Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a chiallaíonn which means
" Thug sí cuid mhaith abairtí áitiúla dúinn, mar shampla, "Conas tá an misneach?" a chiallaíonn "Conas tá tú?" Ceann deas eile a chuir ag gáire muid ná, "Bhain mé an-súp as.
ciallaíonn sé sin that means
" Ní théann daoine amach go dtí a haon a chlog ar maidin den chuid is mó agus fanann siad amuigh go dtí a seacht nó a hocht – ciallaíonn sé sin gur féidir leat an Meitreo a fháil amach agus é a fháil abhaile freisin! Agus tá busanna oíche ann chomh maith ar eagla go gcaillfeá an Meitreo! Ceapaim gurb é an rud is fearr liom faoi Barcelona ná chomh héasca agus chomh réchúiseach is atá an saol ann.
ciallaíonn sé sin that means
" Ní théann daoine amach go dtí a haon a chlog ar maidin den chuid is mó agus fanann siad amuigh go dtí a seacht nó a hocht – ciallaíonn sé sin gur féidir leat an Meitreo a fháil amach agus é a fháil abhaile freisin! Agus tá busanna oíche ann chomh maith ar eagla go gcaillfeá an Meitreo! Ceapaim gurb é an rud is fearr liom faoi Barcelona ná chomh héasca agus chomh réchúiseach is atá an saol ann.
a chiallaíonn spéir, which means sky,
" Leis an dorchadas, tháinig beirt leannán - Rangi, a chiallaíonn spéir, agus Papa-tua-nuku, a chiallaíonn talamh.
a chiallaíonn talamh. which means groud.
" Leis an dorchadas, tháinig beirt leannán - Rangi, a chiallaíonn spéir, agus Papa-tua-nuku, a chiallaíonn talamh.
ní gá go gciallódh sé sin that doesn't necessarily mean
" Ritheann an cheist chéanna liom arís is arís eile agus mé ag breathnú orthu: cén sórt oideachais a fuair na daoine óga seo ó thaobh an cheoil de? Oideachas ceoilTuigim go maith nach bhfuair an chuid is mó acu oideachas foirmiúil ceoil riamh – agus ní gá go gciallódh sé sin go bhfuil siad lochtach ó thaobh an cheoil de mar gheall ar an easpa sin.
Ciallaíonn means
" Ciallaíonn sé seo gur lú an méid carbóin a astaítear as na heitleáin.
chiallaíonn means
" ”* Nósfaidh an t-am céard a chiallaíonn an chaint bhreá seo.
Ciallaíonn an t-ainm the name means
" Ciallaíonn an t-ainm ‘Tír an scamaill fhada bháin’.
Ciallaíonn seo this means
" Ciallaíonn seo ná trí fheidhmchlár beag ar do ríomhaire féin atá nasctha le iTunes, is féidir eolas faoin gceol atá cloiste agat a chur chuig do phroifíl ar Last.
ciallaíonn means
" Ó na fichidí amach, ciallaíonn sé seo go bhfuil ar an ainmnitheach dul os comhair Choiste Breithiúnach an tSeanaid sula vótáiltear orthu.
Ciallaíonn means
" Ciallaíonn “*I won’t forget you*” ag an doras nach dtabharfaidh an duine sin Uimhir a hAon dhuit ach go bhfuil siad sásta uimhir éicint a thabhairt duit agus d’fhéadfadh an vóta sin a bheith an-tábhachtach sa gcomhaireamh deireanach, gan ach slám beag vótaí a bheith idir na hiarrthóirí atá fágtha sa rása ag an bpointe sin.
Ciallaíonn means
" Ciallaíonn sé seo go bhfuiltear ag cur leis an tuiscint atá ag an domhan ar fhadhbanna na bpobal dúchais.
chiallaíonn means
" Is cainteoirí Tuirciceacha iad na Uígir, rud a chiallaíonn go labhraíonn siad teanga atá cosúil leis an Tuircis.
Ciallaíonn means
" Ciallaíonn sé seo, cuir i gcás, go bhféadfainn na hailt atá scríofa agam do Bheo le sé mhí anuas a sheoladh isteach ar thart fá €1.
chiallaíonn means
" , rud a chiallaíonn go marófar tuairim is deichniúr duine nó mar sin, nó breis.
Ciallaíonn sé it means
" Ciallaíonn sé gurb é daonáireamh na bliana 1901 an chéad cheann atá fágtha againn fós) Ní mór tuiscint go raibh cúrsaí sóisialta, cultúir agus teanga fite fuaite ina chéile.
Ciallaíonn sé it means
" Ciallaíonn sé go bhfuil beirt Shinn Féineach ag barr an liosta.
chiallaigh mean
" (gáire) SMM: Tharla gur Cíosánach thú, bail ó Dhia ort, is go bhfuil obair an chláir Aifric go léir curtha díot, an féidir a rá go bhfuil tú gan chíos, cás ná cathú anois? – Céard a chiallaigh an clár sin duit meas tú? Ar athraigh sé mórán thú ón Chlíona a bheadh ionat anois murach é? CNC: Tosóidh mé leis an gcéad chuid den cheist.
chiallaigh meant
" Cad tuige mar sin nach mbainfí leas as seirbhís atá an rialtas ag íoc as cheana féin? Cad tuige an mbeadh gá leis an chostas a dhúbailt? Níor mhór a áiteamh fosta go mbeadh ar a gcuid tiománaithe an carr stáit a thabhairt ó Bhaile Átha Cliath go dtí na haerfoirt réigiúnda sin le hiad a bhailiú ag an taobh eile, rud a chiallaigh go raibh a dhúbailt de chostas ar an stát.
Chiallaigh meant
" Chiallaigh sé sin go raibh tacaíocht ag teastáil ón bhfreasúra oifigiúil dá ndéanfaí rith ar an mbille.
chiallódh would mean
" D’fhágfadh sin easpa airgid i sparán an IRFU chun pá tarraingteach a íoc le himreoirí, rud a chiallódh go lorgódh na himreoirí is fearr fostaíocht le clubanna móra Shasana agus na Fraince.
chiallódh would mean
" Céard a chloisfear ar TG4 agus ar RnaG domhnach is dálach, ach gach duine i ndiaidh a chéile ag trácht ar rud éigin eile a chiallódh ‘the interline’ i mBéarla.
chiallódh would mean
" Dá mbeadh an phríomhchathair nó an leas-phríomhchathair i lár na hÉireann níor ghá a ghabháil ach a leath an bhealaigh agus ar ais, rud a chiallódh leath an bhreosla dóite san aer, leath an ama, leath na contúirte agus leath na tuirse dá réir.
Chiallódh would mean
" Chiallódh sé sin nach mbeadh leasú stádas na Gaeilge ar an churaclam díbeartha den chlár oibre ach go mbeadh sé curtha ar an mhéar fhada.
Ciallaíonn means
" Ciallaíonn sé seo go bhfuil an t-uafás ainmneacha ar pháistí an lae inniu agus de bharr sin, níl an t-ainm is coitianta (Jack nó Olivia) ach ar chéatadán an-bheag de pháistí (thart ar 4%.
Ní chiallaíonn doesn’t mean
"Ní chiallaíonn sé sin go mbeidh ar 100% de na daoine atá ag cur fúthu sa nGaeltacht máirseáil chun go dtarlóidh na hathruithe seo, ach más féidir leo tacaíochta a thabhairt, a bheith níos dóchasaí ina gcuid suirbhéanna, más féidir leo litir a scríobh chuig an TD, más féidir leo a bheith i láthair ag na cruinnithe poiblí agus a dtoil láidir a léiriú go bhfuil siad ag iarraidh an teanga Ghaeilge agus an tsaíocht ar fad a bhaineann leí a chaomhnú, mura dtaispeántar an toil láidir seo nó mura mbíonn sé ann, níl tú chun aon difríocht a dhéanamh do stádas na Gaeilge.
Chiallaigh sin that meant
" Chiallaigh sin gur beag freasúra a thug muid ag am nuair a bhí géarghá leis.
chiallaíonn means
" Ar nós an dá thaobh a mhaítear ar gach scéal, is cosúil go bhfuil dhá dhearcadh (ar a laghad) ar thíreolas iarthar na Briotáine, áit a tugtar ‘Finistère’, nó ‘deireadh na talún’ uirthi i bhFraincis, ach ‘Penn ar Bed’, a chiallaíonn focal ar fhocal ‘ceann an bheatha’, nó 'deireadh an domhain’ atá ar an áit sa mBriotáinis.
chiallódh would mean
" Teip faoi Cheann Bliana nó Dhó =============== **SMM: Ní dóigh leat go mbeadh an comhrialtas athá ann faoi láthair chomh cliste sin agus go loicfidh siad ar na bannaí go gairid roimh an gcéad ollthoghchán eile, rud a chiallódh deireadh leis an €uro agus ar an tslí sin, go bhfaighfidís a lán dá gcuid vótóirí ar ais ar a dtaobh?** SÓhU: Ní dóigh liom go dtarlódh sé sin.
Ciallaíonn means
" Ciallaíonn sé “bréagach uasal”, agus ba leid shoiléir é faoin dearcadh a bhí ag Assange.
a chiallaigh which meant
" Rinne iar-Phríomhfheidmeannach amháin, Kathryn Bryan, botún cuntasaíochta a chiallaigh go mbeadh ardú sna táillí uisce sular imigh sí agus £250,000 ina póca aici mar chúiteamh.
Ciallaíonn means
" Ciallaíonn an friotal maslach seo go mbíonn cineál féinmheas ísleachta ag muintir iarchoilíneachta i dtaca lena saíocht féin, le hais saíocht a máthairthíre ach go háirithe.
chiallaíonn means
" Tá trí chineál míol loscanta anseo in Éirinn - - Urodela (Niúit agus Salamandair) - Apoda (an-chosúil le cuiteoga) - Anúrach (a chiallaíonn gan eireaball - loscainn agus buafa) Tá siad sách aitheanta ag daoine, mar atá, An tEarc Sléibhe/Luachra (bíodh nach ionann iad), An Loscann agus An Cnádán.
ciallaíonn means
" Is féidir leis na hoileánaigh saoránacht na Nua-Shéalainne a ghlacadh agus ciallaíonn sé sin go bhfuil níos mó de mhuintir Oileáin Mhic Cùga ina gcónaí sa Nua-Shéalainn inniu ná mar atá ar an hoileáin féin.
ciallaíonn sé sin that means
" Léiríonn torthaí an NHS is déanaí go raibh 68% de na fir agus 55% de na mná róthrom nó murtallach, agus ciallaíonn sé sin go bhfuil fadhb an iomarca meáchain nó an mhurtaill ag corradh is 60% den daonra fásta san Astráil.
chiallaíonn means
" Bhí a leithéid ann cheana ar mhéid A4 agus ba chliste an áis é, ach caithfidh sé go bhfuil an QuickGuide seo a sé nó ocht n-oiread níos mó ná é tharla gur i gcruth fillte atá sé, rud a chiallaíonn gur thig leat é a leathnú amach de réir mar a thogrófas tú teacht ar réim áirithe eolais.
An gciallaíonn an nath does the phrase mean
" An gciallaíonn an nath go gcaithfear thú a bheith beirthe ar thalamh Mheiriceánach? Más ea, ní bheadh cead ag John Mc Cain, a sheas do pháirtí na bPoblachtánach, a bheith ina uachtarán, ó rugadh i bPanama é i 1936.
Ciallaíonn means
" An Dáil ==== Ciallaíonn an focal dúchasach Toronto áit na gcruinnithe agus is cathair mar a tuairisc í mar sin mar is minic daoine ag teacht i ndáil a chéile anseo.
a chiallódh which would mean
" Glacaim leis go mbeadh sé deacair rud éicint a shocrú a chiallódh go labhródh muintir na Gaeltachta leis an gclann í.
Ciallaíonn an athluacháil seo this re-evaluation means
" Ciallaíonn an athluacháil seo go bhfuil allmhairí go leor níos saoire ná táirgí áitiúla, agus go bhfuil na tionscail onnmhairithe faoi mhíbhuntáiste iomaíochta dá bharr.
chiallaigh meant
" Caitheadh leo mar chimí Catagóir A, rud a chiallaigh go raibh siad á gcoinneáil sa sciathán leis an uasmhéid slándála i dteannta le mangairí drugaí, lucht ginmhilleadh, dúnmharfóirí srl.
Ciallóidh sé sin that’ll mean
" Ciallóidh sé sin go mbeidh chóir a bheith ceithre bliana caite ag cur is ag cúiteamh fán chóras nua agus gan a dhath ar a shon ach an ghangaid agus an lagmhisneach.
Ciallaíonn sé seo this means
" Ciallaíonn sé seo, san ré bhocht bhriste seo, gur féidir leat an cárta creidmheasa a ghearradh suas agus an ciste atá agat a úsáid in ionad creidmheasa nuair a bhíonn tú ag siopadóireacht ar líne.
Ciallaíonn means
" Ciallaíonn an fhógairt go mbeidh cosaint ar ghnáthóga na gcóálaí sna ceantair ina bhfuil an t-ainmhí i mbaol.
Chiallaigh sin that meant
" Chiallaigh sin go raibh ranganna á múineadh i Meiriceá ar leibhéil éagsúla, le modhanna múinteoireachta éagsúla, nó gan cruth ar bith orthu.
chiallaigh meant
" Foilsíodh scéal gur chiallaigh an t-ainm Azaria ‘íobairt sa díthreabh’.
rud a chiallaíonn which means
" - iii) Bearradóir so-iompair Logik, ní thig leis duine a bhearradh oiread is aon uair amháin, rud a chiallaíonn gur bhréagán a cheannaigh tú seachas gaireas do bhearrtha.
rud a chiallaigh this meant
" Ualach trom le hiompar ann féin ab ea an stádas sin agus le dúshlán níos mó le sárú i gcás na gCluichí Oilimpeacha, socraíodh nach mbeadh ach trí rannóg meáchain i gceist, rud a chiallaigh go mbeadh líon níos mó de dhornálaithe maithe in gach rannóg seachas mar a bhíonn sna comórtais eile.
Ciallaíonn sé sin that means
" Ciallaíonn sé sin sé mhí nach mbeidh á labhairt agam ach an dá theanga sin.
rud a chiallaigh this meant
" Agus nuair a bhí smacht acu ar an chomhairle, bhí smacht acu ar ghnóthaí tithíochta agus chinn siad nach dtógfaí tithe úra ar thaobh na Cathrach rud a chiallaigh go mbeadh dhá toghcheantar acu go brách.
ciallaíonn means
" Cé go dtugtar cuireadh don phobal i réamhrá eagrán 2012 aiseolas a chur isteach i gcomhair eagráin athbhreithnithe eile i gceann trí bliana, cá bhfágann sé sin lucht scríofa is múinte na Gaeilge san idirlinn? Chun údarás na Rannóige ar fhoilsiú agus athbhreithniú an Chaighdeáin Oifigiúil feasta a dhaingniú, tá Bille (nó leasú ar bhille) ullmhaithe, agus cuireadh faoi bhráid an tSeanaid é ar 18/9/2012, áit a ndeirtear: ciallaíonn ‘‘An Caighdeán Oifigiúil’’ caighdeán oifigiúil na Gaeilge, arna ullmhú ag Tithe an Oireachtais agus arna fhoilsiú faoi chóipcheart Rialtais, atá le húsáid sa reachtaíocht phríomha agus sa reachtaíocht thánaisteach agus mar an treoir le haghaidh scríbhneoireacht sa Ghaeilge (An Bille um Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú), 2012 (Seanad) <ar fáil ag http://www.
Ciallaíonn sé seo this means
" Ciallaíonn sé seo go bhfuil leanaí a rugadh is atá ag fás aníos sa tír seo nach saoránaigh iad agus na cosaintí éagsúla a bhaineann leis an tsaoránacht séanta orthu dá réir sin.
Chiallaigh an méid sin that meant
" Chiallaigh an méid sin gur caitheadh i bhfad an iomarca ama le ceithre bliana anuas ag fí driseacha cosáin i dtithe rialtais Mheiriceá nuair ba cheart a bheith ag tabhairt faoin ghéarchéim gheilleagair.
Ní chiallaíonn sé sin that doesn’t mean
" Ní chiallaíonn sé sin go bhfuil críoch leis an gcogaíocht bhrúidiúil thall ansin ná go mbeidh deireadh le réimeas al-Assad go luath.
chiallaíonn nach mbeidh ort which means you won’t have to
" Má tá tú ar thóir a leithéid bí ag faire amach do: sciath GSM a chiallaíonn nach mbeidh ort an guthán a chur ar ‘mhodh eitleáin’ nó ‘Airplane Mode’; conas a láimhseálann na callairí na nótaí is ísle; agus an tacaíocht atá taobh thiar den iPod chun an brú ar an nascóir a laghdú.
céard a chiallódh sin what that would mean
" Tá a fhios agam go maith céard a chiallódh sin ó thaobh iompar teanga dhó agus caithfear cur ina aghaidh go tréan.
Ní chiallaíonn sé ach oiread neither does this mean
" Ní chiallaíonn sé ach oiread go mbeidh ar an Aire saoránacht a bhronnadh ar Mallak féin.
Ciallaíonn means
" Ciallaíonn an prionsabal (mar dhea) seo nach mbeadh aon bhuntáiste ag muintir na mbád thar na teifigh eile atá ag feitheamh i dtíortha éagsúla san Áise le cead oifigiúil a fháil teacht chun na hAstráile ar imirce.
a chiallaíonn which means
" Bhí muintir dhúchais darb ainm na Arabana ina gcónaí i gceantar an locha leis na cianta cairbreacha agus thug siadsan an t-ainm Kati Thanda ar an loch, ainm a chiallaíonn áit chruinniú na gceannairí.
Ciallaíonn sé seo this means
" Ciallaíonn sé seo go bhfuil easpa treoirlínte foilsithe is easpa soiléireachta maidir leis na slata tomhais a chuirtear san áireamh agus cinneadh á dhéanamh faoi chearta is teidil inimirceach in Éirinn.
céard go díreach a chiallaíonn sé sin what exactly does that mean
" Má tá creidmheas ag dul d’fhoireann nó d’imreoir nó don réiteoir, céard go díreach a chiallaíonn sé sin? An é go bhfuil cineál liúntais tuillte ag tosaí mar shampla ó na coimisinéirí ioncaim toisc gur imir sé an-mhaith ar fad nó de bharr cúilín breá a aimsiú? B’fhéidir go mb’fhearr moladh mór a thabhairt dóibh – níl impleachtaí cánach ag baint leis sin.
ciallaíonn sé seo this means
" Tú Féin atá ar an Maide Eolais ============== De ghnáth, ó thaobh ríomhaireachta de, ciallaíonn sé seo nach bhfuil gá ach rialacha a leagan síos faoin mbealach gur féidir leis an imreoir gabháil i ngleic leis an timpeallacht.
Ciallaíonn sé maidhm nó pléasc it means an explosion
" Ciallaíonn sé maidhm nó pléasc nó a leithéid sin.
Ciallaíonn sé sin that means
" Ciallaíonn sé sin gur ar thalamh na hIlchríche Dorcha atá an teorainn idir an Eoraip is an Afraic agus is ag an teorainn seo a tháinig an chéad chor mí-áidh eile i gcinniúint an Chamarúnaigh, Eric Tabo.
ciallaíonn sé puball it means tent
" Ach ar tús, an Skainos Building é féin Cad é atá ann? “Bhuel, focal Gréigise ón Bhíobla atá ann agus ciallaíonn sé puball.
Chiallaigh sé sin that meant
" Chiallaigh sé sin i gcás na hÉireann nach raibh aon dualgas lipéadú i nGaeilge a chur ar chógais.
a chiallaíonn má seascainn which means swamp plain
" Is focal Bundúchasach é Galong a chiallaíonn má seascainn (swamp plain).
rud a chiallaigh go this meant that
" Bailithe ar Troigh gan Tuairisc ============ An Córas Scaipthe a bhí ann roimhe sin, ba do bhuíonta beaga coirpeach fadtéarmach a cuireadh ar bun an chéad lá riamh é, rud a chiallaigh go raibh na húdaráis Bhriotanacha trína chéile ar dtús faoi conas déileáil leis na cimí nua sin, cimí a raibh córas ceannaireachta docht acu féin, laistigh den charcair agus ar an taobh amuigh freisin, cimí a raibh bá an phobail agus dreamanna cearta sibhialta leo go minic freisin.
rud a chiallaíonn triúr in ionad beirte something which means three instead of two
" An bhean a thug briseadh mo chuid airgid dom ag scipéad bialainne inné, ba léir dom go bhfuil sí ag iompar, rud a chiallaíonn triúr in ionad beirte faoi cheann bliana.
rud a chiallódh an t-anmhéid which shall mean the gargantuan
" Bheartaigh mé deich n-abairt Polannaise a shlogadh is a chleachtadh achan lá, rud a chiallódh an t-anmhéid 3,650 abairt faoi cheann bliana! Tháinig ciall chugam agus ghearr mé sin siar go 5 abairt achan lá, líon a bhéarfas 1,825 abairt ar mo thoil agam faoi cheann bliana.
Ciallaíonn sé sin that means
" Ciallaíonn sé sin gur minic a iarrtar orthu obair dhuaisiúil a dhéanamh gan sosanna ná saoire ceart a fháil.
ciallaíonn sé 'bolgam means a gulp, swallow
" An focal 'joch' ciallaíonn sé 'bolgam'.
ciallaíonn means
" “Nach í sin an iriseoireacht i ndáiríre? D'fheadfadh muid a bheith ag cíoradh cúrsaí geilleagair ach i ndáiríre píre, ciallaíonn an iriseoireacht is fearr ná an iriseoireacht a insíonn scéal an duine.
Ciallaíonn sé sin that means
" Ciallaíonn sé sin go raibh deacrachtaí níos mó ag scoláirí an stíl ársa seo a rangú ó thaobh an cheoil de, agus go háirithe de réir na bhfoirmlí atá leagtha síos sa cheol Eorpach i gcoitinne.
a chiallaigh which meant
" Anuas air sin, cumadh cuid mhór de na hamhráin sin sular breacadh síos focail na n-amhrán seo, rud a chiallaigh go raibh daonra ann nárbh fhéidir bunús agus foinsí a n-amhrán a dheimhniú.
Ciallaíonn sé seo this means
" Ciallaíonn sé seo go gcuireann sí níos mó béim ar an gceol a chasann sí, ar an amhrán agus ar na lírící in ionad a bheith imníoch faoi céard atá á chaitheamh aici (nó i ndáiríre, cad nach bhfuil á chaitheamh aici).
a chiallaíonn which means
" (Ón bhfocal cheiromancy a chiallaíonn ‘léamh láimhe’ a eascraíonn an leasainm sin, is cosúil).
a chiallódh which would mean
" Is féidir le haon ní gabháil amú ar an lá, idir threalamh agus thimpeallacht, a chiallódh go dteipfeadh ort.
Ciallaíonn sé sin that means
" Ciallaíonn sé sin nach bhfuil ach seisear ban i measc na 43 duine san aireacht, an céatadán is ísle in aon aireacht abhus leis na cianta cairbreacha.
a chiallódh which would mean
" Tá an ASTI ag seasamh astu féin in aghaidh glacadh le socrú a chiallódh nach laghdófaí pá an chuid is mó de na múinteoirí (iadsan faoi bhun €65,000 sa mbliain) ach go mbeadh ar gach múinteoir a bheith ar fáil sa scoil ar feadh uair a’ chloig breise le freastal ar chúrsaí oiliúna agus ar chruinnithe éagsúla, idir chruinnithe foirne, cruinnithe le tuismitheoirí agus cruinnithe pleanála.
ciallaíonn sé ‘coimeádach it means conservative
" Is ionann liobrálaí, de ghnáth, agus duine le hintinn atá oscailte le smaointe nua a chuimsiú, ach ciallaíonn sé ‘coimeádach’ abhus.
rud a chiallaíonn which means
" Ár ndeacrachtaí polaitíochta, daoine a chruthaigh iad, rud a chiallaíonn go dtiocfadh le daoine iad a leigheas.
Chiallaigh sé sin that meant
" Chiallaigh sé sin go raibh orm tosú as an nua le fisiteiripe agus go leor modhanna éagsúla eile.
An gciallaíonn sé seo does this mean
" An gciallaíonn sé seo nach dtiocfaidh Éireannaigh chun na tíre níos mó? “Bhuel, stad an sruth deireanach inimirce sna 1870í mar gheall ar chúinsí geilleagair,” arsa Guillermo a bhfuil léargas fadtéarmach an staraí aige.
Ciallaíonn sé sin that means
" Ciallaíonn sé sin go mbeifear ag súil le cíoradh géarchúiseach (seachas geisfhocal na bpreasráiteas) ar imeachtaí a bhaineann go sonrach leis an Ghaeilge nó leis an Ghaeltacht.
Ciallaíonn sé sin that means
" Ciallaíonn sé sin nach bhfuil deis ag aon dalta i Sasana tabhairt faoin Ghaeilge sa GCSE feasta.
Ní chiallaíonn sé sin that doesn’t mean
" Ní chiallaíonn sé sin nach gá don scríbhneoir ach abairtí gearra a scríobh nó go mba cheart dó na mionsonraí agus na mionmhínithe a sheachaint ach go mbeadh feidhm agus riachtanas le chuile fhocal a bhreactar ar phár.
chiallaíonn means
" Tá dlithe na Seapáine an-ghéar ar ghunnaí, rud a chiallaíonn go bhfuil baol ann go gcaithfidh Imura roinnt ama i ngéibheann.
Ciallaíonn an drochobair seo uilig all of this desperate carryon means
" Ciallaíonn an drochobair seo uilig go bhfuil na Palaistínigh, dream inste scéil an Nakba brúite isteach ar mullach a chéile in iamhchríocha nó i mBantustáin.
a chiallaíonn which means
" Tá tuaileas ag Lonergan gur tháinig an focal ‘*brumby*’ as an bhfocal ‘bromaigh’, a chiallaíonn ‘staileanna óga’.
a chiallaíonn ‘fiolar which means eagle
" Is é is brí leis an bhfocal Gearmáinise sin ná ‘áthas’ agus leag Freud béim ar phrionsabal an phléisiúir! Comhghleacaí eile leis ab ea Alfred ADLER, a chiallaíonn ‘fiolar’, rí na n-éan; leag Adler béim ar phrionsabal na cumhachta.
chiallóidh mean(s)
" Tá Ruth Nic Giolla Iasachta ag obair i measc na mBriotánach, ár ngaolta P-Cheiltise, rud a chiallóidh plaiceadh pancóg go háirithe, smailcín sligéisc thall is abhus agus, b'fhéidir, Fest Noz go maidin anois is arís.
gciallaíonn an easpa aitheantais d’aicme amháin the lack of recognition of one section means
" Míníonn Brian Ó Broin go gciallaíonn an easpa aitheantais d’aicme amháin go ndéantar leithcheal, go bunúsach, ar an bpobal aerach.