Pota Focal Intergaelic
cór | caor | cíor | coir | cora
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ciontach i gcoir guilty of crime
" 'Daltaí scoile a fhaightear ciontach i gcoir ar bith as seo amach, ní cóir iad a chaitheamh isteach sa phríosún ach isteach i gceardchumann.
cor twist
" Bonny? An féidir gur dá sliochtsan í máthair Scorach Missouri/Billy the Kid? Rugadh Catherine Bonney tuairim na bliana 1840.
clocha cora stepping stones
" Tá an struchtúr 34 troigh ar airde agus chuirfeadh sé tithe spéire nó clocha cora i gcuimhne duit.
ciontach as coir éigin guilty of some crime
" Má bhíonn duine ar bith á scaoileadh saor go luath ciontach as coir éigin, agus an fhianaise ann ina éadan, tógfar é agus cuirfear i bpríosún é.
gan aon choir a bheith curtha ina leith without charge
" Tá go leor de na daoine seo de shliocht Arabach nó Meánoirthearach á gcoinneáil faoi ghlas gan aon choir a bheith curtha ina leith agus gan cead a bheith acu comhairle dlí a fháil.
chor coise a chur ar dhuine to trip someone
" I measc na rialacha bhí an méid seo: an pháirc a bheith 150 slat ar fhad; cosc ar bhrú, ar tharraingt agus ar chor coise a chur ar dhuine; b'ionann cúl agus an liathróid a thiomáint faoin trasnán sa chúl; níor cheadmhach an camán a úsáid ach amháin chun an liathróid (ní raibh tagairt do "shliotar") a bhualadh nó a imirt agus chun go bhféadfadh an t-imreoir é féin a chosaint.
Cora Chaitlín Newmarket-on-Fergus
" Bhí sé ina chónaí amuigh faoin tuath, in aice le hEastát Dromoland, Cora Chaitlín, agus théadh sé ar shiúlóid timpeall an eastáit gach lá mar a bheadh an tiarna na háite ann.
Níor oiriúnaigh sé in aon chor mé It didn't suit me at all
" Níor oiriúnaigh sé in aon chor mé.
cor twist
" Stair ======= Ba í an Phlandáil Ultach (1609) a chuir cor i gcinniúint na paróiste.
le cor a chur sa chaint to change the subject
" Sa deireadh, le cor a chur sa chaint, dúirt sí, "Tá boladh breá agat, Bolognaise ab é?" "Is é.
choir crime
" Bhain an dóigh a ndearna sí mionchur síos ar an dúnmharú cúpla mí tar éis na heachtra geit as na póilíní: an tslí ar phleanáil siad é agus ar labhair siad faoi go minic roimh ré, agus a ndeachaigh siad i mbun an choir féin.
cor movement
" Thob ann agus thob as againn ár ndeoch a thaoscadh agus éalú linn ach gan é de mhuineál againn cuid suntais a dhéanamh dínn féin ó b'annamh linn corraí amach.
ná teastaíonn sí uathu in aon chor that don't want it at all
" Ba cheart dá réir na rudaí a soláthraítear aisti a bheith dírithe ar na daoine atá á labhairt, dá laghad sinn, seachas ar na daoine ná teastaíonn sí uathu in aon chor.
cor twist
" Ach tá cor sa gcás is deireanaí san Astráil.
coir crime
" Cé go bhfuiltear den tuairim gur fuadaíodh agus gur maraíodh cúpla páiste eile a d'imigh ar iarraidh agus nár aimsíodh, níor ciontaíodh riamh duine ar bith sa stát seo as coir den chineál a tharla i Sohom an samhradh seo.
cor twist
" Ba mhaith liom ceachtanna a chur leis an leabhar ach ní chuirfinn iad sin isteach i gcorp an leabhair féin.
coir crime
" Is coir é cabhrú le striapach (mar shampla, coiscíní a dhíol léi nó cupán caife a thabhairt di agus í i mbun oibre) nó teacht i dtír ar an striapachas.
corn Sasanach cor Anglais
" Fiú má bhí aithne air mar cheoltóir cruite, bhí sé breá ábalta uirlisí eile a sheinm: an pianó, an corn Sasanach, an t-óbó agus, ar ndóigh, an tiompán, uirlis ársa Éireannach le céad agus fiche sreangán atá rud beag cosúil leis an dulcaiméir.
chun coir a réiteach to solve a crime
" I *Terrible Angel*, cuirtear an reibiliúnach glic Éireannach ón saol eile chun coir a réiteach i Greenwich Village sna 1990í.
in aon chor at all
" Bheadh go leor páistí nach mbeadh cloiste acu in aon chor faoi a lán des na ceoltóirí a bhíonn againne.
choir crime
" Thug tuairisceoir amháin an choir ba mheasa ó d'ionsaigh na Stáit Aontaithe Hiroshima agus Nagasaki ar an ionsaí i Halabja.
coir crime
" Arís, go dtí seo, creideadh gur dílseoirí a bhí freagrach as an gcoir seo.
cor twist
" Bhí aiféala uirthi gur éiligh sí pionós corpartha agus an t-éileamh sin ag teacht salach ar gach ar chreid sí riamh ann.
Ní réiteodh Ó Fiannachta leis an méid sin in aon chor Ó Fiannachta wouldn't agree with that at all
" Ní réiteodh Ó Fiannachta leis an méid sin in aon chor.
Cor ní raibh there wasn't a movement
" Cor ní raibh as an bhfear gonta.
in aon chor at all
" Thuig mé an méid sin sular bhuail mé léi in aon chor, agus rinne mé iarracht a chinntiú go raibh m'obair bhaile féin déanta agam roimh ré, ionas go mbeinn in ann tús maith, ar a laghad, a chur lenár gcomhrá.
an cor is deireanaí the latest twist
" Is é an cor is deireanaí sa scéal go bhfuil a fhios againn go raibh Tony Abbott, atá anois ina aire sinsearach sa rialtas náisiúnta, ag bailiú airgid ó 1998 le tacú le daoine a bhí ag tabhairt cásanna cúirte i gcoinne One Nation.
chor twist
" Caitear oícheanta fada geimhridh ansin os comhair na tine, ag imirt chártaí, cuir i gcás, ag argóint faoin chor is deireanaí sa saol polaitiúil, nó ag cur is ag cúiteamh faoi achrann éigin i gclub áitiúil an Chumainn Lúthchleas Gael.
choir crime
" Ní raibh aon choir déanta aige, ach mheas na húdaráis nach raibh a mháthair in ann (aire chuí) a thabhairt dó.
nach bhfuil go maith as ar chor ar bith that are not well off at all
" Tá cathracha agus bailte in áiteanna eile sa tír nach bhfuil go maith as ar chor ar bith, agus atá fós ag iarraidh teacht chucu féin i ndiaidh dheireadh ré an Chumannachais.
cor i gcinniúint na bpearsana a twist in the characters' fate
" Murach í ní aithneodh sé tús pléascach ná casadh tobann i scéal ná cor i gcinniúint na bpearsana ná na múrtha ábhar eile a gcuireann léitheoirí, idir lucht acadúil agus eile, suim iontu sa litríocht.
cor turn, twist
" Murach í ní aithneodh sé tús pléascach ná casadh tobann i scéal ná cor i gcinniúint na bpearsana ná na múrtha ábhar eile a gcuireann léitheoirí, idir lucht acadúil agus eile, suim iontu sa litríocht.
cor turn
" Is iomaí cor a bhíonn sa saol.
cuireann Cudahy cor bealaigh air féin Cudahy takes a detour
" Go deimhin, agus an scéal á insint aige, cuireann Cudahy cor bealaigh air féin agus déanann sé cur síos ar na córais faoi thalamh i mBostún agus i Londain.
choir crime
" Cé go raibh an tatú *"Ulster" *ar a lámh, agus go bhfuair na póilíní a lán paimfléad de chuid an UVF agus an Oird Oráistigh ina theach, agus gur admhaigh Forrest go raibh sé ag iarraidh an carr a chur trí thine, dúirt an Breitheamh Davies nach raibh aon fhianaise ann gur cúrsaí polaitíochta a spreag an choir agus ghearr sé téarma sé mhí *"youth custody" *air! Seo ag am nuair a bhí Seisear Birmingham, Ceathrar Guildford, Annie agus Paddy Maguire, etc.
cor tolgach strong turning movement
" Gluais • Glossary slatairea slip ar dhath na mealahoney-coloured lasairflame tochtdeep emotion ó shaol na mbeofrom the world of the living deorantachtaloofness colgrage caidéisinquisitiveness ar a buaicat its highest point go lomghéagachwith bare limbs reoitefrozen leáitemelted carnthaheaped gágacracks saothar na seanbhaiclethe work of the old crowd cleiteánpainter's brush cuideachtúilsociable leafa gáirefaint smile brí fhiáin na beathathe wild meaning of life amhrasachsuspicious ag bá na dtuamaídrowning the tombs go híoróntaironically go neamhshaoltaethereally í a fháscadhto squeeze her tathagsubstance go duasmántagloomily ní háil léi iad a dhíolshe doesn't want to sell them an dúluachairmidwinter cor tolgachstrong turning movement Fastaím!Nonsense! an chreachthe booty bruth féasóigea fluff of beard sméid sí isteach éshe beckoned him in súimínsip coscairtthaw i ngátarin distress ar foluainfluttering i mbreo samhratain a summer-like glow ciumhaisedge ina sheilbhin his possession agus shín uaidh a lámh á lorgand he extended his hand looking for it rian a choshis footprints
an cor is deireanaí the latest twist
" Tháinig an cor is deireanaí sa scéal an tseachtain seo caite.
cúpla cor gan choinne a few unexpected twists
" Tá aistear fada siúlta ag lucht ceannasaíochta Shinn Féin agus bheadh sé mí-réadúil bheith ag ceapadh nach mbeadh cúpla cor gan choinne ar an bhóthar sin.
coir crime
" Bhí freagra simplí ag an AFP air sin – gur coir a tharla san Indinéis a bhí i gceist agus, mar sin, gur le póilíní agus cúirteanna na hIndinéise a bhain sé.
le cor a chur ar dhaoine fiosracha to give inquisitive people the slip
" Chuaigh na Gardaí go dtí an láthair chontráilte an oíche sin agus b’éigean dóibh dul i mbun bréagadóireachta dá bharr le cor a chur ar dhaoine fiosracha.
le cor a chur ar dhaoine fiosracha to give inquisitive people the slip
" Chuaigh na Gardaí go dtí an láthair chontráilte an oíche sin agus b’éigean dóibh dul i mbun bréagadóireachta dá bharr le cor a chur ar dhaoine fiosracha.
cor is lúb twist and turn
" Is iomaí cor is lúb a tharla i gcinniúint na nGael ó shin ar ndóigh agus tá ceart na bpobal iad féin a rialú bainte amach anois.
an cor is scanrúla the most frightening twist
" Cor scanrúil ======= Is dócha gurb é an cor is scanrúla sa scéal seo, áfach, ná an tuairisc a bhí ag Nuacht TG4 cúpla seachtain ó shin go bhfuil mianach nua den MRSA sa tír seo anois.
Cad a bhí ar bun aige in aon chor? What was he up to at all?
" Cad a bhí ar bun aige in aon chor? Thóg sé tamall fada orm oibriú amach cad a bhí feicthe agam.
coir crime
" Má dhéantar coir, an chéad rud a dhéanfaidh na póilíní ná ceannfháth a chuartú.
nár ciontaíodh i gcoir ar bith riamh never convicted of a crime
" Anuas air sin, má tá aon fhianaise ar chor ar bith ann go mbíonn lámh ag na heitleáin seo i bhfuadach daoine nár ciontaíodh i gcoir ar bith riamh, ba cheart cead a dhiúltú dóibh a gcuid umar a athlíonadh anseo.
cor cinniúnach stairiúil a fateful historic point
" Mar a dúirt an tUasal Douthwaite: “Tá muid anois ag cor cinniúnach stairiúil i gcúrsaí daonna.
chuir mé cor bealaigh an-taitneamhach orm féin I took a very pleasant detour
" Mí an Mheithimh seo caite, agus mé ar mo bhealach ó Londain go hAlbain, chuir mé cor bealaigh an-taitneamhach orm féin.
chuir mé cor bealaigh an-taitneamhach orm féin I took a very pleasant detour
" Mí an Mheithimh seo caite, agus mé ar mo bhealach ó Londain go hAlbain, chuir mé cor bealaigh an-taitneamhach orm féin.
coir crime
" Ni haon ionadh gur chuir an cabal coirpeach timpeall ar Milosevic corp an deachtóra le holagón agus deora fá scáth an chrainn teile ina ghairdín dúchais ag 41 Sráid Nemanjina, i Pozarevac, Dé Sathairn, an 18 Márta 2006.
cor twist
" D’fhéadfaidís a mhaíomh gur cuireadh cor leatromach ina gcinniúint ó tharla b’fhéidir nach bhfuair siad dóthain pointí le tabhairt faoina rogha cúrsa ollscoile, nach bhfuil siad sona sásta ina ngairm bheatha agus nach dtuilleann siad an oiread is a d’fhéadfaidís dá mba rud é gur bronnadh na marcanna orthu a bhí dlite dóibh.
cor agus casadh twist and turn
" Riochtaí éagsúla Is iomaí cor agus casadh a tháinig idir chéad chruinniú Fhianna Fáil i halla an La Scala, Sráid Uí Chonaill, ar an 23 Márta 1926, agus bualadh amach Bertie is a chairde sa Spa galánta sa Chaisleán Fraoigh, in iarthar Chorcaí, agus iad ar ais i gcumhacht arís leis an bPáirtí Daonlathach.
ar chora crua na haimsire atá caite of the hard turns of times gone by
" I bhfianaise an dearcaidh seo tá seans go mbeadh Polannaigh gach pioc chomh híogair maidir lena stair fiú muna mbeadh beo fós daoine a bhfuil taithí phearsanta acu ar chora crua na haimsire atá caite.
mar gheall ar choir chiníoch because of a racist crime
" Gearradh téarma príosúin ar Mick i 1979 mar gheall ar choir chiníoch a rinne sé agus d’éirigh sé as an British Movement i 1983.
ní chuireann sin as dom ar chor ar bith that doesn't bother me at all
" De dheasca bheith chomh gnóthach le hobair an choláiste samhraidh, níl an spórt chomh lárnach i mo shaol ó lá go lá is a bhíonn de ghnáth agus, le fírinne, ní chuireann sin as dom ar chor ar bith.
sa chor is lú a chuireann sé de in his every movement
" ” Is de bhunadh na hÉireann é an t-amhránaí Sasanach Morrissey, agus tá breis is scór bliain caite ag daoine ar fud na cruinne, idir Éireannaigh agus eile, ag cur an-suime ina chuid amhrán, ina phearsantacht agus fiú sa chor is lú a chuireann sé de.
nár cúisíodh Haddock as coir ar bith that Haddock was no charged with any crime
" Dúirt an Teachta: “An líomhain lárnach atá ann ná nár cúisíodh Haddock as coir ar bith mar gur brathadóir ab éigean a chosaint a bhí ann.
i dtaithí ar an chor nua seo sa tsaol, used to this new turn of events
" Is dócha nach raibh siad i dtaithí ar an chor nua seo sa tsaol, go raibh daoine ag teacht isteach chucu ó aicmí eile den phobal agus cuid acu fuair siad sin deacair go leor a láimhseáil.
go n-eagraítear ar chor ar bith anois é, that it is organised now at all,
" Ach thit stádas Chorn an Oireachtais an-sciobtha trí na 1980í, faraor, agus ní heol dom go n-eagraítear ar chor ar bith anois é, ach bhí an-mheas ar fad air blianta ó shin.
nár casadh mórán Astrálach orm in aon chor that I didn't meet many Australians
" Rud amháin a chuir as dom go mór faoin gceantar seo ná nár casadh mórán Astrálach orm in aon chor - ach casadh go leor Francach, Gearmánach, Sasanach, Éireannach, Sualannach agus Meiriceánach orm! Nuair a bhímse i dtír, is mian liom aithne a chur ar a muintir, ach bhí orm dul sa tóir ar na hAstrálaigh sa tonn mhór cúlphacálaithe a raibh an áit faoina smacht.
cor deas a nice twist
" Maidir leis an toghchán náisiúnta, is fada uainn fós é ach cuireadh cor deas sa scéal nuair a d’fhógair Maxine McKew, a bhí ina hiriseoir teilifíse leis an ABC go dtí le gairid, go seasfadh sí in aghaidh an Phríomh-Aire, John Howard, ina shuíochán i Sydney.
coir crime
" Ní hamháin go bhfuil coirpigh thuaithe Passaic ag meascadh le coirpigh Paterson ann, ach tá príosúnaigh ann ó chóras phríosúin na Cónaidhme freisin, agus, Dia dár réiteach, lucht iarrtha tearmainn nach bhfuil coir ar bith curtha ina leith, ach atá “idir lámha” ag Gníomhaireacht Inimirce Mheiriceá go gcloisfear a gcásanna dídine.
is beag aird a dhíreofaí in aon chor ar fhoréigean le gunnaí i Meiriceá, little attention would be paid at all to violence with guns in America,
" Gan na heachtraí seo, is beag aird a dhíreofaí in aon chor ar fhoréigean le gunnaí i Meiriceá, ach is uafásach iad na staitisticí, agus is iontach an méid daoine i Meiriceá a bhfuil gunnaí dulta i bhfeidhm orthu ar shlí amháin nó ar shlí eile.
sular tharla an bhuamáil ar chor ar bith before the bombing happened at all
" Bhí tuairimí eile ann, áfach, go raibh Picasso gafa leis na siombailí teibí a d’úsáid sé sa phictiúr sular tharla an bhuamáil ar chor ar bith agus nach freagairt “mhacánta” ar an lá a bhí ann ach deis do Picasso é féin a shásamh.
aon choir any crime
" Gearradh téarmaí príosúnachta ar an bheirt acu: ar Myatt, a d’admhaigh go raibh sé ciontach ón chéad lá, agus ar Drewe, a shéanann go fóill go bhfuil aon choir déanta aige.
ar chor ar bith. at all.
" Chinn sé go luath go mbeadh sé ina shár-rachmasaí dá mbeadh sé chun a bheith ina rachmasaí ar chor ar bith.
an cor seo this twist
" What does the Government know now that it didn't know when it stood idly by and let Aer Lingus management decide to pull the plug on Shannon?” Léiríonn an cor seo go bhfuiltear ag loic go fóill ar mhuintir an Iarthair Láir.
cúpla cor sa scéal, a few turns in the story
an cor is déanaí sa scéal, the most recent turn of events
" Ach is é seo an cor is déanaí sa scéal, go bhfuil tabhairní ag tabhairt bata agus bóthair do na grúdlanna móra agus ag grúdú a mbeoracha féin.
cor úr new development
" Is cor úr é seo sa díospóireacht faoi theagasc an Bhéarla i ranganna naíonán de chuid scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna.
líon na gcor babhlála amount of overs
" Imrítear dhá shaghas cluiche idirnáisiúnta cruicéid: na comórtais thrialacha, a mhaireann ar feadh laethanta, agus cluichí gearra ina bhfuil teorainn maidir le líon na gcor babhlála atá ceadaithe – cluichí lae agus cluiche ar a dtugtar Twenty20 Cricket, cuir i gcás.
cuid acu nach n-aontódh lena dhearcadh polaitiúil in aon chor, some of whom would not share his political views at all,
" Foilsíodh anuraidh é agus scríobh léirmheastóirí, cuid acu nach n-aontódh lena dhearcadh polaitiúil in aon chor, léirmheasanna an-dearfacha mar gheall air.
Más fiú reifreann a rith in aon chor, if a referendum is worth having at all
" Más fiú reifreann a rith in aon chor, is fiú díospóireacht chiallmhar a reáchtáil faoi.
Cor eile another turn, another development
" Cor eile atá tugtha faoi deara agam ná go bhfuil an t-aos óg ag briseadh amach agus go dteastaíonn uathu a rian fein a fhágáil ar an chineál seo damhsa.
cora cainte idioms
" Cén sórt cainte a bheadh acu? Cén cineál stór focal agus cora cainte a bheadh in úsáid acu? Ar chóir do na scríbhneoirí atá ag scríobh scripte don aois seo cloí le corr-dhrochleagan cainte, nó ar chóir dóibh nathanna seanfhaiseanta a bhrú orthu.
coir crime
" Ní féidir le *Beo!* breithiúnas a thabhairt maidir le cé acu an bhfuil coir – ceann morálta nó cion de réir an dlí – déanta ag Ó Searcaigh, nó nach bhfuil.
nach raibh sé seo sásúil in aon chor that this wasn't satisfactory at all
" Bhí an Chomhairle Contae ag iarraidh go mbainfí úsáid as torthaí na hArdteiste ach thug Máire Seo Breathnach le fios nach raibh sé seo sásúil in aon chor mar shlat tomhais.
ba gheall le míorúilt an nuachtán a fháil in aon chor. it was like a miracle to get the paper at all
" Bhíodh sé lá nó dhó déanach i gcónaí agus ní bhíodh ann ach cúpla leathanach dubh agus bán ach ba gheall le míorúilt an nuachtán a fháil in aon chor.
shílfeá nach aisteoireacht a bhí ar siúl acu ar chor ar bith. you would think that they weren't acting at all
" Tá rud éigin ar leith le brath idir na príomhcharachtair sa scannán seo - shílfeá nach aisteoireacht a bhí ar siúl acu ar chor ar bith.
rinneadh a gcoir a thaifeadadh, their crime was taped
" I ngan fhios dóibh, rinneadh a gcoir a thaifeadadh, agus nuair a taispeánadh an bascadh ar an teilifís, bhris círéibeacha – inar maraíodh 53 duine – amach ar fud na cathrach.
cor agus casadh twists and turns
" Is iomaí cor agus casadh a tharla sa scéal ó chuir na hiarrthóirí na lámhainní dornálaíochta orthu ar dtús.
cor cinniúna watershed
" The Stonewall Riots a thugtar go coitianta ar an eachtra seo a tharla 38 bliain ó shin sa chathair Mheiriceánach agus ba dhíol suntais í mar gheall ar go meastar í go forleathan a bheith ina cor cinniúna i stair na ndaoine homaighnéasacha.
gan choir blameless
" Ba bhreá liom fáil amach cad é a bhí taobh thiar den drochíde fhíochmhar béil a thug sé do Chaitlicigh gan choir sna caogaidí agus sna seascaidí.
cor cinniúnach fateful turn
" Ní dócha go scaoilfidh sé rúin ar bith a thabharfaidh léargas glinn dúinn mar gheall ar an fhear seo a raibh baint aige le cor cinniúnach in Éirinn.
cor agus casadh twist and turn
" (Paragraf 2) Is iomaí cor agus casadh sa scéal seo, ach i ndeireadh báire fuarthas amach gurbh é an “Josh” a raibh Megan i dteagmháil leis ar líne ná bean mheánaosta darb ainm Lori Drew.
níl rudaí áirithe i ndiaidh athrú ar chor ar bith. some things haven't changed at all
" Ba sa bhliain 1992 a d’fhág mise, ach níl rudaí áirithe i ndiaidh athrú ar chor ar bith.
Is iomaí cor many a change
" Is iomaí cor a chuirfimid dinn mar dhream go ceann cúpla glúin eile ach cén t-iomaire is féidir linn treabhadh is nach bhfuil faoi láthair? An bhaincéireacht Ghaeilge a déarfainn, tharla gur laige an bhaincéireacht thar meon faoi láthair, ach ní bhunaítear banc le seirbhís a roinnt ar a chuid custaiméirí in am ar bith.
cor bealaigh detour
" Níl cor bealaigh an chúpla soicind sin le déanamh ag córas idirlín na hÉireann ag sní trí chóras aon tír eile ar domhan le bheith i láthair margaí móra na cruinne.
cor coise duit you're tripped up
" Ó ‘*Filene’s Basement*’ síos go ball sprice ag ‘*Century 21*’ sa dóigh is go dtabharfaí cor coise duit ag gach casadh/coirnéal/ráille éadaí.
cor coise a trip (of foot)
" Agus an méid sin ráite, tuigeann an duine réasúnta go rímhaith go bhfuil sé fíordheacair don réiteoir gach brú, tarraingt, cor coise agus buille, feall agus calaois, a tharlaíonn i gcluiche a fheiceáil.
coir an Diamhaslú the crime of Blasphemy
" A cháil titithe go mór ar na mallaibh, áfach, de dheasca na tubaiste a bhain le príosún Halla Uí Dhroighneáin a bheith caite i dtraipisí agus faoina chuid claonadh i dtreo na heite deise agus coir an Diamhaslú á dhleathú aige.
cor bealaigh detour
" Nárbh é an bratach trídhathach ba chúis le chéad racáin mhóra na dtrioblóidí i Sráid Duibhise i 1964? Uair amháin, b’éigean dom cor bealaigh a ghlacadh i gceantar na Seanchille agus ag dul thart coirnéal áirithe, baineadh geit asam nuair a chonaic mé an bratach ba mhó UVF dá bhfaca mé riamh díreach os mo chomhair.
cor twist
" Tá eagla a gcraiceann á cur ar mhuintir Uganda le corradh is scór bliain anuas ag Arm Muirthéachta Dé a bhfuil sé mar aidhm aige stát a bhunú a fheidhmeoidh de réir na nDeich nAithne.
ar chor ar bith at all
" Íoctar a leithéid ar scrúdú i ngaráiste, gan aon bhall den charr a chóiriú ar chor ar bith chor ar bith! Coinnigh an t-airgead sin in do phóca.
chor a bheith almost
"chor a bheith achan leabhar ar an stailc ocrais léite agam.
cor turn (of events)
" Nuair a d’éirigh leis na fórsaí Astrálacha an cosán a chosaint mhothaigh muintir na hAstráile go raibh cor tábhachtach bainte amach acu sa chogadh.
cor cainte turn of phrase
" Ach an bhfuil an pobal aontachtach chomh truamhéileach sin gur tábhachtaí leo an tOrd Oráiste a fheiceáil ag siúl ar Bhóthar Gharbhachaidh ná smacht a bheith ag a chuid ionadaithe ar chúrsaí póilíneachta agus cirt? Agus an bhagairt atá ag teacht ó easaontóirí Poblachtanacha ag méadú lá i ndiaidh lae, an é an chloch is mó ar a bpaidrín (cor cainte mífhóirsteanach, is dócha) cosa Oráisteacha i gceantracha Caitliceacha? In amanna, cailleann focal nó nath cainte brí má bhaintear barraíocht feidhme as.
cor turn, change
" B’fhéidir go bhfuil cor eile i saol na healaíne is go bhfuil aisfhreagra úr nua tosaithe ag Wright? Naisc: Faoi Turner 2009 http://www.
cor a chur ar to get one over on
" I Mí na Nollag 2001, d’éirigh leis an “buamadóir bróige” Richard Reid cor a chur ar ICTS ag Aerfort Charles de Gaulle i bPáras.
gcor sa scéal turn of events
" Céard é do mheas ar an gcor sa scéal scathamh ó shin, breith an Bhoird Phleanála in aghaidh an chomhlachta ar láimh amháin agus an géibheann a cuireadh ar Pat O Donnell ar na mallaibh? MÓS: Maidir linne i dtosach, níl muide anseo ag iarraidh bua, níl muide ag iarraidh an lámh in uachtar a fháil ar éinne ná ní shin é atá i gceist againn.