Pota Focal Intergaelic
cár | acar | ar | caor | cara
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
boinn cairr the tyres of a car
" Ag caint faoin suíomh ina bhfuarthas cnámha Brian McKinney agus John McClory duirt sé: "I bpáirc amháin, bhí rianta garbha a bhí fágtha ag boinn cairr le feiceáil ar an talamh agus beith gheal a bhí tarraingthe amach ag na fréamhacha agus caite ar leataobh, a fréamhacha go fóill ag coinneáil greim daingean ar an talamh a tháinig amach léi.
Caith do shoc amach Stick your nose (front of car) out
" "'Dhia a mhic, cén mhoill atá ort? Caith do shoc amach ansin anois, nó beidh muid anseo go dtiocfaidh thiar aniar," arsa a athair agus iad ag iarraidh fáil ón fhobhóthar go dtí an príomhbhóthar agus ghluaisteáin ag siosarnaigh thart leis mar a bheadh an diabhal ann.
lucht díolta carranna athláimhe second-hand car sellers
" Ach sin ráite, tá ceisteanna le freagairt ag an triúr, agus bíonn cuma lucht díolta carranna athláimhe ar urlabhraithe Shinn Féin bunús an ama agus iad faoi agallamh faoin chás.
dtaisme gluaisteáin car accident
" De réir theoiric Don Mullan caitheadh de Róiste amach as an arm le nach dtabharfadh sé fianaise i gcoinne ceannfoirt san arm a bhí páirteach i dtaisme gluaisteáin.
carrchlós car park
" Tuigeann McDonald's an cheird go maith: chuir siad an bhialann sa gcarrchlós, díreach ar thaobh an bhóthair mhóir.
carrchlós car-park
" Tá céidh bhreá, carrchlós agus teach bád ag an loch, agus creidim thart fá scór bád ag an chumann.
d'oifig na cánach gluaisteán the car taxation office
" Oíche amháin an mhí seo caite scaoil an PSNI (Police Service of Northern Ireland) urchair le Paul Donnelly, ball den "Fhíor-IRA" a bhí ag iarraidh buama loiscneach a fhágáil taobh amuigh d'oifig na cánach gluaisteán i mBéal Feirste.
inneall an chairr the engine of the car
" * Gluais • Glossary doirtealsink cith fearthainnea rain shower trup na veainthe noise of the van cabhsalane uiligall thriomaigh méI dried go bhfeicfinnuntil I'd see inneall an chairrthe engine of the car casta asturned off ar bheannaigh sé domhthat he greeted me modhúilgentle bradáinsalmon scadáinherring beithíochbeast boladh milis an éisc ár gclúdúthe sweet smell of the fist covering us leitheannaflat-fish troisccod Ar mhothaigh tú an toirneach?Did you hear the thunder? cibé ar bithanyway reoiteoirfreezer bheir sé ar na scadáin ina bpéiríhe caught the herring in pairs crágalarge hands gágcrack de bharraíochtin excess cúpla crág oighreoigea few handfuls of ice ina mullachon top of them bhog sé go fadálachhe moved slowly cruithump go foighdeachpatiently drochthimpistea bad accident is mór an garit's a good thing dhéanfaidh sin muidthat'll do gan a thomhaswithout weighing it dlaíóg ghruaigestrands of hair sa chisteanachin the kitchen cuma bhrónacha sad look ó mhaidinsince this morning corrlásome days deoirdrop go fuireachaircautiously ródhánatoo bold/cheeky sliosslice tarraingtto draw Tae uilig a ólaimseI only drink tea an aimsir seothese days Ailt an ChorráinBurtonport ráchairtrun, demand monarchainfactories d'fhear céileseyour husband iascairefisherman An ScreabánThe area in Gaoth Dobhair where factories are located cibé cá fhad is a mhairfeas sin!however long that'll last dhéanaim i dtólamh dearmadI always forget a cailleadhwho died an lá faoi dheireadhthe other day Char mhothaighI didn't (hear) stócach óga young lad ailsecancer cearrwrong Thug sé a bhásIt killed him bolgam taea mouthful of tea fuarthas a chorp báitehis drowned body was found dhá chónairtwo coffins dhá fhairetwo wakes coisreacadh Dé orainnGod bless us A Dhia ár sábháilGod save us buille tromheavy blow bíodh slios den cháca sinséir sin agathave a slice of that ginger cake lán marahigh tide sruthánstream meascaithe leismixed with it slanntracha éiscfish scales fearthainnrain níochánwashing ar son an taefor the tea B'fhearr domhsa a bheith ag gabháil giota eileI'd better be going ar shiúlgone ag teacht isteach domhon my return uchtánarmful, load carried close to chest éadaí leaththirimehalf-dry clothes a smaointigh méthat I remembered nár íoc méthat I didn't pay
inneall an chairr the engine of the car
" * Gluais • Glossary doirtealsink cith fearthainnea rain shower trup na veainthe noise of the van cabhsalane uiligall thriomaigh méI dried go bhfeicfinnuntil I'd see inneall an chairrthe engine of the car casta asturned off ar bheannaigh sé domhthat he greeted me modhúilgentle bradáinsalmon scadáinherring beithíochbeast boladh milis an éisc ár gclúdúthe sweet smell of the fist covering us leitheannaflat-fish troisccod Ar mhothaigh tú an toirneach?Did you hear the thunder? cibé ar bithanyway reoiteoirfreezer bheir sé ar na scadáin ina bpéiríhe caught the herring in pairs crágalarge hands gágcrack de bharraíochtin excess cúpla crág oighreoigea few handfuls of ice ina mullachon top of them bhog sé go fadálachhe moved slowly cruithump go foighdeachpatiently drochthimpistea bad accident is mór an garit's a good thing dhéanfaidh sin muidthat'll do gan a thomhaswithout weighing it dlaíóg ghruaigestrands of hair sa chisteanachin the kitchen cuma bhrónacha sad look ó mhaidinsince this morning corrlásome days deoirdrop go fuireachaircautiously ródhánatoo bold/cheeky sliosslice tarraingtto draw Tae uilig a ólaimseI only drink tea an aimsir seothese days Ailt an ChorráinBurtonport ráchairtrun, demand monarchainfactories d'fhear céileseyour husband iascairefisherman An ScreabánThe area in Gaoth Dobhair where factories are located cibé cá fhad is a mhairfeas sin!however long that'll last dhéanaim i dtólamh dearmadI always forget a cailleadhwho died an lá faoi dheireadhthe other day Char mhothaighI didn't (hear) stócach óga young lad ailsecancer cearrwrong Thug sé a bhásIt killed him bolgam taea mouthful of tea fuarthas a chorp báitehis drowned body was found dhá chónairtwo coffins dhá fhairetwo wakes coisreacadh Dé orainnGod bless us A Dhia ár sábháilGod save us buille tromheavy blow bíodh slios den cháca sinséir sin agathave a slice of that ginger cake lán marahigh tide sruthánstream meascaithe leismixed with it slanntracha éiscfish scales fearthainnrain níochánwashing ar son an taefor the tea B'fhearr domhsa a bheith ag gabháil giota eileI'd better be going ar shiúlgone ag teacht isteach domhon my return uchtánarmful, load carried close to chest éadaí leaththirimehalf-dry clothes a smaointigh méthat I remembered nár íoc méthat I didn't pay
carr coimhthíoch bán a strange white car
" Praghas: €25 (clúdach crua)* Gluais • Glossary beathaisnéis údaraitheauthorized biography a dialanna pearsantapersonal diaries páipéir phríobháideachaprivate papers go dtí gur insealbhaíodh í ina hUachtaránuntil she was installed as President bailithe le chéilegathered together bhriseadh lárthéarmamid-term break ghuigh Patrick oíche mhaith ar gach duinePatrick bade everyone goodnight as go brách leisoff he went ina sámhchodladhsound asleep clagarnachclatter liúigh Patrick féinPatrick himself yelled den chosán bristeof the broken pavement foscadhshelter tolgcouch phléasc gloine fhuinneoga an doraisthe glass of the windows in the door exploded rinne lámhachánshe crawled dallógablinds leathorlachhalf an inch grúpa confachan angry group idirboth ag béiceachshouting casúrhammer tairnínails cláir adhmaidwooden boards gráscardisorderly mob bosca na bhfiúsannathe fuse box lúth na ngéagthe power in her limbs marbhintinneach le heaglamentally paralysed with fear crógachtbravery cinnireachtleadership fuaraigeantacool-headed ag síneadh na sreinge thart an coirnéalextending the chord around the corner ag stiúradh cúrsaí cosantadirecting defence matters as a támhnéal faitísfrom her trance of fear ag breith ar dhá chamángetting hold of two hurleys shín amach a cosshe extended her leg Baineadh tuisle as an bheirt acuBoth of them tripped a fhad a mhair an t-ionsaías long as the attack lasted i mbaol a mbáisin danger of being killed scanraithe as a mbeathascared to death trost na mbrógthe tramp of the shoes carr coimhthíoch bána strange white car go tráthrialtaregularly nach ndéanfadh Paddy iarracht teacht abhailethat Paddy wouldn't try to come home róchontúirteachtoo dangerous í ar a díchealldoing her best ag iarraidh an tocht a cheilttrying to hide the emotion leis an mhinicíocht raidió sinwith that radio frequency barúilidea gluaiseachtaímovements i bhfianaisein light of nach bhfuil an dara rogha aici ach a admháilthat she has no choice but to admit drogallreluctance an t-aon chosaintthe only protection
árachas na cairte car insurance
" Bhí an-áthas orm é a fháil ag an am agus bhí sé an-áisiúil mar dhíol sé as árachas na cairte dom ar feadh bliana! AÓF: Agus leis an albam *The Flying Pig *aithníodh an grúpa Slide lena seinneann tú mar "Best Newcomers 2000/2001" in Irish Music magazine.
carrchlós car-park
" Tá trá ollmhór ann agus carrchlós in aice leis.
chairt car
" Ní i gcónaí a bhí sé ar bhóthar a leasa, mar raid sé an chairt go maith le linn a óige mar a dhéanfadh bromach teaspaigh, ach ó bhronn Dia céile iontach air, Delia, agus, ar ndóigh a bheirt mhuirir, bhíodar sin ina gcnámh droma agus ina *raison d'être *aige.
charranna aibhléise electric cars
" Bhí caint go háithrid faoi charranna aibhléise, a raibh feabhas mór ag teacht orthu.
sa ghluaisteán éalaithe in the escape car
" Dúirt na Gardaí go bhfuarthas méarloirg na beirte ar nuachtán an *Evening Herald *a fuarthas sa ghluaisteán éalaithe.
thuairteoir cairr car bumper
" *"The Religious Right is Neither Religious nor Right"* (greamaitheoir ar thuairteoir cairr) *"Christian Right is Better than Wrong"* (greamaitheoir tuairteora de chuid an Christian Coalition of America) Dá mhéad ama a chaithim in Éirinn is soiléire dom na difríochtaí caolchúiseacha atá idir an tír seo agus na Stáit Aontaithe, mo thír dhúchais.
soc an chairr the front of the car
" Bhí tuairim is deich mbomaite caite ag Clíona ag iarraidh soc an chairr a shathadh amach sa trácht.
Chuir siad deireadh sa charr they put everything in the car
" Chuir siad deireadh sa charr agus ní raibh siad i bhfad ag tiomáint gur thit néal ar Eilís agus níor mhuscail sí arís gur mhothaigh sí siorradh fuar thart fá na murnáin.
carr a chur trí thine to set a car on fire
" Is cuimhin liom i Márta 1988 nuair a chuala Cúirt Chorónach Learphoill go bhfaca na póilíní Paul Forrest, 18 mbliana d'aois, ag déanamh iarrachta carr a chur trí thine le peitreal taobh amuigh den tábhairne Éireannach *The Falkland*.
sa ghluaisteán éalaithe in the get-away car
" Ag fiosrú robáil brainse AIB i Sráid Grafton i nDeireadh Fómhair 1972 a bhí na Gardaí nuair a d’aimsigh siad bille leictreachais sa ghluaisteán éalaithe.
ngluaisteán neamh-mharcáilte unmarked car
" De réir an chomhaid seo, ar oíche an dúnmharaithe chonaic fear a raibh cónaí air sna Sé Chontae, gar don teorainn, triúr fear ag léim isteach i ngluaisteán neamh-mharcáilte de chuid an RUC.
i gcarr beag s’aigesean in his little car
" Bhí múinteoir iontach deas darbh ainm Romano i mbun an turais, agus chuaigh muid i gcarr beag s’aigesean.
gluaisteán dátheangach bilingual car
" Is féidir gluaisteán dátheangach a cheannach sa gharáiste sin! AÓF: Céard go díreach a bhí le déanamh agat chun é a bhuachaint? BNicG: Ní leagtar amach aon rud riachtanach, ach bítear ag súil go mbeadh na rósanna ar fad bainteach ar a mbealaí féin leis an teanga agus leis an gcultúr.
a shoc a sháitheadh amach to stick the nose of the car out
" ” Stad siad den chaint tamall nó bhí Ruairí ag iarraidh a shoc a sháitheadh amach sa scuaine tráchta agus bhí a aird uilig air sin.
carr hibrideach hybrid car
" Is é Toyota a dhéanann an gluaisteán Prius, carr hibrideach a bhfuil dhá inneall ann, ceann amháin a úsáideann peitreal agus ceann eile atá leictreach.
sa líon gluaisteán in the number of cars
" Sa chas seo, léifimid scéalta mar a leanas: “Longa seoil tráchtála ar ais” “Pacáistiú plaisteach: ródhaor anois” “Suirbhé nua: bia áitiúil nó fiú ón ghairdín is mó a ithimid anois” “Laghdú mór sa líon gluaisteán ar na bóithre” Ag an chomhdháil, labhraíodh faoin tábhacht a bhain le fuinneamh a chaomhnú agus é a úsáid ar shlí níos éifeachtaí.
ag scriosadh carranna destroying cars
" Thugadar ruathar faoi chuid de na bruachbhailte cois trá in oirthear agus i ndeisceart Sydney, ag scriosadh carranna agus ag ionsaí daoine.
trí charr a thairiscint dó by offering him a car
" Bhí sé olc go leor go raibh a chuid fostaithe ag baint na sála dá chéile ag dul amach an doras ach ansin rinne sé iarracht a Rúnaí Dáilcheantair a choinneáil trí charr a thairiscint dó.
Aois an Ghluaisteáin the Age of the Car
" Ach tá rud amháin ar féidir bheith cinnte faoi: de bhrí go mbeidh an peitreal os cionn €3 an lítear, beidh béim níos mó ar iompar poiblí agus beidh deireadh le hAois an Ghluaisteáin (gluaisteáin na n-inneall peitril, ar a laghad).
gluaisteáin na n-inneall peitril cars with petrol engines
" Ach tá rud amháin ar féidir bheith cinnte faoi: de bhrí go mbeidh an peitreal os cionn €3 an lítear, beidh béim níos mó ar iompar poiblí agus beidh deireadh le hAois an Ghluaisteáin (gluaisteáin na n-inneall peitril, ar a laghad).
ar dódh bhur gcarranna whose cars were burnt
" Gabhaigí mo leithscéal, sibhse a bualadh, ar dódh bhur gcarranna, ar briseadh bhur gcuid fuinneog, ar cuireadh sceimhle oraibh, Charlie Bird féin, ach ba é an chéad smaoineamh a bhí agam ná an dochar a dhéanfadh an foréigean do-mhaite don phróiseas polaitiúil ó thuaidh agus an tionchar a d’imreodh na híomhánna uafásacha a chonacthas ar an teilifís ar mheon na n-aontachtach sa tuaisceart.
carr iarnaithe armoured car
" “Thuas ansin san áit ar chóir domhsa a bheith, sin é Uncle Gaybo atá anseo le súil a choinneáil ar an trácht, le cinntiú nach siúlann aon duine de na saighdiúirí a bheas as céim amach os comhair tanc nó carr iarnaithe.
carr athláimhe second-hand car
" Bhí borradh nua san aer, agus cad a rinne m’athair Pat, an fear sa gharda onóra le Dev in athshealbhú na gcalafort cabhlaigh ar Inis Pic i 1938, ach a chéad ghluaisteán – carr athláimhe, Ford Prefect, uimhir DPI 206 – a cheannach.
fir cromtha ar chúl carranna men bent behind cars
" Go tobann bhí póilíní ar fud na háite, fir cromtha ar chúl carranna le raidhfilí agus teileascóip orthu, na comharsana ag gliúcaíocht trí bhearnaí sna cuirtíní, daoine ag siúl thart le ceamaraí, ní mé ar iriseoirí iad—bhí siadsan ann ina dtáinte, ar ndóigh, lucht teilifíse agus araile.
bheadh rás carranna buaite a car race would be won
" Mar shampla, bheadh rás carranna buaite nó bheadh na heachtráin ar fad dúnmharaithe.
i mbúit a ghluaisteáin féin in the boot of his own car
" Bualadh le barra iarainn, le tua agus le casúr é sular caitheadh isteach i mbúit a ghluaisteáin féin é.
go raibh gluaisteán á thiomáint agat that you were driving a car
" Chreid tú go raibh gluaisteán á thiomáint agat.
agus gur báistíodh ainmneacha aite ar na carranna bochta and that the poor cars were christened strange names
" Is cinnte nach bhfuil na figiúirí seo ach go measartha (agus gur báistíodh ainmneacha aite ar na carranna bochta), ach is leor iad le mórán gearrthuras laethúil a dhéanamh.
mionghluaisteáin small cars
" An íomhá ag athrú Ach an íomhá seo atá ag carranna leictreacha – gur mionghluaisteáin iad atá an-teoranta agus oiriúnach don chathair amháin – b’fhéidir go bhfuil athrú ag teacht uirthi.
na monaróirí móra gluaisteán the big car manufacturers
" Dar leis an Uasal Eberhard, nuair a d’fhéach sé ar na gluaisteáin leictreacha a bhí déanta ag na monaróirí móra gluaisteán le blianta anuas, bhí rud amháin soiléir dó: “Na daoine a rinne na gluaisteáin seo, ní raibh dúil acu bheith ag tiomáint.
mionghluaisteáin uirbeacha small urban cars
" Cinnte, má thagann an leictreachas do na gluaisteáin leictreacha (cé acu Tesla Roadsters nó mionghluaisteáin uirbeacha iad) ó stáisiúin chumhachta a úsáideann ola nó gás, beidh truailliú áirithe i gceist agus cuirfear leis an téamh domhanda.
gnáthghluaisteáin atá ag brath ar pheitreal ordinary cars which demand on petrol
" Iompar gan truailliú – rud nach mbeidh gnáthghluaisteáin atá ag brath ar pheitreal ábalta a chur ar fáil go deo.
mar phaisinéir i ngluaisteáinín as a passenger in a small car
" Agus b’in, mar sin, mar a tharla mé bheith ag cúrsáil ó thuaidh ar bhóthar idirstáit 39 i ndeireadh mhí na Samhna 1994, mar phaisinéir i ngluaisteáinín ar mo bhealach go Madison, Wisconsin, do mo chéad Fhéile Altaithe.
rud a mheallfaidh tuilleadh carranna which will attract more cars
" Níl seachtain ann nach mbíonn scéal nuachta ann faoin mhótarbhealach seo nó an seachbhóthar siúd bheith á oscailt – rud a mheallfaidh tuilleadh carranna ar na bealaí agus a chuirfidh lenár n-aschur carbóin.
i dtuilleamaí an chairr. dependent on the car.
" Níl aon chóras taistil poiblí ceart lasmuigh den ardchathair agus ní haon iontas é go bhfuil muid chomh mór sin i dtuilleamaí an chairr.
tar éis tóraíocht charr. after a car chase.
" Bhog sé go Dún Dealgan i 1983, áit ar gabhadh é i mí Lúnasa 1984 agus gunna ina sheilbh aige, tar éis tóraíocht charr.
i dtreo an chairr. towards the car.
" Shíl mé go raibh an tiománaí ag lorg treoracha, agus shiúlas i dtreo an chairr.
sciorr an gluaisteán the car skidded
" D’imigh piléar thar mo chluas de sheabhrán tapa, agus le búir innill, sciorr an gluaisteán ar ais amach ar an tsráid.
mar mhalairt ar ghluaisteáin. as an alternative to cars.
" Dála phobail chathracha na hEorpa, tá pobal Nua-Eabhrac ag tiontú ar an rothar mar mhalairt ar ghluaisteáin.
ollchallairí na ngluaisteán the massive speakers of the cars
" Ar ndóigh, bhog na hÉireannaigh chéanna ar aghaidh chomh luath is a d’fhéad siad, agus is ceantar Doiminiceach é anois, rud gur léir duit ón nóiméad a théann tú isteach ann – níl le cloisteáil ó ollchallairí na ngluaisteán ach ceol Spáinneach, á chasadh ar láine a dhúiseodh na mairbh.
sa tóir ar charr pursuing a car
" Bhí na gardaí sa tóir ar charr ag an am a leagadh an coisí Long.
theannann tú leis an gcarr, catch up with the car,
" Nuair a theannann tú leis an gcarr, feiceann tú "Bush’s Last Day*" *scríofa go beag faoin dáta*.
an bád fartha gluaisteán is lú the smallest car-ferrying boat
" Sa lá atá inniu ann, is féidir an bád fartha gluaisteán is lú sa Bhreatain Mhór a fháil don turas céanna.
Lá Saor ó Charanna Car-Free Day
" Reáchtáladh Lá Saor ó Charanna in Éirinn ar an 22 Meán Fómhair, lá a bhfuil sé mar aidhm aige daoine a spreagadh chun modhanna éagsúla iompair a úsáid agus a ngluaisteáin a fhágáil sa bhaile.
ar fhuinneog mo ghluaisteáin. on the window of car
" D’fhág mé an áit agus bhí an teachtaireacht ‘*Who’s the bastard now*?’ scríofa i salachar ar fhuinneog mo ghluaisteáin.
nach mbeadh cead ag foghlaimeoirí a ngluaisteáin a thiomáint that learners wouldn't be allowed to drive their cars
" Mar bharr ar an donas, bhí clampar sna meáin chumarsáide an mhí seo caite – gan trácht ar anbhá i measc daoine nach bhfuil ach ceadúnas sealadach tiomána acu – nuair a d’fhógair an tAire Iompair, Noel Dempsey, nach mbeadh cead ag foghlaimeoirí a ngluaisteáin a thiomáint a thuilleadh ach amháin dá mbeadh tiománaí láncháilithe in aice leo.
agus mé ag tiomáint thart sa charr when I was driving around in the car
" D'éist mé leis sin agus mé ag tiomáint thart sa charr agus thit mé i ngrá le hamhránaíocht Bess.
carranna ar a dtaobh deas cars on their right-hand side
" Bíonn scátháin fheithicil roth stiúrtha ar chlé curtha in oiriúint do na bóithre thall san Eoraip, agus mar sin de, bíonn sé deacair do na tiománaithe carranna ar a dtaobh deas a fheiceáil agus iad ag tarraingt amach le dul thar fheithiclí eile.
Soilse na gcarranna lights of the cars
" Soilse na gcarranna eile do mo dhalladh.
Moillím an carr. I slow the car down
chun a gcuid carranna a threorú to direct their cars
" Ní hamháin go bhfuil úsáid mhíleata á baint astu le haghaidh spiaireachta, ach tá siad á n-úsáid go forleathan ag an bpobal sibhialtach chun a gcuid carranna a threorú leis an gcóras suite domhanda (GPS).
is ar éigean a thabharfaidh fear an tacsaí leis sa charr thú, the taxi man will just about take you in the car
" Faoin am a fhaigheann tú a fhad le Páras – nó pé áit a raibh tú ag dúil le bheith nuair a chuir tú an ticéad in áirithe (agus ní mar a gcéanna an dá áit go minic) – is ar éigean a thabharfaidh fear an tacsaí leis sa charr thú, agus sin tar éis neamhiontas agus míthuiscint i dtosach, agus ina dhiaidh sin díospóireacht, troid, búiríl, stróiceadh mionnaí móra agus tarraingt gruaige.
doras cúil an chairr the back door of the car
" Is féidir linn Barry Whyte a thabhairt air, cé nárbh é sin a ainm i ndáiríre! D’oscail sé doras cúil an chairr agus léim mé isteach, agus ar aghaidh linn chuig ár gceann scríbe.
carrchlós car park
" Agus carrchlós an tsiopa Woodies DIY lán, bíonn a fhios agat go bhfuil an t-earrach tagtha in Éirinn.
gan a gcarr a chuardach without their car being searched
" Níor ligeadh daoine isteach ná amach gan a gcarr a chuardach agus grianghraif a thógáil.
carr péas police car
" Coimeádtar ar a laghad dhá cheann i ngach carr péas anois.
dhíoltóirí carranna athláimhe second-hand car salesmen
" Más fíor do na suirbhéanna faoi dhearcadh na nAstrálach i leith na ngairmeacha éagsúla – a fhoilsítear sna meáin abhus go rialta – tá drochmheas ag muintir na tíre seo ar pholaiteoirí, mar atá acu ar dhlíodóirí, ar dhíoltóirí carranna athláimhe agus, sa lá atá inniu ann, ar lucht na teileamhargaíochta.
sna fógraí gluaisteán in the car adverts
" Má bhíonn déithe na comaitéireachta leis, ní chaithfidh sé ach $32 sa lá ar pheitreal dá thuras, ach má bhíonn an trácht ina aghaidh, d'fhéadfadh sé $50 sa lá a chaitheamh – ar pheitreal amháin! Den chéad uair riamh, mar sin, tá rud ar leith le feiceáil sna fógraí gluaisteán ar an teilifís (agus is cosúil gur fógraí gluaisteán iad a leathchuid de na fógraí teilifíse!).
ag tiomáint na n-ollcharranna seo driving these massive cars
" Ní hé gur *boy racers* a bhíonn ag tiomáint na n-ollcharranna seo, ach máithreacha ó na fobhailte a bhíonn ag tabhairt a bpáistí ar scoil.
téann siad níos mó i dtuilleamaí an chairr they depend more on the car
" Agus faitíos ar dhaoine roimh shiúl agus roimh rothaíocht mar gheall ar chomh dainséarach is atá na bóithre, téann siad níos mó i dtuilleamaí an chairr.
is geall le clós páirceála it is almost a car park
" Cé nach bhfuil sé ach 100 míle ó Nua-Eabhrac, tá an smaoineamh céanna ag go leor de phobal Nua-Eabhrac agus is geall le clós páirceála an Parkway tar éis 8.
is geall le clós páirceála it is like a car-park
" Cé nach bhfuil sé ach 100 míle ó Nua-Eabhrac, tá an smaoineamh céanna ag go leor de phobal Nua-Eabhrac agus is geall le clós páirceála an Parkway tar éis 8.
carranna armúrtha. armoured cars
" Níorbh fhada go raibh an teach paidreoireachta timpeallaithe ag tancanna agus carranna armúrtha.
Carr díosail Deisel Car
" Carr díosail atá ann agus tógann mo chéile mná é ó tharla go mbíonn giota le taisteal chun oibre aici gach lá.
carrchlós car park
" Tá an áit mar a bheadh carrchlós ann anois, in ionad é a bheith ar an limistéar is áille sa cheantar, mar a bhí sé roimhe seo (c.
ollcharranna giant cars
" Agus praghas na hartola íseal sna nóchaidí, thugadar neamhaird ar an ráta ‘mílte sa ghalún’ agus rinneadar ollcharranna mar an Cadillac Escalade agus an Hummer.
monarcha gluaisteán a car factory
" Tá IKEA mar a bheadh monarcha gluaisteán sa Chóiré ann, tá clóin Ross O'Kelly Carroll agus a chlann (dá mbeadh sé pósta) ar ruathair threallchogaíochta ar ionaid thráchtála an tuaiscirt, ag tabhairt leo tolgleapacha Sualannacha, artola as an Mheánoirthear, agus a oiread óil is a líonfadh an Life.
cnap carranna very many cars
" Ag a cúig a chlog ar an phointe, líontar na sráideanna le cnap carranna.
carrspleáchas an duine human car-dependency
" Mar gheall ar seo, tá carrspleáchas an duine i gceist.
An carr tineadh the (combustion engine) car
" An carr tineadh Ar ndóigh tá fiche sampla eile ann.
ag roinnt cairr car-sharing
" Is nós le Comhairleoirí áirithe taisteal chuig an chomhdháil is faide as baile (ag roinnt cairr in amanta) agus bille deas a chur chuig an Chomhairle dá dheasca.
dhíon an chairr the car-roof
" Cuireadh suas in airde ar dhíon an chairr í len í a thabhairt abhaile.
gluaisteán car
" Sa 20ú cead, tháinig an teilifís agus an gluaisteán a thug turasóirí agus a gcuid Béarla isteach sa Ghaeltacht agus míle míbhuntáiste eile.
mbuamaí cairr car bombs
" Bhí feachtas fuilteach na mbuamaí cairr faoi lán seoil a fhad is bhí Sealadaigh an IRA ag díriú ar "spriocanna eacnamaíochta" mar dhea - pubanna, siopaí, bancanna, etc.
tiománaí an chairr the car driver
" com/watch?v=c6AfwbmgTaY&feature=related) Cuir i gcás an eachtra seo a leanas nuair a bhí comhlacht mór cairr ag taifeadadh míre do scannán fógraíochta chualathas sioscadh nó cogarnaíl an-íseal agus chonacthas fear a bhí ag trasnú an bhóthair ag titim go díreach amach roimh an charr seo, ach ní fhaca tiománaí an chairr a dhath riabhach le linn an ama chéanna.
tóir charranna car chase
" Nuair a bhíonn tóir charranna i scannán ar bith le taifeadadh i San Francisco, rachaidh siad síos an tsráid seo! Ba ar an Embarcadero a bhí mo thriall, agus mé meáite ar rothar a thógáil amach ar cíos agus rothaíocht thar Dhroichead an Órgheata, féachaint céard atá le feiceáil i Marin County, an leithinis ar thaobh eile an droichid.
Charaim I love
" Is Uime ’ Charaim Doire Is é phríomhchathair an iarthuaiscirt é Doire, agus meallann sí na mílte turasóir gach bliain, ar mian leo cuid de shaol agus de stair na cathrach agus a timpeallacht a bhlaiseadh.
cartacha cars
" Nuair a thána abhaile i 1969, bhí cartacha síos is suas is beocht san áit.
shócharranna cars of leisure
" Tá go leor daoine as obair, agus iadsan nach bhfuil, tá siad ar a dtáirm ag íoc morgáistí ar thithe a bhfuil cuid mhaith dá luach caillte acu, nó ag déanamh íocaíochta ar shócharranna móra mar an Hummer nach ndéantar níos mó, fiú.
gcúl an chairr the back of the car
" An scéal faoin bhfear, sé bliana is tríocha d’aois, a chuaigh amach chuig dioscó ag deireadh mhí na Samhna agus a d’fhág a iníon ina codladh i gcúl an chairr.
gluaisteáin cars
" Ar dtús níor úsáideadh gluaisteáin ach do thurais gearra timpeall na gcathracha, ó nach raibh bóithre cearta faoin tuath.
gcarr mo charad my friend’s car
" Thrasnaigh mé an droichead i gcarr mo charad ar an bhealach ar ais, tar éis lá spéisiúil de bhlaiseadh na staire.
carr carchrach prison car
" Dhá lá ina dhiaidh sin, rinneadh iarracht príosúnaigh ón chaismirt a shaorú as carr carchrach agus scaoil na saighdiúirí ar an slua.
shíob an carr blew up the car
" Bhí iniúchóir ó na Náisiúin Aontaithe buartha go raibh sí i gcontúirt mhór ach, de réir an fhiosrúcháin a cuireadh ar bun lena dúnmharú a iniúchadh, níl fianaise ar bith ann go raibh claonpháirteachas idir an RUC agus na dílseoirí a shíob an carr a raibh sí ann ach níor thug an RUC cosaint ar bith do Rosemary agus a fhios acu go raibh sí i mbaol.
bradaíl charrana car stealing
" Ba í an ghadaíocht an choir is coitianta a chleachtadh sé – bradaíl charrana agus a leithéid.
gcathaoir chábla cable car/seat
" Bhí an-chuid láithreáin thurasóireachta ar oscailt agus chuaigh muid féin suas ar an gcathaoir chábla, ar a dtugtar an gandala, a thóg sinn suas go barr Bob’s Peak.
smut an chairr dírithe the car facing
" Chuaigh muid amú uair nó dhó ach is gearr go raibh smut an chairr dírithe siar ó dheas arís i dtreo Aberystwyth.
seanbhoinn chairr old car tyres
" Ar an dóigh chéanna, úsáídeann an t-ailtire Nua-Mheicsiceach, Mike Reynolds, seanbhoinn chairr, cré agus cannaí alúmanaim i ndearadh a chuid tithe nuálacha.
carranna dóite cars burned
" Nuair a bheadh na carranna dóite, bheifeá ag tiomáint tríd an luaithreach agus iad te.
ar rothar nó i gcarr by bike or car
" **CF: An ndeachaigh tú timpeall ar rothar nó i gcarr.