Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cló appearance
" Ní raibh sé ach corradh agus coicís ó tháinig dílseoirí isteach i gclós an ionaid phobail agus a thosaigh siad ag scaoileadh urchar.
meáin chlóite print media
" Bhí go leor naimhde agus cairde sna meáin chlóite chomh maith ach is dócha, ag deireadh an lae, gur chuidigh leithéidí Kevin Myers agus é ag maslú lucht na Gaeilge go rialta san *Irish Times*.
meáin chlóite print media
" Tá níos mó ná 70% de na meáin chlóite faoi smacht Nuachtáin an *Independent* agus an Uasail Tony O'Reilly.
clóite printed
" Ar an gcéad dul síos tá carachtar dúchasach Gaeilge curtha i mbéal an phobail againn, is é sin Ruairí, agus tá breis agus 5,500 cóip de *Drochlá Ruairí* díolta idir an leabhar clóite agus an leagan leictreonach a cuireadh amach le Fios Feasa (www.
rith cló print run
" An margadh a bheith méadaithe go mór sa chaoi is go mbeadh rith cló de 4,000 mar mheán againn don chuid is mó d'ár dteidil.
na meáin chlóite the print media
" Anuas air sin, ós rud é go bhfuil achtanna againn a leagann síos rialacha faoi iriseoireacht chraoltóireachta, cén fáth nach mbeadh a leithéid i bhfeidhm freisin maidir leis na meáin chlóite? Cúis eile nach n-oibreodh féinmhonatóireacht is ea a dheacra is a bheadh sé í a chur i bhfeidhm ar an líon mór nuachtán ón mBreatain a dhíoltar anseo.
na meáin chlóite the print media
" Chomh maith le hobair a dhéanamh leis na meáin chlóite, thug sé faoi obair raidió roinnt blianta ó shin fosta.
an nGaeilge i gcló Irish in print
" Ach mar chomhúinéir ar chomhlacht foilsitheoireachta í féin anois, is é sin Cois Life a bhunaigh sí lena cara Seán Ó Cearnaigh i 1995, an mbíonn imní áirithe uirthi faoin todhchaí atá ann d'fhoilseacháin Ghaeilge mar *Comhar*? "Tá dúshlán faoi leith ag baint le haon rud a bhaineann leis an nGaeilge i gcló ó thaobh margadh a aimsiú dó.
atá i gcló which is in print
" com freisin, suíomh gréasáin an-úsáideach a dhíolann gach aon leabhar Gaeilge atá i gcló.
cló fonts
" Na botúin chéanna ======= Tá an baol ann go ndéanfaidh daoine na cineálacha céanna botún is a rinne siad nuair a cuireadh próiseálaithe focal ar fáil an chéad lá riamh, nuair a d'úsáid siad gach saghas cló ar leathanach amháin.
na meáin chlóite Ghaeilge the Irish language print media
" Ach, ardaíonn sin ceist shuimiúil - an dóigh leis go bhfuil na meáin chlóite Ghaeilge an iomarca faoi scáth dheontais an Fhoras agus an rud sláintiúil é sin d’iriseoireacht chlóite na Gaeilge? “Níl mé lánchinnte faoi sin,” a deir sé.
na hiriseoireachta clóite print journalism
" Mar chuid den chúrsa d’fhoghlaim na mic léinn méid áirithe faoi cheird na hiriseoireachta clóite.
príomhaíocht an chló the primacy of print
" Tá uathúlacht agus aontacht an náisiúnstáit á gcreimeadh i rith an ama; an t-iolrachas, an t-ilchineálachas, an t-ilchiníochas, an t-ilteangachas fiú, ag dul i dtreis taobh istigh d’fhormhór na náisiúnstát; deireadh ag teacht de réir a chéile le críochdheighilt na litríochta ina litríochtaí náisiúnta in institiúid na hollscoile; deireadh ag teacht leis na cúrsaí traidisiúnta litríochta; deireadh le príomhpháirt na litríochta in oiliúint na saoránach; agus deireadh le príomhaíocht an chló.
clónna ríomhaire computer fonts
" Agus tá a lán saineolaithe bainteach léi anois; is riarthóir é Michael Everson, mar shampla, comhbhunaitheoir an Chaighdeáin *Unicode *agus duine a bhí fostaithe ag na Náisiúin Aontaithe chun clónna ríomhaire a chruthú do theangacha mionlaigh.
príomhaíocht an chló the primacy of print
" Tá uathúlacht agus aontacht an náisiúnstáit á gcreimeadh i rith an ama; an t-iolrachas, an t-ilchineálachas, an t-ilchiníochas, an t-ilteangachas fiú, ag dul i dtreis taobh istigh d’fhormhór na náisiúnstát; deireadh ag teacht de réir a chéile le críochdheighilt na litríochta ina litríochtaí náisiúnta in institiúid na hollscoile; deireadh ag teacht leis na cúrsaí traidisiúnta litríochta; deireadh le príomhpháirt na litríochta in oiliúint na saoránach; agus deireadh le príomhaíocht an chló.
as cló out of print
" Go minic, bíonn cuid de na leabhair a bhím ag iarraidh a úsáid le mo ranganna as cló.
na meáin chlóite the print media
" Bhí cur agus cúiteamh i go leor de na meáin chlóite agus chraolta, thuaidh agus theas, bunaithe ar thuairiscí Stephen McCaffery, ach níor bhac an BBC leis ach sa bheag.
a ullmhú don chló to prepare for publishing
" Agus é éirithe as, seachas bheith ag tabhairt comhairle do mhic léinn iarchéime, is iad na tionscadail is mó atá curtha ag Ó Coileáin roimhe féin ná aistí próis Sheáin Uí Ríordáin a ullmhú don chló agus saothar seanchais John Kelleher a thabhairt chun críche.
sna meáin chlóite in the print media
" ” Chuir an naimhdeas agus an easpa dea-thola a bhí i gceist i gcás daoine áirithe sna meáin, go háirithe sna meáin chlóite, iontas ar Ó Ciardha agus ar an dream eile a bhí i mbun TG4.
idir mheáin fhíse agus mheáin chlóite, both visual and print media,
" Tá borradh suntasach tagtha ar na meáin Ghaeilge, idir mheáin fhíse agus mheáin chlóite, le 30 bliain anuas.
Níor cuireadh an t-alt seo i gcló this article wasn't published
" Níor cuireadh an t-alt seo i gcló isníor cuireadh in iúl di roimh ré nach gcuirfí.
an nuachtán clóite the printed newspaper
" Is iomaí buntáiste atá ag seirbhísí ar líne nach bhfuil ag an nuachtán clóite – idirghníomhaíocht agus cuardach cartlainne ina measc.
atá curtha i gcló which are printed
" Tugtar léargas in *Eye Rhymes* ar spiorad fiosrach cruthaitheach na mná óige seo tríd an saothar eispriseanaíoch nua-aimseartha a scríobh sí, chomh maith le grianghraif agus íomhánna faisin de chuid Plath atá curtha i gcló den chéad uair anseo.
cé nár luaigh siad sular cuireadh an t-alt i gcló even though they didn't mention before the article was published
" Ní raibh siad sásta tacaíocht ar bith a chur ar fáil dom, cé nár luaigh siad sular cuireadh an t-alt i gcló go mb'fhéidir go mbeadh sé conspóideach – níorbh é sin an t-aiseolas a fuair mé uathu tar éis dóibh an t-alt a léamh.
a chur i gcló to print
" I mbeagán focal, ní féidir nuachtán laethúil náisiúnta Gaeilge a sholáthar ar an bhuiséad sin – sin sula gcuirtear san áireamh na deacrachtaí breise a bhaineann le nuachtán a chur i gcló i sochaí nach dtugann aon aitheantas oifigiúil don Ghaeilge, gan trácht ar shochaí a bhfuil cinneadh déanta ag a húdaráis gan a gcuid fógraí a fhoilsiú i nGaeilge feasta.
eagrán clóite. printed edition
" Leoga, is é *Lá Nua* an t-aon nuachtán laethúil in Éirinn a sholáthraíonn podchraoladh laethúil agus a bhfuil an nuachtán iomlán le léamh i bhfoirm dhigiteach ar a shuíomh agus, d'ainneoin na ndeacrachtaí, táimid ag súil go gcuirfimid leis na seirbhísí idirlín, go háirithe dár léitheoirí thar lear nach bhfuil teacht acu ar an eagrán clóite.
maidir le tábhacht na meán clóite don Ghaeilge. with regard to the importance of the print media to the Irish language
" Is é an chéad chéim sa treo sin ná an t-atmaisféar a athrú, agus is cuidiú é an soiléiriú a thug Foras na Gaeilge do na húdaráis ó thuaidh maidir le tábhacht na meán clóite don Ghaeilge.
todhchaí na meán clóite future of the print media
" Ar shlí, bhí an ceart ar fad ag muintir *Lá Nua* a rá gur ar an Idirlíon a bheidh todhchaí na meán clóite ag brath.
faoi chló eile. in another guise.
" Níl i gConradh Liospóin i ndáiríre ach Bunreacht na hEorpa arís, faoi chló eile.
meáin chló print media
" B’ábhar inspéise na staitisticí seo do na meáin chló agus chraolta sa Fhrainc agus chaith tráchtairí agus tuairisceoirí roinnt mhaith ama ag staidéar na bhfigiúirí agus á meas.
gcló páipéir printed on paper
" Cúpla bliain ó shin, ba leor suíomh greasáin cúpla leathanach nach mór cosúil leis an ábhar margaíochta a bhí i gcló páipéir ag an ngnó cheana féin.
ag teacht i gcló forming
" A Uachtaráin, sílim go n-aithním an aghaidh eile sin atá ag teacht i gcló – an ghruaig liath, na súile gorma glinniúla, an gealgháire glic sin.
cló print
" I Márta na bliana seo cuireadh an chóip dheireannach den Seattle Post-Intelligencer, príomhnuachtán Seattle Mheirceá, i gcló.
cló print(ed)
" Bhí clúdach crua ar an leabhar, é beagáinín smolchaite, agus cló mór ar gach leathanach.
i gcló publish(ed)
" Chuir mé mo pháipéar féin le chéile sa bhaile agus chuir m’athair i gcló é, amuigh i Leifear.
clóite in print
" Tréimhse chorrach i stair na hÉireann a bhí againn san idirlinn agus gan ghuth ceart clóite ag pobal na Gaeilge is na Gaeltachta le scagadh a dhéanamh ar cheisteanna a bhain leo go sonrach.
bhfoirm cló printed form
" Óir is cinnte go raibh scagadh ceart de dhíth i bhfoirm cló ar na himpleachtaí a bhí ag tuarascáil an Bhord Snip don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.
folús cló print vacuum
" Bhí an folús cló le feiceáil fosta sa chíoradh a bhain leis an idirbheartaíocht maidir leis an Straitéis Fiche Bliain i leith na Gaeilge agus plean tárrthála na Gaeltachta.
ceilte a chló hidden its shape
" Raithneach rua,ceilte a chló,ardaíonn cadhana sheanghlór.
chló print
" Ba cheart an t-alt a chló amach agus a sheoladh thart i measc do chairde.
á gcur i gcló being printed
" Bíonn Blas ar an mBeagán ========== **BD: An bhfuil barraíocht leabhar á gcur i gcló i nGaeilge?** MÓC: Tá barraíocht leabhar nach bhfuil rómhaith á gcur i gcló i nGaeilge.
splanc an chló thintrí the flash of a shaft of lightening
" An féidir leis an matamaitic í a dhriogadh dúinn i bhfoirm dhíreach shimplí, foirmle a shlogann uimhreacha ar thaobh amháin di agus a chuireann os ár gcomhair amach radharc an rós ag bláthú, nó splanc an chló thintrí? Mar is léir ó na híomhánna ríomhghinte atá ar fáil ar an idirlíon, tá an cumas sin ann gan amhras, agus anuas air sin tá íomhánna á ndéanamh anois le cruthanna iontu nár shamhlaigh duine riamh, íomhánna a bhaineann bíogadh asainn lena gcuid áilleacht aduain.
clóigh amach print out
" - (b)“Tá sé níos áisiúla leis an gcarr”: cuir seastán rothair os comhair an tsiopa agus cuir scáthanna fearthainne ar fáil dóibh siúd atá ag siúl chuig carr nó cabhraigh leo a gcuid earraí a iompar a fhad leis an gcarr agus bí cinnte go gcuireann tú eolas chucu faoi na háiteanna is fearr agus is saoire le páirceáil sa cheantar: cruthaigh mapa ar Googlemaps le sonraí taistil iomlána air agus clóigh amach léarscáil bhrandáilte agus coinnigh ar an gcabhantair iad.
chló an fhreasúra trace of the opposition
" Éacht ann féin é go bhfuil tacaíocht traspháirtí ag an Straitéis mar gur beag de chló an fhreasúra atá le sonrú air.
chló agus ar líne print and online
" Léiríonn sé leis na figiúrí san alt sin go raibh titim 44% in ioncam fógraíochta, idir 2006 is 2010 i nuachtáin Mheiriceánacha, chló agus ar líne san áireamh.
meáin chlóite print media
" ”* De réir an ailt sin, tá rud éigin briste sna meáin chlóite agus in ainneon tábhacht, gá agus lárnachas na meán céanna, níl aon fhreagra le fáil againn i lár an chlaochló seo, ar an gceist “Céard tá i ndán do na meáin?” Scríobhann sé san alt seo faoin leabhar le Elizabeth Eisenstein faoin tréimhse réabhlóideach nuair a cruthaíodh na meáin chló agus faoin am a mbíodh siad forleathan san Eoraip.
clóite printed
" Leis an dtacaíocht sin a dhaingniú, crochadh na mílte postaeirí ar fud na tíre leis an dteachtaireacht *‘Gilmore for Taoiseach’* clóite orthu.
cló dearg red print
" Úsáidtear an cló dearg chun an tslí a réitíonn an aidiacht leis an ainmfhocal de réir tuisil agus inscne a thaispeáint nó a chur i láthair.
clóite printed
" Leis an dtacaíocht sin a dhaingniú, crochadh na mílte postaeirí ar fud na tíre leis an dteachtaireacht *‘Gilmore for Taoiseach’* clóite orthu.
meáin chraolta is cló broadcast and print media
" Is cuimhin liom go maith an uair dheiridh a raibh Éire ag imirt i gCorn an Domhain (2002 monuar!) go raibh na meáin chraolta is cló breac le beannachtaí ar nós Konichiwa agus Sayonara.
chur i gcló printing
" Uirlis atá tagtha chun tosaigh sa Bhreatain le bliain nó dhó anuas ná an ‘sárurghaire’ a chuireann cosc ar nuachtáin eolas a chur i gcló faoi chaidrimh ghnéis sheachphósta a bhíonn ag daoine cáiliúla áirithe.
na meán clóite of the print media
" Níor éirigh leis an chóras rialacháin scaoilte a bhíodh i bhfeidhm do bhainc na tíre agus níl aon chúis go gceapfadh éinne go n-éireoidh a dhath níos fearr le córas féinrialaithe na meán clóite.
an ceardaí ar lár agus go mbeidh malairt cló ar an saol the craftsman (shall have) died and life shall have changed
" Ach tá faitíos orm go bhfuil an ceardaí ar lár agus go mbeidh malairt cló ar an saol.
i gcló comhaimseartha in a modern form
" Baineann Nuala feidhm as an bhfinscéalaíocht agus as an seanchas ina cuid dánta, ach cuireann sí iad seo i láthair i gcló comhaimseartha a bhfuil dearcadh feimineach mar bhunús leis.
meáin chlóite print media
" Teilifís, raidió agus na meáin chlóite, na príomhimreoirí agus a gcuid spriocanna.
meáin chlóite agus digiteacha print and digital media
" Machnamh ar idirghníomhú an duine leis na meáin chlóite agus digiteacha.
feistithe i gcló coincréideach an earra clothed in a concrete form
" Cad atá i gceist agam le réadú anseo? Próiseas is ea réadú a fhágann mothúchán teibí an ghrá feistithe i gcló coincréideach an earra d’fhonn is gur féidir le boic na dtodóg mór grá a dhíol mar earra nó mar ‘it’ ar mhargaí na cruinne.
nuair a chuirtí faoi chló iad when they’d be developed
" Tharraingíodh duine éigin grianghraf agus bhí sé go maith a bheith a amharc orthu idir sin is tráthas nuair a chuirtí faoi chló iad, le breathnú agus le cuimhneamh siar ar na héachtaí a bhí curtha i gcrích againn in éineacht le chéile.
a leabhar deireanach á chló go tapa his last book going into print fast
" net/2013/04/03/a-personal-statement-from-iain-banks/> Tá a leabhar deireanach á chló go tapa ionas go seolfar é lena linn féin inár measc.
do intinn féin agus do chló ceart to your own mind and your real persona
" Trí íosluchtú is féidir leat cnagadh ar dhoras PoetryBeo, agus b’fhéidir go n-osclófaí fós ‘do intinn féin agus do chló ceart’ Gnéithe de PoetryBeo: ========== Téacs – buntéacs an dáin i nGaeilge Míniú – an dán mínithe i nGaeilge duit Achoimre ar an dán Ceisteanna Samplacha – samplaí de na sóirt ceisteanna Gnáthleibhéil agus Ardleibhéil a bhíonn ar scrúdú Gaeilge na hArdteistiméireachta Gluais– foclóirín ina bhfuil eochairfhocail mínithe as gach dán agus as na nótaí a ghabhann leo Nóta faoin bhFile – cuntas gearr ar shaol an fhile Meabhráin – meabhráin a chabhróidh leis an mac léinn, chun ábhar na ndánta a thabhairt chun cuimhne go tapaidh ag an neomat deiridh Iarnótaí – nótaí a thugann léagas breise duitse ar ghnéithe den dán agus a chabhraíonn leat anailís a dhéanamh ar ealaín na filíochta Fís – físeáin fotheidealaithe i nGaeilge ina bhfuil na dánta á léamh sna canúintí inar scríobhadh iad (PoetryBeo) agus á dtabhairt chun beochana dá bharr sin, gné den aip a chabhróidh leis an mac léinn atá ag ullmhú don scrúdú cainte agus don chluastuiscint Fuaim – fuaimrianta de na dánta á léamh sna trí mhórchanúintí Gaeilge ag na léitheoirí céanna atá ar na físeáin gan chabhair na bhfotheideal sa chás seo Cluiche – cluiche idirghníomhach a thástálann do chuid eolais ar dhánta Gaeilge na hArdteistiméireachta agus a spreagann tú chun bunleagain na ndánta sin a léamh go cúramach líne ar line
cló agus fótóchóipeáil idir aistí agus print(ing) and photocopying both essays and
" Clódóir agus Feidhmhcláirín Scanóra =============== An rud is cuimhin liom faoin ollscoil ná cló agus fótóchóipeáil idir aistí agus leathanach anseo agus ansiúd as leabhar tagartha nach raibh ar fáil ar iasacht ón leabharlann.
bhí orainn gach aon ní a chló amach we had to print out everything
" Fiú nuair a bhí orainn gach aon ní a chló amach agus a fhágáil i mbosca taobh amuigh d’oifig an rúnaí, is minic a theip ar ríomhairí agus bheadh caoineadh agus briseadh croí agus bosca ciarsúr tarraingthe amach ag an rúnaí céanna.
na nuachtán clóite of printed newspapers
" Mar gheall ar struchtúr na nuachtán clóite, is éigean scéal a inse i líon áirithe focal, 400-500 focal go minic.
leagan clóite a print version
" Dúirt an nuachtán go gcuirfí an pobal ar an eolas a luaithe is a bheadh leagan clóite don nuachtán ar fáil arís.
rath na hiriseoireachta chlóite Gaeilge ag brath go mór the success of Irish print journalism shall depend greatly
" Beidh rath na hiriseoireachta chlóite Gaeilge ag brath go mór ar an chinneadh sin.
Tá tú sáite sna meáin chraolta is chlóite you’re up to your neck in broadcast and print media
" Na Meáin ==== **CB: Tá tú sáite sna meáin chraolta is chlóite – cad a sheol i dtreo na meán tú?** DÓC: Thosnaíos le Raidió na Gaeltachta ar chlár na bhfógraí.
taibhsí na nuachtán clóite a chuaigh roimhe the specters of the print newspapers which preceded it
" Tuigim go gcaithfear cloí leis na bunriachtanais a leagfaidh an Foras síos – agus beidh taibhsí na nuachtán clóite a chuaigh roimhe ag guairdeall thart faoi chaolachaí an tí – ach is mar fhoilseachán ilmheáin go príomha ar cheart breathnú air.
nuachtáin chlóite print newspapers
" Ag trácht ar na deacrachtaí atá ag nuachtáin chlóite sna laethanta seo a bhí sí, i bhfianaise laghdú leanúnach i líon na ndaoine atá ag ceannach nuachtán clóite.
clóigh leis an litríocht stick to literature
" “Bhuel” a dúirt sé “má tá eolas ar nádúr an duine uait, clóigh leis an litríocht”.
clóite printed
" Seo iad: (i) go ndéanfaí Acht na Gaeltachta 2012 a athghairm nó é a leasú le go mbeidh ciall teangeolaíoch leis an nGaeltacht, mar a gealladh; (ii) go gcuirfí Bord Oideachais speisialta ar bun le déileáil le gach gné den oideachas sna ceantair Ghaeltachta; (iii) go gcuirfí polasaí soiléir i bhfeidhm tríd an státchóras a chinnteoidh, go mbeifear in ann seirbhísí trí mheán na Gaeilge a sholáthar do phobal labhartha na Gaeilge sa nGaeltacht ‘gan cheist gan choinníoll’, taobh istigh de dhá bhliain; (iv) go mbeadh cúnamh speisialta curtha ar fáil le nuachtán seachtainiúil Gaeilge clóite a chur ar fáil le freastal go príomha ar na ceantair Ghaeltachta; (v) go ndéanfaí bonn daonlathach a chur aríst faoi Údarás na Gaeltachta, sa gcaoi is go mbeidh ionadaithe tofa ag pobal na Gaeltachta ar an mBord.
clóite aige sa bhaile printed out in his home
" Tarraingíodh m’aird ar an réimse teicneolaíochta seo arís le déanaí nuair a ghabh póilíní sa tSeapáin Yoshitomo Imura toisc go raibh 5 gunna clóite aige sa bhaile.
a clódh which was printed
" com/2013/05/06/3d-printed-gun-fired-on-video/>) B’é seo an chéad ghunna a clódh le clódóir 3D agus ar ndóigh chruthaigh seo raic mhór ag an am.
ngunnaí clóite as plaisteach guns printed from plastic
" uk/2013/05/10/oh_no_its_the_plastic_3d_gun/> a mhínigh cén fáth nach mbeadh mórán úsáide i ngunnaí clóite as plaisteach mar seo.
dá mbeifeá ag cló banana if you were to print a banana
" N’fheadar cad a tharlódh dá mbeifeá ag cló banana? Is ag caint ar bhananaí, tá neart comhlachtaí atá ag díríú ar na féidearachtaí a tharlaíonn nuair a mheasctar bia le clódóireacht 3D.
chlóigh sé amach an taos it printed out the dough
" meaisín déanta ó dhearadh saor in aisce atá in ann a pháirteanna féin a chló chun é féin a atáirgeadh) chlóigh sé amach an taos, an t-anlann agus ansin an chiseal phróitéine.
Tá sé i gcló ó shin it’s in print since
" Tá sé i gcló ó shin ach ní fhaighim aon phingin as toisc gur ghlac mé le cnapshuim ag an tús.
in earnáil na meán clóite in the print media
" Thuig muid fosta go raibh dúshláin ag roinnt le dáileachán agus le fógraíocht in earnáil na meán clóite a bheadh beagnach dosháraithe d’iris i nGaeilge.
meáin chlóite print media
" Bhain mé sásamh as an gcúram a bhí orm le roinnt blianta anuas, a bheith ag tochailt sna cartlanna le haghaidh míreanna spéisiúla sna meáin chlóite i nGaeilge agus bhíodh fáilte i gcónaí roimh an íocaíocht a thugtaí dom as mo chuid oibre.
an gcló deiridh a buaileadh ar the latest bout of printing
" Saint agus easpa saibhris a thugann orthu cloí leis an chóras reatha agus leis an gcló deiridh a buaileadh ar nótaí páipéir faoi ainm an dollair, níl ann ach ceist ama go dtige an crú ar an tairne.
na meáin chlóite the print media
" Tá sé i gceist cuid dlíthe leabhail na hÉireann a leasú gan mhoill agus comhairle preas a bhunú chun monatóireacht a dhéanamh ar na meáin chlóite.
meáin chlóite Ghaeilge. Irish language print media
" Déanann sé anailís anois ar na hathruithe suntasacha atá beartaithe ag Foras na Gaeilge do na meáin chlóite Ghaeilge.
cló print
" Ní mhairfidh an cló go deo a deir Ciarán Mac Aonghusa.
cló print(ed)
" Ní léitheoireacht go léamh leabhair, nó ní hionann an focal cló agus an focal scáileáin.
a thug deis dó meabhrú ar ‘cló ceart’ na ndaoine which allowed him to consider the peoples’ proper essence
" D’fhág Robert McMillen ‘Gleann na nGealt thoir’ seal, seal a thug deis dó meabhrú ar ‘cló ceart’ na ndaoine, cló atá ceilte ar éigean orthu i stair oidhreachta na comharsan acu féin.
cló atá ceilte ar éigean orthu a form (of themselves) which is barely hidden from them
" D’fhág Robert McMillen ‘Gleann na nGealt thoir’ seal, seal a thug deis dó meabhrú ar ‘cló ceart’ na ndaoine, cló atá ceilte ar éigean orthu i stair oidhreachta na comharsan acu féin.
a d'fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht anuraidh which CIC published last year
" Tá Mícheál Ó hAodha an-tógtha le leabhar mór téagartha a d'fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht anuraidh.
maidir le todhchaí meáin chlóite na Gaeilge regarding the future of print media in Irish
" Beidh cinneadh tábhachtach le déanamh ag Foras na Gaeilge maidir le todhchaí meáin chlóite na Gaeilge dar le Breandán Delap