Pota Focal Intergaelic
cúr | car | cár | cér | cír
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag cur béime ar placing emphasis on
" Gan amhras, bhí freagairt an rialtais i Londain an-lag ag tús na géarchéime, i gcomparáid le rialtas na hÉireann, ach níl an chúis deacair a thuiscint nuair a amharcann tú siar ar bheartas an Campaign for the Countryside: ag cur béime ar fhiach sionnach mar shampla, in ionad na ndeacrachtaí atá ag feirmeoirí beaga.
chuir na comhlachtaí ceoil an dlí ar chuir siad an dlí orthu: they took them to court
" Chuir an clár ríomhaireachta sin ar chumas daoine ceol a fháil ó bhailiúcháin daoine eile ar an idirlíon agus chuir na comhlachtaí ceoil an dlí ar an gcomhlacht a bhunaigh é.
go raibh na seacht bhfainic curtha uirthi that she had been well warned
" Ach dúirt sé leis féin ansin gur dóigh go raibh na seacht bhfainic curtha uirthi nó go raibh fógra beo tugtha di gan a theach a thaobhachtáil ar a bhfaca sí riamh.
a chuir síolta na críochdheighilte that sowed the seeds of partition
" Ó 1911 ar aghaidh cuireadh ceisteanna faoi chreideamh agus ba é an daonáireamh sin a chuir síolta na críochdheighilte.
ar bís a líon a chur in iúl dying to show how many of them there are
" Tá an chuma ar an scéal go bhfuil naisiúnaithe ar bís a líon a chur in iúl.
cur le chéile work together
" Tá tréimhse an-rathúil romhainn má bhíonn ar ár gcumas ar fad cur le chéile agus leas a bhaint as na deiseanna ar fad atá agus a bheas ar fáil dúinn.
le cur in iúl do dhaoine to inform people
" Fiú tá comharthaí anois ag Údarás na Gaeltachta le cur in iúl do dhaoine go bhfuil siad sa Ghaeltacht.
curtha i gcrích achieved
" "Amharc ar na rudaí dearfacha atá curtha i gcrích ag an rialtas: íosphá, ráta íseal boilscithe, suíocháin i dTeach na dTiarnaí bainte de chuid mhaith tiarnaí dúchasacha, cearta spaisteoireachta faoin tuath, deireadh le 'borradh agus meathlú'; ansin, amharc ar na rudaí diúltacha: beartas fioscach mar a bheadh ag na Coiméadaigh, rátaí úis agus *sterling* ró-ard don tionsclaíocht, barraíocht *spin* agus dlí in aghaidh na gceardchumann i bhfeidhm go fóill.
a chur in áirithe to reserve
" Beidh na fearainn nua seo á riaradh ag comhlachtaí éagsúla ach tá cuid mhaith fógraíochta á déanamh cheana féin ag comhlachtaí tríú páirtí ag rá gur féidir clárú leo chun seoladh nua a chur in áirithe.
ag cur amach vomiting
" Bhí muid ag cur amach agus bhí an bhuinneach orainn.
cur chuige approach
" "Tá a lán ceisteanna le cur, a lán plé agus díospóireachta le déanamh, gá le cur chuige an-úr i leith na teanga agus le dioscúrsa atá an-phointeáilte agus fuinniúil.
rud éigin fiúntach a chur i gcrích tú féin achieve something worthwhile yourself
" Ní fhéadfadh a cuid fuinnimh gan dul i bhfeidhm ort agus gan fonn a chur ort dul amach agus rud éigin fiúntach a chur i gcrích tú féin.
ag cur thairsti giving off
" Glac Róise, a bhíodh ag spalpadh aisti agus ag cur thairsti faoi seo agus siúd, agus gan barúil dá laghad aici go raibh Gordon ansin ar an tsuaimhneas i gcónaí ag cur focal i dtaisce.
nár chuir duine ná deoraí suas ar a ndroim ariamh that no-one ever wore
" Lena chois sin, bí cinnte go ndéarfaidh siad go bhfuil siad dubhthinn ag amharc ar an chnap éadaí atá ina luí fán teach nár chuir duine ná deoraí suas ar a ndroim ariamh.
cur chuige approach
" Is cuma cén tuairim atá agat ar an gceist, bhí an cur chuige a roghnaigh siad scannalach.
ag cur thairsti giving off
" Glac Róise, a bhíodh ag spalpadh aisti agus ag cur thairsti faoi seo agus siúd, agus gan barúil dá laghad aici go raibh Gordon ansin ar an tsuaimhneas i gcónaí ag cur focal i dtaisce.
nár chuir duine ná deoraí suas ar a ndroim ariamh that no-one ever wore
" Lena chois sin, bí cinnte go ndéarfaidh siad go bhfuil siad dubhthinn ag amharc ar an chnap éadaí atá ina luí fán teach nár chuir duine ná deoraí suas ar a ndroim ariamh.
an chomhairle a chur i bhfeidhm to put the advice into practice
" Má bhíonn deacrachtaí léitheoireachta agat ní bheidh tú in ann na bileoga comhairle a léamh ná an chomhairle a chur i bhfeidhm.
cur chuige approach
" Tagann lagmhisneach uirthi roimh i bhfad, áfach, mar go mbíonn múinteoir os a comhair amach nach bhfuil tuairim aige cad é ba cheart dó a mhúineadh ná cén cur chuige ba cheart dó a úsáid.
feabhas a chur ar chúrsaí to improve matters
" An léiríonn sé seo go bhfuil siad den bharúil nach bhfuil aon ghéarchéim ann? Ar cheart stop a chur leis na deontais mhóra a fhaigheann na heagraíochtaí Gaeilge a bhíonn ag múineadh na teanga go dtí go mbeidh siad sásta a bheith ag comhoibriú lena chéile agus go dtí go léireoidh siad go bhfuil seirbhís cheart phroifisiúnta á cur ar fáil acu? Má thagann an deontas ag deireadh na bliana ar scor ar bith, is cuma cén caighdeán atá i gceist sa seomra ranga, cén fáth a ndéanfadh siad aon iarracht feabhas a chur ar chúrsaí? B'fhéidir gurbh fhiú d'Fhoras na Gaeilge roinnt machnaimh a dhéanamh ar an cheist seo.
an dara cur chuige is éifeachtaí the second most effective approach
" D'fhoilsigh institiúid oideachais agus taighde sa Ghearmáin tuairisc i 1999 ar obair Ghaillimh le Gaeilge; dar leo go bhfuil an dara cur chuige is éifeachtaí ag an eagraíocht i measc iarrachtaí atá á ndéanamh ar fud na hEorpa teangacha agus cultúir a chur chun cinn.
teangacha agus cultúir a chur chun cinn to promote languages and cultures
" D'fhoilsigh institiúid oideachais agus taighde sa Ghearmáin tuairisc i 1999 ar obair Ghaillimh le Gaeilge; dar leo go bhfuil an dara cur chuige is éifeachtaí ag an eagraíocht i measc iarrachtaí atá á ndéanamh ar fud na hEorpa teangacha agus cultúir a chur chun cinn.
curtha i bhfeidhm implemented
" Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge? An bille teanga a bheith curtha i bhfeidhm.
curtha ar leataobh put aside
" Má bhíonn an diosca curtha ar leataobh i mbosca, is beag tionchar a bheidh ag aon fhadhb ríomhaireachta air.
in inmhe é seo a chur ar fáil able to provide this
" Tá ardsábháilteacht de dhíth orthu seo ach táthar dóchasach go bhfuil WAP in inmhe é seo a chur ar fáil.
gcur i láthair presentation
" Tá a fhios agam go bhfuil ábhar maith sa "taispeántas" atá in Ceol mar go raibh mé féin, in éineacht le roinnt eile, páirteach i roghnú, i leagan amach, agus i gcur i láthair an eolais atá ann.
cur amach knowledge
" Duine ar bith a bhí ann a raibh mise ag caint leis, mhol sé chun na spéire é, fiú amháin iad siúd nach raibh cur amach ar chor ar bith acu ar an gceol.
cuir i gcás for example
" Chomh maith leis sin tá cearnóg suite ina lár, a bheas in úsáid mar ionad neamhfhoirmiúil d'imeachtaí ceoil, filíochta agus *performance* agus tá áiteanna beaga thart ar an chearnóg d'imeachtaí níos ciúine, an scéalaíocht cuir i gcás.
cur i láthair ó bhéal oral presentation
" Scileanna ar nós cur i láthair ó bhéal, cruinniú a eagrú nó idirbheartaíocht a dhéanamh.
cur i bhfeidhm application
" Tá claontacht láidir sheanbhunaithe i gceist i sochaí Mheiriceá maidir le cur i bhfeidhm an phionóis bháis.
chur faoi chois oppression
" Léiríonn an chlaontacht ó thaobh cine de i gcur i bhfeidhm an phionóis seo go n-úsáidtear anois é, agus gur úsáideadh i gcónaí é, mar uirlis don chur faoi chois, don chos ar bolg polaitiúil agus ciníoch, don leithcheal agus don díoltas.
cur ina luí ar dhaoine convince people
" " Céard iad na fadhbanna a bhí acu go dtí seo? "Is dócha gurb é an rud is mó ná teacht ar an margadh agus cur ina luí ar dhaoine go bhfuil sé ceart go leor ceannach ar an idirlíon.
a chur i bhfeidhm implement
" Tá pleananna ag na húdaráis áitiúla chun láithreáin staid oifigiúla a sholáthar ach tá ag teip orthu na pleananna sin a chur i bhfeidhm i gceart.
é a chur ina thost to shut him up
" Nuair a ghabh na Sasanaigh John Mitchell i mí Aibreáin 1848, d'athraigh siad an dlí go speisialta chun é a chur ina thost go deo.
litir a chur suas to type a letter
" Is é a chéad rud a fuair Rita le déanamh ná litir a chur suas ar an ríomhaire and ansin á bualadh amach.
nuair a bhí an racht casachtaí curtha thairsti when she had recovered from the paroxysm of coughing
" "A léithéid de lá," arsa Rita léi féin nuair a bhí an racht casachtaí curtha thairsti.
chuir siad fúthu they settled
" Tá cuid eile acu ina ndochtúirí; tháinig siad go hÉirinn mar mhic léinn agus ansin chuir siad fúthu anseo.
chur síos account
" Ní raibh an t-ádh céanna ormsa, áfach, mar a fheicfidh sibh ón chur síos beag seo ar an dóigh ar fhoghlaim mise an teanga.
Lavelle a chur ar fionraí to suspend Lavelle
" Theip ar iarrachtaí Úí Chuilinn Lavelle a chur ar fionraí, mar gur sheas a Ardeaspag féin, Seán Mac Éil, leis.
ag cur a ladhair isteach intervening
" Tá na Stáit Aontaithe ag cur a ladhair isteach i saol an Mheánoirthir le fada an lá agus is beag tuiscint atá ag an saol mór san Iarthar ar an gceist.
ag cur san áireamh taking into consideration
" Is leor go fóill ag cur san áireamh na ganntanas foirne atá san áit.
an cur is an cúiteamh debate
" Agus deireadh tagtha le séasúr na gcluichí craoibhe is dóigh go dtosóidh an cur is an cúiteamh arís faoin ábhar an-tábhachtach seo: stádas imreoirí agus ceist an airgid.
ag cur chuige going about it
" An mbeadh cluichí iontacha againn seachtain i ndiaidh seachtaine agus luas agus aclaíocht dhochreidte agus scil dhosháraithe á léiriú ag imreoirí ó cheann ceann na tíre? Nó an mbeadh imreoirí ag cur chuige leis an díograis agus an paisean céanna is a léiríonn siad faoi láthair, ag cur san áireamh dá mbeidís gortaithe go gcaillfidís amach ó thaobh airgid de an tseachtain dár gcionn? An Cumann féin ======= Ceist eile a éiríonn as an bplé seo ná cén difríocht a dhéanfadh sé don Chumann Lúthchleas Gael ar fud na tíre dá mbeadh an t-airgead a théann isteach i gcistí éagsúla de ghnáth á úsáid chun tuarastal a íoc leis na himreoirí idirchontae? An mbeadh clubanna agus scoileanna thíos leis? An mbeadh fir agus mná sásta a gcuid ama a chaitheamh saor in aisce ag traenáil daoine óga agus á dtabhairt chuig cluichí dá mbeadh imreoirí ag fáil íocaíochta ag an am céanna? An mbeadh an lucht leanúna ann seachtain i ndiaidh seachtaine, sásta taisteal ar fud na tíre chun tacaíocht a thabhairt do na foirne, go mórmhór dá mbeadh siad ag cailliúint cluichí go rialta? Tá na ceisteanna seo agus tuilleadh bainteach leis an ábhar agus is cinnte go mbeadh athrú ar an gCumann Lúthchleas Gael dá dtiocfadh an ghairmiúlacht i bhfeidhm.
ag cur san áireamh taking into consideration
" An mbeadh cluichí iontacha againn seachtain i ndiaidh seachtaine agus luas agus aclaíocht dhochreidte agus scil dhosháraithe á léiriú ag imreoirí ó cheann ceann na tíre? Nó an mbeadh imreoirí ag cur chuige leis an díograis agus an paisean céanna is a léiríonn siad faoi láthair, ag cur san áireamh dá mbeidís gortaithe go gcaillfidís amach ó thaobh airgid de an tseachtain dár gcionn? An Cumann féin ======= Ceist eile a éiríonn as an bplé seo ná cén difríocht a dhéanfadh sé don Chumann Lúthchleas Gael ar fud na tíre dá mbeadh an t-airgead a théann isteach i gcistí éagsúla de ghnáth á úsáid chun tuarastal a íoc leis na himreoirí idirchontae? An mbeadh clubanna agus scoileanna thíos leis? An mbeadh fir agus mná sásta a gcuid ama a chaitheamh saor in aisce ag traenáil daoine óga agus á dtabhairt chuig cluichí dá mbeadh imreoirí ag fáil íocaíochta ag an am céanna? An mbeadh an lucht leanúna ann seachtain i ndiaidh seachtaine, sásta taisteal ar fud na tíre chun tacaíocht a thabhairt do na foirne, go mórmhór dá mbeadh siad ag cailliúint cluichí go rialta? Tá na ceisteanna seo agus tuilleadh bainteach leis an ábhar agus is cinnte go mbeadh athrú ar an gCumann Lúthchleas Gael dá dtiocfadh an ghairmiúlacht i bhfeidhm.
cur ina luí ar an aos óg convince the young people
" Más féidir linn cur ina luí ar an aos óg go bhfuil rud éicint acu ba mhaith leis an gcuid is mó de phobal na tíre a bheith acu, beidh linn.
cur chun cinn the promoting of
" Tá na coistí páirteach i gcur chun cinn oideachas lán-Ghaeilge ina gceantair.
ní fhéadfaí Tadhg an dá thaobhachas a chur ina leith they couldn't be accused of being two-faced
" D'fheicfí go raibh an Lucht Oibre ag tabhairt teachtaireacht shoiléir don phobal agus ní fhéadfaí Tadhg an dá thaobhachas a chur ina leith.
ag cur bacanna hindering
" Is é an ról atá ag Paisley agus a lucht leanúna anois ná a bheith ag screadaigh in éadan na gaoithe, ag cur bacanna ar dhul chun cinn an athmhuintearais ach gan a bheith ábalta é a stopadh, in ainneoin an sceimhle atá ag titim amach faoi láthair.
an ghaoth a chur aníos to wind him
" Mhínigh Nuala di gur cheart cúpla ionsa bainne a thabhairt dó agus ansin é a chur ina shuí suas agus iarracht a dhéanamh an ghaoth a chur aníos.
a chur i bhfeidhm to implement
" Thagair mé do chás Patten mar dhrochshampla den ról sin agus luaigh mé an dóigh nach rabhthas sásta an tuairisc a d'ullmhaigh seisean ar an phóilíneacht a chur i bhfeidhm mar a bhí socraithe.
a chur ina luí ar dhaoine to convince people
" Ó ghnóthaigh siad an toghchán, tá an comhrialtas ag iarraidh a chur ina luí ar dhaoine nach raibh mórán bainte ag na teifigh leis an toradh.
chur amach knowledge
" Ghlaoigh Rónán cúpla uair uirthi ag féachaint le hí a mhealladh isteach sa stáisiún nua-bhunaithe ach bhí leisce uirthi an chéim sin a thógáil de bharr nach raibh aon chur amach aici ar obair raidió.
a chur in áirithe to book
" Is féidir le lucht foghlamtha na Gaeilge nó grúpaí eile na háiseanna in Amharclann Uí Shearcaigh a chur in áirithe ach glaoch ar Milo nó Eithne ag (074) 65630.
Chuir an chinniúint a ladhar isteach sa scéal fate intervened in matters
" Chuir an chinniúint a ladhar isteach sa scéal ansin nuair a tharla an galar crúibe agus béil.
an cur chuige approach
" Bhí an scil, an cur chuige, an dráma go léir a bhaineann leis an iomáint ar taispeáint an lá sin.
gan aon choir a bheith curtha ina leith without charge
" Tá go leor de na daoine seo de shliocht Arabach nó Meánoirthearach á gcoinneáil faoi ghlas gan aon choir a bheith curtha ina leith agus gan cead a bheith acu comhairle dlí a fháil.
cur isteach ar a bpríobháideacht intrusions into their privacy
" Beidh na Meiriceánaigh níos toilteanaí cur suas le faire leictreonach, cur isteach ar a bpríobháideacht agus laghdú ar a gcearta bunreachtúla más féidir leo brath níos sábháilte.
Níor chuir an brú isteach ná amach orm The pressure didn't bother me at all
" * Níor chuir an brú isteach ná amach orm.
ag cur mearbhaill confusing
" Tá Hosanna Bin Ó Loideáin fós ar a sheachnadh in Iorras Aithneach, é féin agus Johnny Mháirtín Learaí agus Josie Sheáin Jeaic ag caitheamh siar piontaí achan oíche agus ag cur mearbhaill ar spiairí an CIA thiar le leagan úr d'amhrán cáiliúil na hAfganastáine: "Níl Mo Theaichín i mo Phluaisín".
a chur as gléas to turn off
" "Rinne mé dearmad iarraidh ort an rud sin a chur as gléas sular thoisigh muid," arsa McAllister.
ag cur ar Thadhg bothering Tadhg
" Ach bhí ceist an bhronntanais ag cur ar Thadhg le seachtain anois agus is ag an deirfiúr a bheadh an ceart nuair a déarfadh sí go raibh Tadhg i ngrá.
chor coise a chur ar dhuine to trip someone
" I measc na rialacha bhí an méid seo: an pháirc a bheith 150 slat ar fhad; cosc ar bhrú, ar tharraingt agus ar chor coise a chur ar dhuine; b'ionann cúl agus an liathróid a thiomáint faoin trasnán sa chúl; níor cheadmhach an camán a úsáid ach amháin chun an liathróid (ní raibh tagairt do "shliotar") a bhualadh nó a imirt agus chun go bhféadfadh an t-imreoir é féin a chosaint.
leasuithe a chur i gcrích bring about changes
" Is ar scáth a chéile a mhaireas na daoine, agus cabhraíonn an obair dheonach le daoine scileanna nua a fhorbairt, a bheith níos féinmhuiníní, agus leasuithe a chur i gcrích ina bpobal féin.
ag cur faoi living
" Bhí sé ag cur faoi i gCarna i gConamara agus ag obair i saotharlann ansin.
á chur féin in iúl expressing himself
" " Níor éirigh leis an oiread sin Gàidhlig a fhoghlaim ach ní raibh mórán deacrachtaí aige á chur féin in iúl nó ag tuiscint na ndaoine.
cur chuige approach
" Measann sé gur theip ar Amharclann de hÍde, an eagraíocht a bunaíodh sna nóchaidí le drámaíocht na Gaeilge a fhorbairt, de bharr go raibh an cur chuige mícheart acu.
cur amach ceart proper knowledge
" Cén mhuinín is féidir linn a bheith againn i gceannasaí gan cur amach ceart ar na saincheisteanna, na dúshláin agus na fadhbanna laethúla a bhíonn ag lucht na Gaeilge.
dlús a chur leis an díospóireacht to speed up the debate
" Tá an rún seo cáinte ag cuid mhaith tráchtairí nuachtáin agus daoine eile agus tá sé tar éis dlús a chur leis an díospóireacht taobh istigh den Chumann Lúthchleas Gael faoi stádas amaitéarach imreoirí an Chumainn agus ceist na n-íocaíochtaí a chur faoin spotsolas arís.
na cnaipí lena chur siar agus aniar the buttons to rewind and fast forward
" Cá bhfuil na cnaipí lena chur siar agus aniar? Tá mé ag iarraidh amhrán a trí a bhualadh duit.
Nuair a bhí sé sin curtha di aici When she had finished that
" Nuair a bhí sé sin curtha di aici, phós sí agus bhailigh sí léi as Éirinn.
iallach a chur to compel
" Dúirt an t-ambasadóir: "Síleann Sharon gur féidir iallach a chur ar na Palaistínigh géilleadh.
cur agus cúiteamh talking, arguing
"cur agus cúiteamh go leor ann go fóill faoi leasuithe Moratti.
cur i gcéill pretence
" Gan amhras, síleann go leor de phobal na tíre gur cur i gcéill é reifreann a bheith ann agus gan iarracht cheart a bheith déanta dul i ngleic le fadhb atá ann le fada: na mílte bean a bheith ag triall ar Shasana chun ginmhilleadh a fháil.
chuir siad dallamullóg ar vótóirí na hAstráile they hoodwinked Australian voters
" Fuarthas amach le deireanaí gur chuir siad dallamullóg ar vótóirí na hAstráile.
nuair a chuir sé i leith na dteifeach when he accused the refugees
" Líomhaintí ======= Rinne John Howard deimhin dá lucht tacaíochta nuair a chuir sé i leith na dteifeach i mbád eile gur chaith siad páistí isteach san fharraige ag súil go dtabharfaí i dtír iad de bharr a gclann a bheith i gcontúirt.
le cur fúthu ar tír mór to settle on the mainland
" Ach ó 1948 ar aghaidh, thosaigh na teaghlaigh a fhágáil Ghabhla agus na n-oileán eile le cur fúthu ar tír mór.
ag cur eolais ar an cheird getting to know the trade
" Tá a bhformhór sin ag obair le foghlaimeoirí fásta faoi láthair, ag cur eolais ar an cheird.
lena chur in oiriúint to adapt it
" Dá mbeadh ábhar maith ar fáil do lucht bunscoile agus meánscoile féin, bheadh gá fós lena chur in oiriúint do dhaoine fásta, ach mar atá, is beag uilig atá le fáil, in aon áit, ag aon leibhéal i dteagasc scileanna litearthachta do chainteoirí dúchais Gaeilge.
a chur ar ceal to cancel
" Bhí sé i gceist againn a bheith i gCeantar na nOileán anuraidh ach bhí orainn gach rud a chur ar ceal de bharr na ndeacrachtaí a bhí ann ag an am leis an ngalar crúibe is béil.
cur amach knowledge
" Dúirt Tom liom nach raibh mórán cur amach ag daoine ar a leithéid de rud ag an am ach gur thuig a athair chomh tábhachtach is a bhí sé margaíocht agus poibíocht cheart a dhéanamh chun a bheith ábalta fás agus forbairt.
cur chuige approach
" Cé acu is éifeachtaí chun an t-ilchultúrachas agus an frithchiníochas a chur chun cinn - an cur chuige seo nó ráiteas faisin de chuid John Rocha?
moill a chur ar an dul chun cinn polaitiúil to hold up political progress
" **PM:** Cén fáth? **ANO:** Le tríocha bliain anuas tá tionchar mailíseach ag an scata fear seo - 100 faoin chéad Protastúnach a bhfuil dlúthbhaint acu leis na Máisiúin - atá saor ó smacht, atá ina "fhórsa taobh istigh de fhórsa" a bhfuil líomhaintí seanbhunaithe agus forleathana curtha ina leith gur chuidigh siad le dúnmharaithe agus le coireanna eile, gur úsáid siad paramílitigh dhílseacha le hionsaithe a dhéanamh agus go ndearna siad a ndícheall moill a chur ar an dul chun cinn polaitiúil.
bhí sé curtha thairsti it had passed
" Bhí an chisteanach teolaí sochmar agus cibé tallann a bhuail Lillian agus í ag péinteáil an halla, bhí sé curtha thairsti fán am a dtáinig sí a fhad leis an chisteanach.
le dath a chur air go díreach just to colour it
" " "Deor bheag bhídeach," arsa Nell, "le dath a chur air go díreach.
le cor a chur sa chaint to change the subject
" Sa deireadh, le cor a chur sa chaint, dúirt sí, "Tá boladh breá agat, Bolognaise ab é?" "Is é.
ag cur thar maoil overflowing
" Dúirt sé go magúil cúpla uair go raibh sé chun na hamhráin chiúine a chasadh ag tús na ceolchoirme mar go raibh sé cinnte de go mbeadh an áit ag cur thar maoil le daoine roimh dheireadh na hoíche.
cur fúm settle down
" B'fhéidir go n-éireodh liom a leithéid a aimsiú sa deireadh - áit a bhfuil grá agam dó agus a thugann grá ar ais dom, áit ar féidir liom mo chuid fréamhacha a chur síos agus cur fúm.
ag cur thar maoil overflowing
" Bhí an bus ag cur thar maoil le daoine mar go raibh sé tar éis a sé tráthnona.
a chur chun cinn to promote
" Táimid ag súil le tuilleadh tacaíochta ó na heagraíochtaí Stáit agus deonacha in Éirinn a bhfuil sé mar aidhm acu an Ghaeilge a chur chun cinn.
a chur chun cinn to promote
" Táimid ag súil le tuilleadh tacaíochta ó na heagraíochtaí Stáit agus deonacha in Éirinn a bhfuil sé mar aidhm acu an Ghaeilge a chur chun cinn.
á chur amú being wasted
" De réir staidéir a rinne an NUT anuraidh (le cuidiú ón Ollamh Smithers) tá £100 milliún á chur amú gach bliain ar chúrsaí oiliúna do mhúinteoirí nach bhfuil sásta dul isteach sa seomra rang ag múineadh tar éis a gcúrsa a chríochnú.
cur i gcéill pretence
" Go mbeadh athrú bunúsach ar an gcuraclam meánscoile a ligfeadh do scoláirí an teanga a fhoghlaim seachas an cur i gcéill atá anois ann, go fiú leis na scoláirí is fearr agus iad á dtachtadh le cúrsaí a d'fheilfeadh sna hollscoileanna! Go mbeadh Bille Cearta na Gaeilge rite agus i bhfeidhm agus go bhféachfaí ar an bpobal Gaelach mar dhream ar chóir meas a bheith orthu ar an gcaoi chéanna le mionlach ar bith eile sa stát bréagliobarálach seo.
le cur fúthu to settle down
" Ceoltóirí óga fuinniúla iad an bheirt seo a d'fhág a dtír dhúchais ghrianmhar, Meicsiceo, trí bliana ó shin le cur fúthu in Éirinn.
lena mbuíochas ó chroí a chur in iúl to express their gratitude
" Ar a laghad, ó Washington go Manhattan, is slí é dóibh siúd atá fós beo lena mbuíochas ó chroí a chur in iúl.
a chuir ar ceal who cancelled
" Tá turasóirí eile ann, áfach, a chuir ar ceal a saoire in Cogne (ionad scíála a dtarraingníonn na sluaite air), agus eagla orthu go bhfuil an dúnmharfóir fós ansin ag maireachtáil i measc ghnáthdhaoine na háite.
cur síos description
" Thug Erika cur síos mion do na póilíní ar bheirt a dúirt sí a chonaic sí ag rith amach as an teach agus dúirt gur chuir sí glaoch ar Omar d'éirigh tar éis di teacht ar an dá chorp.
cur amach output
" Beidh guthanna úra eile le cluinstean gan mhoill i gcur amach an tsamhraidh againn, *Siamsa Samhraidh*.
chur chuige úr new approach
" Maidir leis an soláthar raidió - bímid de shíor ag iarraidh teacht ar ghuthanna úra, mhíreanna úra, chur chuige úr le faobhar a choinneáil leis an chur amach agus le riar go sasúil ar an phobal.
chur chuige approach
" Níl sé léirithe ag an dream atá ag moladh na céime radaicí seo conas a bheadh a leithéid de chur chuige ina réiteach ar fhadhbanna na Gaeilge go fadtéarmach.
cur amach knowledge
" D'fhiafraigh m'ollaimhín scaipthe, Masazumi, díom cén cur amach atá ag Éireannaigh ar an tSeapáin.