Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chlis ar it failed
" Tar éis an Éirí Amach, bhí Dwyer agus a chuid comrádaithe mar a bheadh bior sa mbeo ag na Sasanaigh i ngleannta agus sléibhte Chill Mhantáin, go dtí gur chuir sé deireadh leis an troid in 1803 nuair a chlis ar Éirí Amach Roibeard Emmet.
chliseadh failure, loss
" Tá mo mhisneach á thrá; mo choinsias á chliseadh.
chlis ar mhargadh an éisc go tobann the market for fish collapsed suddenly
" An t-am sin, dhein go leor fear infheistíocht i mbáid iascaireachta, ach tar éis an chéad chogadh domhanda aistríodh na báid mhóra Shasanacha a bhí páirteach sa chogadh ar ais go báid iascaireachta agus chlis ar mhargadh an éisc go tobann.
chliste clever
" Girseach bheag chliste a bhí inti.
tá ag clis ar an gcóras sláinte the health system is failing
" Tá níos mó ná 4 mhilliún duine dífhostaithe, tá ag clis ar an gcóras sláinte agus tá na pinsin i mbaol chomh maith.
ráiteas beacht cliste clever concise statement
" I ré seo na *soundbytes *níor chualathas aon ráiteas beacht cliste uaidh ar an teilifís.
cliseadh néarach nervous break-down
" Chaithfeá iontas a dhéanamh den teacht aniar atá sa bhfear seo, a rinne obair fhíorthábhachtach i léann na Gaeilge in ainneoin na ndeacrachtaí seo agus a bhain amach a aidhmeanna pearsanta gan mórán tacaíochta ó údaráis na hEaglaise Caitlicí tar éis dó cliseadh néarach a bheith aige agus é fós ina fhochéimí.
ná clis anois orm don't let me down now
" "A chois, a chois, ná clis anois orm," a bhéic sé ag fuarchaoineachán.
seifteanna cliste clever ploys
" Nuair a bhíonn an nasc idir na húdaráis áitiúla agus an pharlaimint briste, a deir sé, bíonn sé níos deacra ag daoine seifteanna cliste an Rialtais i leith na n-údarás áitiúil a thuiscint.
cliste clever
" Measann na síceolaithe David Greenberger agus Victor Allen go mbaineann daoine áirithe pléisiúr as saothar ealaíne a scriosadh, go háirithe má tá sé déanta ar bhealach cruthaitheach cliste.
cliste go leor clever enough
" Tá EasyReader cliste go leor chun leaganacha éagsúla d'fhocail a aithint - má roghnaítear an focal "earraí", cuir i gcás, taispeánfar gach eolas ar an bhfocal "earra".
An-chliste very clever
" Tá an Limpet nasctha leis an Ghreille Náisiúnta: mar sin, faigheann muintir Íle cumhacht as a dtonnta féin! An-chliste, nach bhfuil? Ach ní sin deireadh an scéil, ná baol air.
an-chliste very clever
" AÓC: Rinneadh agus is dóigh liomsa go raibh Gael Linn an-chliste mar gur thuigeadar b'fhéidir ag an am sin nach mbeadh pobal rómhór ann le haghaidh ceirnín ar an sean-nós amháin.
cliste clever
" Is saothar cliste cleasach é seo atá lán de mhistéir agus de lúbaireacht.
nach raibh sí ar an scalltán ba chliste sa nead that she wasn't the brightest nestling in the nest
" Dúirt a hathair faoi dhuine den naonúr, an t-aon bhean ina measc, nach raibh sí ar an scalltán ba chliste sa nead.
Ceisteoir Cunaí Cliste Clever Smart Questioner
" Chuir an Ceisteoir Cunaí Cliste sraith ceisteanna crua cadránta cointinneacha ar dhuine de mhór-Oráistigh agus de mhórdhílseoirí ár linne, agus ní dhearna sé stad mara ná mórchónaí go bhfuair sé freagraí fírinneacha ar a chuid ceisteanna.
chliseadh néarógach nervous breakdown
" Bhí Christy i ndiaidh teacht slán ón chliseadh néarógach a bhuail é blianta ó shin.
chliste intelligent
" Ach anois, seo ceist chliste, ghrinn á cur faoin *mafia *Éireannach.
cliseadh néarógach nervous breakdown
" agus gan fuascailt nó faoiseamh acu ón strus sin ach a bheith ag ól nó ag ithe an iomarca agus gurb é an cliseadh néarógach a bheas i ndán dóibh.
*Cliseadh Shráid Wall* the Wall Street Crash
" “Mar sin atá sé san r-leabhar” – d’ardaigh sé a r-leabhar ina lámh dheas – “idir *Cliseadh Shráid Wall* is *Géarchéim Munchen*.
ina gcliseadh in their failure
" Bhí rian den slad a rinneadh ar na Tóraithe i dtoghchán na Breataine i 1997 ina gcliseadh sa bhliain 2002.
a bhuí sin le teicneolaíocht chliste thanks to a clever technology
" Luathaíonn sé ó bheith stadta go dtí 100 ciliméadar san uair níos tapúla ná Ferrari, agus gan fuaim – ach amháin seabhrán beag cosúil le fuaim triomadóra gruaige! Cuirtear le chéile é i monarcha Lotus i Sasana – agus má dhéanann tú é a phlugáil isteach um thráthnóna, is féidir leis turas 400 ciliméadar a dhéanamh an maidin dár gcionn, a bhuí sin le teicneolaíocht chliste a úsáideann ceallraí iain litiam, cosúil leis na cinn a bhíonn i ríomhairí glúine (ach i bhfad níos mó).
séitéireacht chliste clever deception
" An fiú dúinn aird a thabhairt ar na healaíontóirí a bhíonn ar taispeáint ann nó an séitéireacht chliste a bhíonn ar siúl acu – éadaí nua an impire, mar a déarfá? Is é an déantóir scannán Phil Collins an duine is mó as an cheathrar atá ar ghearrliosta an chomórtais atá ag díriú ar cheist an ionracais leis an tsraith cláracha a rinne sé bunaithe ar iar-iarrthóirí cláracha de chuid Theilifís na Réaltachta.
cliseadh néarógach. a nervous breakdown.
" Daoine, b’fhéidir, a d’fhulaing cliseadh néarógach.
chomh cliste céanna quite as clever
" Feiniméan eile ná go nglactar leis nach bhfuil daoine dubha chomh cliste céanna is atá daoine geala.
cunaí, cliste, clifeartha smart, clever, bright
" Fear cunaí, cliste, clifeartha thú chomh maith, a shaoi na scríbhneoireachta,” arsa Ian Mór le Laoch na Litríochta.
gur fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste, that broken Irish is better than clever English,
" A leithéid de rud le rá os comhair an tsaoil! Tá a fhios agam go ndeir sibhse gur fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste, ach bhí an Ghaeilge sin ina smidiríní ar fad.
thar a bheith cliste extremely clever
" Is léir gur bean thar a bheith cliste a bhí inti, ach chlis a cuimhne ghearrthéarmach uirthi agus í sna nóchaidí.
chlis a cuimhne ghearrthéarmach uirthi she lost her short-term memory
" Is léir gur bean thar a bheith cliste a bhí inti, ach chlis a cuimhne ghearrthéarmach uirthi agus í sna nóchaidí.
thar a bheith cliste extremely clever
" Is léir gur bean thar a bheith cliste a bhí inti, ach chlis a cuimhne ghearrthéarmach uirthi agus í sna nóchaidí.
ní ba chliste more clever
" D’fhreastail na daoine eile ar bhunscoil ullmhúcháin phríobháideach agus ba léir gur shíl siad go rabhadar níb éirimiúla, ní ba chliste agus ní ba shofaisticiúla ná lucht na scoile náisiúnta.
chliseadh néarógach nervious breakdown
" Is leabhar dírbheathaisnéiseach é, ina ndéantar cur síos ar an chliseadh néarógach a tharla di agus í sa choláiste, ach cuntas ficseanúil is ea é inar athraigh sí sonraí ar nós ainmneacha daoine.
cliste clever
" Cheap úinéirí Facebook go raibh Beacon cliste toisc gur bhailigh sé sonraí faoi rudaí a cheannaigh úsáideoirí i siopaí ar líne agus gur roinn sé an t-eolas sin le "cairde" leo ar Facebook.
cliste clever
" Cheap úinéirí Facebook go raibh Beacon cliste toisc gur bhailigh sé sonraí faoi rudaí a cheannaigh úsáideoirí i siopaí ar líne agus gur roinn sé an t-eolas sin le "cairde" leo ar Facebook.
ina ndearna sé cur síos an-chliste in which he made a very clever description
" ” Is cuimhin liom, le linn dom a bheith ar an ollscoil, go bhfaca mé seó de chuid Des ina ndearna sé cur síos an-chliste ar na difríochtaí idir Nua-Eabhrac agus Éire.
straitéis chliste a clever strategy
" Ó bhí na stailceanna ocrais ann i 1981, chonaic muid an páirtí ag fás as cuimse, a bhuíochas d’íobairt na ndaoine a fuair bás go doilíosach 27 bliain ó shin agus straitéis chliste a oibríodh amach taobh amuigh agus taobh istigh de charcair an tuaiscirt.
níos cliste more clever
" Ni féidir leis sin a bheith fíor mura bhfuil an domhan ach 4,000 bliain d'aois! Múinteoir scoile a bhí in Sammy sula bhfuair sé smacht ar chomhshaol na Sé Chontae ach tá sé ar nós na ndaltaí sin a dhéanann iarracht a chruthú go bhfuil siad níos cliste ná an múinteoir.
cliste, cumasach, ceannasach agus ionraic wise, capable, assured and honest
" Tháinig muintir na hÉireann fríd níos measa ná an cruachás atá romhainn; tiocfaidh muid fríd seo fhad is go mbeidh ár gceannasaíocht pholaitiúil cliste, cumasach, ceannasach agus ionraic.
cliseadh failure
" 6 agus ráta dífhostaíochta 10% D'fhéadfaí go leor leor figiúirí eile a chur ar phár, ach léiríonn siad go léir an scéal céanna: ní meathlú beag séimh atá i gceist, ach cliseadh mór tobann.
Chliseadh tubaisteach disastrous Collapse
" Ba é an amhantraíocht neamhrialaithe sin ba chúis le teip os cionn 5,000 banc ó Chliseadh tubaisteach Wall Street i 1929.
chlis ar mo ríomhaire glúine my lab top gave up
" Chaill mé ceamara is chlis ar mo ríomhaire glúine agus chuir an dá rud sin cúl ar an dialann, ach tá mé ar ais ar an bhóthair arís.
chliseann fails
" Ach nuair a chliseann an margadh ar léibhéal mór, nó i réimse an-tábhachtach, bíonn toradh millteanach air.
chlis failed
" Is cuimhin liom clár raidió a craoladh anseo cúpla bliain ó shin, clár inar cuireadh agallamh ar dhaoine a bhí ag obair ar na mótarbhealaí sa Fhrainc - sna stáisiúin seirbhíse mar shampla, nó ag cabhrú le tiománaithe ar chlis a gcuid feithicilí orthu agus ar uile.
chliseadh eacnamaíochta economic collapse
" An chéad rud a bhí uaidh ná tuiscint ní b’fhearr ar na cúiseanna ar fad a bhain leis an chliseadh eacnamaíochta.
chlis ar na bainc the banks failed
" Nuair a chlis ar na bainc, dhún Roosevelt iad agus thionóil sé an Congress chun seisiúin éigeandála.
Má chliseann sruth if the flow fails
" Má chliseann sruth an gháis as an mBreatain, go sealadach féin, fiú amháin, an dtitfidh cúrsaí amach mar a bhfuil á dtuar ag an mBord Gáis? Tá seans ann nach dtitfidh, mar d'fhoilsigh an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta um Fhuinneamh (GIF) tuarascáil, ag deireadh na bliana seo caite, ina bhfuil rabhadh tromchúiseach dúinn go léir ann.
gné chliste a cute aspect
" Is gné chliste é seo agus is áisiúil más istigh ar an r-phost thú.
cliste cute
" Tá an Phosóid Gléasta romhainn Bhí sin cliste.
cliseadh an chórais airgeadais the financial system collapse
" Go bhfuil orainn go léir praghas ró-ard a íoc chun cliseadh an chórais airgeadais a leigheas.
feidhmchlár cliste intelligent application program
" Tugadh faoi deara luath go leor i stair an phopcheoil go dtaitníonn saghasanna ceoil ar leith le daoine a éisteann le bannaí ar leith agus dá bharr, ní haon léim mhór é ón tuiscint seo go dtí feidhmchlár cliste a mholann ceoil nua duit ar an mbunús sin.
cliste wise
" Tháinig na bleachtairí cliste, ach nuair nach raibh siad in ann ciall dá laghad a bhaint as, chuir siad ar aghaidh chuig a gcairde in MI5 é; ach ní raibh siadsan in ann brí a bhaint as ach oiread.
chlis collapsed, failed
" Agus nuair a chlis ar an margadh dírialáilte a bhí curtha ar bun acu, b’éigean don cháiníocóir teacht i gcabhair ar an dream a rinne go han-mhaith as le blianta.
cliste intelligent
" San olltoghchán roghnaigh siad, le chéile, páirtí atá ag brath ar vótaí ó gach aicme, páirtí a bhfuil daoine leathanaigeanta agus cliste i gceannas air.
cliste clever
" Cad é mar a mhíneofaí an stádas áiféiseach atá ag an Ulster Scots ó thuaidh? Beartas thar a bheith cliste a bhí ann an chanúint a cheangal leis an Ghaeilg sa mhéid is go bhfuil maoiniú don teanga agus don chanúint ag brath ar a chéile, a bheag nó a mhór.
cliste cute
" An Deatach nach Féidir a Dhearmad A Sort of Homecoming – bhí filíocht dhiamhaireach san amhrán seo - bhí taisteal ann - bhí ceol cliste ann – bhí gach rud nua.
chlis ar collapsed
" Trí mhí tar éis do mhuintir na hÉireann diúltú do Chonradh Liospóin anuraidh, chlis ar Lehman Brothers, an banc mór infheistíochta a bhí ar cheann de na bainc is mó dá chineál sna stáit Aontaithe.
Chlis failed
" Chlis ar a gcuid iarrachtaí in 1708 agus in 1715 (Séamas III, mac le Séamas II) agus arís in 1746 nuair a briseadh fórsaí Bonnie Prince Charlie, Séarlas III, ag Cath Chúil Lodair in Albain.
cliste cute
" É greannúr agus cliste, admhaím, ach i ndeireadh na dála, ní haon Woody Allen é Mendes, go fiú le tacaíocht Eggers agus Vida.
cliseadh failure
" ie ar an fhocal 'collapsing' - imphléascadh, loiceadh, teip, tnáitheadh, tabhairt chun talún, turnamh, cliseadh srl.
chlis failed
" Tharla an rud ceannann céanna i gcás an rialaitheoir airgeadais, a chlis go tubaisteach i mbun a chúraim.
Chlis failed
" Chlis a mhisneach air, faoi cheist na dteorainneacha agus thosaigh sé ag cur rudaí ar an méar fhada.
ana-chliste very wise
" Fear a bhí ana-chliste ar fad.
cliste wise
" Is dóigh liom go raibh sí iontach cliste agus bean ghnó a bhí inti.
cliste cute
" Ní bhaineann seisean úsáid as straitéisí cliste gáifeacha margaíochta lena shaothar a chur i láthair an mhargaidh agus gí go n-aithníonn sé tábhacht na beirte sin ó thaobh cúrsaí ealaíne de, leanann sé a bhóthar féin.
gcliseadh breakdown
" Beidh sé le caitheamh i gcoinne Fhianna Fáil, ar feadh i bhfad, go mba é ba chúis leis an gcliseadh geilleagair agus leis an bhfulaingt a bheas le seasamh ag cuid mhaith den dream a bhíodh ag tabhairt tacaíocht dílis don pháirtí a bhunaigh Dev.
Cliseadh failure
" Cliseadh Airgid agus Cliseadh Misnigh Ceart go leor, is é an meath airgeadais is siocair le cuid mhaith den chlaochlú seo.
cliseadh failure
" Coicís tar éis cliseadh Lehman tá an baol ann go dtitfidh an tóin as córas baincéireachta na hÉireann agus titim thubaisteach i luach scaireanna an Bhainc Angla-Éireannaigh.
chliseadh failure
" Níorbh é praghas na hola ba chúis leis an chliseadh gheilleagair, ach meastar go raibh sé ina chuid den luaineacht gheilleagair a chuir leis.
cliste smart
" Buntáiste faoi leith dá bharr is ea teanga dhúchais i leith geilleagar nuálaíoch, nó mar a thugtar air ar na saolta seo, an ‘geilleagar cliste’, a fhorbairt.
nach cliste a bhí muintir Apple weren’t the Apple people cute
" Mar sin nach cliste a bhí muintir Apple (arís!) ag eochairchaint Steve Jobs nuair a sheol siad Apple TV ag ócáid speisialta ag tús na míosa.
is seift chliste í it really works
" Bheul, sin a bhealach oibre, agus is seift chliste í.
ar chlis which failed
" Nílimid chomh dona leis an Ghréig ná leis na tíortha i Meiriceá Theas ar chlis go hiomlán orthu sna nóchaidí.
chlis ar chóras rialaithe the system of governance failed
" Is éard a tharla in Éirinn ná gur chlis ar chóras rialaithe na tíre.
chomh cliste sin that cute
" Teip faoi Cheann Bliana nó Dhó =============== **SMM: Ní dóigh leat go mbeadh an comhrialtas athá ann faoi láthair chomh cliste sin agus go loicfidh siad ar na bannaí go gairid roimh an gcéad ollthoghchán eile, rud a chiallódh deireadh leis an €uro agus ar an tslí sin, go bhfaighfidís a lán dá gcuid vótóirí ar ais ar a dtaobh?** SÓhU: Ní dóigh liom go dtarlódh sé sin.
chlis ar failed
" Is léir gur chlis ar an tseanchóras agus go bhfuil leasuithe de dhíth go géar.
seanóirí cliste wise elders
" Chruinnigh an slua gealt taobh amuigh den uaimh agus chaith an lá ag magadh ar na seanóirí cliste istigh.
an-chliste very intelligent
" 'Cad a tharla don Eolaí Óg?': ============= Buachaill an-chliste é Alecs.
tá cliste ar has failed
" Tá geilleagar na tíre buailte go dona agus tá cliste ar an chóras pholaitíochta.
chlis go dona ar failed badly
" Mar sin féin, chlis go dona ar an chineál caipitleachais a chleachtar sa tír seo, caipitleachas na caimiléireachta, agus cheapfá go mbeadh muintir na hÉireann ag iarraidh tiontú in aghaidh na ngnáthpháirtithe dá bharr.
ba chliste an áis é it was a smart aid
" Bhí a leithéid ann cheana ar mhéid A4 agus ba chliste an áis é, ach caithfidh sé go bhfuil an QuickGuide seo a sé nó ocht n-oiread níos mó ná é tharla gur i gcruth fillte atá sé, rud a chiallaíonn gur thig leat é a leathnú amach de réir mar a thogrófas tú teacht ar réim áirithe eolais.
chlis ar failed
" Nuair a bhuail suaitheadh geilleagair an tír agus nuair a leathnaigh an fhulaingt shóisialta ar fud na tíre, chlis ar an taca briosc a bhí faoi chosa Fhianna Fáil.
ag cliseadh failing
" Ceisteanna le Cur ========== Chuir Ó Cuana ceisteanna mar seo a leanas ar na baill: cén fáth go bhfuilimid ag séanadh (go bhfuil íocaíocht a déanamh)? Cén fáth go gcraolaimid luachanna nach gcloítear leo? Nach mithid dúinn seasamh a ghlacadh os comhair an tsaoil? Dúirt an Cuanach go raibh roinnt contaetha ag cliseadh ina gcuid dualgas ar na ceisteanna seo agus go mba dhiomailt ama ag an eagraíocht dúnghaois a cheapadh mura gcuirfí i bhfeidhm í.
cliseadh baincéireachta banking collapse
" (Is cosúil nach cuimhin leo an cliseadh baincéireachta a bhuail a dtír féin fiche bliain ó shin agus a spreag iad chun teacht isteach san AE).
Cliseadh collapse
" An raibh pointe ann nuair a ghéill muid d'fhorlámhas an chaipitleachais agus chaith an ceart sóisialta isteach i mbosca bruscair na staire? Cén bhliain inar thug an margadh an buille marfach don stát i gcúrsaí geilleagair? Sa chaint a thug an staraí John Gray, chuir sé síos ar an dóigh ar láimhseáil tíortha éagsúla géarchéimeanna geilleagair ó Bhoilgeog na Mara Theas i 1720 (atá an-chosúil le géarchéim na linne seo) go dtí an an Spealadh Mór a lean Cliseadh Shráid Wall i 1929.
cliste wise
" Má tá tú ag úsáid ceamara cliste, tá neart sásanna ar fáil a ligfeas duit do ghriangraif a dheasú is a feabhsú.
cliste smart, wise
" Mhol an Coimisiún go mbeadh *pre-commitment technology*, nó teicneolaíocht réamhchoinníll, bunaithe ar chárta cliste, éigeandáil ar na meaisíní taobh istigh de thréimhse sé bliana.
chliste clever
" Gan dabht, ba chuirtéis chliste dath ghúna na tuirlingte ag Baile Dhomhnaill roimhe sin.
munar chlis na cluasa orm if my hearing didn’t fail me
" Bladar éigin faoi ‘mí-úsáid substaintí’ agus, munar chlis na cluasa orm, rud éigin faoi Íosa freisin.
chlis ar failed
" Sheas mé chun ainmniúchán mo pháirtí a fháil don toghchán seo, agus bheinn i ndiaidh é sin a dhéanamh seacht mbliana ó shin ach gur chlis ar uchtach mo chomrádaithe.
i ndiaidh chliseadh agus ciapadh inmheánach pearsanta in the wake of personal and subjective collapse and torment
" An é sin a fheictear i bprós maoithneach Sachs, agus é lán go béal leis na mothúcháin, le féiníogaireacht agus le brionglóidí deasa? Cén chinéal carthanachta í an trócaire a mhúsclaítear díreach i ndiaidh chliseadh agus ciapadh inmheánach pearsanta? An bhféadfaí carthanacht a fhoghlaim, agus é a chur de ghlan mheabhair fiú? Nó ar chóir focal nua a chumadh dosna mothúcháin ildaite a bhlaistear i saothar scríte Sachs, focal cuí sainiúil a thabharfadh le fios nach féidir idirdhealú a dhéanamh idir an grá dleathach sin agus an éagóir mhillteach a rinneadh air? Gineann a chuid léachtaí íomhánna malartacha: an t-othar leochaileach ag dul i ngleic leis an mbreitheamh sotalach, uilechumhachtach; an apparatchik soineanta a bhaist “giolla na saoirse” air féin in iomaíocht leis an bhfealsúnaí aibí a thug comhairle do Ronald Dworkin fé choinceapanna teibí cosúil le *“reverse onus”*, *“proportionality review”* agus *“justiciability”*.
chlisfí ar would fail
" Nuair a rachadh an tsochaí thar an teorainn nua seo, dar leis, chlisfí ar an tseanord.
Cliseadh crash
" Cruthaíonn Windscale, Agent Orange, Cliseadh Wall Street agus an Spealadh Mór, Géarchéim Geillagair 08 an domhain, Chernobyl, Simi Valley, cartadh úráiniam laghdaithe ar Fallujah, pléasc an Betelgeuse ag Oileán Faoide, Deepwater Horizon agus Fukashima nach bhfuil lucht eolaíochta ná lucht údaráis stuama, léirsteanach ná díreach leis an bpobal.
cliseadh collapse
" Chuir said ábhar léitheoireachta ar fáil do phobal na Gaeilge sa tréimhse úd idir cliseadh Foinse agus Lá Nua araon agus teacht Gaelscéal agus leagan úr Foinse ar an saol.
saineolaí ar an gcliseadh expert on collapse
" Taidhleoir eile ab ea Foucault, taidhleoir an dhíomá, nó saineolaí ar an gcliseadh agus ar an gciapadh stairiúil fiú.
chliseadh collapse
" An tAontas agus Rathúnas i mBaol =============== Tá cúiseanna eile – stairiúla agus institiúideacha seachas cultúrtha agus polaitiúla – leis an chliseadh polaitiúil san Eoraip, ach tá an toradh céanna air.
ag cliseadh failing
" Ba léir dom go raibh an córas oideachais ag cliseadh sa mhéid is nach raibh bunscileanna matamaitice ag sciar mhór de na mic léinn a bhíodh ag tabhairt faoin tríú leibhéal.
cliseann fails
" Í gafa idir dhá thine Bealtaine, cliseann Mija ar Mr.
cliseadh an Méféineachais the failure of selfishness
" Tá fealsúnacht nua náisiúnta de dhíth orainn, a d´fhéadfadh a bheith mar threoir idé-eolaíochta don Éire Nua, a chaithfear a thógáil sa bhfolús atá fágtha tar éis cliseadh an Méféineachais, a tháinig chun cinn le linn réimeas Ahern/Harney/Mc Creevey.
chlis ar failed
" Sular chlis ar an bhorradh gheilleagair, bhaineadh an rialtas níos mó na míle milliúin amach ar dhleacht stampála.
chlis air it failed
" É sin ráite, sheas an daonlathas in Éirinn, bíodh is go raibh sé lochtach, nuair a chlis air ar fud na hEorpa – sa Fhrainc, sa Ghearmáin, san Iodáil, sa Spáinn, agus sa Phortaingéil.