Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ceistiú interrogation
" Le linn do Ward a bheith á cheistiú thug na Gardaí a chéile isteach le ceistiú freisin.
ceistithe questioned
" Go dtí seo, tá fear amháin ceistithe ag bleachtairí.
ár n-ionracas a cheistiú to question our honesty
" Tá sé ráite acu ina bhforógra gurb é ról an ealaíontóra luachanna a choinneáil beo atá bunúsach agus daonna, agus nach mór seasamh in aghaidh na bhfórsaí a dhéanann iarracht ár n-ionracas a cheistiú.
a ceistíodh questioned
" Is ábhar iontais é go ndúirt 14% den dream a ceistíodh go ndéanann siad é seo cúig huaire nó níos mó sa tseachtain.
á cheistiú being questioned
" "Is déagóirí iad anois agus tá gach rud á cheistiú acu, a dtógáil trí Ghaeilge san áireamh! Má bhíonn deacrachtaí againne, agus Gaeilgeoirí atá ionainn atá ag obair i réimse na teangeolaíochta (is léachtóir le Fraincis i Má Nuad é a fear céile, Éamon Ó Ciosáin), tá mé cinnte go mbeadh sé i bhfad níos deacra ar thuismitheoirí eile, tuismitheoirí nach bhfuil tuiscint iomlán acu ar an dátheangachas.
á gceistiú being questioned
" Bhí oifigigh ó sheirbhísí an rialtais á gceistiú ag coiste Seanaid.
nuair a cheistítear iad when they are questioned
" Is éard atá sa Chóras Eadrána ná coiste nó painéal saineolaithe a bunaíodh agus a thosaigh ag feidhmiú mí na Bealtaine seo caite chun eachtraí agus cinntí agus conspóidí éagsúla a thógtar ar pháirc na himeartha agus cinntí coistí eile a scrúdú nuair a cheistítear iad.
á gceistiú being questioned
" Líomhnaíonn an bheirt seo gur baineadh úsáid as modhanna brúidiúla nuair a bhí siad á gceistiú.
áit a gceistítear é where he is questioned
" Aon duine atá eolach ar an mbealach a dhéanann poblachtánaigh brathadóirí a mharú, tá a fhios aige go ndéantar an brathadóir atá le marú a fhuadach de ghnáth, go gcuirtear mála ar a cheann agus go dtógtar é go háit éigin iargúlta, áit a gceistítear é (agus ar uairibh go ndéantar é a chéasadh), sula gcuirtear é ar a ghlúine, go scaoiltear é taobh thiar dá chluas agus go gcuirtear an corp áit éigin nach n-aimseofar é.
chun an córas a cheistiú to question the system
" Bhí sé ann chun an córas a cheistiú, agus an córas a leagadh dá mb’fhéidir leis.
a ceistíodh who were questioned
" I suirbhé a bhí ar an *Sunday Business Post*, dúirt 56 faoin chéad de na daoine a ceistíodh gur mó an seans go dtabharfadh siad vóta do Shinn Féin i ndiaidh don pháirtí tacaíocht a thabhairt don PSNI.
féiniúlacht a cheistiú, to question identity,
" Sa chéad dul síos, cé leis í? Cé atá i dteideal athrú a dhéanamh? Cén fáth? Cén íomhá den tír atá á cur chun cinn ag bratach? Agus i gcás na Nua-Shéalainne, cén bhaint atá acu anois leis an mBreatain? Is dócha gur maith an rud é féiniúlacht a cheistiú, agus mar a dúirt duine sa lucht éisteachta ansin, ba cheart do chuile shaoránach an rud a phlé, ní hamháin an Ríchomhairle.
Cheisteoinn I would question
" Cheisteoinn luach na seimineár ar fad agus fiúntas na leabhar uile ina bpléitear ceist na Gaeilge as Gaeilge.
a ceistíodh who were questioned
" Léirigh taighde margaíochta a deineadh do *Lá* i 2003 go mbeadh fonn ar an gcuid is mó de na Gaeilgeoirí a ceistíodh nuachtán laethúil Gaeilge a cheannach.
cheisteoinn cuid de pholasaí eagarthóireachta I would question some of the editorial policies
" Ach mar iaririseoir a chaith seacht mbliana ag obair le RTÉ agus TG4, cheisteoinn cuid de pholasaí eagarthóireachta *Lá Nua* mar pháipéar nuachta náisiúnta.
a bhíonn do mo cheistiú who are asking me
" Ní chuireann sé iontas ar bith orm go dtagann dreacha marbha ar na daoine a bhíonn do mo cheistiú nuair a fhreagraím, “Canberra”.
Agus é á cheistiú as he was questioned
" Agus é á cheistiú ag an Chomhchoiste um Ghnóthaí Rialála Geilleagair, is cosúil gur éirigh le Patrick Neary an Rialtóir a chosaint, go ceann tamaill ar aon nós.
cheistiú to question
" Ach níor mhór dáiríreacht an Aire faoin mholadh a cheistiú mura bhfuil oiread is comhad amháin laistigh dá Roinn féin a phléann leis an ábhar seo.
a líon á gceistiú their number was being queried
" Thairg aon dhuine dhéag acu éirí as a gcúram nuair a bhí a líon á gceistiú sna meáin, i dtús na bliana, dá gceapfaí gur ar leas na tíre a bheadh sé.
ceistíodh was questioned
" Dúirt breis is leath den 800 fear a ceistíodh sa tsuirbhé gur eisleamáirí tábhachtacha ab ea na múinteoirí fireannacha a bhí acu ar scoil.
ceistiú questioning
" Is dócha go mbaineann sé sin leis an am nuair a thosaigh mé ag tuiscint is ag ceistiú rudaí móra an tsaoil.
Ceistímis anois we now doubt
" Nuair a mhíníonn Binoche dó amuigh sa tsráid cad a tharla, tosaíonn seisean isteach ar ról-imeartas na beirte seanphósta freisin! Arís, caidé an rud atá fíor, is cad tá bréagach, agus cad is ‘Cóip Dheimhnithe’ ann pé sceal é? An tAmhras ====== Ceistímis anois brí fhormhór na dtarlúintí i dtús an scannáin.
ceistiú to question
" D’ardaigh sé sin ana-chuid ceisteanna in ana-chuid daoine óga, mé féin ina measc agus is saghas dul chun cinn nádúrtha é as san, is dóigh liom, ceistiú a dhéanamh faoi rudaí agus aigne a athrú.
an té a cheisteodh anyone who’d question
" Mheas ceannairí na hEaglaise Rómhánaí sa séú haoise déag gur chóir an té a cheisteodh an aontumhacht a dhíbirt.
ceistíodh was asked
" *“I’d rather go into government with the Hezbollah”* a d’fhreagair Rabbitte nuair a ceistíodh é, le gairid, ar an dteilifís faoi dhul isteach i Rialtas le Fianna Fáil.
cheistigh é quizzed him
" Seachtar ball den tSeirbhís Rúnda a ransaigh agus a cheistigh é go mion sula scaoilfí isteach sa Teach Bán é, ach a luaithe agus a thuig siad gur Balor a bhí ann, ghabh siad a leithscéal agus rinne siad é a thionlacan fríd an teach mór, gan stad gan bhac gan bharradh go dtí oifig an Uachtaráin.
ag ceistiú mhuintir na háite quizzing the locals
" Bhí an áit faoi ghlas romham ach as a bheith ag ceistiú mhuintir na háite, tháinig mé ar uimhir Jean, treoraí a mbíonn eochair na háite aige.
chroch na póilíní leo ar iompú na boise lena gceistiú ina dtaobh whisked them away at the drop of a hat to question them about (the murders)
" Ní hamháin sin, ach go mion minic is ar éigean gur cuireadh daoine muinteartha leis na íospairtigh ar an eolas faoi na maruithe go dtí gur chroch na póilíní leo ar iompú na boise lena gceistiú ina dtaobh! Bhí 160 oifigeach ag obair ar an gcás, ag déanamh fiosrúchán ar 11,000 duine.
cheistigh bailíocht questioned the validity
" ' Dornán blianta ó shin, glacadh roinnt dúshláin chúirte a cheistigh bailíocht na mbreithiúna a bhí ag feidhmiú sa chontae de thairbhe nach raibh siad ábalta an teanga a labhairt.
a ceistíodh who were questioned
" Ní raibh aon eolas ag na mic léinn a ceistíodh ar chlár an BBC faoin méid airgid a chaitear ar scéimeanna ná ar na daoine sna tíortha bochta.
a cheistíonn nó a dheimhníonn which question or confirm
" An dtig linn corraí? Grinníonn lucht saineolais gnéithe de scéal an téarnaimh, más téarnaimh é, ag Tóstal na Gaeilge a cheistíonn nó a dheimhníonn nach amháin go bhfuil gothaí orainn ach go bhfuil an cur chuige i gceart.
cheistigh mé í ar an ábhar sin go díreach I quizzed her on that matter exactly
" Polannais a labhróidh sí leis an naíonán sin, mar cheistigh mé í ar an ábhar sin go díreach thart ar sé bliain ó shin agus d’fhreagair sí amhlaidh mé, go diongbháilte.
An Ceistiú Cúig Uair an Chloig the five hour questioning
" An Ceistiú Cúig Uair an Chloig ============= Ceistíodh Zimmerman ar feadh cúig uair an chloig an oíche sin, ach ligeadh saor gan chúiseamh é faoi dheireadh na hoíche.
ag ceistiú an tsaoil questioning the world
" Na blianta siar, is iad na mic léinn a bhíodh chun tosaigh in an-chuid eagraíochtaí éagsúla a bhíodh ag ceistiú an tsaoil in ionad a bheith ag ceistiú a staid airgeadais féin.
a ceistíodh in ann who were questioned were able
" Ní raibh ach 36% de na daoine a ceistíodh in ann an t-easnamh sa bhuiséad a mheas go garbh.
shíl bunús na ndaoine a ceistíodh most of those questioned thought
" Tá sé spéisiúil gur shíl bunús na ndaoine a ceistíodh go raibh cúrsaí i bhfad níos measa ná mar atá – cheap go leor daoine go raibh thart ar 40% de mhorgáiste na tíre i riaráistí (is é 12.
níor ceistíodh i gceart na himpleachtaí bunreachtúla the constitutional implications were not questioned
" Dar liomsa rinne Gluaiseacht na Gaeilge botún straitéiseach ag an am: tógadh seasamh láidir ina aghaidh deireadh a bheith curtha le Gaeilge éigeantach sna scrúduithe agus níor ceistíodh i gceart na himpleachtaí bunreachtúla agus eile a d’eascródh as deireadh a bheith curtha le riachtanas Ghaeilge sa státseirbhís.
Cheistigh sé feidhmiúlacht he questioned the efficiency
" Cheistigh sé feidhmiúlacht agus líon na n-eagras Gaeilge: ‘*It calls into question the need for such organisations and for their funding in a time of extremely scarce public resources.
ag ceistiú an fiú iarracht ar bith eile quizzing is it worth (making) any other effort
" Is minic a bhím in ísle bhrí faoin nGaeilge agus ag ceistiú an fiú iarracht ar bith eile a dhéanamh len í a choinneáil ón mbás atá i ndán di sa nGaeltacht? Níl aon imní orm faoin nGaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht.
ceistíodh questioned
" De réir taighde Fundraising Ireland, creideann 35% dóibh siúd a ceistíodh nár cheart tuarastail iomaíoch a thabhairt d'fhostaithe.
Níor cheistigh mé riamh I never inquired
" Níor cheistigh mé riamh céard a bhí ann féin ná níor shainmhínigh mé é.
cheistiú to question
" Comharthaí ‘dátheangacha’ a chrochadh sa Ghaeltacht, loiceadh ar na bannaí/ titim na hÉireann as an €uro agus díluacháil roimh an olltoghchán, an ceardchumainn chearta iad na *‘white collar unions’*? Bhuail Seosamh Mac Muirí chun cainte le Seosamh Ó hUiginn, FPE, i ndeireadh na Nollag chun a cheistiú faoi na hábhair thuas agus faoi ábhair nach iad.
cheistigh é quizzed him
" Chas Seosamh Mac Muirí le duine de cheoltóirí Kíla, Rossa Ó Snodaigh, i Liatroim agus cheistigh é faoina chur chuige fuinniúil i gcúrsaí Gaeilge.
ceistíonn asks
" Anois go bhfuil sé socraithe go mbeidh olltoghchán ann, ceistíonn Donncha Ó hÉallaithe cé chomh dáiríre is atá an Lucht Oibre faoi Gilmore a bheith ina Thaoiseach ar an gcéad rialtas eile.
Cheistigh sí í mar gheall ar she quizzed her about
" Cheistigh sí í mar gheall ar a saol ar an ardán le hAmharclann na Mainistreach i rólanna mar Rose i *Dancing at Lughnasa* le Brien Friel agus Juno in *Juno and the Paycock* le Sean O Casey.
ceistíonn sé an fiú a bheith ag iarraidh he askes is it worth trying
" San alt seo caitheann sé súil siar ar na hathruithe a tharla sa cheantar Ghaeltachta is mó agus is láidre sa tír agus ceistíonn sé an fiú a bheith ag iarraidh an Ghaeilge a tharrtháil, mar a labhartar anois í sa Ghaeltacht.
lena cheistiú faoi to quiz him
" Chas Seosamh Mac Muirí leis an Seanadóir Rónán Mullen i gceantar dúchais a máthar lena cheistiú faoi Sheanad Éireann, faoi cheist an ghinmhillte agus faoi roinnt ábhar eile ar spéis leis.
Ceistíonn querys
" Ceistíonn Alan Desmond sriantacht inimirce an stáit san alt seo.
lena cheistiú faoi to quiz him about
" B’fhéidir go raibh Gráinne Campion ag iarraidh smearadh den ádh a thabhairt léi nuair a bhuail sí le Patrick Clarke lena cheistiú faoi Chraobh Oscailte Pócair na hÉireann 2014 a bhaint ar na mallaibh.