Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
iomaíocht competing
" Do lucht leanúna na gcontaetha sin, tá an bhliain thart, agus níl aon ní le déanamh acu anois ach suí siar agus breathnú ar na contaetha eile dul san iomaíocht lena chéile.
ag iomaíocht competing
" Má thagann foireann Éireannach chun cinn ariamh a dhéanfaidh go maith san Eoraip, is mór an seans gur ag imirt i Stadium Ireland a bheidh siad agus gurb é an Premiership an tsraith ina mbeidh siad ag iomaíocht.
le dul in iomaíocht le to compete with
" B'fhéidir ansin go n-éireodh le hÁth Cliath foireann den scoth a chur chun páirce le dul in iomaíocht le Cill Chainnigh, an Clár agus araile.
in iomaíocht le competing with
" " - *David Lee, eagarthóir na hirise ealaíne* The Jackdaw Bhí triúr eile in iomaíocht le Creed chun duais £20,000 an Turner a bhuachan: an grianghrafadóir Richard Billingham as Birmingham a úsáideann a theaghlach mífheidhmiúil mar fhoinse; an scannánadóir Isaac Julien as Londain a dhéanann scannáin, físeáin agus suiteálacha bunaithe ar bhunchruthanna ciníocha agus inscneacha; agus an t-ealaíontóir suiteála Mike Nelson a chruthaíonn timpeallachtaí bréagacha atá breac le tagairtí stairiúla, cultúrtha agus sóisialta.
ag iomaíocht competing
" Am agus dua ======= Ar an gcéad amharc, déarfadh duine gur mhaith an rud é cúnamh a thabhairt dóibh siúd atá ag iomaíocht thar ceann na tíre ag leibhéal ard idirnáisiunta i spóirt aonair a mbíonn go leor ama agus dua ag baint leo agus costas go leor freisin.
ag dul in iomaíocht le competing with
" Bhí sé suimiúil go raibh gach duine a labhair ag Ardfheis Fhianna Fáil i mí an Mhárta faoi bhun 30 bliain d'aois, daoine a bheas ag dul in iomaíocht le Sinn Féin - a mbeidh bagáiste na streachtailte armtha caite ar leataobh le fada an lá acu - má fhanann siad sa pholaitíocht.
dul san iomaíocht compete
" An é go bhfuil caighdeán na bhfoirne sin tite go sealadach nó an bhfuil géarchéim sna contaetha sin maidir le dul chun cinn na hiomána? Na scéalta atá ag teacht as Corcaigh is measa, sé sin, go bhfuil caighdeán na gclubanna íslithe an oiread sin nach bhfuil ar a gcumas dul san iomaíocht i gceart i gcraobhchomórtas chlubanna na Mumhan agus go bhfuil clubanna cáiliúla na cathrach, Naomh Fionnbarra, An Charraig Dhubh agus Fánaithe an Ghleanna tite i léig ar fad de bharr athruithe daonra agus thionchar an tsacair.
in iomaíocht lena chéile competing against each other
" Bíonn an cúigear seo páirteach i gcomórtais scéalaíochta agus sean-nóis go leanúnach agus is minic beirt nó triúr acu in iomaíocht lena chéile.
ag coimhlint competing
" Is deis atá sna cluichí idirnáisiúnta idir an Astráil agus Éire do pheileadóirí ón dá thír a bheith ag coimhlint in aghaidh a chéile.
dul san iomaíocht to compete
" Tuigim an brú atá ar RTÉ dul san iomaíocht leis na mórchainéil idirnáisiúnta ar an gcineál airgid atá ar fáil dó.
dul in iomaíocht leis na Spáinnigh compete with the Spanish
" Tá an cabhlach iascaireachta is mó san Eoraip ag na Spáinnigh, agus ba é an tuiscint a bhí ann an t-am sin ná gur chóir srianta áirithe a chur orthu, ar feadh roinnt blianta, chun deis a thabhairt do mhuintir na hÉireann an cabhlach s'acu féin a mhéadú sa chaoi is go mbeadh siad in ann dul in iomaíocht leis na Spáinnigh in am trátha.
ag iomaíocht le chéile competing with each other
" Ní mé cén míniú atá le feiniméan seo na ndeartháireacha, ach seans go mbaineann sé le deartháireacha a bheith de shíor ag cleachtadh agus ag iomaíocht le chéile amuigh sa gharraí nó ar chúl an tí.
ag seasamh an fhóid ar son Loch Garman competing for Wexford
" Dá bhfaigheadh muid iarratas amháin ó chuile chraobh bheadh an-chomórtas againn! Dá mbeinnse i mbun Chonradh na Gaeilge i Loch Garman, mar shampla, nó in aon chontae eile sa tír, bheinnse ag iarraidh go mbeadh seaimpín áitiúil ag seasamh an fhóid ar son Loch Garman ag an Oireachtas.
i mbun iomaíochta competing
" Ní ar bhféar amháin a bhíonn muintir na Ceathrún Rua i mbun iomaíochta.
chun dul in iomaíocht le to compete with
" Ní gá a rá gur seirbhís riachtanach é an teileafón baile sa lá atá inniu ann agus, leis na hathruithe sa reachtaíocht maidir le CPS (*Caller Pre Selection*), tá a lán comhlachtaí nua tar éis teacht isteach sa tír seo chun dul in iomaíocht le hEircom, an seanfhondúir.
ag iomaíocht go tréan competing intensely
" Bímid ag iomaíocht go tréan agus ag déanamh ár seacht míle dícheall an bua a fháil.
dul in iomaíocht le comhlachtaí príobháideacha to compete with private companies
" Ach, mar a mhínigh urlabhraí thar cionn Chomhairle Chontae Chill Chainnigh le linn éisteachtaí Choiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an mBunreacht an samhradh seo caite, ciallaíonn an praghas ard ar thalamh na laethanta seo nach bhfuil sé ar chumas na n-údarás áitiúil dul in iomaíocht le comhlachtaí príobháideacha le paiste talaimh a cheannach.
dul in iomaíocht to compete
" Tá obair mhór ar siúl ag bainistíocht Átha Cliath faoi láthair chun struchtúr agus córas ceart éifeachtach a chur i bhfeidhm a chinnteoidh go mbeidh foireann na hardchathrach in ann dul in iomaíocht leis na contaetha is láidre san am atá le teacht.
dul in iomaíocht leis an Uasal Ryan to compete with Mr Ryan
" Tuigeann Niall Andrews, dar ndóigh, gur fearr go mór an seans a bheidh ag a mhac féin, Chris, suíochán Dála a bhuachan an chéad uair eile más rud é nach gcaithfidh sé dul in iomaíocht leis an Uasal Ryan, atá faoi láthair ina TD sa dáilcheantar céanna.
a chuaigh san iomaíocht who competed
" Tá aitheantas tugtha le déanaí ag Pat Hickey, Uachtarán Chomhairle Oilimpeach na hÉireann do ghaisce Mhic Gearailt agus tá eagraíocht nuabhunaithe, Cumann Oilimpeach na hÉireann, chun aitheantas cuí a thabhairt do gach Éireannach a chuaigh san iomaíocht thar ceann na hÉireann ag na cluichí Oilimpeacha.
san iomaíocht competing
" Cé nach bhfuil aon "Ringy" ann anois, fós meallann Craobhchomórtas na Mumhan na mílte duine as lasmuigh de na contaetha a bhíonn san iomaíocht.
in iomaíocht lena chéile competing with each other
" Ach cá háit a dtéann amhraí eile na hÉireann lena scíth a ligean agus le teacht chucu féin arís i ndiaidh bliain mhór oibre a chur isteach? Tá Éamon Ó Caoimhnis, Aire na Galltachta, ag dul ar ais go dtí Féile na nGael i Milwaukee Cois Locha, ach tá ár sáith ráite faoi Joe Mac Dunno agus é féin agus a gcuid eachtraí ann anuraidh - an bheirt acu in iomaíocht lena chéile ag iarraidh an óráid ab fhaide a thabhairt agus an líon ba mhó daoine a chur ina gcodladh.
dul in iomaíocht leis compete with
" Cén dóigh ar féidir leis an táirge turasóireachta seo dul in iomaíocht leis an Fhrainc, An Spáinn, An Iodáil nó fiú Londain? Níl na freagraí ag an lucht straitéise turasóireachta agus, go dtí go mbeidh, ní éireoidh linn dul chun cinn a dhéanamh.
dul in iomaíocht le compete with
" Ach dá mbeadh cead ag an lucht geal drugaí a úsáid, mar shampla EPO, druga a mhéadaíonn ar líon na gceall dearg san fhuil, b'fhéidir go mbeidís in ann dul in iomaíocht le muintir na hAfraice agus an cine gorm i gcoitinne.
dul in iomaíocht to compete
" Ach dá mbeadh cead ag an lucht geal drugaí a úsáid, mar shampla EPO, druga a mhéadaíonn ar líon na gceall dearg san fhuil, b'fhéidir go mbeidís in ann dul in iomaíocht le muintir na hAfraice agus an cine gorm i gcoitinne.
dul in iomaíocht to compete
" (Go ró-éasca b'fhéidir!) Agus cé gur thóg sé tamall fada ar Aer Lingus dul in iomaíocht i gceart le Ryanair agus ticéid shaora a dhíol ar an idirlíon, tá siad anois chun cinn orthu maidir le trealamh sna haerfoirt.
in iomaíocht le competing with
" Shíl gach duine, dar ndóigh, go mbeadh Cill Chainnigh in iomaíocht le Corcaigh don chraobh arís i mbliana ach tháinig báireoirí sciliúla na Gaillimhe idir iad agus an tairngreacht áirithe sin.
san iomaíocht competing
" Dá bhrí sin, ní bheidh iománaithe Aontroma ná aon fhoireann as Cúige Uladh san iomaíocht le haghaidh Chorn Mhic Cárthaigh an chéad bhliain eile.
dul in iomaíocht le comhlachtaí nó infheisteoirí móra to compete with big companies and investors
" Bhí siad buartha go mbeadh drochthionchar ag an Aontas Eorpach ar an tír, toisc go bhfuil sí chomh beag agus nach mbeadh a muintir féin in ann dul in iomaíocht le comhlachtaí nó infheisteoirí móra.
in iomaíocht le scoil aonair competing with a single school
" Dar leo, níl sé cóir go mbeadh foireann agus imreoirí as scoileanna éagsúla uirthi in iomaíocht le scoil aonair.
san iomaíocht competing
" Tá a fhios agam gur féidir le duine bheith gafa agus an-ghafa le foireann nó le cúrsaí spóirt, agus go dteastaíonn cur chuige an-dian le bheith san iomaíocht ag leibhéal ard, ach uaireanta, agus laethanta breátha fada grianmhara an tsamhraidh ag teacht agus ag imeacht, bím scoite amach ón rírá go léir agus ní miste liom sin.
dul san iomaíocht le Boeing compete with Boeing
" Chruthódh sé go bhféadfadh na hEorpaigh dul san iomaíocht le Boeing agus a 747 cáiliúil.
in iomaíocht competing
" Bíonn liosta daoine eile in iomaíocht leat.
a dhul in iomaíocht leo, to compete with them,
" Uaireanta, déanann Liverpool iarracht a dhul in iomaíocht leo, ach de ghnáth críochnaíonn siad sa cheathrú háit, líon mór pointí taobh thiar de na foirne eile.
in iomaíocht don duais cháiliúil, competing for the famous prize,
" Agus ceathrar in iomaíocht don duais cháiliúil, mar aon le £25,000 agus aitheantas idirnáisiúnta, ní hionadh ar bith go n-éiríonn an troid níos teasaí agus níos géire le himeacht gach bliana.
chun dul in iomaíocht i gceart to compete properly
" D’eisigh Thomson Scientific ráiteas ag rá go raibh orthu an chéim seo a ghlacadh toisc go raibh orthu costais inmheánacha a laghdú chun dul in iomaíocht i gceart sa mhargadh.
chun dul in iomaíocht leo to compete with them
" Ní fheadar ar athraigh daoine a n-aigne tar éis dóibh féachaint ar an nuacht? Agus cén todhchaí a bheidh rompu nuair a fhágfaidh siad an ollscoil lena gcáilíochtaí ríomhaireachta? Iomaíocht Is léir go bhfuil tíortha san Áis in ann gnó a mhealladh agus is léir freisin gur gá dúinn oibriú go dian chun dul in iomaíocht leo mar thír.
ag iomaíocht competing
" Bhuaigh mé féin ocht mbonn óir sna comórtais seo go dtí gur éirigh mé as a bheith ag iomaíocht iontu.
dul in iomaíocht le cineálacha eile spóirt to compete with other kinds of sports
" Tá ag teip ar CLG dul in iomaíocht le cineálacha eile spóirt sa lá atá inniu ann agus caithfear an fhadhb sin a réiteach.
san iomaíocht don chonradh sin. competing for that contract.
" Agus is léir go bhfuil údar bróid aige mar gheall ar gur éirigh leis an nuachtán an conradh úr do nuachtán laethúil a fháil ó Fhoras na Gaeilge, in ainneoin go raibh grúpa láidir, an *Irish News*, san iomaíocht don chonradh sin.
san iomaíocht, competing,
" Tá sé i bhfad níos deacra craobhchomórtas a bhuachaint mar dhuine aonair ná mar atá sé comórtas foirne a bhuachaint agus dhá fhoireann san iomaíocht, mar a tharlaíonn i gcás Chorn Ryder.
in iomaíocht lena chéile competing with each other
" Ach tá an fhéiniúlacht chomh diongbháilte sin i muintir an tuaiscirt – as siocair iad a bheith in iomaíocht lena chéile ar feadh na gcéadta bliain – go mbeidh sé cúpla glúin eile sula gcuirfear deireadh leis an seicteachas ar fad, más indéanta ar chor ar bith é.
dul in iomaíocht to compete
" “Ní mar cháineadh a deirim seo, ach ní dhéanann sé mórán céille dul in iomaíocht le leithéidí Channel 4 ó thaobh gnéchláracha nó cláracha stíl mhaireachtála de.
den chaoi ar féidir leis na micribheoracha dul in iomaíocht go rathúil of the way the microbreweries can compete
" Eiseamláir is ea grúdlann Samuel Adams den chaoi ar féidir leis na micribheoracha dul in iomaíocht go rathúil leis na mórbhrandaí, ach más ea, níl sé leis féin.
ag iomaíocht le chéile competing with each other
" ” Ar bhraith sé strus ag obair ina leithéid de thimpeallacht?“Bhraitheas, gan dabht, agus nuair a bhíodh ceantair áirithe san ollscoil ag iomaíocht le chéile faoi rudaí is cinnte go gcuirfeadh sé sin isteach go hindíreach ar do chuid oibre-se.
dul in iomaíocht faoina mbratach féin compete under their own flag
" Dhiúltaigh Prionsa Seoirse na Gréige d’achainí phearsanta a rinne O’Connor leis – dúirt sé, go searbhasach, go dtiocfadh le lúthchleasaithe na hÉireann dul in iomaíocht faoina mbratach féin nuair a bheadh a rialtas féin acu.
in iomaíocht lena chéile competing with each other
" Deir sé nach mbíodh na ceoltóirí sin in iomaíocht lena chéile ach go mbíodh siad i gcónaí “ar thóir na splaince, an mhothúcháin” agus gur éirigh leo é sin a chur in iúl fiú sa stiúideo taifeadta.
ag dul in iomaíocht le competing with
" **Scáileán tadhaill**Ar ndóigh, ní raibh aon chaint ar ghutháin agus scáileán tadhaill acu go dtí gur sheol Apple an iPhone – anois tá na scáileáin sin ar fud na háite agus tá déantóirí eile ag dul in iomaíocht le Apple chun tomhaltóirí a mhealladh.
ag iomaíocht i gcomórtas amhránaíochta competing in a singing competition
" Is cuimhin liom a bheith ag iomaíocht i gcomórtas amhránaíochta ar an sean-nós i seomra ranga i Scoil Chuimsitheach Bhaile Munna.
dul in iomaíocht compete
dul in iomaíocht to compete against
" Beidh $48 Billiún á chaitheamh sa cháinaisnéis seo ar oideachas, cloch mhór ar pháidrín an Uachtaráin, agus bealach trína gceapann sé go mbeidh Meiriceánaigh in ann dul in iomaíocht le tíortha eile amach anseo.
In Iomaíocht competing
" In Iomaíocht B’éigean do Gormley dul i ngleic le healaíontóirí mór le rá eile ar nós Anish Kapoor agus Tracey Emin leis an choimisiún seo a bhaint agus deir sé go mbeidh an saothar seo ina phortráid ar Bhreatain na linne seo.
i gcomórtas leis competing with
" Rachadh suíomhanna idirlín i gcomórtas leis na nuachtáin agus dá n-éireodh thar cionn leo, bheadh deireadh leis an tsean-nuachtán.
in iomaíocht competing
" Ní gá ach breathnú ar leathanach Facebook Futa Fata agus feicfidh tú go bhfuil siad ag cothú pobail, ach ní dóigh liom gur ar phobal custaiméaraí is abhcóidí branda a bhí an tOireachtas ag smaoineamh nuair a chum siad an critéir ‘cothú pobail’! Níl sé soiléir cé leis a mbeadh an blag seo in iomaíocht (níl mórán soiléir ar shuíomh an Oireachtais, ach tuilleadh faoi sin ar ball) mar a thuigimse é le duais €1,000.
in iomaíocht competing
" San áit nach raibh cúinsí geilleagair is fógraíochta sách folláin le nuachtán amháin a bheathú, cad chuige go mbeadh muid ag dréim go mairfeadh dhá cheann agus na cúinsí airgeadais céanna imithe chun donais? Is minicí go dtagann scéala chugainn na laethanta seo faoi chomhlachtaí a bheith ag druidim, ach seo chugainn dhá thogra úra atá ag cur tús le gnó agus go deimhin ag dul in iomaíocht lena chéile agus iad lonnaithe i ngiorracht scread asail dá chéile! Dá olcas a bhí imeacht Lá Nua is an seanleagan de Foinse, is tubaisteach i bhfad é mura mbeadh ceachtar den dá nuachtán nua i mbun trádála cothrom an lae seo an bhliain seo chugainn.
in iomaíocht competing
" Beirt bhan mhéanaosta más ea, deirfiúracha, máthair agus aintín, in iomaíocht lena chéile do ghrá an déagóra spícigh chasta seo, nach raibh mórán ceoil ina cheann istigh go fóillín aige, go dtí go gcasann Paul óg McCartney ar ball air.
gcoimhlint competing
" Thagair an file Tadhg Dall Ó hUiginn don ghraifne ag Inis Cheithleann breis is ceithre chéad bliain ó shin: Eich an dúin ag dul i gcoimhlint do chím arís a rith fa seach, gur ceileadh leo tolcha an talaimhgan cheo orthu ach aghaidh each.
ag coimhlint competing
" >“Tá cuspóirí ar leith ag mo chuid oibre; a bheith ag coimhlint in aghaidh taomanna imeagla de réir mar a thagann siad orm.
in iomaíocht competing against
" Ar an gcaoi chéanna i gCiarraí Thuaidh, beidh an Lucht Oibre in iomaíocht le Martin Ferris ó Shinn Féin le suíochán Dick Spring a fháil ar ais.
iomaíocht leis compete with
" B’fhéidir gur siopadóir thú féin agus go bhfuil tú ag cuimhneamh duit féin, conas is féidir leat gabháil in iomaíocht leis na brandaí móra idirnáisiúnta.
rachadh in iomaíocht would compete
" Tá áiteanna éagsúla ar domhan a rachadh in iomaíocht leis an trá seo ó thaobh radhairc de, ach ní dóigh liom go mbeadh trá ar bith eile chomh glan nó chomh ciúin le Trá Whitehaven agus é a bheith insroichte ag an am céanna.
in iomaíocht competing
" Tá cuimhne fós aige fosta ar na comórtais a bhíodh ar siúl idir é féin agus an fíor Joe Mac Donagh: an bheirt acu in iomaíocht lena chéile ag iarraidh an t-aitheasc ab fhaide a thabhairt agus an líon ba mhó daoine a chur ina gcodladh.
dul in iomaíocht compete
" Ceangal na Saorthrádála ============= Mar bharr ar an donas, níl BlueScope in inmhe dul in iomaíocht le cruach allmhairithe taobh istigh den Astráil.
i gcomórtas lena chéile all competing
" Ní raibh na focla ach ráite aici nuair a bhailigh na mná eile timpeall orainn iad i gcomórtas lena chéile ag iarraidh ar an gcailín ceist eile a chur orainn.
gabháil in iomaíocht to compete
" Le borradh faoin leathanbanda agus faoi fhorbairt consól cumhachta, tá rochtain ag na mílte duine ar an ábhar chun ligint dóibh gabháil in iomaíocht leis na himreoirí is fearr ar domhan.
i gcomórtas lena chéile competing with each others
" Bhí na fir i gcomórtas lena chéile ag cur aithne ar an mbean nua seo.
le dul san iomaíocht to compete
" Baineann an comórtas leis na tíortha Ceilteacha amháin - Alba, Éire, An Bhreatain Bheag, Oileán Mhanainn, Corn na Breataine agus an Bhriotáin, agus cuirtear iontrálacha ó na rannóga éagsúla faoi bhráid choiste náisiúnta i ngach tír i dtosach leis an scoth a roghnú le dul san iomaíocht ag an tionól idirnaisiúnta seo.
san iomaíocht san earnáil neamhspleách competing in the independent sector
" Comhlachtaí Miona ====== **SMM: An mbíonn aon teannas sa tionscal idir na comhlachtaí in iarthar na hÉireann, nó idir iarthar na hÉireann agus RTÉ?** CÓC: Bíonn tú i gcónaí san iomaíocht san earnáil neamhspleách, ach, níl.
in iomaíocht léi in competing against her
" Sa bhreis air sin, táthar le fiosrúchán eile á dhéanamh ar an “Banphrionsa Gáis”, mar a thugtaí ar Tymoshenko tráth, i ngeall ar choireanna a rinne sí, mar dhea, agus í fós i mbun comhlacht mór fuinnimh i lár na 1990í; ina measc siúd tá claonchasadh agus baint a bheith aici le hiarracht Theachta Parlaiminte de chuid na hÚcráine a mharú, fear a bhí in iomaíocht léi i saol an ghnó.
san iomaíocht competing
" D'fhág seo nach raibh ach dhá chumann eile, Cláirseacha Madrid agus Sant Vincent Valencia, san iomaíocht leis an gcumann baile.
ag iomaíocht competing
" Ar chaoi ar bith, beimid ag coinneáil súil ar ár gcuid féin, idir lúthchleasaithe, dhornálaithe agus eile, agus iad ag iomaíocht sna cluichí is géire coimhlinte ar domhan agus beimid ag súil go n-éireoidh go geal leo.
in iomaíocht le competing with
" Bhíodh cláracha d’ardchaighdeán á ndéanamh ag an Aonad Ghaeilge, ar chostas rómhór b’fhéidir, agus iad ag tarraingt lucht féachana an-mhaith: 12% - 18% den lucht féachana sa tír, agus iad in iomaíocht le Coronation St.
Scoth an Domhain san Iomaíocht the best in the world competing
" Scoth an Domhain san Iomaíocht ============== Gheall Archer go mbeadh spórt den chéad scoth lárnach ina clár agus cuir sí lena focal arís.
le dul in iomaíocht leis an tSín to compete with China
" Má tá an Eoraip le dul in iomaíocht leis an tSín agus leis na Stait Aontaithe, luíonn sé le réasún gur gá cur le chéile.
iomaíocht dhian competing hard
" Cuirimid an-bhéim ar thraenáil rialta agus ar iomaíocht dhian”.
faoina iomaíocht i gcomórtas about his competing in the (I. M.) competition
" Léigh mé alt le rachmasaí fiontair inar scríobh sé faoina iomaíocht i gcomórtas an ‘*Iron Man*’ ina bhfuil: *‘3.
le bheith san iomaíocht to compete
" Tá cinneadh gan freasúra glactha ag Comhairle Chathair Dhoire ar na mallaibh, fágaim, le bheith san iomaíocht leis an ghradam Cathair Chultúir na hEireann a bhaint amach i gceann cúig bliana.
in ann dul in iomaíocht leo able to compete with them
" Nuair a osclaíodh monarchana Holden i dtíortha san Áis, fearacht na Cóiré Theas, na Téalainne agus na hIndinéise, ní raibh an Astráil in ann dul in iomaíocht leo agus cailleadh an margadh idirnáisiúnta dá thoradh sin.
chur ag iomaíocht in aghaidh a chéile to put competing against each other
" An trí pobail éagsúla a chur ag iomaíocht in aghaidh a chéile, i gcomórtas seanchaite gan mórán toradh fadthréimhseach? Beidh an cúram ar Ghael-Linn dul ag plé le ‘oideachas in earnáil an bhéarla’, in áit an cúram a chur orthu siamsaíocht trí mheán na Gaeilge a eagrú is a spreagadh is a chothú, rud a theastaíonns go géar, le deiseanna a chur ar fáil do dhaoine le Gaeilge í a úsáid go sóisialta.
dul in iomaíocht leis compete with
" Ní thig le nuachtán le beirt iriseoirí dul in iomaíocht leis na mórnuachtáin Bhéarla.
in iomaíocht lena chéile competing against each other
" Mar a dúirt Adam Rhodes ó Bharrule, nuair a bhuaigh siad an vóta ar Spiral Earth, tá borradh faoi cheol traidisúnta faoi láthair agus tá neart grúpaí in iomaíocht lena chéile chun ‘gigs’ a fháil.
san iomaíocht competing (for)
" Féachann Ciara Nic Gabhann ar stair Dhuais Turner agus tugann sí cur síos ar chuid de na healaíontóirí agus de na saothair atá san iomaíocht don duais i mbliana.