Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
caora dearga red berries
" "Tháinig siad anseo mar gur maith leo na caora dearga ar na toim sin," arsa éaneolaí, agus é ag díriú a mhéire i dtreo an bhóthair mhóir.
chúrsaí caorach matters relating to sheep
" Chaith Balor a shúil nimhe ar chúrsaí caorach an mhí seo agus go háirithe ar Aoirí Maithe na tíre.
Tógáil caorach sheep rearing
" Tógáil caorach an gléas beo atá ar mhórán sa cheantar, sin agus obair sna bailte móra máguaird, Bealach Féich agus Leitir Ceanainn.
a gheibh caoirigh síos that sheep can go down
" Tá strapaí ann a gheibh caoirigh síos.
an gnáthdosaen cloigeann seanbhlastúil caorach the usual dozen of stale sheep heads
" Bí cinnte nach aon bhiotáille bhroghach bháite de chuid Jameson nó Paddy nó fiú Powers féin a bhí ann, ach fíor-bheathuisce Preispitéireach aduaidh as Bushmills, an cineál fuisce is fearr leis an chineál is fearr de dhaoine, Cathaoirleach Údarás na Galltachta as an chuntas! Ach, ar an drochuair, is dóiche ná a mhalairt nach bhfaighidh mé ach an gnáthdosaen cloigeann seanbhlastúil caorach arís i mbliana," a cheasnaíonn Balor na Baothchainte.
roinnt caorach some sheep
" Chuaigh muid thar Inis Earcáin, atá lom íseal agus cúpla teach agus roinnt caorach uirthi.
ar mhuin na caorach on the back of the sheep
" Bhí sé de nós a rá i lár an chéid seo caite go raibh an Astráil ag marcaíocht "ar mhuin na caorach".
ag tiomáint na dtréad caorach driving the herds of sheep
" Roimhe sin, bhí traidisiún ag baint leis na daoine a bhí ag tiomáint na dtréad caorach na céadta míle le beathú nó le lomadh.
honnmhairiú caorach sheep exporting
" Tá an-tábhacht ag baint le honnmhairiú caorach agus beithíoch beo as an Astráil go dtí an Meánoirthear agus an Áis.
ghadaí caorach sheep thief
" Is leis an traidisiún céanna a bhaineann "Waltzing Matilda", an t-amhrán náisiúnta neamhoifigiúil faoi ghadaí caorach a bháigh é féin i bpoll uisce nuair a bhí na póilíní sa tóir air.
ag marú caorach killing sheep
" Nuair a cuireadh tús le feilméaracht sa stát sin ag tús an naoú céad déag, rinneadh clamhsán go raibh siad ag marú caorach agus ainmhithe eile.
farasbarr de chaora dearga surplus of red grapes
" Tá a gcuid fíonchaora siúd anois réidh le baint agus is dá bharr sin atá farasbarr de chaora dearga ann, go háithrid *shiraz *agus *cabernet sauvignon*.
caora caorthainn rowan-berries
" Bhí an bréagriocht ar dóigh ar fad: bhí folt casta gruaige uirthi ar dhath an óir; ba ghile a craiceann ná sneachta na haon oíche; ba dheirge a grua ná na caora caorthainn; ní thiocfadh leat a samhail a thabhairt dá súile ach réalta geala oíche sheaca, bhí siad chomh lonrach sin.
dhiúltaigh mé caora fíniúna a ithe I refused to eat grapes
" Ar feadh ceithre huaire is fiche dhiúltaigh mé caora fíniúna a ithe, a dúirt Woody Allen sa scannán cáiliúil *Sleeper *nuair a cuireadh an cheist air, “Have you ever taken a serious political stand on anything?” Níl aon dabht, in Éirinn an lae inniu, gur minic ár bpolaiteoirí gann ar sheasamh ar bith, gan trácht ar sheasamh láidir.
ba agus caoirigh cattle and sheep
" Tá páirceanna cothroma ann gan mórán crann, agus ba agus caoirigh iontu.
roinnt caorach some sheep
" Cé go bhfuil roinnt caorach i measc na nAlp, tá an chuid is mó de na háitritheoirí ag obair sa tionscal turasóireachta, sna *rifugi*, óstáin, bialanna agus siopaí.
na mílte caorach thousands of sheep
" Toradh amháin atá air sin ná go bhfuil na mílte caorach á dtabhairt chuig margaí ar fud na tíre agus an tóin tite as na praghsanna dá bharr.
le haghaidh beithíoch nó caorach, for cattle or sheep,
" Is é an straitéis atá ag an dá eagraíocht seo talamh a bhfuil réimse leathan de ghnáthóga agus d’ainmhithe dúchasacha orthu, ach atá á úsáid anois le haghaidh beithíoch nó caorach, a cheannach ar an ngnáthmhargadh i gcoimhlint le feilméaraí, an stoc a dhíol agus ionad caomhnaithe a thabhairt do na hainmhithe dúchasacha a chosnódh iad in aon triomach, dá olcas é.
don fheirmeoireacht caorach ar mhórscála. for large-scale sheep farming.
" Idir 1770 agus 1860, chuir na tiarnaí talún na mílte míle tuathánach amach as a lonnaíochtaí beaga, mar bhí níos mó airgid le fáil as an talamh a ligean ar cíos don fheirmeoireacht caorach ar mhórscála.
laghdaigh luach na gcaorach, the value of sheep fell,
" Ach i ndiaidh tamaill laghdaigh luach na gcaorach, agus athraíodh an talamh féaraigh ar na cnoic go foraoisí fianna.
ar mhaithe le na caoirigh. for the sake of the sheep.
" Seo ceann de na háiteanna ar cuireadh muintir na ngleannta nuair a glanadh amach as a mbailte iad sa 19ú haois, ar mhaithe le na caoirigh.
don fheirmeoireacht chaorach. for sheep farming.
" Caitheadh na mílte duine amach as éastáit Dhiúc Sutherland le spás a dhéanamh don fheirmeoireacht chaorach.
dhá chaora two sheep
" Bhí céasadh i ndán don duine a tháinig salach ar na manaigh – nuair a ghoid seirfeach bocht dhá chaora ó mhainistir, baineadh a shúile as a cheann, cuir i gcás.
caoirigh sheep
" Coinníonn siad na garrantaí glanta, coinníonn siad beithigh, caoirigh, caiple a dhéanann mo shiúloid laethúil níos spéisiúla.
gCaorach sheep
" com/watch?v=qK3n_u7KkOY) Bóiscéalta na gCaorach Ós ag caint dúinn ar chaoirigh, tá muintir bhocht bhuailte an Chomhaontais Ghlais fós sásta tacaíocht a thabhairt do na distressed assets eile sa chomhrialtas.
gcaora fíniúna grapes
" Cineál Idaho beag atá ann, le coinníollacha foirfe lena bhfás – créafóg dhearg ghainmheach shaibhir, geimhreadh fuar fada, agus mar a deir an connoisseur fíona den chéad rogha – ar an tslí chéanna leis an dóigh gur féidir leat an chréafóg a bhlaiseadh i gcaora fíniúna – is mar gheall ar an chréafóg shaibhir dhearg seo atá an blas chomh heisceachtúil.
caora berries
" Ba dheirge a ghrua ná na caora caorthainn.
Caora berries
" Caora ina dtriopaill rua ar chrann caorthainn.
caoirigh sheep
" “Bhí mé ag iarraidh a thaispeáint nach caoirigh iad vótóirí na Brasaíle agus go dtuigimid na cluichí atá ar bun ag na polaiteoirí,” a dúirt Priscila dos Santos, bean óg as cathair Salvador in oirthuaisceart na tíre a thug vóta do Marina Silva sa chéad bhabhta vótála.
caora a mharú to kill a sheep
" Is nós leis an teaghlach Moslamach caora a mharú i gcuimhne ar an eachtra a ndéantar cur síos air sa Chóran ina n-iarrann Allah ar Ibrahim (Abrahám sa traidisiún Giúdach agus Críostaí) a mhac, Ísmeáéil, a mharú mar chruthúnas ar a umhlaíocht roimh Dhia.
An Sionnach i gCraiceann Caorach wolf in lambs clothing
" An Sionnach i gCraiceann Caorach ================== Ar ndóigh, tá an méid seo ag teacht salach ar mhaíomh Soros nach bhfuil aon bhaint aige le hIosrael.
lena gcaoirigh with their sheep
" Tá sa bhreis ar 40 milliún caora sa Nua-Shéalainn, agus, in ainneoin go bhfuil i bhfad níos mó acu san Astráil, bíonn an greann gáirsiúil is coitianta abhus bunaithe ar an gcaidreamh collaí a mhaítear a bhíonn ag fir na Nua-Shéalainne lena gcaoirigh.
ag goid chaoirigh na gcomharsan stealing neighbours’ sheep
" Maítear fosta go mbíodh sé ag goid chaoirigh na gcomharsan.
na húdaráis ag cur na gcaorach thar an abhainn the authorities doing something for the sake of it
" Táthar ann a mheasann nach mbíonn sna hathruithe teangeolaíochta seo ach comharthacht, na húdaráis ag cur na gcaorach thar an abhainn.
Córas Náisiúnta Céannachta Caorach úr new national sheep identity system
" Phléigh siad an Córas Náisiúnta Céannachta Caorach úr agus na hathruithe atá molta ag Coveney ar an Chóras seo.
an rialtas ag cur na gcaorach thar an abhainn the government going through with a pretence
" Rinne na rialtais éagsúla náisiúnta gearráin oifigiúla trí mheáin taidhleoireachta, ach ba dhóigh liom nach raibh i gceist leis an bhfreagairt seo ach an gotha, an rialtas ag cur na gcaorach thar an abhainn.
caora sheep
" Bhí idir 5,000 go dtí 200,000 caora ag na feirmeoirí, ba leo luach £2 mhilliúin de thalamh agus iad ag saothrú idir £1,000 agus £10,000 sa bhliain (airgead ollmhór sa 19ú haois déag).
chosaint ó na caoirigh to protect from the sheep
" Leis na crainn a chosaint ó na caoirigh is ó na carrianna, théinn isteach i measc na gcrann síorghlaise a leagtar ina sraitheanna go minic le síobadh gaoithe.
deis ag na tréada caorach a sheep herd’s chance
" Ní bheadh deis ag na tréada caorach, na carrfhianna, ná an diabhal is measa le crainn a chreimeadh, an giorria, dul a fhad leo go ceann deich mbliana ar a laghad.
ba is caoirigh cattle and sheep
" D’ith luchóga beaga féir roinnt nuair a thosaigh siad ag gobadh aníos, ach d’ith ainmhithe feirme, ba is caoirigh, an chuid is mó acu, creidim.
an chaora seo this sheep
" Agus chuir an chaora seo a cos amach faoi chlár rodthaí a bhí i dtóin an bháid.
scaip na caoirigh anonn 's anall the sheep went every way
" Seo í caint Mhichíl Uí Choinceanainn arís: 'Tháinig sé agus bhuail sé a sháil in aghaidh an chasóg ag iarraidh i a theannadh níos fearr mar bhudh ea, agus chuir sé an clár amach bunáite ó sháil go rinn, agus ansin ar ndóigh nuair a chuir, seod isteach an t-uisce, agus mar a dúirt an t-amhrán, sloigeadh an bád ansin, agus báthadh na daoine agus scaip na caoirigh anonn 's anall.
onnmhairiú caorach the exporting of sheep
" Tá feirmeoirí na hAstráile ag gnóthú go leor airgid as onnmhairiú caorach ach is minic a fhulaingíonn na hainmhithe cuid mhór agus iad á n-iompar thar lear.