Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag cur amach vomiting
" Bhí muid ag cur amach agus bhí an bhuinneach orainn.
cur amach knowledge
" Duine ar bith a bhí ann a raibh mise ag caint leis, mhol sé chun na spéire é, fiú amháin iad siúd nach raibh cur amach ar chor ar bith acu ar an gceol.
chur amach knowledge
" Ghlaoigh Rónán cúpla uair uirthi ag féachaint le hí a mhealladh isteach sa stáisiún nua-bhunaithe ach bhí leisce uirthi an chéim sin a thógáil de bharr nach raibh aon chur amach aici ar obair raidió.
Níor chuir an brú isteach ná amach orm The pressure didn't bother me at all
" * Níor chuir an brú isteach ná amach orm.
cur amach ceart proper knowledge
" Cén mhuinín is féidir linn a bheith againn i gceannasaí gan cur amach ceart ar na saincheisteanna, na dúshláin agus na fadhbanna laethúla a bhíonn ag lucht na Gaeilge.
cur amach knowledge
" Dúirt Tom liom nach raibh mórán cur amach ag daoine ar a leithéid de rud ag an am ach gur thuig a athair chomh tábhachtach is a bhí sé margaíocht agus poibíocht cheart a dhéanamh chun a bheith ábalta fás agus forbairt.
cur amach output
" Beidh guthanna úra eile le cluinstean gan mhoill i gcur amach an tsamhraidh againn, *Siamsa Samhraidh*.
cur amach knowledge
" D'fhiafraigh m'ollaimhín scaipthe, Masazumi, díom cén cur amach atá ag Éireannaigh ar an tSeapáin.
raibh cur amach knowledge
" Ní raibh díol ceart déanta ar chuid de na ceolchoirmeacha, de bharr nach raibh cur amach rómhaith acu siúd a bhí á n-eagrú ar chuid ceoil an ghrúpa.
cur amach knowledge
" Thosnaíomar ag cur agus ag cúiteamh agus ag cur focal trí chéile, agus cibé eolas a bhí againne ar ár dteanga dhúchais, ba léir go raibh Barra maide ar mhaide linn ó thaobh cur amach ar fhocail, ar ghramadach agus ar choraí crua na Gaeilge.
ag cur isteach nó amach air not bothering him
" Bhí culaith éadaí oifige air agus ní raibh cuma air go raibh an aimsir ag cur isteach nó amach air.
chuir seisean amach uirthise he vomited on her
" I ndiaidh do Chearbhall Coal Woman cur isteach ar an Íochtarán le linn an agallaimh chlúitigh sin, chuir seisean amach uirthise le teann déistine agus bréantais.
chur amach knowledge
" Don léitheoir nach bhfuil aon chur amach aige ar shaothar Brennan, molann Bourke *The Visitor*.
cuir do shoc amach stick your head out
" Cas anuas an fhuinneog sin agus cuir do shoc amach agus fiafraigh den bhean sin atá ag tarraingt orainn cá bhfuil an t-ionad siopadóireachta seo nó tá mé i mbarr mo chéille agat.
Bíonn tú ag cur do thóin amach i gcónaí. You're always giving off.
"Bíonn tú ag cur do thóin amach i gcónaí.
cur amach knowledge
" “Mura bhfuil deis agat bheith ag plé le cúrsaí craoltóireachta nó mura bhfuil do chos isteach an doras agat áit éigin, mura bhfuil cur amach agat air, ní bhíonn a fhios agat an sin an saol is oiriúnaí duitse.
ag cur na líne amach putting out the line
" Ní raibh go leor Bíoblaí ann d’achan duine, agus ní raibh léamh acu uilig, mar sin d’fhás an nós seo bheith “ag cur na líne amach”.
chur amach knowledge
" *Sráid Mhaoilbhríde, we have a problem! * Ba cheart, ar ndóigh, go mbeadh sárchur amach ag an Aire Hanafin ar na fadhbanna a bhaineann le teagasc na teanga ó tharla gur iarmhúinteoir Gaeilge í.
cur amach knowledge
" Níl aon chuimhne agam air sin ach tá a fhios agam nach raibh mórán cur amach aici ar an bhfonn, agus gur ar éigean a cloiseadh Colm bocht a luaithe is a thosaigh sí ag seinnt.
cur amach knowledge
" Bíonn riachtanais éagsúla ag mic léinn nach bhfuil cur amach acu ar theanga ar bith eile agus ag mic léinn atá líofa i dteangacha eile agus atá ag foghlaim na Gaeilge mar go bhfuil spéis ar leith acu i dteangacha.
do thóin a chur amach to give out stink
" ” “Is beag an mhaith a dhéanfaidh sé duit do thóin a chur amach,” arsa Máire.
níor chuir sé isteach nó amach ar na capaillíní seo it didn't bother these little horses
" Ní smaoineoinn riamh ar dhul suas nó síos aill ar chapall in Éirinn, ach níor chuir sé isteach nó amach ar na capaillíní seo.
cur amach knowledge
" “Thugadar (EMI) duine ó Chló Iar-Chonnachta ar bord don jab áirithe seo, duine a mbeadh cur amach **Luíonn**** Mo**** Ghrá** (Sliocht) Luíonn mo ghrá, Aonarach in Éirinn, Goirt an tsáile Lena cíoch iarsnámha, Ag tnúth le teacht a céile.
a bhfuil an-chur amach aige who is very knowledgeable about
" Is léiritheoir den scoth é a bhfuil an-chur amach aige ar an gceol traidisiúnta (is ball den ghrúpa Lúnasa é) agus thug sé tacaíocht agus treoir ar leith don bhanna.
cur amach knowledge
" Cé air a bhfuil sé dírithe, mar sin? PM: Orthu siúd a thiocfaidh inár ndiaidh, chun go mbeidh an t-eolas seo ann go deo! Ar phíobairí go príomha, is dóigh, iad siúd go bhfuil cur amach acu ar cheol Shéamuis Ennis cheana féin.
cur amach na nÉireannach Irish people's knowledge
" ” Cé go bhfuil cur amach na nÉireannach ar an bPolainn ag dul i méad le blianta beaga anuas is beag duine sa tír seo a mbeidh ainm áit dhúchais Izabela cloiste aige.
Is féidir leis a spící a chur amach He can put out his spikes
" Is féidir leis a spící a chur amach agus é féin a dhúnadh isteach chun a rud féin a dhéanamh, is cuma céard atá ag tarlú taobh amuigh.
Níl aon rud bainte amach ó thaobh an teanga a chur ar bhonn slán. nothing has been achieved to put the language in a safe position
" Níl aon rud bainte amach ó thaobh an teanga a chur ar bhonn slán.
nach bhfuil an oiread sin cur amach agam I am not that familiar with, knowledgeable about
" ” Caithfidh mé a admháil nach raibh sé i gceist agam ar dtús léirmheas a scríobh ar an saothar seo – níor shíl mé go mbeinn cáilithe lena haghaidh mar gheall ar nach bhfuil an oiread sin cur amach agam ar chúrsaí filíochta.
cur amach knowledge
" Tá an-mheas agam ar an gceol agus an damhsa *Fest-Noz* ach is beag cur amach atá ag muintir na hÉireann orthu sin.
cé nach raibh cur amach ar bith acu ar an cheol traidisiúnta. even though they were not familiar with traditional music
" ” Tugadh cuireadh do cheoltóirí éagsúla, leithéidí an racghiotáraí Declan Sinnott agus an dordghiotáraí Eoghan O’Neill, a bheith páirteach in Moving Hearts, cé nach raibh cur amach ar bith acu ar an cheol traidisiúnta.
cur amach familiarity
"cur amach ag beagnach gach duine ar CFD mar gheall ar a lógó so-aitheanta, an panda.
cur amach knowledge, known
" Ach seachas na Mór-Lochanna agus an mhíshocracht fhuilteach, tá rud eile ag roinnt leis na ceithre thír seo nach bhfuil mórán cur amach ag an saol mór air, is é sin, muintir Batwa, grúpa eitneach Pigmí atá ar na pobail is boichte agus is soghonta i gCeantar na Mór-Lochanna.
cur amach knowledge
"cur amach againn go léir ar an anord fuilteach atá faoi réim san Iaráic ó chuir fórsaí an Domhain Thiar deireadh caithréimeach le riail Shaddam Hussein i 2003.
aon chur amach any knowledge
" Bhraith mé an rud céanna freisin: gur tharraing na gradaim m’aird ar shuíomhanna, ar fheidhmcláracha is ar líonraí sóisialta nach raibh aon chur amach agam orthu riamh roimhe.
tá an-chur amach aici she’s well acquainted
" Tá seal fada curtha isteach aici mar chúlbhinseoir agus tá an-chur amach aici ar imeachtaí sóisialta agus clainne.
cur amach againn orthu we know about them
" In ionad an tsionnaigh nó in ionad tabhairt faoi na hainmhithe atá níos coitianta agus a bhfuil cur amach againn orthu anseo in Éirinn, díreoidh mé ar an Loscann (Rana temporaria), ar an gCnádán (Bufo calamita) agus ar an Earc Luachra (Triturus vulgaris) an t-am seo.
aon chur amach any knowledge
" Chaill mé cúig bliana triochad dá chuid ceoil, ach nuair a d’fhill mé arís ar an machaire roimhe, bhí cipe de ghunnaí móra nua, nach raibh aon chur amach agam orthu, réidh chun geit nó dhó as an nua a bhaint asam…….
cur amach agam ar I know about
" Ach oiread le gach uile Chorcaíoch cathrach, tá cur amach agam ar thinte cnámh na Féile Eoin.
tá an-chur amach aige ar he has a good knowledge of
" Is comhalta sa Roinn Staire ag Ollscoil Melbourne é Noone agus tá an-chur amach aige ar chúrsaí Éireannacha-Astrálacha.
an t-éirí amach a chur síos to suppress the rising
" Chinn fórsaí al-Assad an t-éirí amach a chur síos trí dul i muinín anmhéid foréigin i gcoinne na gceannairceach, shocraíodar ar na huirlisí troda is troime agus is gránna a úsáid – tá siad ag cur ina luí ar a gcuid naimhde i gcónaí nach mbeadh drogall orthu uirlisí troda ceimiceacha a úsáid ina gcoinne cé gur thug Meiriceá foláireamh láidir dóibh gan a leithéid a dhéanamh.
cur amach agat ar an gceantar knowledge of the place
" Bogadh Abhaile ===== **CF: Nuair a tháinig tú go dtí an Rinn agus an Seanaphobal céad uair i 2008 mar bhainisteoir teanga, an raibh cur amach agat ar an gceantar?** CAB: Bhog mise chuig an gceantar seo dhá bhliain déag ó shin.
chuir i bhfeidhm as seo amach to use from now on
" Fuair an mhuintir Arabana freagracht as riar cheantar an locha i mí na Bealtaine anuraidh agus chuir siad ina luí gaidhte ar an Geographical Names Unit dhá ainm an locha a chuir i bhfeidhm as seo amach.
chun deireadh a chur leis an éirí amach ann to end the rising there
" ”* Ba léir do Chruise O’Brien gur bhagair na Náisiún Aontaithe go n-úsáidfí foréigean in Katanga dá mba ghá chun deireadh a chur leis an éirí amach ann agus chun ionracas fisiciúil Phoblacht an Chongó a athbhunú.
tá beagán tuiscint agus cur amach againn féin we have some understanding and capability ourselves
" Agus tá beagán tuiscint agus cur amach againn féin ar ghraithí raidió, bhí mo bhean féin anseo ag obair le raidió ar feadh na mbliantaí.
bhfuil cur amach agam ar an mbó bhainne I know about the milch cow
" “Bhuel,” arsa fear Chorcaí, “ Cé gur feirmeoir mé féin, agus go bhfuil cur amach agam ar an mbó bhainne agus ar an mbó thirim, caithfidh mé a admháil nár chuala mé riamh aon chaint ar an mbó choinníollach.
níl aon chur amach agat ar you don’t know about
" ” “Tugann tú Éireannach ort féin?” a dúirt sí, agus díchreideamh ina glór, “Agus níl aon chur amach agat ar an Modh Coinníollach?” Bhí sí ar tí imeacht uaidh nuair a chonaic sé go raibh cuileog ag snámh thart sa phionta Carlsberg a bhí sí ag ól.
tá an-chur amach aige ar chúrsaí staire he ‘really knows his history'
" “Ceoltóir traidisiúnta atá ann, casann sé ar an bhfeadóg mhór agus tá an-chur amach aige ar chúrsaí staire,” arsa Róisín.
míshásta faoi agus curtha amach unhappy and disturbed
" Ag Snámh in Aghaidh na Meán ============= In Éirinn tá daoine míshásta faoi agus curtha amach go bhfuil a leithéid de chomórtas againn anseo anois.
an-churtha amach faoi very upset about it
" De réir úinéara na háite in agallamh le The Northern Standard, bhí sé an-churtha amach faoi: ‘Dá mbeadh sé ar eolas agam an cineál comórtais a bhí i gceist leis - ní ligfinn cead ar bith leo teacht chomh fada le doras na háite.
ní ligeann sí d’iriseoirí cur isteach ná amach uirthi she doesn’t allow reporters to bother her in the least
" Tuigeann sí nach gá di a bheith sa nuacht i gcónaí agus ní ligeann sí d’iriseoirí cur isteach ná amach uirthi.
níor chuir sé isteach ná amach orm it didn’t bother me one way or the other
" Ghortaigh sé sin ana-mhór nuair a bhíos ocht mbliana déag ach ina dhiaidh sin níor chuir sé isteach ná amach orm.
aon chur amach no experience of
" Ag fanacht ag an Túr Solais ar Shráid Uí Chonaill le duine nár chuala do ghuth fós, a thógfaidh ar fánaíocht tú trí áiteanna nach bhfuil aon chur amach agat orthu go fóill, a chuirfidh daoine nua in aithne duit, agus a roinnfidh, más go maith a réitíonn sibh, an saol leat.
Ar chuir sé isteach ná amach ar did it bother
" Ar chuir sé isteach ná amach ar Ó Cuinneagáin? Níor chuir, ná baol air.
ar tí ár gcuigiú halbam a chur amach about to release our fifth album
" Táimid ar tí ár gcuigiú halbam a chur amach go luath, agus táimid go léir fós ag caint lena chéile, éacht suntasach ann féin! Táimid gafa i gcónaí leis an gceol is dual dúinn agus is aoibhinn linn go bhfuilimid ag baint slí bheatha as foirm ealaíne a bhfuil ár gcroí is ár n-anam inti.
Bhí cur amach agam ar I had knowledge of
" Bhí cur amach agam ar chúrsaí ceoil tríd an gclár raidió agus sheinntí ceirníní Ghael Linn sa bhaile go minic agus mé ag fás aníos.
chuir sé an clár amach he put the board out
" Seo í caint Mhichíl Uí Choinceanainn arís: 'Tháinig sé agus bhuail sé a sháil in aghaidh an chasóg ag iarraidh i a theannadh níos fearr mar bhudh ea, agus chuir sé an clár amach bunáite ó sháil go rinn, agus ansin ar ndóigh nuair a chuir, seod isteach an t-uisce, agus mar a dúirt an t-amhrán, sloigeadh an bád ansin, agus báthadh na daoine agus scaip na caoirigh anonn 's anall.
Níor chuir sé sin isteach ná amach ar that didn’t bother in the slightest
" Níor chuir sé sin isteach ná amach ar Mhichael Dee ná ar Bheití féin ach oiread, agus as go brách leis an bheirt acu sa chóiste, le Pilib na Gréige ag gíománaíocht ar suíochán ard taobh amuigh.
leagan Ghaeilge a chur amach to issue an Irish version
" 3 den Bhunreacht céanna go mbíonn ar an stát leagan Ghaeilge a chur amach de gach dlí a achtaítear i mBéarla.
aon chur amach agat ar any grasp of
" An bhfuil aon chur amach agat ar an mhodh foshuiteach caite?
bréagscéalta a chur amach release false information
" Tuigimid go bhfuil ollchomlachtaí idirnáisiúnta i gceist agus gur féidir leo an scéal a chasadh agus bréagscéalta a chur amach.
a raibh cur amach maith aici who had a good idea
" Orthu siúd bhí Sarah Purser, péintéir sárchumasach a raibh cur amach maith aici ar chúrsaí gnó chomh maith le bheith ina healaíontóir ilghnéitheach.
cur amach knowledge
" Tá níos mó agus níos mó seandaoine i Meiriceá ag tabhairt aghaidhe ar phobail scoir dheisceart na tíre, ach tá míbhuntáistí ag baint leis an fheiniméan seo, dar le Mary Beth Taylor, a bhfuil cur amach aici ar cheann de na pobail seo, The Villages i Florida.
cur amach ag knowledge
"cur amach ag Tomás Ó hAodha ar fhear na bhfrachtal, fear a cheap cuma na matamaitice do chuma aiceanta an dúlra thart orainn ar fud an domhain.
cur amach cruinn correct knowledge
" An fear ceart san ionad ceart ag am toghcháin, tá Alex Hijmans sa Bhrasaíl agus tá cur amach cruinn aige ar thoghadh Dilma Rousseff ina hUachtarán ar cheann de na tíortha is mó ar domhan.
lear leabhar curtha amach many books published
"lear leabhar curtha amach ag an scríbhneoir Séamas Mac Annaidh in imeacht na mblianta.