Pota Focal Intergaelic
cat | coast | cot | oat | cáit
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
screamh deposit on surface, coating
" Faoi screamh na mblianta a bhíonn fíordhúchas na hÉireann i gcóngar is i gcéin.
ruball a chóta the tail of his coat
" Bhíodh réimse uirlisí á chasadh aige agus nuair a bhíodh air athrú ó cheann go ceann, ba mhinic a thógadh sé ruball a chóta agus go ndéanadh sé damhsa beag i lár an stáitse.
armas coat of arms
" Dar ndóigh, chruthaigh sé seo teannas mór idir a bheirt acu; agus iad ag ceiliúradh cúig bliana is fiche le chéile, dúirt Jo go raibh an *croix de guerre *tuillte acu agus rinne Hopper armas di as *rolling pin *agus liach in onóir *"mutual domestic violence"*.
armas coat of arms
" Ba iad na Medici na pátrúin ba fhlaithiúla agus ab aithnidiúla sa tréimhse seo agus is féidir armas an teaghlaigh (sé liathróid) a fheiceáil ar go leor foirgneamh poiblí i bhFlórans go fóill.
caitheamh orainn to throw on (our coats)
" Tá sé go maith againn caitheamh orainn agus a dhul isteach agus muid féin a chur in aithne don dream úr.
cótaí eireaballacha foirmeálta the formal tailed coats
" Fir óga ab ea móramh an Rialtais sin, formhór acu a bhí fós míchompordach sna bónaí crua sciathánacha, gan trácht ar na cótaí eireaballacha foirmeálta a thóg áit anois na seantuiní uaine a chaitheadar le mórtas – éide Óglaigh na hÉireann, éide gharchogaithe na saoirse, éide Arm na Poblachta.
spreachallaíodh a inchinn ar chóta Phadaí his brain was spattered on Padaí's coat
" Bhí Padaí in aice leis nuair a mharaigh snípéir é le piléar trína chloigeann ag Cath Jarama i mí Feabhra 1937 agus spreachallaíodh a inchinn ar chóta Phadaí.
cóta barrchaite, a threadbare coat,
" Tá a chuid gruaige in aimhréidh agus gan air ach cóta barrchaite, clóca ar a bharr agus é ceangailte le fáiscín déanta de shliogán muirín.
armas teaghlaigh family coat of arms
" Aon tsráid amháin de thithe seanda cloiche a bhfuil armas teaghlaigh ar chuid acu.
rug greim ar bhinn mo chóta. he grabbed the hem of my coat.
" Agus é gléasta in éadach an ama, tháinig sé aníos chugam agus rug greim ar bhinn mo chóta.
an cóta plaisteach the plastic coat
" Tá sé agam le dhá bhliain anuas ach tá an cóta plaisteach fós air.
An Crochadán Cóta The Coat Hanger
" Fearacht mhuintir Bhaile Átha Cliath, is breá leis na hAstrálaigh leasainmneacha a thabhairt ar ghnéithe poiblí, agus tugtar ‘An Crochadán Cóta’ go forleathan ar an ndroichead.
Brat coat
" Brat bán sneachta ar an talamh, reodóga ar sliobarna anuas de bhunsop an tí ar maidin.
brat sneachta a coating of snow
" Ní bhíonn na hailteanna contúirteach ach amháin nuair a bhíonn brat sneachta orthu.
chóta a chrochadh air hang a coat on
" ‘Nach bhfuil leathuair agam!’ An fear ba ghaire dom féin, bhí airde mhór ann, hata stetson ar a cheann, agus croiméal a bhféadfadh duine a chóta a chrochadh air.
bheadh crústa bog coated lightly
" Tháinig plátaí feola agus éisc, anlann glóthaí orthu mar a bheadh crústa bog.
Más Gar do Dhuine a Chóta if one's coat is close to
más deas do dhuine a chóta if one’s coat is close to one
" De réir an tseanfhocail, más deas do dhuine a chóta is deise dó a léine, ach níorbh amhlaidh a bhí cúrsaí an iarraidh seo.
cuardaíodh cochall a cóta the hood of her coat was searched
" Ach nuair a cuardaíodh cochall a cóta thángthas ar bhuidéal *Pantene Smooth and Sleek Shampoo with Anti-Ageing Serum*! Samhlaigh sin i gcochall do chóta trí thimpiste, mar dhea!’ An tUasal Ó Srutháin ========== Tá Garth Brooks le teacht go Páirc an Chrócaigh.
bhuail sé a sháil in aghaidh an chasóg he stroke his heel against the coat
" Seo í caint Mhichíl Uí Choinceanainn arís: 'Tháinig sé agus bhuail sé a sháil in aghaidh an chasóg ag iarraidh i a theannadh níos fearr mar bhudh ea, agus chuir sé an clár amach bunáite ó sháil go rinn, agus ansin ar ndóigh nuair a chuir, seod isteach an t-uisce, agus mar a dúirt an t-amhrán, sloigeadh an bád ansin, agus báthadh na daoine agus scaip na caoirigh anonn 's anall.
armas coat of arms
" Tá an cangarú agus an t-éamú le feiceáil ar armas na hAstráile le breis is céad bliain anois ach d'fhéadfadh athrú teacht ar an armas sin gan mhoill, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
Más gar do dhuine dearadh a chóta if one values the design of one’s coat
" Más gar do dhuine dearadh a chóta is gaire dó ealaín a léine.