buailte lena chéile side by side
" Agus más féidir Gaeltacht a thabhairt ar an áit a bhfuil dhá theach Ghaelacha buailte lena chéile, ní bréag a rá go bhfuil a leithéid an taobh seo den chuan.
go mothódh an dream atá buailte síos that a group who are beaten down
" Ní fios cén tábhacht a bhaineann leis an méid sin, go mothódh an dream atá buailte síos nó sliocht sleachta an dream a buaileadh síos, go gcoipeann an fhuil iontub i gcónaí agus go bhfuil brí agus fuinneamh ina ndúchas.
agus an bhliain úr buailte linn as we come into the new year
" Shíl Balor nárbh fhearr dó rud a dhéanamh ná moladh nó dhó a thabhairt do roinnt daoine atá i mbéal an phobail i dtaca leis na gealltanais a dhéanfaidh siad, nó ba chóir go ndéanfaidís, agus an bhliain úr buailte linn anois.
buailte síos sa tsaol worsted in life
" Beannacht Dé leis, déanaim amach go gcaithfeadh sé gur imir focail Donal Walsh tionchar ar dhaoine a bhí buailte síos sa tsaol ag an am.
fadhbanna den chineál céanna buailte anuas orthu similar problems landed on top of them
" Trí leas a bhaint as mo leathanach Smutleabhair, bhailigh mé thart ar €400 do Féileacáin agus bhain sé seo siar asam go hiomlán – daoine agus cairde a raibh fadhbanna den chineál céanna buailte anuas orthu ag bronnadh airgid ar an iarracht agus dár moladh as ár n-iarrachtaí an chartanacht a chur chun cinn.
beagnach buailte linn arís nearly here again
" Agus ní fada uainn anois an méid sin, mar go bhfuil Seachtain Willie Clancy beagnach buailte linn arís.
beagnach buailte linn, nearly upon us
" Agus Ardteist na bliana seo beagnach buailte linn, beidh an dream atá ar tí an scoil a fhágáil ciaptha leis an imní.