Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chomhlachtaí ríomhaireachta computing companies
" Tharla go bhfuil brú mór ar chomhlachtaí ríomhaireachta faoi láthair, tá an-chuid fógraí do ríomhairí saora sna meáin chumarsáide le gairid.
áiseanna ríomhaireachta computing facilities
" Fásann go leor comhlachtaí ollscoile ó ghrúpaí taighde agus ní bhíonn siad dírithe ar theacht isteach ceart, cé go raibh sé úsáideach áiseanna ríomhaireachta na hollscoile a úsáid i dtosach.
cláracha ríomhaireachta computing programs
" Braitheann cuid mhaith cláracha ríomhaireachta ar úsáid na luiche chun iad a chur ag obair - ach tá sé deacair luch a chur ag obair nuair nach bhfuil úsáid do lámh agat, nó má tá éalang radhairc ort.
ríomhaireacht computing
" " Ganntanas múinteoirí ======= Tá géarchéim ann le blianta de thairbhe go bhfuil ganntanas múinteoirí sa tír, go mór mór in ábhair mar mhatamaitic, eolaíocht agus ríomhaireacht.
Ríomhaireacht Computing
" ) Ríomhaireacht, Seoltóireacht *Faomhadh téarmaí:* Fiosruithe ilghnéitheacha ón bpobal.
seomra ríomhaireachta agus idirlín computing and Internet room
" Tá áiseanna le haghaidh gach cluiche faoi dhíon san Áislann, chomh maith le leabharlann, seomra ríomhaireachta agus idirlín, seomraí feistis, cistin, seomraí cruinnithe, seomra do na naíonraí, seomra snúcair agus pictiúrlann/amharclann is féidir a chur in áirithe do chruinnithe móra chomh maith.
hirisí ríomhaireachta computing magazines
" Seans nach bhfuil i roinnt den chaint seo ach ráflaí gan bhunús (cé go bhfuil an-phlé á dhéanamh ar na cúrsaí seo sna hirisí ríomhaireachta faoi láthair), ach is fiú a bheith ar an airdeall faoi na himpleachtaí fadtéarmacha a bheidh ag aon chaighdeán slándála nua.
scileanna ríomhaireachta computing skills
" Faraor, ní gá gurb iad na daoine a chaill a bpost le tamall anuas na daoine a mbeadh na scileanna ríomhaireachta acu chun obair a dhéanamh san earnáil teileachumarsáide.
ríomhaireachta computing
" Bhuail mé léi ina hoifig in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU), áit a bhfuil sí ag obair mar Stiúrthóir ar Fiontar, an roinn a chuireann cúrsaí gnó agus ríomhaireachta ar fáil trí Ghaeilge.
ríomhaireachta computing
" Níl dlúthdhiosca ar bith agam den snagcheol nó de na gormachaí! AÓF: Cén obair eile a bhíonn ar siúl agat nuair nach mbíonn tú ag plé leis an gceol? SR: Tá cúlra agam in obair ríomhaireachta ach tá mé ag iarraidh athrú go rud eile faoi láthair, go cúrsaí airgeadais agus cuntasóireachta.
cúrsa Físe agus Ríomhaireachta a Video and Computing course
" An clár eile atá á reáchtáil againn ná cúrsa Físe agus Ríomhaireachta.
hiarollamh ríomhaireachta a former professor of computing
" Tá scata breá daoine sa chumann - tá cuid mhaith acu scortha agus cineálacha éagsúla cúlra acu, ó iarfhear an phoist go hiarollamh ríomhaireachta.
dhomhan nuaghinte nuafhaiseanta na ríomhaireachta the nascent, newly-fashionable world of computing
" Tá dabht orm nach bhfuil, ach cionn is nach nós linn leas ar bith a bhaint as an aidiacht sin agus sinn ag caint nó ag meabhrú ar ghnáthréaltacht ár saoil laethúil, is fada ó chuir muid ina luí orainn féin nach dtéann an dá fhocal, "réaltacht" agus "fíorúil", nach dtéann siad le chéile taobh amuigh de dhomhan nuaghinte nuafhaiseanta na ríomhaireachta.
den saol ríomhaireachta of the world of computing
" Tá na fógraí ríomhphoist sin mar chuid chomh lárnach sin den saol ríomhaireachta go bhfuil téarma oifigiúil Gaeilge ann do *spam *anois agus é i gcló in *Foclóir Fiontar *(áis iontach atá lán de théarmaí nua-aimseartha, a foilsíodh le déanaí).
háiseanna ríomhaireachta computing facilities
" D'fhógair Microsoft le déanaí go bhfuil siad chun leagan Gaeilge de Windows agus Office a chur ar fáil laistigh de bhliain, rud a chuirfidh go mór leis na háiseanna ríomhaireachta atá ar fáil do phobal na Gaeilge.
théarmaí ríomhaireachta computing terms
" Mar an gcéanna agam i ndiaidh tamaill Matamaitic na hArdteistiméireachta, stair Chonradh na Gaeilge, liosta de théarmaí ríomhaireachta, úrscéal do dhéagóirí nó saothar litríochta de shórt ar bith.
chumas ríomhaireachta computing ability
" Agallamh anseo is ansiúd, scrúdú Fraincise, tástáil ar mo chumas ríomhaireachta, ranganna samplacha chun TEFL a dhéanamh agus mar sin de.
ríomhaireacht computing
" “I rith an ama sin chuir mé féin, Donncha Ó Cróinín agus Fachtna Ó Drisceoil iarratas isteach chuig an BCI agus d’éirigh linn €6,000 a fháil le sraith cláracha dar teideal ‘An Ríomhchlár’ a dhéanamh faoi chúrsaí ríomhaireachta agus cúrsaí teicniúla agus tá sin á chraoladh ar Raidió na Life faoi láthair.
saineolaí ríomhaireachta computing expert
" Bainim úsáid as na háiseanna atá ar fáil ar an idirlíon freisin, ach uaireanta bíonn fadhbanna teicniúla ann a chuireann isteach orm toisc nach saineolaí ríomhaireachta mé.
i gcúrsaí leighis agus ríomhaireachta, in medicine and computing,
" Tá an-tóir anseo faoi láthair ar dhaoine atá ag obair i gcúrsaí leighis agus ríomhaireachta, ar shiúinéirí agus suirbhéirí.
san earnáil ríomhaireachta in the computing sector
" Dar le suirbhé nua ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (OCBÁC), tá thart ar 14,000 post ar fáil faoi láthair san earnáil ríomhaireachta sa tír seo.
comhlacht ríomhaireachta computing company
" ” GaelchultúrRud suntasach eile atá bainte amach ag Julian le blianta beaga anuas ná go bhfuil comhlacht nua, Gaelchultúr Teoranta, curtha ar bun aige i gcomhar le hÉamonn Ó Dónaill (iar-eagarthóir na hirise seo) agus le Darren Ó Rodaigh (a bhunaigh an comhlacht ríomhaireachta Zamano).
ó thaobh na ríomhaireachta de as regards computing
" Tá John Mac Gabhann ó Aontas Múinteoirí Éireann den tuairim go bhfuil fadhb na cibirbhulaíochta níos leitheadaí i gceantair shaibhre mar gheall ar go mbíonn daltaí níos liteartha ó thaobh na ríomhaireachta de sna ceantair sin agus go mbíonn fáil níos fairsinge ar ríomhairí.
earnáil na ríomhaireachta the computing sector
" Tá dhá oiread daoine ag roghnú gnó & dlí, mar shampla, ná an innealltóireacht agus tá an céatadán a roghnaíonn an ríomhaireacht ag leibhéal an-íseal ar fad, in ainneoin go ndeirtear go bhfuil neart postanna in earnáil na ríomhaireachta.
néalríomhaireacht cloud computing
" Ní cleachtú nua atá ann bailiúcháin ríomhairí cianda a úsáid chun jab mór a dhéanamh agus ar bhealach is é an cleachtú céanna seo atá taobh thiar den néalríomhaireacht.
Ríomhaireacht computing
" Airgeadais, Ríomhaireacht agus Fiontraíocht, ba shin iad na bunchlocha.
ríomhaireacht computing
" Leis an mborradh a tháinig faoin ríomhaireacht le linn blianta an tsaibhris, d’imigh mé féin agus mo chairde - cosúil le chuile dhuine eile - bán i ndiaidh an suntas ba dhéanaí: na ‘gréasáin sóisialta’.
ríomhaireachta computing
" Tá sé ag obair do chomhlacht mór ríomhaireachta.
ríomhaireachta computing
" Níorbh é a chéad uair thiar ansin, mar chaith sé seal in Ollscoil Princeton cheana féin, faoi stiúir John von Neumann - duine de na matamaiticeoirí is mó san fhichiú haois a d'fhág a rian ar shaol na heolaíochta agus ríomhaireachta.
ríomhaireacht computing
" An Chéad Ghabháil ========== Agus an sé bliana déag d’aois slánaithe aige, chuaigh sé le ríomhaireacht, agus thug sé an t-ainm bréige “Mendax” air féin, a tháinig ó fhrása Laidine Horace - “splendide mendax”.
ríomhadh were computed
" Bailíodh airde, meáchan agus toise coime na rannpháirtithe mar chuid den staidéar agus ríomhadh a n-innéacs corpmhaise.
chomhlacht ríomhaireachta computing company
" Tháinig a lán Éireannach go Milwaukee ag obair do chomhlacht ríomhaireachta sna nóchaidí.
hOllamh ríomhaireachta a computing professor
" Ba iad Uwe Mundlos, 38, mac le hOllamh ríomhaireachta, agus Uwe Böhnhardt, 34, beirt de na nua-Naitsithe ba mhó tóir sa Ghearmáin.
poll péiste a worm hole (in computing)
" Tá an méad sin le míniú iontu! Ní féidir glacadh leis go dtuigeann gach léitheoir céard is poll péiste ann agus cén fáth go n-úsáidfí sa spástaistil é.
réimsí bitheolaíochta, ríomhaireachta realms of biology, computing
" Cibé bealach a rachaidh na hÉireannaigh chun cinn, is as críocha aineoil anama slua beag daoine ina measc a eascróidh gach fuinneamh le hiad a iompar chun tosaigh i réimsí bitheolaíochta, ríomhaireachta, fuinnimh, nó cibéard a bhéarfas rath.
aois na ríomhaireachta pearsanta the personal computing age
" Is do na speisialtóirí amháin a bhí na cairteanna, catalóganna agus uirlísí seo ar fáil thar na blianta ach anois le teacht aois na ríomhaireachta pearsanta, soghluaiste agus líonraithe is féidir linn uile gabháil i ngleic leis na réaltaí.
tar éis dó comórtas ríomhaireachta a bhuachan dá scoil having won a computing competition for his school
" Bronnadh an gléas air mar dhuais tar éis dó comórtas ríomhaireachta a bhuachan dá scoil, Coláiste na Toirbhirte i gcathair Chorcaí.
b'iad na cluichí ríomhaireachta it as the computing games
" Dar leis, b'iad na cluichí ríomhaireachta agus na scannáin fuilteacha ba chúis leis an slad.
ríomhaireachta computing
" Tú Féin atá ar an Maide Eolais ============== De ghnáth, ó thaobh ríomhaireachta de, ciallaíonn sé seo nach bhfuil gá ach rialacha a leagan síos faoin mbealach gur féidir leis an imreoir gabháil i ngleic leis an timpeallacht.
i stair na ríomhaireachta in computing history
" Cé go bhfuil stair níos faide ag an haischlib i stair na ríomhaireachta is ar Twitter a chuaigh sé ó neart go neart.
ríomhaireachta agus bithleighis computing and biomedicine
" Is é sin go dtarlóidh an líon sin forbairtí teicneolaíochta, idir ríomhaireachta agus bithleighis, nach féidir tuiscint nó tuar céard a tharlóidh don chine daonna ina dhiaidh.
i saol na ríomhaireachta in the computing world
" Míníonn Diarmaid Mac Mathúna cén bhrí atá le cuid de na hacrainmneacha trí litir atá in úsáid go coitianta i saol na ríomhaireachta anois.
in earnáil na ríomhaireachta in the computing sector
" Measann Diarmaid Mac Mathúna go n-aistreofar go leor post in earnáil na ríomhaireachta go tíortha mar an Ind sna blianta atá romhainn mura n-éiríonn linn costais a ísliú sa tír seo.
ríomhaireachta of computing
" Tá giolla úrnua i ngarraí na ríomhaireachta darb ainm Quora agus tá cuma mhaith air de réir cuntas Roseanne Smith.
an ríomhaireacht a mhúnlóidh sinne feasta computing shall shape us from now on
" Ní sinne a mhúnlaíonn an saol oiread is a shílimid, ach an ríomhaireacht a mhúnlóidh sinne feasta, is baolach.