Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
claonadh tendency
" Cheana féin tá claonadh áirithe ann laochra a dhéanamh den dream ar bhithiúnaigh roimhe seo iad, agus vice versa.
claonadh tendency
" Bhí an claonadh seo aige féin tráth ach deir sé go bhfuil ceacht foghlamtha aige.
claonadh tendency
" " Deir sí go bhfuil claonadh ann airgead a chur ar fáil d'ealaíontóirí a bhfuil clú bainte amach acu cheana, seachas é a thabhairt do dhaoine atá ag streachailt lena mbeatha a thabhairt i dtír.
claonadh na heite deise right-wing leaning
" Tá an Páirtí Daonlathach tar éis claonadh na heite deise a thabhairt don Chomhrialtas FF/PD.
claonadh tendency
" Deir sí, áfach, go raibh an claonadh ann sna caogaidí fiú an Ghaeilge agus an Béarla a mheascadh agus gur minic a deireadh daoine rudaí mar "Táim ag *cycl*áil ar mo *bhicycle*".
Claonadh iontach neamhghnách a very unusual tendency
" Claonadh iontach neamhghnách a bhí sa mhéadú ollmhór seo sna blianta le linn agus i ndiaidh an Ghorta Mhóir.
claonadh tendency
" Ar feadh i bhfad, choimeád pócaí folmha agus ansmacht na hEaglaise Caitlicí srian ar ár gclaonadh chun ólacháin.
claonadh láidir strong tendency
" "Níl sé faiseanta an corp a léiriú ar bhealach traidisiúnta; tá claonadh láidir ann faoi láthair é a dhéanamh teibí.
claonadh chun foréigin tendency towards violence
" Tá fianaise ann go méadaíonn *crack *an claonadh chun foréigin i ndaoine.
claonadh tendency
" Thiocfadh leat a rá go bhfuil Robert Ballagh, a shaothar agus go leor de na gníomhaíochtaí breise a bhfuil lámh aige iontu ag troid in éadan na héiginneachta agus an claonadh a bheith leithscéalach a mhothaigh Louis Cullen.
claonadh tendency
" De bharr gurb iad cúinsí oidhreachtúla agus aistí bia ón am a chuaigh thart is cúis le raimhre go minic, agus de bharr go dteipeann ar 95-98% d'aistí bia thar trí bliana, tá an méid seo le rá ag an NAAFA: "Tá sé ag éirí soiléir gur fearr do dhaoine a bhfuil claonadh acu a bheith ramhar fanacht ag meáchan trom, ach seasmhach, agus díriú ar aclaíocht phearsanta in áit na tanaíochta.
claonadh tendency
"claonadh ag na Gréagaigh a bheith chomh mór céanna in aghaidh coinbhinsiúin agus chomh fáilteach is atá na hÉireannaigh, ach b'fhearr daoibh teacht anseo go bhfeice sibh féin na cosúlachtaí sin.
claonadh tendency
" " Measann Lillis go bhfuil claonadh róláidir ann a bheith ag brú na Gaeilge ar dhaoine sa tír seo agus go bhfuil an-díobháil déanta ag an chur chuige sin.
claonadh tendency
" Níl aon dabht freisin ach go bhfuil claonadh sa CLG cur i gcoinne brú de shaghas ar bith.
claonadh tendency
" " Agus an smaoiníonn sí uirthi féin mar chuid de thraidisiúin físe na hÉireann? "Ní smaoiníonn! Faoi láthair tá claonadh i dtreo na péintéireachta tapaidh, taosaí ann, le neart léaslínte.
claonadh tendency
" Chreid Nixon é féin gur "tragóid uafásach" a bhí i dTuaisceart Éireann, agus go raibh claonadh ag rialtas na Breataine, "in ainneoin a ndea-thréithe go léir, cúrsaí a láimhseáil go mícheart i gcónaí in Éirinn.
claonadh tendency
" Dúirt an Grúpa Campbell-Bewley, úinéirí na gcaifí, nach raibh na suímh stairiúla i dtiúin níos mó le dearcadh an phobail, ainneoin go ndearnadh athchóiriú costasach orthu le blianta beaga anuas, agus go raibh claonadh ag custaiméirí an lae inniu dul chuig caifí atá níos lú agus níos pearsanta.
claonadh chun coiriúlachta a tendency towards criminality
" In arm ar bith, bíonn i gcónaí daoine le claonadh chun coiriúlachta agus nuair a chríochnaíonn cogadh agus iad díomhaoin is minic go ngéilltear don chlaonadh seo.
claonadh polaitiúil political bias
" Tá gá le córas lárnaithe nuachta chun na tuairiscí ar fad a scagadh agus chun iarracht éigin a dhéanamh na fíricí a chinntiú – cé go mbeidh spás ann i gcónaí do thuairimíocht agus claonadh polaitiúil ar scéalta.
claonadh tendency
" Dá bharr sin, beidh claonadh ag go leor daoine ó dheas, ó thuaidh agus sa Bhreatain, polaiteoirí ina measc, a gcúl a thabhairt leis na Sé Chontae, agus tá an baol ann nach ndéanfar na geallúintí a tugadh i gComhaontú Aoine an Chéasta do náisiúnaithe na Sé Chontae a chomhlíonadh.
claonadh tendency
" Thar aon rud eile, is é an claonadh thar na blianta ag údaráis stáit seasamh le fianaise an Gharda Síochána, fiú ar uairibh agus fios ag gach mac máthar é a bheith bréagach (mar a tharla i "gCás Leanaí Chiarraí" i 1985), a chruthaigh an cultúr neamhfhreagrach sa Gharda Síochána.
ag claonadh i ngach treo inclining in every direction
" Tá atmaisféar iontach sa reilig, atá lán leaca uaighe ag claonadh i ngach treo.
claonadh tendency
" Ar ndóigh, nuair a smaoiníonn daoine ar an teileachomaitéireacht, tá an claonadh acu díriú ar na rudaí dearfacha ar fad.
claontaí cumannacha communist tendencies
" Na “claontaí cumannacha” is mó a chuir as dó: “The people of Ireland can form their own association without any help from Moscow,” arsa WT sa Chaisleán Riabhach.
claontaí faisisteacha fascist tendencies
" Bhí claontaí faisisteacha iontu, macalla na haoise.
claonadh prejudice
" Tá an claonadh seo i dtreo Chonamara le feiceáil go háirithe sna meáin Ghaeilge.
claonadh tendency
" Bíonn claonadh ag an phobal vóta a chaitheamh in aghaidh rialtais reatha go háirithe ceann atá ann rófhada.
ag claonadh a chloiginn i dtreo na gréine inclining his head towards the sun
" Bhraithfeá gur duine é atá ag éirí amach as trinsí an teagaisc agus atá ag claonadh a chloiginn i dtreo na gréine den chéad uair le fada.
claonadh osréalaíoch surreal tendency
" Bhí claonadh osréalaíoch go minic i saothar luath Freud agus léiríodh sé daoine agus plandaí ar bhealaí neamhghnácha.
claonadh inclination
" Le cois logainmneacha agus ainmneacha pearsanta, nach ndearnadh mórán athruithe orthu riamh, tá claonadh anois “cúpla focal” Maoraise a shníomh isteach i gcomhrá Béarla - i gcás daoine nach bhfuil ach na nathanna gearra cainte sin ar eolas acu, fiú.
claonadh tendancy
" Dúirt Warhol féin gur spreag Tennessee Williams é mar go raibh claonadh aigesean gach rud a choinneáil i dtaisce i gcófraí.
an claonadh the tendency
" Bhí an claonadh aici glacadh le beagnach gach tairiscint agus dá bharr sin bhí sí páirteach i gclár nó dhó nach bhfuil sí róbhródúil astu anois.
Claonadh cúisíoch coitianta a fairly common inclination
"Claonadh cúisíoch coitianta atá ag an lucht léirmheastóireachta sa lá atá inniu ann ná míniú a lorg ar gach rud.
ag claonadh leis siding with, going towards
" Den chuid is mó, is sna stáit "ghorma" (is é sin, na stáit atá ag claonadh leis na Daonlathaigh) atá na príomhchathracha móra –Massachusetts, Nua Eabhrac, California, agus Illinois, cuir i gcás.
claonadh inclination
" Ni féidir a bheith ródhian ar na Meiriceánaigh a bhfuil íomhá róglóraithe acu d’Éirinn - déanaimid ar fad é, agus is coitianta i bhfad an claonadh seo nuair a bhímid i bhfad as baile nó i bhfad ón áit as a dtáinig ár muintir.
claonadh inclination
" A cháil titithe go mór ar na mallaibh, áfach, de dheasca na tubaiste a bhain le príosún Halla Uí Dhroighneáin a bheith caite i dtraipisí agus faoina chuid claonadh i dtreo na heite deise agus coir an Diamhaslú á dhleathú aige.
claonadh inclination
" A cháil titithe go mór ar na mallaibh, áfach, de dheasca na tubaiste a bhain le príosún Halla Uí Dhroighneáin a bheith caite i dtraipisí agus faoina chuid claonadh i dtreo na heite deise agus coir an Diamhaslú á dhleathú aige.
claonadh inclination
" Feictear an claonadh céanna sa líon mac léinn in ollscoileanna eile ar nós Toulouse-Le Mirail agus Montpellier 3.
claonadh inclination
" Tá a fhios agam go bhfuil speictream leathan cúlrach, tionchar agus claonadh thart orm ag ’ul i bhfeidhm orm agus le tarraingt uathu.
claonadh gnéis sexual leaning
" Bhí cur síos ann mar gheall ar an rochtain a bhí acu d’eolas tábhachtach agus do shonraí pearsanta íogair ar nós claonadh gnéis agus a gcuid laigí ar nós dúil sa deoch mheisciúil.
claonadh inclination
" Thug sé faoin obair sin gan an claonadh stairiúil a chuir bac ar phríomhairí na Breataine san am a chuaigh thart agus bhí ceannairí an dá phobal sásta obair leis dá bharr sin.
claonadh inclination
" In ainneoin an claonadh a bheadh ort gach rud a fheiceáil ag an aon am amháin, is dócha gur fearr i bhfad roinnt rudaí ar leith a roghnú le déanamh agus an méid sin a fheiceáil ar do shuaimhneas.
claonadh chun foréigin tendency towards violence
" Eachtra ab ea é a tharraing aird na tíre sna laethanta a lean Domhnach na náire, lá a thug léargas dúinn uair amháin eile ar aghaidh de chuid CLG a thagann chun cinn rómhinic agus is é sin, an claonadh chun foréigin agus na hainrialach ar an bpáirc agus ar an gclaí.
claonadh uimhreach number inclination
" Ní bhaineann an deacracht sin le séimhiú, le hurú, le claonadh uimhreach, le claochchlú foircinn faoi réir thuisil, ná lena dhath mar iad.
claonadh tendency
" Le haon chaitheamh amháin, ní fios cén toradh a bheadh ann, ach le himeacht aimsire éiríonn sé soiléir go bhfuil claonadh ann.
claonadh scoilteach analytic inclination
" Ta gaol casta idir teanga, ciall agus machnamh, ach tá fianaise ann go bhfuil nós mhodh na eolaíochta, an cleachtas a bheith ag smaoineamh i dtéarmaí adamhacha agus réadacha, dlúthceangailte le claonadh scoilteach sa Bhéarla.
claonadh i leith a preference towards
" Tugtar claonadh i leith an stáisiúin mar gheall ar na cláracha cainte a bhíonn ar siúl acu tráthnóna.
claonadh inclination
" Tá an claonadh seo feicthe arís agus arís eile ag gníomhaithe éagsúla.
claonadh tendency
" Nuair a chuirtear torthaí an mheastacháin 2004-05 i gcomórtas le torthaí an NHS a rinneadh sa bhliain 1995, is léir go bhfuil an claonadh seo i dtreo an iomarca meáchain ag dul in olcas.
claonadh sealadach a temporary fashion
" Ceist eile ar ndóigh ná an fiú athbheochan a dhéanamh ar bhlaganna na Gaeilge nó ar cheart glacadh leis gur claonadh sealadach, gearrshaolach a bhí i mblagadóireacht na Gaeilge a d’imigh le sruth nuair a tháinig an crú ar an tairne.
claonadh tendency
" Is léir gur faoi phobal Gaeilge Mheiriceá Thuaidh atá sé, an claonadh seo a stopadh.
claonadh angle, leaning
" Toisc ná raibh na scileanna liteartha seo ag cosmhuintir na gcath, ’sé sin na saighdiúirí íosaicmeacha ach go háirithe, ní fhéadfaí a rá gur chuir siad claonadh liteartha ex post facto ar a gcuid scríbhinní.
an claonadh seo this bias
" Tá sé scríofa agam roimhe seo i mBeo (eagráin 18 & 48) faoin dóigh ina bhfuil na póilíní i Learpholl claonta i leith na ndílseoirí agus i gcoinne na nÉireannach agus, ar an drochuair, bhí an claonadh seo le feiceáil arís i mbliana (18.
tá claonadh i dtreo there’s a trend towards
" Mar is léir ón tsracfhéachaint seo, tá claonadh i dtreo na n-iarrthóirí daonlathacha sa Seanad agus san Uachtaránacht, ach ar bhonn "áitiúil" (na hIonadaithe Comhdála agus na hiarrthóirí stáit, fágaim) tá claonadh i dtreo na bPoblachtánach, gné a léiríonn an bhéim ar áitiúlacht atá á leagan ag an Tea Party.
claonadh tendency
" ” Cothú an Mhisnigh ========= Agus an t-alt macánta seo á dhíleá, is furaist claonadh Mhic Amhlaigh i dtreo an tsóisialachais agus an chumannachais a thuiscint.
na claontaí éalárnacha sin ionam those peripheral tendencies of mine
" Maithfidh lucht leanta ‘Kino’ na claontaí éalárnacha sin ionam.
tá claonadh ann there’s a tendency
" Sa tsochaí chomhaimseartha, go háirithe i réimse na haigneolaíochta, tá claonadh ann na ceisteanna a bhaineann leis na coincheapa a dtugtar an mhaith agus an t-olc orthu a sheachaint, go háirithe más ceisteanna freagrachta atá faoi chaibidil.
meáin chumarsáide ann a bhfuil claonadh iontub a media who are inclined
"meáin chumarsáide ann a bhfuil claonadh iontub i dtreo toradh amháin seachas toradh eile agus má dhíríonn siad isteach ar an mionlach ar an taobh eile - gan aon aird a thabhairt ar na ceisteanna nach bhfuil freagraithe ag na polaiteoirí - tá éagóir níos measa ansin.
claonadh chun ciníochais an inclination to racism
" Mar is léir do DiFranco, ní mór di glacadh leis go bhfuil claonadh chun ciníochais ionainn uilig agus nach féidir linn i dtólamh chás an chine eile a thuiscint – ach gur féidir linn foghlaim uaidh mar fhorbairt leanúnach phearsanta.
an claonadh nua seo this new inclination
" Cé nach féidir an claonadh nua seo i SAM i dtreo an rud a dtugtar ‘minimalism’, nó íostachas, air a rangú mar ghluaiseacht ar bhonn oifigiúil, is cinnte go bhfuil rud éigin suntasach ag tarlú, agus is minic an t-idirlíon á thiomáint.
claonadh a tendency
" Léiríonn sé go raibh athrú dearcaidh maidir le hobair na n-eagras ag 62% den bpobal ó thit oilbhéim An Clinic Lárnach Íocshláinteach amach agus go raibh claonadh ag 55% den bpobal gan síntiúis a thabhairt de dheasca na conspóide.
níl an claonadh ionann glacadh le we’re not inclined to accept
" Ar an drochuair, níl an claonadh ionann glacadh le madraí ó ionaid dídine.