Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
clár ríomhaireachta computer program
" Chuir an clár ríomhaireachta sin ar chumas daoine ceol a fháil ó bhailiúcháin daoine eile ar an idirlíon agus chuir na comhlachtaí ceoil an dlí ar an gcomhlacht a bhunaigh é.
cláracha ríomhaireachta computer programs
" Is cláracha ríomhaireachta iad a bhformhór a chóipeálann iad féin agus a scaipeann ó ríomhaire go ríomhaire gan mórán damáiste a dhéanamh.
ríomhairí neamhshreangaithe wireless computers
" Ligeann WAP (Wireless Application Protocol / Prótacal Feidhmiúcháin Neamhshreangaithe) d'úsáideoirí guthán soghluaiste agus ríomhairí neamhshreangaithe araon teacht ar an idirlíon agus úsáid a bhaint as.
ríomhairí deisce desktop computers
" Mar shampla, is minic a fhógraítear ríomhairí deisce le scáileán 15 horlaí; tá sé i bhfad níos compordaí, áfach, scáileán 17 n-órlaí a úsáid toisc gur féidir do chuid oibre a "scaipeadh amach" air agus is fiú an t-airgead breise iad.
ríomhairí glúine laptop computers
" Toisc go mbíonn ríomhairí glúine á mbogadh timpeall go minic bíonn fadhbanna leo siúd níos minicí ná le ríomhairí deisce.
ghnáthúsáideoirí ríomhaire ordinary computer users
" Cuireadh go leor córas i bhfeidhm in eagraíochtaí móra, ar nós ollscoileanna agus comhlachtaí idirnáisiúnta, chun stop a chur le teachtaireachtaí ríomhphoist ina raibh víreas faoi cheilt mar cheangaltán iontu - rud a chiallaíonn nach gá do ghnáthúsáideoirí ríomhaire na scileanna chun troid i gcoinne víreas a fhoghlaim.
cláracha (computer) programs
" Úsáidtear cláracha saor in aisce ar nós Real One Player nó Windows Media Player chun féachaint ar na cláracha, agus is féidir ábhar le craoladh a chruthú ag úsáid cláracha ar nós Real Producer nó Windows Media Encoder.
luiche (computer) mouse
" Braitheann cuid mhaith cláracha ríomhaireachta ar úsáid na luiche chun iad a chur ag obair - ach tá sé deacair luch a chur ag obair nuair nach bhfuil úsáid do lámh agat, nó má tá éalang radhairc ort.
ríomhaire ghlúine laptop computer
" An t-iomlán sa bheagán … ======= In Kyótó dúinn, ghlac ár gcara Masazumi, an t-ollamh scaipthe, ghlac sé tuairim is ceithre scór grianghraf sa lá lena cheamara digiteach agus thaispeáin sé dúinn ansin iad ar scáileán an ríomhaire ghlúine aige.
scileanna ríomhaireachta computer skills
" Cé go gceannaíonn cuid mhaith daoine ríomhairí chun gur féidir lena bpáistí óga iad a úsáid le scileanna ríomhaireachta a fhoghlaim, is beag úsáid a bhaintear astu tar éis dóibh a bheith bainte as an mbosca.
pacáistí ríomhaireachta computer packages
" Agus ón uair gur teanga nua-aimseartha í, níor mhór na háiseanna nua-aimseartha go léir a bheith ar fáil do lucht a labhartha: an teilifís, scannáin, oideachas tríú leibhéal, agus dar ndóigh, pacáistí ríomhaireachta.
bogearraí ríomhaireachta computer software
" Tá mé ag obair mar aistritheoir Gearmáinise do chomhlacht beag aistriúcháin agus dúchasaithe - is é is brí le "dúchasú" ná bogearraí ríomhaireachta a chur in oiriúint do do thír féin.
ríomhaire lárnaigh central computer
" In alt ar "An teach nua-aoiseach ríomhaithe" deineadh cur síos ar conas a bhí comhlachtaí leictreonacha "go gnóthach i mbun oibre ar ghléasanna uile leictreacha agus fiú fuinnimh an teaghlaigh a eagrú agus a chaighdeánú chun an córas go léir a uathoibriú" agus gach rud a chur faoi smacht ríomhaire lárnaigh.
ríomhaire lárnach central computer
" Ach le Microsoft Outlook (nó Eudora, a bhíonn in úsáid ar ríomhairí Macintosh go minic) ní bhíonn na teachtaireachtaí ar an ríomhaire lárnach go dtí go seiceáltar an ríomhphost.
comhaid á roinnt ar ríomhaire lárnach files being shared on a central computer
" Is airgead é sin is fiú a chaitheamh, go háirithe i gcomhlachtaí ina mbíonn ceangaltáin á seoladh siar is aniar tríd an ríomhphost agus comhaid á roinnt ar ríomhaire lárnach.
cluichí ríomhaireachta computer games
" Idir an teilifís agus cluichí ríomhaireachta bíonn sé deacair iad a bhogadh, go háirithe má bhíonn an aimsir go dona faoi mar a tharlaíonn rómhinic sa tír seo.
ríomhairí computers
" " Is é an cumadóir agus ceoltóir Michael McNabb, fear a dhéanann a lán dá chuid oibre ar ríomhairí, a chuir fuaimrian an taispeántais le chéile.
ríomhaire computers
" "Tháinig Príomhaire na Breataine go Béal Feirste ar na mallaibh agus d'iarr sé go gcuirfí gníomhartha i gcrích," ar sé.
slabhra ríomhairí chain of computers
" Tá cúiseanna éagsúla leis sin - b'fhéidir nach féidir leis an suíomh gréasáin déileáil leis an méid daoine atá ag féachaint air, nó b'fhéidir go bhfuil moill áit éigin sa slabhra ríomhairí ar gá do gach píosa eolais ar an idirlíon dul tríd.
ríomharlann computer room
" Roimhe sin, bhí mé ag obair mar Oifigeach Forbartha ag an Ghaeláras, ó bhí 1999 ann, ar thionscadal a raibh sé mar aidhm aige áiseanna agus seirbhísí ríomh-éascaithe a chur ar fáil do phobal na Gaeilge i nDoire, trí theanglann agus ríomharlann a bhunú sa Ghaeláras.
bogearraí ríomhaireachta computer software
" "Tá deiseanna iontacha sa cheantar do chomhlachtaí Éireannacha a dhéanann bogearraí ríomhaireachta agus teileachumarsáide, mar aon le huirlísí leighis," deir sé.
chóras ríomhaireachta computer system
" ) Go bunúsach, deir an CPSU nach bhfuil an chigireacht chuí ar siúl ar bheithígh sna contaetha sin faoi láthair, mar gheall nach bhfuil na tréidlianna in ann teacht ar an eolas faoi chártaí agus uimhreacha aitheantais na mbeithíoch atá coinnithe ar chóras ríomhaireachta na Roinne.
aois an ríomhaire the computer age
" "Táimid in aois an ríomhaire anois, a chairde, ach tá sibhse sa chlochaois," a dúirt duine den dream, Pádhraic Mac Cormaic, oíche amháin.
lucht déantúsaíochta ríomhairí computer manufacturers
"lucht déantúsaíochta ríomhairí agus teicstíle ag féachaint soir ar thíortha oirthear na hEorpa agus ar an tSín agus an Ind.
scileanna ríomhaireachta computer skills
" Roinnt blianta ó shin, bunaíodh tionscadal nua oideachais, Muintearas, áit a gcuirtear cúrsaí foghlamtha agus oiliúna ar fáil don phobal, cúrsaí a dhíríonn den chuid is mó ar fhorbairt scileanna ríomhaireachta.
cláir ríomhaireachta computer programs
" Sna laethanta sula raibh an t-idirlíon forleathan bhíodh dioscaí flapacha agus na cláir ríomhaireachta orthu ag feidhmiú mar óstaigh, ach anois is leor teachtaireacht ríomhphoist.
ríomhchláraitheoirí computer programers
" Níl iontu ach laigí nó botúin nár thug na ríomhchláraitheoirí faoi deara.
ríomhaire computer
" So, ghlan mé féin é - sé sin an *facsimile *- ar an ríomhaire.
comhlachtaí ríomhaireachta computer companies
" Leis an teicneolaíocht físe atá ar fáil faoi láthair, is féidir linn go léir iarracht a dhéanamh aithris a dhéanamh ar eachtraí Hector ar TG4 - ach cén fáth a bhfuil na comhlachtaí ríomhaireachta ag tabhairt na mbogearraí cuí amach saor in aisce? Is beag ríomhaire nua nach mbíonn bogearraí le fáil air a chuireann ar chumas duine eagarthóireacht a dhéanamh ar fhíseáin.
déantóirí ríomhairí computer manufacturers
" Mar sin, caithfidh na déantóirí ríomhairí teacht ar sheifteanna nua chun daoine a spreagadh le ríomhairí cumhachtacha atá níos daoire a cheannach.
ríomharlanna computer labs
" seomraí teagaisc, ríomharlanna, teanglann, leabharlann agus cartlann, amharclann, áiseanna spóirt, seomraí cluichí agus caidrimh, bialann, ionaid staidéir, etc.
i bhfillteáin ríomhairí in computer folders
" Tá an tseanbhliain caite go maith um an dtaca seo agus tá eachtraí spóirt na bliana 2003 díbeartha go dtí na tuairiscí staire agus curtha i dtaisce i bhfillteáin ríomhairí.
ríomhchláracha computer programs
" Ní raibh mé i ngnátháit oibre i mBéal Feirste riamh roimhe, agus bhí roinnt mhaith ríomhchláracha ann nach raibh taithí agam orthu.
dearadh ríomhairí nua-aimseartha the design of modern computers
" Cé go n-éiríonn le roinnt eolaithe an bhéim ina dtaighde a athrú chun dul in oiriúint don dream atá ag cur airgid ar fáil, tá sé an-deacair ag réalteolaithe aon cheangal díreach a léiriú idir a gcuid oibre agus dearadh ríomhairí nua-aimseartha, mar shampla.
chláraitheoir ríomhaireachta computer programmer
" Fuair José post mar chláraitheoir ríomhaireachta láithreach agus rinne mé féin céim sa Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath.
an líon feidhmchlár ríomhaireachta the number of computer applications
" Cur chuige comhoibríoch ======= Tá an cur chuige comhoibríoch atá ag an gcomhluadar foinse oscailte tar éis cur go mór leis an líon feidhmchlár ríomhaireachta atá in ann déileáil leis an nGaeilge - mar shampla, tá forbairt déanta ar litreoir Gaeilge don chóras saor in aisce OpenOffice.
ríomhaire computer
" "Chíonn tú albaim atá proifisiúnta agus thiocfadh leis an ríomhaire an rud céanna a dhéanamh; níl spiorad ar bith ann.
ríomhairí glúine laptop computers
" " Ceart go leor mar sin, ach cad faoi ríomhairí glúine? Bhuel, tá siad sin sa chatagóir seo a leanas: "Gléasanna atá ceadaithe le linn na heitilte ach a bhfuil cosc orthu nuair atá an t-eitleán ag gluaiseacht ar thalamh, ag éirí de thalamh, ag druidim le ceann scríbe nó ag tuirlingt.
gcluichí ríomhaireachta computer games
" Dúirt sí ag comhdháil a tionóladh i Leitir Ceanainn go mbaineann athruithe sa tsochaí chomhaimseartha go dlúth leis an scéal - an bheirt tuismitheoirí ag obair, cuir i gcás, agus iad i muinín an chairr leis na páistí a thabhairt ar scoil nó go dtí an naíonra, tionchar na teilifíse agus na gcluichí ríomhaireachta, agus mar sin de.
á stóráil ar ríomhairí being stored on computers
" Déanann na hiarmhíreanna comhadainm seo cur síos ar fhormáidí comhaid faoi leith, is é sin an tslí ina bhfuil eolas leictreonach á stóráil ar ríomhairí.
chláraitheoirí ríomhaireachta computer programmers
" Cén fáth a bhfuil trí litir in úsáid do na hacrainmneacha seo ar fad? Bhuel, blianta beaga ó shin bhí ar chláraitheoirí ríomhaireachta ar ríomhairí MS-DOS (an teicneolaíocht ar a bhfuil ríomhairí Windows anois bunaithe) a chinntiú nach raibh an t-ainm ar aon chomhad faoi leith níos faide ná ocht litir.
mo dhara ríomhaire glúine my second laptop computer
" ? seanchaitewell-worn leidprompt inphógthakissable seithehide ceimiceáinchemicals g-spota mo choinsiasathe g-spot of my conscience chuimlínn mo shúileI used to rub my eyes loinnirbrightness líonadh a meallaher charms used to fill mo dhá bhasmy two palms cuaracurves sleasasides go cleitiúillike a feather néaróga a pléisiúirthe nerves of her pleasure a bharrchigiltto tickle a chaiteáthat you would wear na bróga cnocadóireachtathe hill-climbing shoes choisbheartfootwear briathra binnesweet words i ndiaidh na coisíochtaafter walking mo dhara ríomhaire glúinemy second laptop computer craiceann crogaillcrocodile skin méarchlárkeyboard lannablades d'íslíodh siadthey used to lower sclábhaí deonachvoluntary slave mo mhianmo desire spíontaexhausted in ísle brídepressed d'fháirbrí a héadainfrom the wrinkles in her forehead smálmark máchailíblemishes scórthaí na snáthaideneedle scratches fíneáltachtdelicacy nochtnocht brocachfilthy tolgcouch mo rogha de thogha na n-amhrán grámy choice of the best love songs fá dtaobh den chruthabout the appearance easnacharibs ciúnasquietness glór scairdinnilljet-engine voice cúil na dramhaíolathe rubbish heap fonóid faoiscoff at ar an choinníoll go n-athchúrsálfar iadon the condition that they will be re-cycled
anailísí córas ríomhaireachta computer systems analyst
" I measc na bpostanna eile a bhí go hard sa liosta, bhí achtúire, pleanálaí airgeadais, anailísí córas ríomhaireachta, cuntasóir, innealtóir bogearraí, meitéareolaí, staitisteoir, agus réalteolaí.
uimhreacha ríomhaire-chairdiúla computer-friendly numbers
" Mar sin, nach bhfuil baol ann go gcaillfear, diaidh ar ndiaidh, ainmneacha na mbailte fearainn – agus an stair atá le fáil iontu? Agus an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ag síniú Orduithe Logainmeacha (mar shampla an tOrdú le déanaí a d’athraigh ainm Gaeilge Mountcharles ón mBéarlachas, is é sin Móin Séarlas, go Tamhnach an tSalainn) chun stair áitiúil na tíre a chaomhnú, b’ait an rud é dá mbeadh Roinn eile ag milleadh na staire seo, ag cur uimhreacha ríomhaire-chairdiúla in áit logainmneacha saibhre.
uimhreacha ríomhaire-chairdiúla computer-friendly numbers
" Mar sin, nach bhfuil baol ann go gcaillfear, diaidh ar ndiaidh, ainmneacha na mbailte fearainn – agus an stair atá le fáil iontu? Agus an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ag síniú Orduithe Logainmeacha (mar shampla an tOrdú le déanaí a d’athraigh ainm Gaeilge Mountcharles ón mBéarlachas, is é sin Móin Séarlas, go Tamhnach an tSalainn) chun stair áitiúil na tíre a chaomhnú, b’ait an rud é dá mbeadh Roinn eile ag milleadh na staire seo, ag cur uimhreacha ríomhaire-chairdiúla in áit logainmneacha saibhre.
clónna ríomhaire computer fonts
" Agus tá a lán saineolaithe bainteach léi anois; is riarthóir é Michael Everson, mar shampla, comhbhunaitheoir an Chaighdeáin *Unicode *agus duine a bhí fostaithe ag na Náisiúin Aontaithe chun clónna ríomhaire a chruthú do theangacha mionlaigh.
ríomhaire glúine laptop computer
" Faraor, ní radharc as an ngnách é sin san ardchathair, ach nuair a d’fhéach mé níos cúramaí baineadh siar asam: bhí ríomhaire glúine breá ar oscailt taobh leis, bhí cluasáin ar a cheann agus micreafón as comhair a bhéil.
ríomhairí daora cumhachtacha expensive and powerful computers
" Costas an-íseal ======= Ar ndóigh, ní fiú mórán córas atá ag brath ar ríomhairí daora cumhachtacha agus nach n-oibríonn le gnáthghutháin, agus tá comhlachtaí ar nós Blueface in Éirinn ((www.
neamhspleách ar do ríomhaire independently of your computer
" Anois is féidir glaonna a dhéanamh ar an ngnáthslí – neamhspleách ar do ríomhaire.
teicneoir seirbhísithe ríomhairí computer service technician
" Measann Work at Home Success, eagraíocht teileachomaitéireachta Mheiriceánach, gur seo na postanna is oiriúnaí: cuntasóir, colúnaí, scríbhneoir scripteanna fógraíochta, eagarthóir, taighdeoir, scríbhneoir teicniúil, athscríobhaí, aistritheoir, teicneoir seirbhísithe ríomhairí, riarthóir bunachar sonraí, ealaíontóir grafach, dearthóir suíomh gréasáin, gníomhaire eastáit, agus gníomhaire taistil.
clár ríomhaireachta ar leith a special computer program
" Scríobhadh clár ríomhaireachta ar leith don phróiséas ar dtús, ina dhiaidh sin seoladh an t-ábhar ó na seancheirníní go ríomhaire agus as sin go dlúthdhiosca.
clár ríomhaireachta ar leith a special computer program
" Scríobhadh clár ríomhaireachta ar leith don phróiséas ar dtús, ina dhiaidh sin seoladh an t-ábhar ó na seancheirníní go ríomhaire agus as sin go dlúthdhiosca.
cúrsaí ríomhaireachta computer courses
" Rinne mé cúrsaí ríomhaireachta, rinne mé cúrsaí teilifíse ach b’in é.
ionad tacaíochta ríomhchórais computer system support centre
" Cad chuige ar roghnaigh tú an tír seo? MO: Bhí mé ag obair le hionad tacaíochta ríomhchórais sa Pholainn agus d’iarr mo chomhlacht orm teacht anseo de bharr go raibh na teangacha a luaigh mé cheana agam agus go mbeinn ábalta labhairt le daoine as tíortha éagsúla.
an físeán a thaifeadadh ar do ríomhaire to record the video on your computer
" Chomh maith leis sin, tá sé casta an físeán a thaifeadadh ar do ríomhaire – mar sin ní féidir é a chóipeáil nó a “ghoid” go héasca.
cláraitheoirí ríomhaireachta computer programers
" Má tá na cláraitheoirí ríomhaireachta in ann rudaí bunúsacha mar dhomhantarraingt a athchruthú laistigh do dhomhan saorga, is féidir leo déileáil leis an gcaoi a bhfuil rudaí á gcaitheamh timpeall, mar shampla.
le hinsamhladh ar ríomhairí with computer simulation
" Is anseo a bhuaileann cluiche ríomhaireachta le hinsamhladh ar ríomhairí.
cruthaithe laistigh de ríomhaire created inside a computer
" Bogearraí cumhachtacha Ar ndóigh níl sé éasca fiú amháin domhantarraingt bhunúsach a chur i bhfeidhm i ndomhan atá cruthaithe laistigh de ríomhaire.
neart ríomhairí plenty of computers
"neart ríomhairí san eitleán (roinnt mhaith acu chun a rogha scannáin agus ceoil, agus an t-idirlíon, a thabhairt do gach paisinéir), agus aimsíodh fadhbanna leis an sreangú eatarthu.
ríomhchláracha computer programs
" Bím féin ábalta scríobh chuig foghlaimeoirí eile ar fud an domhain trí na liostaí ríomhphoist agus ríomhchláracha mar Messenger agus ICQ.
an t-ealaíontóir ríomhghrafaice the computer graphics artist
" Ba é an t-ealaíontóir ríomhghrafaice Robert Dixon a rinne an gearán seo leis, ag rá go bhfuil an saothar a rinne Hirst go huile is go hiomlán tógtha ón phíosa líníochta dubh agus bán, *True Daisy,* a rinne seisean agus a d’fhoilsigh Penguin i leabhar i 1991 Tháinig an píosa conspóideach líníochta seo ó staidéar a rinne Dixon ar an phatrún comhlárnach casta atá le feiceáil i lár nóinín, patrún atá difriúil le haon phatrún eile cosúil leis a bheadh coitianta san ealaín nó san ailtireacht.
an clár ríomhaireachta the computer program
" Ach an coiscéim mhór chun tosaigh atá sna bogearraí nua seo nó an bhfuil siad á n-athrú ar mhaithe le margaíocht agus poiblíocht?Cé go gcuireann an clár ríomhaireachta Microsoft Word as do dhaoine ó am go ham is cinnte gur pacáiste iontach úsáideach atá ann agus go bhfuil sé tar éis an tslí ina gcuireann daoine doiciméid de gach saghas le chéile a athrú.
feidhmiú ar ríomhairí éagsúla to function of different computers
" Tá go leor daoine i dtaithí air anois agus ciallaíonn sé sin gur féidir le daoine feidhmiú ar ríomhairí éagsúla – idir ríomhairí Windows agus cinn Apple Mac – gan traenáil nua.
Le teacht na nguthán soghluaiste, na ríomhairí agus an idirlín, with the coming of mobile phones, computers and the internet,
" Le teacht na nguthán soghluaiste, na ríomhairí agus an idirlín, tá barr feabhais curtha ar chúrsaí cumarsáide agus oideachais; ach de réir mar atá an líon daoine atá ag baint úsáide as an teicneolaíocht nua-aimseartha ag méadú, is amhlaidh go bhfuil fadhbanna á gcruthú agus baol úr curtha os ár gcomhair.
ag imirt cluiche ríomhaire, playing a computer game,
" Scéal simplí atá ann – ceathrar cairde ag imirt cluiche ríomhaire, Vortex.
ríomhaire beag ar mhicrishlis a small computer on a micro-chip
" Mar shampla, caithfidh an gléas a bheith in ann fuaim a dhéanamh trí chluasáin, agus caithfidh ríomhaire beag ar mhicrishlis an fhuaim sin a chruthú ó eolas digiteach.
ríomhaire glúine laptop computer
" “This extraordinary mouse functions both as Internet telephone and USB optical mouse!” Nach bhfuil cuma olc go leor ort cheana féin agus ríomhaire glúine agat i gcaife? Seo slí iontach chun a chinntiú go gceapfaidh daoine thart timpeall ort go bhfuil tú as do mheabhair ar fad ar fad! Is ábhar iontais leanúnach dom na gléasanna nua ar fad cosúil leo seo a thagann ar an margadh nach bhfuil úsáideach in aon chor.
ríomhairí agus araile. computers, etc.
" AÓF: Ós rud é gur thóg sé an oiread sin ama ort, ar smaoinigh tú riamh ar é a chaitheamh san aer? Nó ar chaill tú spéis ann nó foighid leis aon uair? PM: Níor chaill mé spéis riamh ann cé go raibh amanntaí ann nuair a bhí srianta praiticiúla ag cur isteach orm, tinneas, ríomhairí agus araile.
na ríomhchláracha the computer programs
" *AÓF: Cén cur chuige a bhí agat agus cad iad na ríomhchláracha a d'úsáid tú? An raibh an obair fadálach?* PM: Thaifead mé na tiúineanna ar an ríomhaire, ag úsáid an chláir Goldwave, i bhfoirm WAV mono.
os comhair ríomhaire, in front of a computer,
" In áit a bheith i mo shuí os comhair ríomhaire, bím i mo shuí ar dhroim capaill.
Luch do ríomhaire A mouse for a computer
" Luch do ríomhaire a d'fhéadfadh feidhmiú mar ghuthán freisin, cuir i gcás.
sáite os comhair scáileán teilifíse nó ríomhairí stuck in front of a television screen or computers
" Is breá liomsa iad a fheiceáil taobh amuigh, in ionad iad a bheith sáite os comhair scáileán teilifíse nó ríomhairí ar thóineanna ramhra, go háirithe agus muid i ré ina bhfuil fadhb an mhurtaill ag méadú de shíor i measc na hóige.
comhlacht mór ríomhaireachta, big computer company
" Bhíos díreach i ndiaidh mo phost a chailliúint le comhlacht mór ríomhaireachta, agus chonacthas dom nach raibh todhchaí romham sa réimse sin pé scéal é.
bogearraí ríomhaireachta computer software
" Tá tionchar Patrick Caulfield agus Michael Craig-Martin le feiceáil ar a shaothar sa dóigh a mbaineann Opie úsáid as bogearraí ríomhaireachta chun grianghraif agus gearrscannáin a athchruthú agus íomhánna atá bunaithe ar an duine – nó ar fhigiúir éigin – a léiriú.
feidhmchlár ríomhaireachta computer application
" Is éard atá i gceist ná feidhmchlár ríomhaireachta a ligeann duit seomra a "phéinteáil" ar do ríomhaire.
ar do ríomhaire. on your computer.
" Is éard atá i gceist ná feidhmchlár ríomhaireachta a ligeann duit seomra a "phéinteáil" ar do ríomhaire.
ar scáileán do ríomhaire on your computer screen
" Ar ndóigh, ní bheidh na dathanna ar scáileán do ríomhaire díreach cosúil leis an dath a bheidh ar an bpéint i ndáiríre, ach tugann an feidhmchlár tuairim mhaith duit maidir leis na samplaí péinte ar fiú duit do chuid airgid a chaitheamh orthu agus triail cheart a bhaint astu.
ar scáileán mo ríomhaire on the screen of my computer
" Nuair a labhair mé le Lunny le gairid bhí sé 6,000 míle uaim, ina bhaile nua, ach bhí a éadan le feiceáil go soiléir ar scáileán mo ríomhaire agus a ghuth le cloisteáil go glé glinn, a bhuíochas sin ar an bhogearra iontach sin Skype.
ríomhchlár computer programme
" Tá Google chun tosaigh ón taobh seo de freisin: cuireann siad ríomhchlár beag ar fáil a chabhraíonn leat teacht ar sheirbhísí atá in aice leat.
ríomhaire oifige an office computer
" Ach má tú ag iarraidh cúpla ríomhaire oifige a chur ag obair ar beagán chostas is féidir OpenOffice.
ríomhaire computer
" Cad a deir tuistí lena bpásiti anois? Nó cad a deir tuistí lena chéile anois agus níos mó agus níos mó am á chaitheamh againn gafa ós comhair scáileán an ríomhaire.
ríomhaire computer
" Tá the Irish Independent mar shuíomh baile ar an ríomhaire aici, baineann sí úsáid as rte.
ríomhairí cianda ancient computers
" Ní cleachtú nua atá ann bailiúcháin ríomhairí cianda a úsáid chun jab mór a dhéanamh agus ar bhealach is é an cleachtú céanna seo atá taobh thiar den néalríomhaireacht.
madadh agus ríomhaire a dog and a computer
" Buandaingneán na háite a bhí ann – gruaig fhada, spéaclóidí gréine, madadh agus ríomhaire.
n-inneall vótála voting computers
" Leonta go holc cheana ag tubaiste na n-inneall vótála - atá anois tréighte ag a chomharba.
ríomhairí computers
" Chuir siad siúd é ar ais chuig Enda, ag rá nach raibh sé cosúil le cód ar bith a chonaic duine ar bith acu riamh, agus ag gearán go raibh seacht gcinn de na ríomhairí ba chumhachtaí ar domhan millte acu agus iad ag iarraidh an cód a bhriseadh.
ríomhaire computer
" Bím ar an RnaG agus mo ríomhaire le mo thaobh ó mhaidin go faoithin lá an chomhairimh, ag iarraidh smacht a chur ar na huimhreacha a thagann chugainn as chuile chearn ar fud na tíre, le go mbeidh coiste saineolaithe an chláir agus na héisteoirí sa mbaile in ann ciall a bhaint as an eolas go léir.
ríomhchlárú computer programming
" Ní raibh mo dhóthain eolais agam faoi ríomhchlárú chun an saghas suímh a bhí uaim a chruthú.
ríomhaire computer
" Leis an mborradh a tháinig faoin ríomhaireacht le linn blianta an tsaibhris, d’imigh mé féin agus mo chairde - cosúil le chuile dhuine eile - bán i ndiaidh an suntas ba dhéanaí: na ‘gréasáin sóisialta’.
ríomhairí computers
" “Rinne mé ealaín don A- leibhéal agus nuair a bhí mé ag freastal ar an ollscoil, rinne me beagáinín fosta, ach tá achan rud i gcúrsaí ailtireachta dírithe ar na ríomhairí anois.
ríomhaire computer
" SMM: Léas ar an ríomhaire go rabhais ag ceannach spíosraí agus go raibh boladh deas ar fud an tí.
ríomhairí computers
" html) Eagraíonn Nikki Ragsdale, saineolaí ríomhairí agus amhránaí ar an sean-nós, cúrsa deireadh seachtaine gach bliain sa Lárionad do na scórtha i "gCeantar na Bá" gur suim leo an Ghaeilge.
ríomhaire computer
" Is féidir cáipéisí is pictiúir a tharraingt ó do ríomhaire féin; is féidir eagarthóireacht a dhéanamh ar na cáipéisí céanna; agus is féidir daoine breise a tharraingt isteach más gá.
ríomhchláraitheoir computer programmer
" Thugamar *Ada* ar ár n-iníon *d’Ada Lovelace*, an chéad ríomhchláraitheoir.
ríomhaire computer
" Tá an-phlé le blianta anuas faoi inréimniú na teilifíse agus ríomhaire.
ríomhaire computer
" Idir seo agus eile, ardaíonn sé an cheist "cá bhfuil na polaiteoirí?" Breathnaím suas ó mo ríomhaire agus feicim na tráchtairí in ard a gcinn in aghaidh a chéile ar an teilifís go fóill, ach má tá, cá bhfuil na polaiteoirí?
ríomhghinte computer generated
" An féidir leis an matamaitic í a dhriogadh dúinn i bhfoirm dhíreach shimplí, foirmle a shlogann uimhreacha ar thaobh amháin di agus a chuireann os ár gcomhair amach radharc an rós ag bláthú, nó splanc an chló thintrí? Mar is léir ó na híomhánna ríomhghinte atá ar fáil ar an idirlíon, tá an cumas sin ann gan amhras, agus anuas air sin tá íomhánna á ndéanamh anois le cruthanna iontu nár shamhlaigh duine riamh, íomhánna a bhaineann bíogadh asainn lena gcuid áilleacht aduain.
ríomhchórais one of the computer systems
" Dheimhnigh Assange le déanaí go raibh ceann de na ríomhchórais ba thábhachtaí ag Arm na Stáit Aontaithe faoi smacht aige ar feadh dhá bhliain.
ríomhchláraitheoir computer programmer
" Ó shin i leith chuir Assange a lámh i réimse leathan oibre ríomhaire, agus rinne sé ainm dó féin mar ríomhchláraitheoir cumasach.
ríomhaire computer
" - Bíodh Beo Ar Éigean na míosa seo caite, an Nollaig, ar oscailt os bhur gcomhair amach ar an ríomhaire agus na dea-rúin á scríobh agaibh.