Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
curtha i gcrích completed
" "Mar chuid den scéim atá leagtha amach do Bhéal Feirste agus atá le bheith curtha i gcrích faoin bhliain 2008, tá an Catherdral Quarter le forbairt, agus is é an sprioc atá leis ná go mbeidh an ceantar seo ar nós Bharra an Teampaill i mBaile Átha Cliath.
malairt ghlan complete opposite
" ) Anois, agus beagnach ocht mbliana caite in Éirinn agam, bíonn deacrachtaí agam fós ó am go chéile an meon seo a thuiscint, mar gurb é malairt ghlan mheon na nÍsiltíreach i leith teangacha é.
A mhalairt ar fad the complete opposite
" A mhalairt ar fad a bhí i gceist i gcás Dhlíthe na mBreithiúna, an seanchóras dlí in Éirinn, nuair a bhí an bhéim ar aisíocaíocht don íospartach.
curtha i gcrích completed
" Táim saghas mórálach as rudaí a bheith tosnaithe agus iad a bheith curtha i gcrích agus iad a bheith fós beo.
an t-aistear a chur dhíobh to complete the journey
" Bhí 22 carr páirteach ar fad agus thóg sé tuairim is seachtain ar na cinn ba mhoille an t-aistear a chur dhíobh.
iomlán complete
" Leithris phoiblí ======= Anois, ceist nach bhfuil chomh tromchúiseach céanna … Ní bheadh na liostaí mianta iomlán bliain ar bith i Nua-Eabhrac gan impí a bheith iontu go gcuirfí leithris phoiblí ar fáil sa deireadh thiar ar shráideanna Manhattan.
A mhalairt ar fad the complete opposite
" A mhalairt ar fad atá fíor i gcás na ndílseoirí, ar ndóigh.
ar slabhra ag suaimhneasáin under the complete control of sedatives
" Bhuail mé le cúpla rúnaí a bhí ar slabhra ag suaimhneasáin.
deighilt iomlán complete separation
" Ni bheadh aon bhaint ag na daoine a ghlacfadh rólanna Adams agus McGuinness le Sinn Féin, a mhaígh sé, sa dóigh is go mbeadh deighilt iomlán idir an páirtí agus an IRA.
a thionscadal a thabhairt chun críche to complete his project
" Thóg sé ocht mbliana is fiche ar Ghiberti a thionscadal a thabhairt chun críche agus nuair a chonaic Michelangelo é dúirt sé gur “Porto del Paradiso” a bhí ann.
cruthanta complete
" Gobshiites gach aon uile dhuine dá shinsear, bíodh a fhios agat; Gobshiites cruthanta! Ná creid na seanscéalta a chuala tú ar scoil fá dtaobh de mhuintir Uí Néill agus Lámh Dhearg Abú agus Cogadh na Naoi mBliana agus an cac sin ar fad.
athrú ó bhonn a complete change
" Tiocfaidh athrú ó bhonn ar chrot an phláinéid agus ar ár slí mhaireachtála dá réir.
níor mhór don rialtas polasaí críochnúil comhtháite a fhorbairt the government would need to develop a complete and coherent policy
" Thar aon ní eile, níor mhór don rialtas polasaí críochnúil comhtháite a fhorbairt idir na ranna rialtais éagsúla lena chinntiú nach leanfaidh muid orainn ag séanadh ár ndualgas agus ár bhfreagracht i leith na ceiste seo.
a críochnaíodh agus a coisriceadh which was completed and consecrated
" Bhí ardeaglais ollmhór ann, a críochnaíodh agus a coisriceadh sa bhliain 1318 agus Raibeart Brus i réim.
cuardach iomlán a complete search
" cuardach iomlán Chruinníomar go léir mar ghrúpa i bhforhalla an phríosúin.
siollabas iomlán complete syllabus
" Dúirt Keith Wyness, ceannaire an Acadaimh, agus é ag seoladh an tsuímh, go bhfuil siollabas iomlán an Acadaimh ar an suíomh.
ní ba chruthanta more complete
" Ní hé amháin go raibh eagna chinn as an ghnách aige ach bhí sé ní ba chruthanta ná na páistí scoile eile.
curtha i gcrích, completed
" An t-am seo an bhliain seo caite, d’fhógair mé go raibh m’albam féin – a rabhas ag obair air le blianta – curtha i gcrích, nach mór, agus go rabhas cinnte go n-eiseofaí an t-albam san athbhliain.
a chur i gcrích to complete
" Beidh siad le cloisteáil ar an 13 Márta mar chuid de sheó speisialta a bheas á reáchtáil ag Club Sult in Vicar Street le linn Sheachtain na Gaeilge, tráth a dhéanfaidh Des an chuid dheireanach den dúshlán a chur i gcrích mar gur daoine a bhfuil Gaeilge acu, den chuid is mó, a bheas sa lucht féachana.
i ndiaidh dó an tsraith a chur i gcrích. after he has completed the series
" Maidir le Des, tá sé ar intinn aige féin leanúint ar aghaidh leis an nGaeilge i ndiaidh dó an tsraith a chur i gcrích.
chun misean Íosa a chur i gcrích. to complete Christ's mission.
" Tá sé maíte ag Moon, mar shampla, gurb eisean an Meisias a d’fhill chun misean Íosa a chur i gcrích.
lena dualgais a chur i gcrích to complete her duties
" Tá a lán cosúlachtaí idir dualgais an ghobharnóra stáit agus dualgais an ard-ghobharnóra, agus mar sin de táthar ag súil go bhfuil an taithí chuí bainte amach aici lena dualgais a chur i gcrích go héifeachtach ag an leibhéal náisiúnta.
nuair a bhí an t-amhrán curtha díom, when I had completed the song
" Ar an ócáid seo, nuair a bhí an t-amhrán curtha díom, d'osclaíos mo shúile go mall agus an bualadh bos béasach ar siúl.
sula raibh an jab curtha i gcrích acu before they had completed the job
" Mhaígh Howard go mbeadh sé ina ollbhua ag na sceimhlitheoirí dá dtabharfaí abhaile na trúpaí comhraic Astrálacha “sula raibh an jab curtha i gcrích acu”.
deighilt ghlan a complete separation
" Dar le Grúpa McDowell, tá sé níos tábhachtaí i dtír bheag go mbeadh deighilt ghlan idir na bainc agus an rialtóir.
cuimsitheach complete, comprehensive
" Níl aon amhras ach go bhfuil an-bhrú ar an Taoiseach, Brian Cowen, plean cuimsitheach i dtaobh Chonradh Liospóin a chur os comhair an chéad chruinnithe eile den Chomhairle Eorpach.
A ghlanmhalairt de thuairim the complete opposite view
" A ghlanmhalairt de thuairim Bhí iontas orm bliain is an taca seo, mar sin, nuair a léigh mé 'Irish , Catholic and Scouse: The History of the Liverpool-Irish, 1800-1939' leis an Ollamh John Belcham, Ollscoil Learphoill.
cosc iomlán complete block on
" Ach má leanann leithéidí Ryanair ar aghaidh ag gearradh siar ar bhagáiste, b'fhéidir amach anseo go mbeidh cosc iomlán á chur ar bhagáiste láimhe agus go mbeimid ag tabhairt leabharlann linn i bhfoirm leictreonach chun ár leabhair a choinneáil faoi cheilt! Tá an leagan Windows den ghramadóir "Ceart" a fhoilsíonn Diarmaid ar fáil ar an suíomh www.
lomchodarsnacht complete opposite
" Anois caidé a bhí tú ag rá, a Chacail?” I lomchodarsnacht le ráitis Mháire Ní Chlochráin, tá George Lee den bharúil gur sa bhuinneach bhuí atá muid agus nach bhfuil romhainn amach ach a thuilleadh den sciodar.
an domhan ar barr ithreach the world in complete strife
" Ní shásófar na nuachoimeádaigh go dtí go mbeidh an domhan ar barr ithreach le cogadh dearg idir Iarthar Domhain agus Ioslam, agus mura ndúise muintir Mheiriceá gan mhoill, beidh a leithéid ar bonn, faraor.
cead a gcinn complete freedom
" Bíonn cead a gcinn, i ndáiríre, ag an rialtas agus níl ar chumas an Fhreasúra cuntas a iarraidh ar an rialtas.
neamhaird iomlán complete disregard
" ‘Tá an cinneadh seo ag déanamh neamhaird iomlán ar mhothúcháin chustaiméirí le máchail aghaidhe, nó arís, iad siúd a bhfuil ainimh éadain ar pháiste leo.
miotas iomlán complete myth
" Is miotas iomlán é go mbíonn iarrthóirí in ann tionchar mór a imirt ar thriall a chuid vótaí, tar éis a chur as an áireamh.
comhlíonta completed
" Anois, ’sé an fhealsúnacht nuachumtha atá agam nó – cruthaigh agus comhlánaigh rudaí! Ní chaithfidh siad a bheith maith, ach caithfidh siad a bheith comhlíonta.
claochlú foirfe complete metamorphosis
" Cé gur éirigh liom bail a chur ar mo shaol agus d’éirigh mé i bhfad ní ba tháirgiúla, ní sin le rá go bhfuil claochlú foirfe déanta agam, ná a dhath cosúil leis.
lánchosc complete ban
" Ba bheag tír a chuir lánchosc ar tháirgí ola ón Nigéir, áfach, agus leanadh ar aghaidh leis na hionsaithe ar bhailte Ogoni.
lug ar an lag a complete collapse
" Titeann an lug ar an lag agus an clár ag dul amach ar an aer nuair a ghlaíonn an pobal isteach chun ‘gaisce’ na beirte ‘laoch’ a shéanadh.
treafa ploughed, completed
" Níl an t-iomaire a bhí roimhe treafa ag an Aire Ó Cuív agus is baolach gur ar an mhéar fhada a fhanfas an chonspóid seo agus go bhfágfar faoi thíortha eile an fómhar turasóireachta a bhaint.
iomlánaíonn complete
" Ach is sinne, an lucht féachana, na heagarthóirí a iomlánaíonn an scéal, óna shamhlaoidí siúd, dúinn féin.
cóireáil uilíoch complete care
" Ar ndóigh, ní thuigfidh Eorpaigh go rómhaith cén fáth go bhfuil an bille seo chomh conspóideach, mar tá cóireáil uilíoch sách fairsing in Iarthar na hEorpa, ach is rud nua do Mheiriceánaigh é, agus tá faitíos orthu roimhe.
leasú ó bhonn complete reform
" Ar cheann de na moltaí is conspóidí sa dréachtstraitéis, tá go gcuirfí leasú ó bhonn ar Údarás na Gaeltachta agus gur Údarás na Gaeilge a dhéanfaí den eagraíocht sin, eagraíocht a bheadh freagrach feasta – is cosúil – as an bpleanáil teanga sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre.
teip iomlán complete failure
"teip iomlán a bhí sa Chomhdháil um Athrú Aeráide a tionóladh i gCóbanhávan an mhí seo caite, ach léirigh sé a dheacra is a bheidh sé aontú mór cuimsitheach a fháil a chuirfidh deireadh le Ré an Charbóin.
neamhaird ghlan complete disregard
" Níl aon sprioclá luaite i dtéacs an aontaithe; ní chuireann sé dualgas dleathach ar aon tír níos lú carbóin a astú; nó ní chuirfear pionós ar bith ar aon tír as neamhaird ghlan a dhéanamh den aontú nua.
cuimsitheach complete
" Tá sé mar aidhm ag an suíomh mioneolas cuimsitheach faoi gach scoil san Astráil a sholáthair, agus beidh torthaí na scoileanna sna trialacha caighdeánaithe litearthachta agus uimhearthachta mar ghné lárnach an tsuímh.
cuimsitheach complete
" Is é an spríoc atá ag an chomórtas go dtaispeánfadh na hiarrthóirí go dtig leo clár cultúrtha a chur ar fáil atá cuimsitheach agus suimiúil, a bheadh ar ardchaigheán agus a thabharfadh an deis d’achan chuid den phobal páirt a ghlacadh ann agus leas a bhaint as an taithí.
iomlán complete
" Ceart Dom, Ceart Duit Sa chás *Roe v Wade*, 1973, chuir an chúirt deireadh leis an chosc iomlán ar ghinmhilleadh.
iomlán complete
" Gach rud! B’fhéidir nach mbeadh a lán aisteoirí ar a suaimhneas agus go rachadh siad thar fóir dá bharr sin ach tá smacht iomlán aige ar a bhfuil idir lámha aige.
neamhaird iomlán complete disregard
" Chreid go leor Ollannach – mise agus mo mhuintir ina measc – sa chaoinfhulaingt seo ar fad, ach ag breathnú siar ar laethanta órga ilchultúrtha na seachtóidí, na n-ochtóidí agus na nóchaidí, bheadh ‘do shaol a chaitheamh agus neamhaird iomlán a thabhairt ar shaol daoine eile’ níos gaire don fhírinne.
ghlanmhalairt complete opposite
" Ní féidir a shéanadh go ndearna formhór mór na ngnáth-Ollannach neamhshuim d’inimircigh ar feadh blianta; ní féidir a shéanadh ach an oiread go bhfuil daoine de bhunadh inimirceach sa tír sa lá inniu atá ag iarraidh aird a tharraingt ar bhealaí nach bhfuil le moladh, ná baol air, ach a ghlanmhalairt.
slánaithe completed
" Cúig bliana slánaithe ag *Beo!* Ní chreidim é.
ghlanmhalairt complete opposite
Glanmhalairt (the) complete opposite
" Glanmhalairt an Chur Chuige ========== Níor mhiste a rá ag an staid seo go bhfuil difir feoil is iasc idir staid na Gaeilge is na Gàidhlige.
iomlánú ar a chéile completed each other
" Rinne siad iomlánú ar a chéile agus bhí lámh acu beirt i mbláthú agus i bhfeo an fhir eile.
líonta completed
" De bharr go bhfuil dhá théarma as a chéile líonta aige sin, níor fhéad sé seasamh arís i mbliana, ach níl cosc ar bith air seasamh in athuair sa bhliain 2014.
cead a gcinn iomlán complete freedom
" Ba cheart, de réir a shoiscéil, cead a gcinn iomlán a bheith ag lucht ghnó.
chríochnaithe completed
" Tá sé ráite go mbeidh an Straitéis chríochnaithe foilsithe agus aontaithe roimh dheireadh na bliana.
cúl iomlán complete rejection
" Tar éis dúinn cúig bliana a chaitheamh sa fhreasúra agus slad ceart déanta orainn in dhá olltoghchán i ndiaidh a chéile, ní raibh de rogha againn ach cúl iomlán a thabhairt don seanchur chuige a bhí againn le linn réimeas an Tíogair Cheiltigh agus pilleadh ar bhunluachanna lucht bunaithe an pháirtí agus ag ceannairí éirí amach na Cásca atá á gceiliúradh againn i mbliana.
A mhalairt glan the complete opposite
" A mhalairt glan: b'amhlaidh gur thréig siad muid mar gur thug muid an t-eiteachas do na luachanna úd agus gur chum muid cinn úra.
iomlána complete
" - (b)“Tá sé níos áisiúla leis an gcarr”: cuir seastán rothair os comhair an tsiopa agus cuir scáthanna fearthainne ar fáil dóibh siúd atá ag siúl chuig carr nó cabhraigh leo a gcuid earraí a iompar a fhad leis an gcarr agus bí cinnte go gcuireann tú eolas chucu faoi na háiteanna is fearr agus is saoire le páirceáil sa cheantar: cruthaigh mapa ar Googlemaps le sonraí taistil iomlána air agus clóigh amach léarscáil bhrandáilte agus coinnigh ar an gcabhantair iad.
a mhalairt ar fad the complete opposite
" Ach fós nuair a ciontaíodh é, níor gearradh ach fíneáil AU$2100 air, mar dúirt an breitheamh nach raibh aon fhianaise ann gur chuspóirí mailíseacha a bhí ag Assange, ach a mhalairt ar fad – nach raibh i gceist aige ach fiosracht intleachtúil amháin.
mórcheannas ar complete command
" ”* Bhí a fhios ag ceannairí míleata SAM nach mbeadh na Síónaigh sásta le cuid de Phailistín, nó le Pailistín ina iomláine fiú; bhí mórcheannas ar an Meánoirthear uilig uathu.
cead a gcinn complete freedom
" Fágann sé fosta go mbíonn cead a gcinn ag airí an rialtais sa Dáil, rud a chuireann bac mór ar Theachtaí Dála cuntas a iarraidh ar an rialtas.
iomlán complete
" Tabharfar neamhaird iomlán anois is dócha ar cheann amháin ar a laghad den dá bhille a foilsíodh.
a ghlanmhalairt the complete opposite
" **SMM: Ní tiús daonra atá anseo, a ghlanmhalairt go deimhin, ach fós féin, bhí sibh in ann gaelscoil a bhunú?** RÓS: Bhog an t-uafás daoine isteach.
smacht iomlán complete control
" Go deimhin, chaill na Daonlathaigh oiread sin gur tugadh smacht iomlán 25 stát don pháirtí Poblachtach, an páirtí atá lucht an *Tea Party* ag iarraidh a ghabháil.
eiriceacht ghlan complete heresy
" Thug muid Noam Chomsky agus liobrálaigh eile anall agus iad ag caint ar an idirbheartaíocht ach eiriceacht ghlan a bhí ann ag an am sin! "Is aisteach an rud é, ach ba é muintir an Tríú Domhain - mar dhea - a d'imir páirt bheag ach tábhachtach sna hathruithe a rinneadh in Éirinn an tréimhse sin.
cuimsitheach complete, comprehensive
" Tá stíl láidir uathúil ag Rivera, rud atá le feiceáil go soiléir sa taispeántas cuimsitheach seo.
clár iomlán a complete program
" Go deimhin, rinneadh clár iomlán sa tsraith teilifíse *"30 Rock"* faoi seo le déanaí, nuair a thiteann tinneas clainne ar charachtar an-choimeádach agus í i gCeanada.
athrú cuimsitheach complete change
" Higgins athrú cuimsitheach ar an scéim sa bhliain 1993/4, le béim ar an dteaghlach seachas ar an ngasúr aonarach.
sara n-iomlánaítear an scannán before the film completes the circle
" Tugann deamhain Nawal go leaca fuara Ifrinn iad sara n-iomlánaítear an scannán.
Cac ar na hUibheacha a complete mess
" Cac ar na hUibheacha ========= Ach is dócha gurb é bunú an chórais Chraolacháin Digiteach Trastíre - CDT - an cheist is conspóidí.
timpeallacht iomlán slándála complete security environment
" Tá daoine aonair agus páirtithe leasmhara bhunaíocht na Breataine níos cumhachtai ná é - MI5 a raibh smacht acu ar an timpeallacht iomlán slándála ó thuaidh, an Brainse Speisialta san áireamh, nuair a maraíodh Pat Finucane; na polaiteoirí Westminster sin a bhí ar an eolas maidir le cúrsaí slándála na linne sin; baill an FRU (Force Research Unit), buíon rúnda taobh istigh d'Arm na Breataine, ar dhúirt ball amháin dá chuid (de réir an Sunday Herlad): *"We were able to take out leading Provos with the help of the UDA.
chur i gcrích to complete
" Naoi lá i ndiaidh an “Pearl Harbor nua” sin, shínigh Perle litir chuig Bush de chuid an *Project for a New American Century* ag éileamh ar an uachtarán frithbhearta in aghaidh na Siria a chur i gcrích mura scoirfeadh sí de bheith ag tacú le Hezbollah láithreach bonn – ainneoin nach raibh baint ar bith ag an ngluaiseacht friotaíochta leis na hionsaithe ar Mheiriceá.
go bhfuil a mhalairt ar fad fíor that the complete opposite is true
" Creidtear sa dearcadh diúltach seo d’ainneoin go bhfuil fianaise fhollasach go leor ann go bhfuil a mhalairt ar fad fíor.
a mhalairt ar fad the complete opposite
" Agus anois, faraor, a mhalairt ar fad a bheidh ag tarlú.
síorghréine complete sunshine
" Baineadh an chraobh, agus deineadh fliúit le seinm ar an uaigneas lá síorghréine i sléibhte Cairp i gceartlár na Romáine san áit nach bhfuil ach an léine bhán.
ar imeall na foirfeachta glan close to complete perfection
" Ach tá an baol ann an babhta seo gur éirigh le Von Trier, in éadan a chuid fealsúnachta féinig, píosa oibre atá ar imeall na foirfeachta glan a chruthú.
faoi smacht iomlán under the complete control
" Bhí na hAirí i Rialtas Stormont faoi smacht iomlán nach mór ag an Ord Oráiste, a raibh leagan amach seicteach neamhleithscéalach acu.
lomlán na fírinne complete truth
" Cé déarfas nach bhfuil lomlán na fírinne sa seanfhocal sin i gcónaí.
cumhacht iomlán complete control
" Níorbh aon nuaíocht ag Seicslóvacaigh an smacht agus an bhagairt, óir bhí fórsa rúnda póilíní ag feidhmiú sa tír ó ghabh an Páirtí Cumannach cumhacht iomlán i 1948.
a chuid táirgí drámaíochta críochnaithe his completed drama productions
" Ach ní furaist an rud é tarraingt agus beocht Milch a bhlaiseadh gan féachaint ar a chuid táirgí drámaíochta críochnaithe.
A mhalairt ar fad the complete opposite
" Beannaithe i Measc na mBan ============= A mhalairt ar fad a bhí sa bpuball a bhí réitithe do na mná.
neamhaird iomlán complete disregard
" Rinne na húdaráis abhus neamhaird iomlán den ghabháltas sin go ceann caoga bliain go dtí gur thosaigh coilínigh as an Astráil ag cur fúthu ann.
bac iomlán a complete ban
" Agus é sin ar fad ráite – an grá atá acu do theanga seo ár sinsear agus an meas atá acu uirthi – níl sé i gceist acu bac iomlán a chur ar an teanga.
iomlán complete
" I ndáiríre, níl ann ach cóiriú, níl an scéal iomlán sa scannán.
sheasann i lomchodarsnacht stand in complete contrast
" Tá a fhios ag an saol mór gur sagairt iad seo a bhfuil meas ag an phobal orthu, agus gur sagairt iad a sheasann i lomchodarsnacht le cuid áirithe eile den chléir.
shlánaonad polaitiúil a complete political unit
" "Níl mórán seans go mbeidh Éire aontaithe ann mar shlánaonad polaitiúil - ní bheadh na haontachtaithe sásta vótáil ar son a leithéid," a dúirt sé, ach mhothaigh sé go dtiocfaidh tuiscint idir na daoine de réir a chéile.
curtha i gcrích completed
" Mhaígh siad go léir nach gcuirfí deireadh leis an misean san Afganastáin go dtí go mbeadh a bhunchuspóirí curtha i gcrích agus go mbeadh “na cúinsí cuí ar an talamh” bainte amach.
a mhalairt ar fad the complete opposite
" De réir a chéile, tagaim ar thuiscint dhomhain – a mhalairt ar fad den tuiscint a mbeifeá ag súil leis, b’fhéidir.
a chur i gcrích to complete
" Ach tugaim dúshlán d'éinne a léifidh an cuntas seo a leanas ar iarrachtaí eagras stáit amháin scéim teanga a aontú leis an Roinn, a rá cad tuige go mbeadh muid dóchasach go bhfuil an Roinn in ann an jab ríthábhachtach a bhaineann le pleanáil teanga sa Ghaeltacht a chur i gcrích! Treoirlínte na Roinne ========= Is iad na scéimeanna teanga croílár Acht na dTeangacha Oifigiúla sa mhéid is go leagtar amach iontu na seirbhísí a bheas na comhlachtaí stáit éagsúla ag soláthar trí Ghaeilge.
a dheacra a bhí sé iad a chomhlíonadh how difficult it was for them to complete them
" Ba é ba mhó ba chúis le líon beag na n-iarratasóirí ar éirigh leo faoin gcéad dá scéim ná na coinníollacha cáilitheachta agus a dheacra a bhí sé iad a chomhlíonadh.
lánchosc a complete ban
" Agus lánchosc á chur aige ar fhocal ar bith den scéal seo a sceitheadh roimh mhí Eanáir, dúirt bainisteoir Lochte agus Phelps le Ó Cuinneagáin: *“Do not repeat a word of this to anyone.
tugadh cead dos na mairbh labhairt gan srian the dead were given complete freedom of speech
" ”* Ba mhór ag Hugo óg leabhar Uí Chadhain mar sin, Cré na Cille, leabhar inar tugadh cead dos na mairbh labhairt gan srian.
chríoch iomlán leis an rannóg a complete ending to the section
" Tá an scéim seo anois i mbaol, ní hamháin mar gheall ar chiorruithe deontais ach mar gheall ar chríoch iomlán leis an rannóg a bhí ag riar na ndeontas féin.
I lomchodarsnacht le teirce an scaifte sin in complete contrast to the small that crowd
" I lomchodarsnacht le teirce an scaifte sin, d’fhreastail suas le deich míle duine ar na himeachtaí éagsúla ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne anuraidh – agus bhí an tOireachtas sin iontach pléisiúrtha chomh maith.
nach bhfuil smacht iomlán aige a thuilleadh ar he doesn’t have complete control anymore
" Cé go bhfuil rialtas al-Assad ag feidhmiú i gcónaí, déarfar linn nach bhfuil smacht iomlán aige a thuilleadh ar na cathracha móra ar nós Aleppo, Homs agus na Damaisce.
chun aon rud a chur i gcrích go feidhmiúil ar líne to complete anything efficiently on-line
" Bíonn tionchar ag hipirtéacs ar an léamh (Caibidil 7), an caidreamh atá idir ár ngníomhaíocht ar líne agus ár gcumas cuimhnimh (Caibidil 9) agus féith an lámhchleasaithe iltascálaigh atá ag teastáil chun aon rud a chur i gcrích go feidhmiúil ar líne (Caibidil 7).
A mhalairt ghlan atá fíor the complete opposite is true
" A mhalairt ghlan atá fíor mar baintear earraíocht as reitric i ndioscúrsa poiblí na tíre seo d’fhonn seachrán agus corrabhuais aineolgaiseach a chothú d’aon ghnó i measc an phobail.
seachas ina iomlán than complete
" Is treise ‘Lincoln’ ina pháirteanna seachas ina iomlán.
an phraiseach ar fud na mias a complete mess
" Bhí, dar liom, an phraiseach ar fud na mias maidir le foireann na hÉireann ag an bpointe sin.