Pota Focal Intergaelic
coy | cr- | crá | cré | crí
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
le fonn caointe feeling like they want to cry
" Ar an drochuair, tá an píosa áirithe talaimh sin ag titim isteach sa chlábar agus lucht féachana scanraithe ag breathú air le fonn caointe.
geoin fhaiteach whimper/cry of fear
" 'Ó, Íosa Críost,' a sciorr ina geoin fhaiteach faoi m'anáil agus meall doichill ag at i mo chliabhrach.
ní fheicfeá an dá shúil ina ceann leis an chaoineadh her eyes were swollen because of crying
" Bhí Bríd bheag sa tseomra ó tháinig an corp agus ní fheicfeá an dá shúil ina ceann leis an chaoineadh.
ochón crying
" ) Ach má bhí aontachtaithe ag dúil go dtosódh olagón agus ochón ó na poblachtánaigh, bhí dul amú orthu, agus seo an fáth.
Chuir sé liobar air féin. He pursed his lips as if to cry.
" Chuir sé liobar air féin.
Bhris an caoineadh uirthi. She began to cry.
" Bhris an caoineadh uirthi.
an gháir chéanna the same cry
" Fiú amháin na cailíní in éide Moslamach a bhí ag snámh in uisce domhain na Mara Rua, amach ó chathair Aqaba, bhí an gháir chéanna acu - "Welcome in Jordan!" Is daoine lácha, gealgháireacha iad muintir na hIordáine agus níl mórán acu faoi láthair le bheith sona faoi.
ar tí pléascadh amach ag caoineadh about to burst out crying
" Maidir liom féin, ní raibh a fhios agam an raibh mé ar tí pléascadh amach ag caoineadh, nó mo bhricfeasta a chur amach le teann déistine de bharr na sonraí uafásacha a bhí á gcloisteáil agam.
ag éamh crying
" Chuala Peadar geabhróga agus faoileáin ag éamh san aer os cionn chladach an locha.
dóbair gur bhris mo ghol orm I nearly broke out crying
" Ba dheacair dom é seo a chreidiúint, agus dóbair gur bhris mo ghol orm nuair a chuala mé an scéal uafásach seo.
ba bheag nár bhris an gol orm I nearly started crying
" Mhol mé an áit go hard agus mé ar an bhealach ansin leis an lucht teilifíse, ach nuair a bhain muid An Port amach ba bheag nár bhris an gol orm.
thorann na mbuamaí agus éagaoin a muintire the noise of bombs and the crying of their people
" Ar an drochuair, tá cluasa cuid mhór aontachtach bodhar mar gheall ar thorann na mbuamaí agus éagaoin a muintire le linn 35 bliain na dtrioblóidí.
bhris an caoineadh uirthi she broke down crying
" “Tá mé i gceart,” ar sise leis agus bhris an caoineadh uirthi ansin ar chosán os cionn tolláin i Londain.
nuair a phléascann leanaí óga amach ag caoineadh when you children burst out crying
" Ní féidir leat ach gáire nuair a ritheann 50 páiste ón mbaile áitiúil i do threo ag béicíl *“Oboruni Mary, how are you?”, *nó nuair a phléascann leanaí óga amach ag caoineadh toisc gur tusa an chéad duine geal atá feicthe acu riamh.
nuair a phléascann leanaí óga amach ag caoineadh when you children burst out crying
" Ní féidir leat ach gáire nuair a ritheann 50 páiste ón mbaile áitiúil i do threo ag béicíl *“Oboruni Mary, how are you?”, *nó nuair a phléascann leanaí óga amach ag caoineadh toisc gur tusa an chéad duine geal atá feicthe acu riamh.
ag gol crying
" Bhí sé suite go sona sásta faoin mbord ag spraoi lena bhréagán, ach tar éis nóta nó dhó de sheinnt Phádraig stop sé den spraoi agus thosaigh ag gol.
ag gol crying
" Bhí sé suite go sona sásta faoin mbord ag spraoi lena bhréagán, ach tar éis nóta nó dhó de sheinnt Phádraig stop sé den spraoi agus thosaigh ag gol.
goldar loud cry
" Ach sula bhfuair Sorcha nó Siobhán faill aisfhreagra a dhéanamh, lig caldar fir goldar as agus thiontaigh an bhean úr a ceann ina threo.
gháir chatha battle cry
" Bunaíodh as muintir na hÉireann iad 150 bliain ó shin i Nua-Eabhrac, faoin mana atá mar gháir chatha acu go fóill, "Faugh A Ballagh," mana a fheictear scríofa ar a mbratacha go fóill.
Bhris an caoineadh ar Thomás Tomás started crying
" ” “Bhuel,” arsa an t-athair, “nach bhfuil a dhath le rá agat?” Bhris an caoineadh ar Thomás agus ní raibh sólás le tabhairt dó.
a raibh deora léi who was crying
" Bhí cailín in aice liom - as Fear Manach ó dhúchas - a raibh deora léi nuair a maraíodh fear de chuid an IRA.
ar gháir chatha Gaelach on an Irish battle-cry
" Deirtear go bhfuil an t-amhrán “A Rush and a Push and the Land is Ours” bunaithe ar gháir chatha Gaelach a dtagraítear di i ndán de chuid Speranza (máthair Oscar Wilde).
mar chuid lárnach den cheiliúradh nó den chaoineadh. as a central part of the celebration or crying.
" Nuair a dhéantar cluiche ceannais a bhuachan nó a chailliúint, cluichí scoile san áireamh, bíonn an t-alcól mar chuid lárnach den cheiliúradh nó den chaoineadh.
ag gol crying
" Athair Ger in aice liom, é go hiomlán trína chéile, é ag breith barróige orm; Dee, máthair pháistí Ger, ag gol is ag gol is ag gol; Bríde, deirfiúr leis, ciúin, dúnta, faoi scáth; aghaidheanna bána, báite le brón i ngach cúinne den tigh.
ag caoineadh crying
" Leanann an-chuid alumni na n-ollscoileanna a bhfoirne go deireadh a saoil, agus is minic go bhfuil iar-mhic léinn feicthe agam ag caoineadh agus iad ag éisteacht le hamhráin pheile a n-ollscoile.
a bhfuil na deora leis who is crying
" Tá corrdhuine, áfach, a bhfuil na deora leis agus cairde cruinnithe timpeall air ag iarraidh sólás a thabhairt dó.
gol glórach faíoch a loud plaintive crying
" Bhí Gearmánach mná i m’fhochair agus níor luaithe cos leagtha aici ar thalamh an tsluachampa ná gur bhris gol glórach faíoch uirthi.
gháir chatha battle cry
" Ní tharlaíonn rud ar bith ar feadh bomaite uafásach go dtí go n-éiríonn cineál de gháir chatha agus tarraingítear na príosúnaigh nochta amach duine ar dhuine le smísteáil fhíochmhar a fháil agus iad ar na ceithre boinn ag dul suas an dorchla.
Níor chaoin mé I didn%u2019t cry
" Níor chaoin mé fiú ag sochraid m’athar.
gáir chatha war cries
" Ní hé go bhfuil buille na gclaimhte nó gáir chatha le cluinstean, nó bhí trí céad bliain idir seasamh deireanach na bhfíor-Ghael agus an daonáireamh atá i gceist againn anseo.
caoineadh crying
" Dá mbeadh Balor ag fáil €80,000 in aghaidh na seachtaine, mar atá cuid de na himreoirí sin, ní bheadh sé ag caoineadh, fiú mura dtiocfadh leis cúl a scóráil ó cheann ceann shéasúr an tsacair.
ag éamh san fhásach crying in the desert
" “Agus tarlóidh san am sin go bhfágfar iliomad daoine ag siúl na mbóithre agus ag éagaoineadh san fhiántas, ag éagnach ar na sléibhte agus ag éamh san fhásach nuair nach dtig leo teacht ar an áit a dtáinig siad as nó nach n-aithníonn siad an logainm úr.
bolscaireacht crying out
" Bhí páirt chomh tábhachtach ag William Kristol ag bolscaireacht i gcomhair an ionraidh sin gur thug Richard Cohen, colúnaí leis an Washington Post, “cogadh Kristol” air.
ag éamh crying
" An mbuailfear é le splanc tintrí má théann sé in aice na haltóra? Céad Litir an Duine Anaithnid 2: Maidir le m’iníon Maidir le m’iníon, is glór duine mé ag éamh san fhásach.
lig sé gáir as he cried
" Ach ar mhodh draíochtúil, tháinig loinnir ann, bhog sé go fíochmhar, líon sé a scamhóga don chéad uair, agus lig sé gáir as.
tháinig na deora liom I cried
" Cé gurb é an dara duine clainne agam é Odhrán, tháinig na deora liom nuair a chuala mé a ghlór don chéad uair.
cheoláin cry-babies
" Bhí idir sheanchaithe agus sheansálaithe ann; bhí idir cheoltóirí agus cheoláin ann; bhí idir dhamhsóirí agus dhruncaeirí ann; agus istigh ina measc bhí Éamó Ó Caoimhnis ag dul thart le stoc fógartha, ag insint do dhuine ar bith nach raibh an scéal cluinte acu cheana féin, go raibh ardú céime faighte aige agus go raibh sé anois ina Aire Imirce Sóisialta (nóta ón eagarthóir: Coimirce Sóisialta, a Bhaloir! Coimirce, le do thoil.
silim deora I cry
" (Ná) Smaoinigh Air ======= Cé go smaoiním ar gan smaoineamh air, smaoiním air mar sin féin is silim deora is mé ag smaoineamh air.
caoineadh crying
" ” Thart ar a trí a chlog ar maidin, thángthas ar an gcailín, ceithre bliana d’aois, i gcarrchlós na hóstlainne ina raibh an dioscó faoi lánseol agus í ag caoineadh.
go raibh na deora léi that she cried
" Is é seo an chéad uair riamh a bhain saothar fuaime an duais chlúiteach agus tá sé ag dul i bhfeidhm ar go leor daoine, d’admhaigh bean amháin go raibh na deora léi ag éisteacht leis an cheol.
ag sileadh deor crying
" Ní luaithe a bheifeá ag gáire leis ná ag sileadh deor mar gheall ar a scéal.
chaoin mé I cried
" “Bhí mé maith go leor le linn dom a bheith sa Cholóim, ach nuair a tháinig mé ar ais go hÉirinn, chaoin mé agus chaoin mé mar chreid mé nach dtiocfadh na fir sin amach as príosún ach iad marbh,” ar sí.
ardaíodh liú eachtach aduain a strange ecstatic cry arose
" Cúpla *‘twang’* ón mbanna agus ardaíodh liú eachtach aduain.
ag gol crying
" “Thosnaíos ag gol nuair a chuir ár gcúirt iachall ar Rialtas na hAfraice Theas drugaí frith-HIV a thabhairt do leanaí nuabheirthe.
Is beag gol nó gioscán fiacla little crying and grinding of teeth
" Is beag gol nó gioscán fiacla a chluinfear ó ranna áirithe stáit faoin chinneadh thubaisteach seo mar sin.
a hiníon ag caoineadh her daughter crying
" Chuala Lindy a hiníon ag caoineadh sa phuball oíche amháin agus nuair a bhí sí ag teannadh leis an bpuball chonaic sí diongó ag rith amach as an láithreán agus an ghineog ina dhraid aige.
ag ól crying
" ’S í do chanúint leathan a nochtann gur coimhthíoch saonta thú go dtáinig tú ó thaobh eile na farraige is nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na hÉireann ’S é do cheannaghaidh neamh-Áiseach a nochtann fiú gan focal amháin a rá go bhfuil tú gan dabht i do waiguoren* ’s nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na Síne Sléibhte maorga atá i do thimpeall Cuireann na carraigeacha crochta iontas ort Tá tú sáite i nglaise na bpáirceanna is na bhfánaí Is ar do shuaimhneas atá tú ansin Agus tú i measc na ndaoine ag canadh is ag caint is ag ól Sa teach leanna beoga i nGleann Nó ag rince in éineacht le comharsana Sa tsráid bhríomhar i Yangshuo Beidh lúcháir an chomhluadair chroíúil ort Ní i do waiguoren a bheidh tú níos mó Mo rabhadh duit, a chara Uair amháin agus tusa san áit Tiocfaidh draíocht ort i ngan fhios duit is beidh sé do do mhealladh go deo!
scairteanna feirge ón slua angry cries from the crowd
" ” Bhí scairteanna feirge ón slua nuair a chuala siad seo agus bhí a fhios ag cách cé a bhí i gceist - John-Paul Gilhooley, col ceathrar de cuid Steven Gerrard, captaen Learpholl FC.
thiontaigh thart ag caoineadh I turned around crying
" Nuair a phléasc leis an bhuachalla a bhí amach romham agus nuair a hiompaíodh den talamh é ag screadaíl ar nós muice, sheas mé in aice leis mar nach dtiocfadh liom a iompar, thiontaigh thart ag caoineadh i dtreo an stócaigh a bhí dár lámhach.
an mana the catch cry
" ‘Talamh gan chine do chine gan talamh’ an mana a chuirtear síos ar an fhís a bhí ag Síónaigh don Phalaistín.
caoineadh os comhair ceamara crying on camera
" Forbairt na Tuisceana ========== I ndiaidh do Bhean Mhic Róibín caoineadh os comhair ceamara sa tSomáil, thug sí ar aghaidh ar na meáin chumarsáide agus ar árais áirgiúla ‘an Iarthair’ agus labhair amach go láidir.
ag gol is ag scréachach crying and screaming
" Dar le Marius nár chomhraic sé in aghaidh an chúigir ach bhí sé chomh mór sin i bpian gur thosaigh sé ag gol is ag scréachach.
ag olagón faoin crying about
" Ag caint is ag olagón faoin nGaeilge is mó a bhíodh lucht na Gaeilge i mBleá Cliath nuair a chastaí ar a chéile iad go sóisialta.
Is ní shilfinn deoir ó mo chroí go brách ann I’ll never ever cry over there
" Ní aithneoidh mise uaimse tír ná trá ann Is ní shilfinn deoir ó mo chroí go brách ann i Meiriceá.
ag olagón crying out
" Bheadh seisean ag gearán agus ag olagón: ‘Cén fáth go bhfuil cead ag Obama agus nach bhfuil cead agamsa?’ An Titim Chun Feola ======== **Balor: Luaigh tú cúrsaí meáchain ar ball, a Michelle.
B’ionann an t-olagón seo this cry was akin to
" *’ B’ionann an t-olagón seo agus an chéad achainí a rinne an náisiúnachas nua, Síonachas orainn.
scairt cried
" Cé mhéad burgar a cheannófá ar €145,000? Bíodh Each Ann nó As ======== “Habemus Papam,” a scairt an Cairdinéal Jean-Louis Pierre Tauran i mí an Mhárta.
ochón agus olagón crying and whining
" Ní plé a bhí ann i ndáiríre ach ochón agus olagón ó cheannairí na n-eagraíochtaí.
agus iad ag ól agus ag caoineadh as they drank and cried
" B’é '*A Trooper Cut Down In His Prime*' an t-amhrán a dhéanann an chúis dóibh go léir agus iad ag ól agus ag caoineadh lena chéile i measc na gcoinnlí céire.
Gártha molta an tslua bhaile cries of praise from the home crowd
" Gártha molta an tslua bhaile ina chluasaibh, níorbh é an fuadar báire, ná an buaileam sciath, ná an féinghlóire, ná an cruas fearaíoch, tréithe is dual don a lán, a bhí le sonrú ann.
sa gháire agus sa ghol in laughing and crying
" Ach an bhfuil aon rud níos binne ná guth an duine? Tá feidhmeanna éagsúla ag an nguth, ar ndóigh, agus feidhm díobh sin is ea an féinghlanadh, sa gháire agus sa ghol, cuir i gcás.
roinnt mhaith impí agus caoineacháin quite a lot of begging and crying
" I ndiaidh d’Fhear na Súile Nimhe roinnt mhaith impí agus caoineacháin a dhéanamh, ámh, thug muid cead dó ráiteas seasca focal a chur ar fáil.
gháir cry
" Chuaigh an gháir amach, ‘slándáil dúiche, le deifir!’, ach ‘cén dúiche?’ a fhiafraíonn Maidhc Ó Cathail.
gháir chatha battle cry
" Is é a gháir chatha feasta: Éalaímis as an Duibheagán!
an gháir the cry
" Munar cumannach é ní Meiriceánach é an gháir a chuaigh amach ón slua amadán.