Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cneasta decent
" Bhí daoine cneasta, cabhrach cé go raibh fuadar fúthu.
go cneasta decently
" Bíonn siad seo iontach compordach i dtithe tábhairne a bhíonn pacáilte agus róthe agus is maith le daoine a bheith ag breathnú ar chosa! Labhair go cneasta le daoine, fiú leis an duine sin sa choirnéal atá ag bualadh róthrom ar an mbodhrán a bhfuil an dearadh Ceilteach ar an gcraiceann! Agus más tú an duine sin, cuimhnigh go bhfuil do sheoladh againn! Léigh muid é ar an taobh istigh den bhodhrán nuair a bhí tú ag an mbeár.
cneasta honest
" Duine é, mar sin, atá go mór sa nuacht agus cad ina thaobh nach mbeadh - tá saol suimiúil á chaitheamh aige, mórobair déanta agus á déanamh fós aige i léann na Gaeilge, agus é deisbhéalach, tapaidh, cneasta agus mórchroíoch ina theannta.
bhí bríste cneasta uirthi trousers were forbidden
" Ach ní raibh dul uaidh – bhí ag Aoife le héadach úr a cheannacht do bhainis agus, mar bharr ar an donas, is sciorta nó culaith a bheadh le ceannacht aici nó bhí bríste cneasta uirthi.
cneasta honest
" Níl suim dá laghad agam féin i gcúrsaí piseog ach mhothaigh mé ar an lá sin gurbh áit faoi leith an tigín sin agus gur duine cneasta, cineálta, dílis a bhíodh ina chónaí ann.
cneasta mild
" Bíonn an aimsir go deas agus cneasta, seachas i lár an gheimhridh, mar sin is breá le daoine a gcuid laethanta saoire a chaitheamh anseo.
na comharsana cneasta the kind neighbours
" Lean Barry leis lena chaint san aer faoi “áilleacht na háite” agus “na comharsana cneasta”.
cneasta decent
" Is duine séimh, cneasta agus lách é.
go cneasta kindly
" Chlaon bean mheánaosta - bandia na stuaime b’fhéidir! - a ceann i mo leith is dúirt go cneasta, “ní cúrsa ólta fíona é seo ach cúrsa blaiseadh fíona.
cneasta nice
" Ach, mar a gheobhainn amach, dá mhéad a scéimh is ea is mó a cneastacht is a cineáltas.
cneasta gentle
" Cara mór dá chuid a bhí sa radharceolaí, agus mhínigh sé údar chuid trioblóidí Chuach dó go deas caoin cneasta: dúirt sé go raibh ball éigin iasachta ag cur isteach ar a iris.
go cneasta honestly
" Thug Haughey comhairle do dhaoine a bhí ag saothrú a gcuid pingeacha go cneasta go raibh siad á gcaitheamh go fánach agus go rábach fad is a bhí sé féin ag síneadh bhabhla na déirce i dtreo bhoic mhóra an rachmais.
Focail chomh mín chomh cneasta words so fine and kind
" Fiafraíonn duine éigin dá chara, “Focail chomh mín chomh cneasta leó cionnus thárlóchadh go mbeadh cealg ionntu?” Cé nár ghlac naimhdeas eitneach Corkery greim dhaingean ar intleacht Niall Tóibín riamh, ní foláir nó go n-oireann ceist seo Corkery leis.
ag labhairt go cneasta speaking in a friendly way
" Choinnigh muid beirt, súil ar an bheirt bhan taobh eile na sráide ag caint, an bhean aibí ag labhairt go cneasta leis an mbean óg fíorálainn seo.
soiléir is go cneasta in a kind and clear manner
" Na daoine ar mhaith leo a dtuairim a nochtadh go hionraic, soiléir is go cneasta faoi ábhar, nó faoi ábhair ghaolmhara, na n-alt, déanfar iad a chosaint.
go cneasta kindly
" Is eagras é Féileacáin a thapaíonn an deis le tacaíocht thábhachtach a chur ar fáil go cneasta do theaghlaigh a d’fhulaing an bhris sin nuair a tháinig páiste ar an saol marbh.