Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
na vótálaithe seasta the core voters
" In olltoghchán na bliana 1997 bhí caint ar na vótaí inaistrithe agus ar na suíocháin imeallacha ach tá a lán cainte an t-am seo faoi míshásamh agus easpa suime na vótálaithe seasta.
lárnach core
" Saibhreas na hÉireann ======= Tabharfaidh an t-ionad úr Gaelach an deis do mhic léinn, idir óg agus lánfhásta, staidéar a dhéanamh ar shaibhreas na hÉireann go leanúnach mar chuid lárnach dá gcuid staidéir.
croíghrúpa core group
" Go dtí le fíorghairid, d'fhéadfaí a bheith cinnte de rud amháin tar éis aon scannal san eaglais: labharfadh croíghrúpa beag daoine, dream coimeádach den chuid is mó, amach agus chuirfeadh siad i leith lucht cáinte na heaglaise gur frith-Chaitliceachas caolchúiseach a bhí ar bun acu.
Ceoltóir nádúrtha a bhí ann go smior he was a natural musician to the core
go smior to the core
bogphornagrafach soft-core porn
" Ag an am sin, bhí an-tóir ar Rourke tar éis dó bheith páirteach i gcúpla scannán *“edgy”, *an pictiúr bogphornagrafach 9 1/2 Weeks le Kim Basinger san áireamh.
croílár core
" Is iontach an buntáiste dúinn é sin mar go bhfuil an caidreamh idir deontóir agus tiomsaitheoir ag croílár an tiomsaithe airgid.
mar chuid lárnach dár gceolchoirmeacha as a core part of our concerts
" Tá "Glanfaidh Mé" tar éis a bheith mar chuid lárnach dár gceolchoirmeacha le ceithre nó cúig bliana faoin am seo.
bunluachanna na sochaí core values of society
" Ní shamhlófá go mbeadh athréimniú teanga le háireamh ar cheann de phríomhthosaíochtaí aon cheannaire stáit le linn ré chomh éiginnte sin, ina raibh chan amháin slándáil is flaitheas na tíre faoi bhagairt mhór, ach ina raibh bunluachanna na sochaí i mbaol chomh maith.
croíluachanna core values
" Dúirt sé go bhfuil croíluachanna ann a shuimíonn an CLG agus go dtugann sé féin tacaíocht agus dílseacht do na luachanna sin i gcónaí.
an teanga a croílár language is its heart’s core
" Níl aon rud eile a dhéanfas an snaidhmiú sin ach an tsaíocht dúchais ar di an teanga a croílár.
ina chroí istigh in his heart’s core
" 
Bhí an daonnacht seo agus an dáimh le daoine ar an ghannchuid ina chroí istigh sular fhoghlaim sé faoi na teoiricí polaitíochta a bhí taobh thiar den chur chuige a chleacht sé ó shin.
croílár the core
" Ach tugaim dúshlán d'éinne a léifidh an cuntas seo a leanas ar iarrachtaí eagras stáit amháin scéim teanga a aontú leis an Roinn, a rá cad tuige go mbeadh muid dóchasach go bhfuil an Roinn in ann an jab ríthábhachtach a bhaineann le pleanáil teanga sa Ghaeltacht a chur i gcrích! Treoirlínte na Roinne ========= Is iad na scéimeanna teanga croílár Acht na dTeangacha Oifigiúla sa mhéid is go leagtar amach iontu na seirbhísí a bheas na comhlachtaí stáit éagsúla ag soláthar trí Ghaeilge.
i gcroílár at the core
" Teaghlach Taca Lucht Ealaíne ============== Le linn na hAthbheochana bhí poblacht Flórans i gcroílár chóras ardchumhachtach nua baincéireachta a shín ó Londain soir go Cathair Chonstaintín (Iostambúl an lae inniu).
sin croílár a dteachtaireachta that’s the core of what they’re about
" ’ Agus sin croílár a dteachtaireachta: ceantair iad seo ar chóir do mhuintir na háite a bheith mórtasach astu.
atá i smior which is at the core
" Chlis orthu seilbh a ghlacadh ar thionscadal na hatógála, chlis orthu réiteach glinn ar fhadhb an neamhionannais a chur in iúl, agus chlis orthu aon bhealach cruinn a leagan síos a cheartódh cultúr na hiomarca agus na caimiléireachta atá i smior an chórais chaipitlíoch.
Tá an lobhadh ina croílár it’s rotten in its core
" Tá an lobhadh ina croílár.
a fheictear i smior which is visible in the core (of)
" Cuireann an tírghrá a fheictear i smior scríbhneoireacht Hogan na tubaistí dleathacha seo fé cheilt air áfach.
shinsear na nGael go croí ionam of the forebears of the Irish speakers affected me in my core
" Nuair a sheas mé os comhair na fianaise, chuaigh an tuiscint ar éadáil agus ar acmhainní shinsear na nGael go croí ionam.
agus é ar thóir croílár a chuid intleachta liteartha as he sought the core of his intellectual literature
" Droim Láimhe don Seanchas ========== Cromann de Paor fé mhionscagadh ar gach focal i ngach aon scéal dar chum an Cadhnach agus é ar thóir croílár a chuid intleachta liteartha.
ag dul i léig i gcroí na huirlise dying off in the core of the piano
" Na nótaí deiridh ag dul i léig i gcroí na huirlise.
mbunmhaoiniú core funding
" Cuirfear deireadh ar fad lena mbunmhaoiniú ach beidh siad ábalta iarratais a dhéanamh  ar thionscadail éagsúla.
aicme na gcroí-ábhair ardteiste the leaving cert group of core subjects
" Mheas an Taoiseach úrthofa achar gairid ó shin ar bonn ‘hunch’ an Ghaeilg a chartadh amach as aicme na gcroí-ábhair ardteiste.
gcroí-ábhar core subject
" Tá Balor ag dearcadh go nimhe neanta ar chúig phointe Fhine Gael, ar a ‘gcroí-ábhar’ agus ar an té a cheap croí-ábhar ar leith a dhíbirt as scoileanna na tíre, sea, Enda, an Taoiseach Taoscach.