Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar chrios iompair na staire sin on that conveyor belt of history
" Ach ag tús na míosa seo chuir tromlach de bhaill Pháirtí Aontachtach Uladh (UUP) a muinín i David Trimble ar chrios iompair na staire sin ar a dtugtar Comhairle Aontachtach Uladh.
chrios belt
" I gcás amhrastaigh amháin le déanaí, Dutch Holland, rinne sé iarracht taifeadáin a cheilt ina bhróg agus ina chrios ach d'aimsigh na Gardaí iad agus baineadh de iad.
crios sábhála seat-belt
" Tá an bheirt acu ar an suíochán cúil, agus crios sábhála thart orthu.
as an "gcrios inimirce" from the 'immigration zone'
" Chomh maith leis sin, cuireadh reachtaíocht aisbhreathnaitheach i bhfeidhm a bhain Oileán Melville agus tuairim is 4,000 oileán eile i dtuaisceart na tíre as an "gcrios inimirce".
Chrios an Bhíobla the Bible Belt
" Is pobal beag feirmeoireachta é Lubbock, atá suite ar imeall thiar Chrios an Bhíobla, agus deirtear go bhfuil níos mó tithe pobail ann *per capita *ná mar atá in aon chathair eile sa náisiún.
na gCriosanna Teanna of the Tight Belts
" In ainneoin a neamhthola agus a chúthaileachta a fhoilsíonn muid anseo é - dán molta Charlie na gCriosanna Teanna.
Teannaigí bhur gcriosanna tighten your belts
" Ní raibh stad liom riamh den ragairne, den chaiteachas gan bhrí Go dtí gur chuala mise Charlie is é ag caint ar RTÉ: Curfá: ======= Teannaigí bhur gcriosanna agus teannaigí iad go docht.
crios cogaidh war zone
" Agus cé go bhfuil liosta fada taismeach ag Arm Stát Aontaithe Mheiriceá agus ag Arm Shasana, tá Tony Blair ag iarraidh níos mó saighdiúirí a sheoladh amach go dtí an crios cogaidh.
crios bán míleata white military belt
" Fuarthas bairéad de chuid an UVF agus an t-ainm Alan Clair scríofa air, *balaclava* dubh a raibh an suaitheantas "*UVF 1st Liverpool Battalion"* air agus crios bán míleata agus búcla an UVF air.
a gcuid criosanna a theannadh to tighten their belts
" Ba é an chaint a rinne sé ar RTÉ sa bhliain 1982 ba chúis le mo shaoradh, nuair a d’iarr sé ar mhuintir na hÉireann a gcuid criosanna a theannadh.
don chrios ózóin to the ozone layer
" B’fhadhb é seo dúinn, gan trácht ar an damáiste don chrios ózóin, mar gheall ar an trealamh trom ar fad a bhí de dhíth orainn le haghaidh dreapadóireachta sna hAlpa.
crios sábhála seat belts
" Tá daoine áirithe ann nach gcaitheann crios sábhála go fóill.
gcrios chumhdaigh protection zone
" Mheas muid go mbeadh an blár agus na bóithre ina gcrios chumhdaigh againn, agus go gceansófaí na lasracha sula sroichfidís ár dtithe.
teannadh creasa tightening the belt
" In aitheasc a mhair 52 nóiméad agus ar fhéach 60 milliún duine air, leag an t-Uachtarán Obama clár oibre amach ina raibh sé soiléir go mbeadh teannadh creasa i gceist.
gcriosanna tárrthála safety belts
" Ceangail bhúr gcriosanna tárrthála, a cháirde, faoi choinne thuras samhlaíochtúil go béal Ifrinn, agus ar ais! Más gnáthlead iontach íogair, cúthalach é Oskar, is beag atá gnách faoi Eli, an cailín óg andraigíneach béal dorais.
criosanna maolánacha buffer zones
" Ar Cosaint ====== Tá criosanna maolánacha i dtaca leis na crogaill timpeall na limistéar uirbeach sa tuaisceart agus tá clár gaistithe ar siúl iontu.
crios na cruinne the equator
" san am a raibh Éire ag crios na cruinne!).
mar chrios tarrthála like a life belt
" Bhíos ag taobhú na habhann ionas nach mbeinn fíorchaillte, go fiú nuair nach mbíodh sé le feiceáil tríd an dufair, mhothaigh mé é mar chrios tarrthála taobh liom.
crios a belt
" Tá sé á ghléasadh féin chun bóthair: maide fada cuilinn ina ghlaic, hata stuacach os cionn an dá chluais, casóg olla air agus crios aniar faoina lár.
bhfuil cónaí orthu i gCrios Cogaidh they live in a battle zone
" " Tá sé de rún ag lucht na ngunnaí cur ina luí ar dhaoine go bhfuil cónaí orthu i gCrios Cogaidh agus go gcaithfidh siad a bheith réitithe dó.
Crios Sómais an Duine a person’s comfort zone
" Crios Sómais an Duine ======== Meas tú cén fáth go bhfuil CLG chomh mór sin fós mar inspreagadh aige? Tá an freagra ag Steven Kernan, captaen fhoireann Chrois Mhig Lionnáin a bhuaigh Chraobh Club na hÉireann cúig huaire.
ag fáisceadh an chreasa are tightening the belt
" Faoin am seo, mura bhfuil deireadh leis an obair sna háiteacha sin, tá deireadh ré, ísliú céime nó easpa bisigh á dtuar de réir mar atá na hollúna is cáilithe ag dul ar phinsean agus na coláistí éagsúla ag fáisceadh an chreasa.
ag caitheamh crios slándála wearing a seat belt
" Ní raibh sé ag caitheamh crios slándála.