Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gcomharthaí Gaeilge Irish language signs
" Léiríonn an méadú atá ag teacht ar líon na gcomharthaí Gaeilge sa chathair é sin.
dea-chomharthaí positive signs
" Ach bhí dea-chomharthaí ann fosta an mhí seo caite.
chomharthaí láimhe hand signals
" Sa deireadh, tosnaím ar chomharthaí láimhe agus ar fhuaimeanna aisteacha a dhéanamh - 'tósta', 'tóstú', etc.
a chomharthú to designate
" "Mhol mé dó cúpla milliún euro a chomharthú fá choinne doirse úra a chur isteach i dtithe polaiteoirí: doirse caocha, gan boscaí litreacha ar bith, sa dóigh nach mbeidh féicheamhain ábalta seansonraisc a sheachadadh fríd na doirse agus muid i mbéal na Nollag.
chomharthaí sráide street signs
" Nuair a chaitheann tú do shaol ag taisteal ar na sráideacha céanna, ní bhíonn sé de nós agat de ghnáth féachaint suas ar chomharthaí sráide.
bealaí comharthaithe way-marked trails
" Tá Doris ag obair ar scéim nua anois, chun ionad do shiúlóirí a chruthú sa ghleann agus bealaí comharthaithe a chur ar fáil ar na sléibhte.
chomharthaí tagartha referential signs
" Córas de chomharthaí tagartha atá i dteanga.
chomharthaí signs
" Tá níos mó fear buí greanta ar chomharthaí in iarthar na tíre ná mar a bhíonn i nDroim Chrí i mí Iúil.
chomharthaí bóthair roadsigns
" Tá úsáid an leagain oifigiúil riachtanach ar léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordanáis, i reachtaíocht stáit agus ar chomharthaí bóthair stáit agus comhairle contae.
mar chomharthaí ceana agus measa as signs of affection and respect
" Sa Ré Luath-Chríostaí, cuireadh “mo-” roimh ainmneacha naomh agus “-óc” (nó “-áig” sa ghinideach) ag an deireadh mar chomharthaí ceana agus measa.
ag lorg chomharthaí dóchais looking for signs of hope
" Nuair a bhíonn lucht na Gaeilge agus daoine nach iad ag lorg chomharthaí dóchais ó thaobh thodhchaí na Gaeilge de, is annamh nach n-úsáidtear fás na nGaelscoileanna mar an tuar dóchais agus an t-ábhar misnigh is mó.
na chéad chomharthaí the first signs
" Leanadh na taomanna Sócraiteacha seo dó ar feadh a shaoil agus is iad na chéad chomharthaí atá againn den suaitheadh aigne a bhain dó ó am go ham.
dáileadh chomharthaí craolacháin digiteacha. the distribution of digital broadcasting signals.
" Is ar an Roinn Cumarsáide, Mara, agus Acmhainní Nádúrtha atá an fhreagracht maidir le polasaí na hÉireann a dhréachtú i dtaca le dáileadh chomharthaí craolacháin digiteacha.
ar chomharthaí bóthair on road signs
" Ar ndóigh bhí na húdaráis ag rá nach raibh bac ar bith ar an phobal ‘Dingle’ a úsáid dá mba mhian leo ach nach mbeadh ach an leagan Gaeilge á úsáid ar chomharthaí bóthair na Comhairle Contae, ar léarscáileanna móra de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis agus in achtanna Oireachtais.
chomharthaíonn sé it shows
" Céard a chomharthaíonn sé sin? An tú croílár Dervish nó cén fáth gur tusa seachas fir go léir an ghrúpa a labhair ar son na buíne ar fad?” -“Cosúil leis an lá inniu anseo, sin é mo chuid oibre.
comharthú signalling
" Ag fanacht agus ag comharthú le casadh ar dheis a bhí mé, gan aon bhosca tearmaplaisteach a bheith marcáilte ar an bhóthar.
Comharthaíonn shows
" Comharthaíonn Tityus an céasadh a fhulangaíonn duine atá ina sclábhaí ag ainmhianta na colainne.
chomharthaí symbol
" Thosaigh gluaiseacht na Tea Parties i mí Feabhra 2009 nuair a thograigh infheisteoirí baile (daoine a dhéanann infheistíocht óna dtithe féin), a chaill go leor sa teip airgeadais sna míonna beaga roimhe sin, málaí tae, mar chomharthaí díspeagtha, a sheoladh chuig na comhaltaí comhdhála a vótáil ar son an phacáiste tarrthála ollmhóir do na bancanna agus do na comhlachtaí móra a bhí ar tí teip.
comharthaíonn demonstrate
" Scór nó breis bliana d’aois agus comharthaíonn siad gur seobh iad iad.
comharthaíonn shows, demonstrates
" Dar liom féin agus leis an Roinn, comharthaíonn an rún buíochais seo go dtuigimid an acmhainn dhaonna, ar bonn na socheolaíochta, atá i bpobail tuaithe na tíre.
a chomharthaí sóirt his indentifying marks
" Ráiteas iontach a bhí ann ag teacht ó cheannaire pháirtí a bhfuil an creideamh i measc a chomharthaí sóirt, agus a bhfuil a cheangal leis an Eaglais Shaor-Phreispitéireach - naimhde dochta an éacúiméineachais - ina bhunsraith aige le fada an lá.
cad a chomharthaíonn a leithéid what does such demonstrate
" **SMM: Nuair a shéan lucht vótála thú do shuíochán arís i nDáil Éireann sa bhliain 2007, san am a raibh na vótóirí céanna ag tacú le polaiteoirí a mhill agus a bhochtaigh an tír seo, cad a chomharthaíonn a leithéid? Go bhfuil na daoine aineolach? Go bhfuil na daoine chomh dona lena gcuid máistrí, gur cuma leis an bpobal vótála gach ní ach a dteach féin agus a morgháiste féin? Cén míniú atá agat féin ar an diúltú ó am go chéile mar sin?** SÓhU: Ní fhéachfainn air mar sin in aon chor i ndáiríre.
An gcomharthaíonn a easpa tacaíochta does his lacking support show
" An gcomharthaíonn a easpa tacaíochta go bhfuil am crua amach roimh an Rialtas seo agus roimh an pháirtí, Fine Gael, go háirithe?** DMFh: Níor éirigh le Gay Mitchell ins an toghchán, tá sé sin fíor.
chomharthaíonn demonstrate
" Is iomaí alt a scríobhadh ar an drochobair chéanna i dtíortha eile a chomharthaíonn nach é rialtas na tíre a toghadh a rialaíonn an tír, ach gur dream beag bunaíochta nó gustail a rialaíonn os a gcionn ar chúla téarma.
comharthaíonn is a symbol
" Dar le lucht eagair na himeachta, comharthaíonn an 'bazh-eilan' (baitín sealaíochta) an nasc atá idir na glúinte, idir ceantair, bailte agus bailte fearainn, agus idir spórt agus saíocht.
chomharthaigh easpa páipéar leithris a lack of toilet paper showed
" Measadh faoi thús an chéid seo gur chomharthaigh easpa páipéar leithris, i measc earraí eile, sna tíortha cumannacha deich mbliana roimhe sin, ag tús na nóchaidí, nárbh fhada go mbeadh an córas thoir ag tabhairt na gcor.
go gcomharthaíonn a bhfuil ag titim amach what’s happening shows
" Ceist eile is ea caighdeán na n-earraí sin agus b’fhéidir go gcomharthaíonn a bhfuil ag titim amach i ngnóthaí soláthar earraí in iarthar domhain le tamall de bhlianta anuas go bhfuil, mar a deir an dream thiar, sleaic ag teacht ar lucht déantús earraí.
I measc na gcomharthaí sóirt amongst the symptoms
" I measc na gcomharthaí sóirt a tuairiscíodh, bhí droch-chodladh, cantal agus mothúcháin de bheith in ísle brí (diosfóiria).
mar chomharthaí aitheantais as symbols
" Caitheann na mná éadaí ildaite agus balaclavaí mar chomharthaí aitheantais agus lena n-aitheantas pearsanta féin a chosaint agus de réir bean amháin den bhuíon, cuidíonn na haghaidheanna fidil seo go síceolaíoch leo iad féin a dhéanamh níos láidre, ar nós sárlaoich cosúil le Batman nó Superwoman.
mar chomharthaí grá croí agus seirce as signs of fondness and love
" An bhfuil an bhean ag fanacht le duine agus í ag amharc amach an fhuinneog go dóchasach nó an bhfuil sí ag amharc ar dhuine éigin atá i ndiaidh imeacht? Tuigeadh uirlísí ceoil i bpictiúir ag an am seo mar chomharthaí grá croí agus seirce agus chomh maith lena liúit, feictear uirlis eile ina luí ar an urlár breac-chearnógnach, rud a chuireann in iúl dúinn go bhfuil leannán na mná mar fhothéacs sa phictiúr agus go bhfuil muid ag amharc ar mheandar sioctha ama.
Comharthaíonn sé go leor it well demonstrates
" Comharthaíonn sé go leor gurb í an Ghearmáin an t-onnmhaireoir caife is mó ar domhan sa lá inniu.
d’fhoghlaim mé ón dóigh ar chomharthaigh sé lena dhá láimh I learned from how he gestured with his hands
" ” D’fhiafraigh mé de, cad é an dóigh atá air anois agus d’fhoghlaim mé ón dóigh ar chomharthaigh sé lena dhá láimh, gur cuma leis faoin dá chois.
ar chomharthaí dátheangacha on bilingual signs
" Go mbeidh cothrom na Féinne faighte againn don Ghaeilge ar chomharthaí dátheangacha.
Chomharthódh a leithéid such a thing/change would signal
" Chomharthódh a leithéid go bhfuil cúltaca ag muintir na Gaeltachta, ar leic an dorais acu i nGalltacht na hÉireann.
chomharthaí tráchta (international) traffic signs
" Feictear iad i bhfuinneoga siopaí, ar fhógraí tráchtála, ar bhileoga, ar fhógraí oifigiúla agus ar chomharthaí tráchta idirnáisiúnta.
Comharthaíonn an méid sin that goes to show
" Comharthaíonn an méid sin go bhfuil an turasóireacht níos tábhachtaí ná an fheirmeoireacht.
chomharthaí bóthair road signs
" Tá dul amú an-mhór ar na daoine atá buartha go ndéanfaidh sé dochar don turasóireacht i gCiarraí an logainm Gaeilge “an Daingean”, seachas an leagan Béarla, bheith in úsáid ar chomharthaí bóthair agus ar léarscáileanna.
Dea-chomharthaí good sign
" Dea-chomharthaí ab ea é, gan amhras, ach dar le Robert McMillen, níl an t-athmhuintearas céanna i gceist i ngach réimse de shaol an Tuaiscirt.
An gcomharthaíonn salachar does dirt display
" An féidir linn leanacht ar aghaidh ag milleadh gach áit inár dtimpeall?An gcomharthaíonn salachar tinneas intinne a bheith orainn mar dhream? Tugann Donncha Ó hÉallaithe cur síos ar an earrach i gConamara, ach deir sé go bhfuil cuid den mhaitheas bainte as an Earrach ag an bplaisteach dubh, fágtha ina ndiaidh ag feilméirí.
gcomharthaíonn signifies
" Tuigeann PJ Mac Gabhann go gcomharthaíonn an cúram ar leith a dhéantar de féin is dá bhean i siopaí agus i mbialanna St Germain-en-Laye go n-aithníonn muintir na háite mar chairde anois iad.
chomharthaí bóthair na tíre the country’s signposts
" Tugann Maura Lynskey aird i dtólamh ar fheiceálacht na teanga seo ar chomharthaí bóthair na tíre.