Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a chinnteoidh will ensure
" Ní inniu ná inné a tosaíodh ar an chaint seo faoi mheath na teanga sna ceantair éagsúla ach an rud is tábhachtaí ná go bhfuil neart Gaeilge á labhairt sa Ghaeltacht, go fóill ar aon chuma, rud a chinnteoidh go gcoinneofar í ina pobal sainiúil ar feadh glúin nó dhó eile.
a chinntiú to ensure
" Tá na bunphrionsabail i bhfeidhm i gcónaí agus is léir gurb é a bhí ar intinn an dreama a chuir le chéile iad ná a chinntiú gur cluiche tapa, sciliúil a bheadh ann agus nach mbainfí mí-úsáid ar bith as an gcamán ach a mhalairt, is é sin chun an sliotar a thiomáint, a ardú agus a iompar go gasta ó cheann ceann na páirce.
gcinntí polasaithe policy decisions
" Ciallaíonn sé seo go bhfuil ionchur díreach ag an eagraíocht i gcinntí polasaithe a dhéanann an Roinn Oideachais agus Eolaíochta.
chun a chinntiú to ensure
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an eagraíocht? Is dócha gurb é an láidreacht is mó atá ag an eagraíocht ná go bhfuil daoine deonacha den scoth ag plé léi ó bunaíodh í, daoine a raibh fís acu don Ghaeilge agus don ghluaiseacht gaelscolaíochta, daoine a d'oibrigh go dian dícheallach thar na blianta ar bhonn iomlán deonach chun a chinntiú gur tháinig forbairt ar agus fás ar an eagraíocht agus ar an ngluaiseacht.
a chinnteodh which would ensure
" Le linn an fheachtais toghachánaíochta dheireanaigh, thug gach páirtí polaitiúil sa tír geallúint go gcuirfidís córas nua ar bun a chinnteodh nach iad na gardaí a bheadh ag scrúdú a gcuid oibre féin níos mó.
go gcinnteodh sé that it would ensure
" Tá daoine eile ag rá gur céim chun tosaigh a bheadh ann - go gcinnteodh sé nach mbeadh mná agus trasghnéasaigh leathnochta (nó níos mó ná leathnochta) ina seasamh taobh amuigh de thithe daoine, go bhfaigheadh na striapacha cúram leighis agus go bhféadfaí iad a chur ar an eolas faoi na contúirtí a bhaineann lena ngairm.
Chinnteodh sé it would ensure
" Chinnteodh sé chomh maith, gan amhras, nach mbeadh oiread timpistí ann mar nach mbeadh tiománaithe ag stopadh go tobann i lár na sráide chun labhairt le striapacha! *Is múinteoir Béarla i Milano na hIodáile í Roberta Stefan.
lena chinntiú to ensure
" An bealach lena chinntiú nach mbeidh do pháiste fein ina measc ná an seanoideas traidisiúnta a leanacht: bia sláintiúil agus neart aclaíochta.
le cinntiú to ensure
" Tá obair mhór le déanamh ag an Fhoras fós, go háirithe ó thaobh pleanála teanga, le cinntiú go rachaidh a chuid gníomhaíochtaí i bhfeidhm ar an phobal ó thaobh labhairt na Gaeilge de agus le cinntiú go gcothófar dearcadh agus atmaisféar dearfach úsáide.
lena chinntiú go gcomhlíontar na téarmaí seo to ensure that these conditions are fulfilled
" Ach bhí air a admháil nach ndéantar aon saghas scrúdú lena chinntiú go gcomhlíontar na téarmaí seo.
a chinntíonn which ensures
" Gach bliain bíonn eachtra de chineál éigin ann a chinntíonn go mbaintear ceannteidil na bpáipéar nuachta amach - smaoinigh siar ar Madonna ag an ócáid bhronnta anuraidh ag mallachtú mar a bheadh seansaighdiúir ann.
a chinnteoidh which will ensure
" Ach sin ráite, is dóigh liom go mbuailfear tairne i gcónra gach duine acu in 2003 a chinnteoidh nach fada eile a bheidh siad in oifig.
chinntí conspóideacha controversial decisions
" Tabharfaidh sé léargas nua dúinn ar chinntí conspóideacha a rinne an Rialtas.
a bhí in ainm is a chinntiú that was supposed to ensure
" Cuireadh milleán ar an APRA chomh maith, an eagraíocht a bhí in ainm is a chinntiú go raibh comhlachtaí árachais ag dul i mbun gnó mar ba chóir.
rud a chinntíonn which ensures
" Tá os cionn 3,000 sa tír - rud a chinntíonn go mbíonn cruinneas ard ag baint leis an eolas atá ar fáil faoin áit ina bhfuil guthán.
Chinnteodh a leithéid such a thing would ensure
" Chinnteodh a leithéid gur pobal inmharthana a bheadh iontu agus chothódh sé éileamh ar sheirbhísí trí Ghaeilge.
a chinnteoidh é sin that will ensure that
" Ach creidim má tá an Cumann Lúthchleas Gael le bheith dáiríre faoi scaipeadh agus leathnú an chluiche go gcaithfidh siad plean cuimsitheach a chur le chéile a chinnteoidh é sin.
a chinntíonn which ensures
" Ach is é córas an chraobhchomórtais, a chinntíonn go mbíonn míbhuntáiste na heaspa taithí ag gach foireann as Ulaidh (an cuimhin le héinne Doire dhá bhliain ó shin i gcoinne Uíbh Fháilí?) nuair a théann siad chun páirce sa chluiche ceathrú ceannais croílár na faidhbe.
le cinntiú to ensure
" Níl an dara rogha anois ag na Naisiúin Aontaithe ach teacht i gcabhair ar Mheiriceá le cinntiú go ndéanfar an Iaráic a riaradh go cothrom agus nach mbeidh comhlachtaí móra ag teacht i dtír ar a cuid acmhainní nádúrtha, idir an ola agus acmhainní eile nach í.
Chinnteodh comhairle reachtúil a statutory council would ensure
" Chinnteodh comhairle reachtúil go mbeadh ar gach nuachtán a dháiltear sa stát seo, idir chinn dhúchasacha agus chinn ón Bhreatain, cloí leis na rialacha céanna.
a chinntiú to ensure
" Mar shampla, má ghortaíonn páiste é féin ar scoil, fad is gur féidir leis an scoil a chruthú go ndearnadar iarrachtaí lena chinntiú nach ngortódh páistí iad féin, níl an scoil ciontach.
a chinntiú to ensure
" Foghlaimeoidh daoine óga faoi ghnéas ar scor ar bith, ach is faoi na daoine fásta atá sé a chinntiú go bhfoghlaimíonn siad faoi an dóigh cheart.
nuair atá céannacht an úinéara á chinntiú when the owner's identity is being verified
" Chomh maith leis sin, tá ról ag an micrishlis nuair atá céannacht an úinéara á chinntiú.
chun a chinntiú go mbraitheann siad to ensure that they feel
" Tógann siad a n-am, mar sin, chun a chinntiú go mbraitheann siad gurbh fhiú fanacht chomh fada sin sa scuaine.
chinntí decisions
" Ach bhí conspóid faoi cheann de chinntí an mhaoir líne.
cinntithe confirmed
" Ryanair san iomaíocht ======= Ní fhoilseofar ach liosta na mbuaiteorí (ní chuirfear ar fáil liosta na n-iomaitheoirí) ach tá cúpla ráfla cinntithe sa phreas cheana féin.
chinntí maoinithe funding decisions
" Scríobh Gearóid Ó Cairealláin alt sa nuachtán *Lá *ar an 7 Iúil, mar shampla, mar gheall ar chinntí maoinithe a bhí déanta aici féin agus a comhghleacaithe.
le cinntiú to ensure
" Bhíodh lucht féachana againn aon uair a bhíodh tacsaí á fháil againn le cinntiú go raibh an táille cheart á gearradh orainn! Teach do pháistí ======= Bhí an tionscadal ina raibh mé lonnaithe suite i mbaile beag darb ainm Denase, gar do Kumasi.
le cinntiú to ensure
" Bhíodh lucht féachana againn aon uair a bhíodh tacsaí á fháil againn le cinntiú go raibh an táille cheart á gearradh orainn! Teach do pháistí ======= Bhí an tionscadal ina raibh mé lonnaithe suite i mbaile beag darb ainm Denase, gar do Kumasi.
a chinntíonn go ndéantar é a chomhlíonadh which ensures that it is implemented
" Nuair a bhíonn an scéim aontaithe leis an Aire, cuirtear ar aghaidh go dtí Oifig an Choimisnéara é, a chinntíonn go ndéantar é a chomhlíonadh.
chun a chinntiú nach ndíolfaí to ensure they wouldn't be sold
" Cheannaigh siad na coileáin chun a chinntiú nach ndíolfaí le lucht an *canned hunting *iad.
a chinnteoidh which will ensure
" Má tá an tAire seo i ndáiríre faoin Ghaeilge a chur chun cinn inar scoileanna uilig, caithfidh sí reachtaíocht radacach a thabhairt isteach, mar aon le córas monatóireachta, a chinnteoidh nach mbeidh aon mhúinteoir ag múineadh Gaeilge ag leibhéal ar bith i scoil ar bith sa stát seo as seo amach nach bhfuil cumas maith labhartha aige nó aici sa Ghaeilge.
a chinnteoidh which will ensure
" Má tá an tAire seo i ndáiríre faoin Ghaeilge a chur chun cinn inar scoileanna uilig, caithfidh sí reachtaíocht radacach a thabhairt isteach, mar aon le córas monatóireachta, a chinnteoidh nach mbeidh aon mhúinteoir ag múineadh Gaeilge ag leibhéal ar bith i scoil ar bith sa stát seo as seo amach nach bhfuil cumas maith labhartha aige nó aici sa Ghaeilge.
Cinnteoidh sé seo this will ensure
" Cinnteoidh sé seo go mbeidh na taifeadtaí agus anam an cheoil, na teanga agus an tseanchais thart go lá Thadhg na dTadhgann! *Is as Ard an Rátha i nDún na nGall í Eithne Ní Ghallchobhair.
lena chinntiú go gcomhlíonfadh aithreacha a ndualgais i leith a bpáistí to ensure that fathers would fulfil their duties as regards their children
" Coincheap ar sine go mór é ná an Chríostaíocht agus a cumadh lena chinntiú go gcomhlíonfadh aithreacha a ndualgais i leith a bpáistí.
a chinntíonn which ensure
" Ach an iad seo amháin a chinntíonn gur córas seasmhach atá i gcóras Mheiriceá? Tá rud amháin eile, dar liom, a chinntíonn an tseasmhacht - an easpa páirtithe polaitíochta.
Cinnteoidh sé seo this will ensure
" Cinnteoidh sé seo go mbeidh na taifeadtaí agus anam an cheoil, na teanga agus an tseanchais thart go lá Thadhg na dTadhgann! *Is as Ard an Rátha i nDún na nGall í Eithne Ní Ghallchobhair.
cinnteofar rannpháirtíocht daoine óga sa phlé the participation of young people in the discussion will be ensured
" Chuige sin cinnteofar rannpháirtíocht daoine óga sa phlé agus díreofar ar réimsí a bhfuil spéis acu siúd ach go háirithe iontu.
lena chinntiú to ensure
" Ach bíonn cuid de na táillí as cuimse ard agus de réir mo bharúlsa baintear úsáid astu lena chinntiú go mbeidh drogall ar dhaoine tabhairt faoina mhacasamhail d’iarratas arís.
a gcinntí gearr-radharcacha their short-sighted decisions
" Dar leo (agus léiríonn a gcinntí gearr-radharcacha, go háirithe i gcúrsaí pleanála, é seo), beidh tréan fuinnimh shaoir againn go deo.
cinnteofar rannpháirtíocht daoine óga sa phlé the participation of young people in the discussion will be ensured
" Chuige sin cinnteofar rannpháirtíocht daoine óga sa phlé agus díreofar ar réimsí a bhfuil spéis acu siúd ach go háirithe iontu.
chun a chinntiú to ensure
" Nocht iriseoirí le déanaí go raibh pleananna ag Washington ionsaithe núicléacha a dhéanamh ar an Iaráin chun a chinntiú nach dtógfaidh siad a mbuamaí féin.
a chinntiú to ensure
" Más rud é gurb é an aidhm a bhí leis an riail ná a chinntiú go mbeadh daoine ag gach leibhéal den státseirbhís in ann déileáil leis an bpobal trí Ghaeilge, cén fáth go dtabharfaí droim láimhe do na ciorcláin ar ócáidí áirithe.
chun a chinntiú to ensure
" Nocht iriseoirí le déanaí go raibh pleananna ag Washington ionsaithe núicléacha a dhéanamh ar an Iaráin chun a chinntiú nach dtógfaidh siad a mbuamaí féin.
cinnteofar rannpháirtíocht daoine óga sa phlé the participation of young people in the discussion will be ensured
" Chuige sin cinnteofar rannpháirtíocht daoine óga sa phlé agus díreofar ar réimsí a bhfuil spéis acu siúd ach go háirithe iontu.
cén dóigh a chinnteoidh siad how they will ensure
" ” Cinnte, is postanna seachas daoine atá á ndílárú ach níl aon chur síos beacht déanta ag an rialtas ar cén dóigh a chinnteoidh siad go bhfanfaidh an leibhéal céanna scileanna sa státseirbhís.
chun a chinntiú gur oibrigh an trealamh ar fad i gceart to ensure that all the equipment worked properly
" Bhí thart ar 300 duine ag obair do Sky Sports ag an K Club chun a chinntiú gur oibrigh an trealamh ar fad i gceart agus go raibh siad in ann gach iarracht de chuid na n-imreoirí a leanúint.
chun a chinntiú to ensure
" Tá sé riachtanach, mar sin, feabhas agus forbairt a dhéanamh ar na seirbhísí atá ar fáil don dream seo agus pleanáil cheart fhadtéarmach a dhéanamh chun a chinntiú nach ndéanfar faillí ina gcuid riachtanas, mar atá ag tarlú i gcás sciar mór d'othair na dtithe altranais faoi láthair.
Cinnteoidh sé it will ensure
" Cinnteoidh sé go ndéanfaidh daltaí machnamh ar impleachtaí a n-iompair ar an idirlíon agus iad ar scoil.
chun a chinntiú to ensure
" Ach dúirt sé go mbeadh orainn a bheith ar an airdeall mar thír chun a chinntiú go mbeimis in ann dul in iomaíocht le tíortha eile amach anseo.
a chinntiú to ensure
" Ach dúirt sé go mbeadh orainn a bheith ar an airdeall mar thír chun a chinntiú go mbeimis in ann dul in iomaíocht le tíortha eile amach anseo.
a chinntiú to ensure
" Bhíothas ag iarraidh a chinntiú go mbeadh a áit féin ag gach stát sa Chónaidhm nua, agus nach n-imreofaí cos ar bolg orthu.
slí iontach chun a chinntiú a great way to ensure
" “This extraordinary mouse functions both as Internet telephone and USB optical mouse!” Nach bhfuil cuma olc go leor ort cheana féin agus ríomhaire glúine agat i gcaife? Seo slí iontach chun a chinntiú go gceapfaidh daoine thart timpeall ort go bhfuil tú as do mheabhair ar fad ar fad! Is ábhar iontais leanúnach dom na gléasanna nua ar fad cosúil leo seo a thagann ar an margadh nach bhfuil úsáideach in aon chor.
lena chinntiú to ensure
" An mbeidh ciorclán eile á chur aici chuig bunús na mbunscoileanna eile lena chinntiú go bhfuil siad ag comhlíonadh a gcuid dualgas i leith mhúineadh na Gaeilge? Nuair a chuir comhghleacaí de mo chuid i Nuacht TG4 sraith ceisteanna faoi bhráid na roinne faoi stádas dlíthiúil an churaclaim agus ag fiafraí cad chuige nach ndearnadh é a fhorordú, ní bhfuair sí mar shásamh uathu ach an ráiteas seo: *“The Department’s policy in this area, which has been set out in replies to Parliamentary Questions, is that all schools, including Irish medium schools, should provide the minimum recommended instruction time in English in the infant classes of 2.
ach lena chinntiú nach maslóidh sé ceachtar den dá chomhlacht, but to ensure that he wouldn't insult either of the two companies
" Ghlac Mick leis an dá phéire, ach lena chinntiú nach maslóidh sé ceachtar den dá chomhlacht, chaith sé branda amháin ar chos amháin agus branda ar an gcos eile!Duine uasal ab ea Mick Holden, agus daoine uaisle is iad a mhuintir ar fad.
lena chinntiú to ensure
" Seinneann sé nóta nó dhó lena chinntiú go bhfuil an fhuaim a d’aimsigh sé fós aige.
lena chinntiú go bhfaighfí an toradh ceart! to ensure that the correct result be received
" Ach cén mhaith é guth a thabhairt dúinn mura nglacfar le toradh an ghutha sin? **Conradh Nice**Nuair a dhiúltaigh Éire do Chonradh Nice sa bhliain 2001, eagraíodh reifreann eile go luath ina dhiaidh sin lena chinntiú go bhfaighfí an toradh ceart! Bheadh sé doiligh go leor don AE a leithéid a dhéanamh arís an iarraidh seo, go háirithe ó tharla nár cuireadh toghlach na Fraince agus na hÍsiltíre go dtí an cúinne dalba nuair a dhiúltaigh siadsan don Bhunreacht.
a bheadh in ann droim láimhe a thabhairt do chinntí a ghlacann Tithe an Oireachtais. who could turn their backs on decisions made of the Houses of the Oireachtas
" Níl aon amhras ach go bhfuil sciar den phobal buartha faoi a thuilleadh flaithiúnais a ghéilleadh don Eoraip le go mbunófaí "ollstát" a bheadh in ann droim láimhe a thabhairt do chinntí a ghlacann Tithe an Oireachtais.
iarracht ar chaoi sheolta éifeachtach a chur ar chumas an Aontais mhéadaithe teacht ar chinntí. an effort to streamline the increased Union's decision making
" Is éard atá i gceist leis seo ná iarracht ar chaoi sheolta éifeachtach a chur ar chumas an Aontais mhéadaithe teacht ar chinntí.
lena chinntiú to ensure
" Anois, is gá pleanáil agus bainistíocht chuí a chur i gcrích sna ceantair shainiúla seo lena chinntiú go ndaingneofar na pobail Ghaeltachta atá láidir ó thaobh na teanga de faoi láthair.
ag déanamh ár gcinntí making our decisions
" Le bheith ionraic, níor mhothaigh mé brú agus strus riamh i mo shaol cosúil leis an rud a mhothaigh mé agus muid ag déanamh ár gcinntí an Satharn sin, oíche Shamhna.
a chinntiú to ensure
" Mar a deir Ó Tuairisg é féin, “ní as Conamara chuile dhuine – ar an drochuair! – mar sin, caithfidh muid a chinntiú go dtuigfidh daoine an scéal fiú mura dtuigeann siad na focail.
le cinntiú nach gcaillfear an ghramadach sa ghreann. to ensure that the grammar isn't lost in the humour
" Tá na jócanna ar na bacáin le tamall anuas, agus is amhlaidh go bhfuil comhairleoir teanga anois ag cabhrú le Des le cinntiú nach gcaillfear an ghramadach sa ghreann.
a chinntiú to ensure
" Rialaíodh go mbeadh ar an tógálaí a chinntiú gur le cainteoirí Gaeilge amháin a dhíolfaí ocht gcinn déag den 29 árasán san fhorbairt.
a chinntiú to ensure
" “Caitheann tú a chinntiú nach n-athraíonn tú an rud atá á rá acu.
lena chinntiú to ensure
" Bhraith mé cineál spreagtha i ndiaidh dom an foilseachán sin a léamh, ach dar ndóigh, ní dhearna mé aon rud go pearsanta lena chinntiú go gcuirfí an coincheap i gcrích! Rinne de Spáinn an MSc céanna agus a rinne mise – le Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath – mar sin, b’fhéidir gur léigh sé an foilseachán céanna.
ar chinntí tábhachtacha on important decisions
" Tá sé tábhachtach nach ligfimis do chastacht an leasaithe seo sinn a chur ar mhíthreoir mar is é an toradh is mó a bheadh ar ghlacadh le Conradh Liospóin ná níos mó smachta a thabhairt do na hInstitiúidí Eorpacha ar chúrsaí laethúla anseo in Éirinn agus níos lú cumhachta a fhágáil ag muintir na hÉireann ar chinntí tábhachtacha a bhaineann le leas ár muintire féin.
mar go gcinntíonn sé because it ensures
" Mar sin, is mór dúinn maoiniú an Fhorais mar go gcinntíonn sé go mbeidh muid in ann leanúint den obair sna blianta beaga amach romhainn.
lena chinntiú to ensure
" D’fhéadfaí fiche coinníoll eile a cheapadh lena chinntiú nach gcuirfeadh aon scéim nua bac ar pháistí bochta.
chinntíonn decides
" Tá bonneagar fágtha ina diaidh aici a chinntíonn go leanfar leis an obair ar chuir sí tús léi.
gcinntíonn certifies
" Dúirt sé go gcinntíonn córas an Acht um Shaoráil Faisnéise nach bhféadfadh aon rud míchuí a bheith ar siúl ag ranna stáit maidir le dáileadh airgid.
chinntiú make sure, certify
" Is ag tiomáint a bhí mé agus moltar don tiománaí stopadh gach 200 cileaméadar le sos a ghlacadh chun a chinntiú nach dtitfidh sé ina chodladh nuair bheidh sé taobh thiar den roth stiúrtha agus an carr faoi lánseol.
chinnteodh would guarantee
" Ceist An-Mhór Cé gur ábhar réasúnta beag ar bhealach an méid seo, ardaíonn sé ceist an-mhór agus is í sin, cé chomh daonlathach agus atá an próiséas polaitaíochta faoi láthair?An ceart nó an fiú próiséas eile a fhorbairt a chuirfeadh leis an daonlathas agus a chinnteodh go raibh deacrachtaí agus dúshláin na bpobal á gcur ar chlár oibre na gcomhairlí contae?An bhféadfaí córais a fhorbairt i ndáilcheantair ina mbeadh cruinnithe poiblí eagraithe ag coistí pobail le hiarrthóir dá gcuid féin a roghnú lasmuigh den chóras páirtí.
chinntigh determined
" An Curfew Bell Bhíodh rud darbh ainm The Curfew Bell ann a chinntigh gur bhog Caitlicigh amach as lár na cathrach suas go dtí na 1960í.
chinntiú to ensure
" Plean oibre cuimsitheach é seo a bheas mar mhúnla do chur chun cinn na Gaeilge sa scór bliain atá le teacht mar aon le beartais lena chinntiú go mairfidh an Ghaeilge mar theanga bheo pobail sa Ghaeltacht.
cinntiú confirm
" Ghlaoigh sé ar an Dochtúir Manmohan Singh, a luaithe is a atoghadh é ina Phríomhaire ar India, le cinntiú dó go ndéanfadh na húdaráis abhus a ndícheall na mic léinn Indiacha a chosaint.
Chinnteofaí would be assured
" Chinnteofaí glór na teanga ag bord na Comhaireachta ar a laghad.
chinntiú ensure
" Mar sin, bíonn daoine ag brath ar na hudaráis chuí lena chinntiú go bhfuil na táirgí atá ar an margadh slán sábháilte.
chinntigh decided
" com/watch?v=0wokaOrACqU) An Cur is an Cúiteamh Gné a tharraing go leor cainte i ndiaidh an chluiche ná tionchar an réiteora, Diarmuid Ó Ciardhubháin, ar an toradh agus go háirithe i gcás cinneadh amháin dá chuid a chinntigh, dar le mórán, gur ag Cill Chainnigh a bheadh an bua.
Cinntím I make sure
" Cinntím go bhfuilim compordach, go bhfuil mo fón póca bainte, go bhfuil ciúnas sa tigh.
cinntiú making sure
" Agus ag amharc ar chuma, nó toirt na gcailíní a bhí ag obair ann, níl amhras ar bith go bhfuil siad díograiseach go maith ag cinntiú go bhfuil ardchaighdean ar na seilfeanna – bhuel bosca milseán ar bith a éiríonn leis éalú uathu agus an tseilf a bhaint amach slán .
chinntiú to ensure
" Is ar bhreoslaí iontaise ar nós guail, gáis, ola agus móna a bhíonn muintir na hÉireann ag brath don chuid is mó chun an soláthar aibhléise a chinntiú.
chinntiú to ensure
" Teanga Phobail sa Ghaeltacht Nuair a foilsíodh an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch dhá bhliain ó shin fógraíodh go mbeadh Coiste faoi Chathaoirleacht an Taoisigh ag cur stráitéis le chéile, bunaithe ar na moltaí ó na saineolaithe “chun todhchaí na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht a chinntiú.
chinntigh determined
" Ba é Méara Amsterdam ag an am é, Job Cohen, an fear a chinntigh nár phléasc an tír.
chinntiú ensure
" Tá sé ráite ann, mar shampla, go gcuirfear cúrsaí ar fáil do fháilteoirí i bhfoirgintí Rialtais lena chinntiú go mbeidh ‘smeadar Gàidhlige’ agus roinnt cora cainte úsáideacha acu le beannú dóibh siúd a labhrann an teanga.
chinntiú to affirm, ensure
" Níl an reachtaíocht ná na struchtúir oiriúnacha ag roinnt mhaith tíortha ceann scríbe chun coinníollacha maithe oibre is cosaint na gceart a chinntiú d’imircigh.
chinntiú ascertaining
" Ach tá caintéoirí dúchasacha Béarla ina mionlach ar domhan (7%), agus is céatadán iad atá ag éirí níos lú de réir a chéile; ní cainteoirí dúchais Béarla formhór an lucht gnó idirnáisiúnta, agus tá tábhacht leis seo: níl cainteoirí dúchais go maith i mbun a chinntiú go dtuigtear iad.
chinntiú to ensure
" Déanann an Coimisiún dianiarracht a chinntiú go mbíonn an deis ag gach éinne vótáil sna toghcháin de bharr go bhfuil sé éigeantach.
chinntiú to ensure
" “Próiseas fada a bhí ann ach ag a dheireadh, beidh straitéis láidir againn agus Rialtas atá lándáiríre faoin deis stairiúil seo a thapú chun a chinntiú go mbeidh rath ar an teanga sa Ghaeltacht agus lasmuigh di amach anseo.
cinnteoidh shall determine
" Leanúnachas ======= Ach cé gur casphointe cinniúnach é bua Rousseff ar láimh amháin, cinnteoidh toghadh na chéad mhná ina huachtarán ar an mBrasaíl go leanfar den chúrsa polaitiúil mar atá agus den gheilleagar reatha.
chinnteoidh shall ensure
" Go minic sa lá atá inniu ann, mura bhfuil iomám ann a chinnteoidh go maraítear an chaora de réir na ndeasghnáth atá leagtha síos, bíonn ar fhear an tí é féin an íobairt a dhéanamh.
Chinntigh clinched
" Chinntigh arduithe íosphá agus liúntas míosúil do theaghlaigh bhochta gur laghdaigh líon na ndaoine a bhí ag fáil bháis den ocras.
chun cinntiú to ensure
" “Tháinig mé amach uair nó dhó chun cinntiú go raibh sí fós ina codladh,” a dúirt sé agus é os comhair na cúirte i gcathair Colmar in oirthear na Fraince, “agus chun an teas a chur ar siúl sa charr.
chinntigh guaranteed, determined
" Sa chéad ghrianghraf tá Dan agus Justin Mac Cárthaigh, bainisteoir na foirne, ag comóradh a mbua ar Luimneach i gcluiche ceannais na Mumhan in 2007, cluiche inar aimsigh Ó Seanacháin trí chúl agus trí chúilín agus a chinntigh go bhfaigheadh sé gradam Iománaí na Bliana ina dhiaidh sin.
chinnteoidís they’d make definite
" Dá gcreidfidís a raibh le rá acu faoin mBille Airgeadais a bheith go dona blah blah blah, chinnteoidís go dtitfeadh an Rialtas sara rithfí an Bille.
cinntiú make sure
" Dhéanfainn mo dhícheall le cinntiú go bhfaigheadh sé an deis chéanna.
ag cinntiú making sure
" ” Enda da Gabharment ============ Ar aghaidh le Balor chuig ceanncheathrú Fhine Gael, áit ar bhuail sé le hEnda Aoibhinn Aoibhiúil a bhí ag stánadh isteach sa scáthán agus ag cinntiú nach raibh oiread is ribe dá dhlaoi as alt.
cinntiú ascertain
" Mhaigh an Lucht Oibre go bhféadfaí suas le 80,000 duine a fhostú in uasghrádú insliú thithe na tíre, ach ní gá ach machnamh gairid a dhéanamh ar an uimhir sin chun cinntiú nach bhfuil ann ach tuar cait is féasóg air.
chinntiú to ensure
" Rinne an páirtí iarracht, chomh maith le sin, a chinntiú go mbeadh smacht ag baill, a bhí dílis don pháirtí, ar eagraíochtaí pobail.
chinntiú to ensure
" Rinne an páirtí iarracht, chomh maith le sin, a chinntiú go mbeadh smacht ag baill, a bhí dílis don pháirtí, ar eagraíochtaí pobail.