Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Is díobh é he is of them
" Is díobh é, agus is cuid den phobal é.
fá dtaobh díobh about them
" Leoga tá sé ráite go raibh eagla ar dhaoine a theacht go Rann na Feirste nó dá mbainfí tuisle dóibh ar dhóigh ar bith go mbeadh cúpla rann filíochta cumtha fá dtaobh díobh sula mbeadh an baile fágtha acu.
d'fhiafraigh mé díobh I asked them
" Rinne mé teagmháil le gach Éireannach nach mór i mBaltimore agus d'fhiafraigh mé díobh an raibh Gaeilge acu.
an t-aistear a chur dhíobh to complete the journey
" Bhí 22 carr páirteach ar fad agus thóg sé tuairim is seachtain ar na cinn ba mhoille an t-aistear a chur dhíobh.
Diomaite díobh sin atá róthraochta apart from those who are too worn out
" Diomaite díobh sin atá róthraochta ag fanacht leis na haontachtaithe cumhacht a roinnt, tá an-phléisiúr á bhaint as an gheáitsíocht atá ar siúl ag an DUP agus an réaltacht réidh le hiad a bhualadh sa ghaosán.
fá dtaobh díobh about them
" Ach ní chloiseann muid é ag gearán fá dtaobh díobh nuair a bhíonn siad os comhair na cúirte ar chúiseanna ag baint le gunnaí agus sceimhlitheoireacht.
dá dtógfaí pictiúr díobh if a picture was taken of them
" Alan Pelz-Sharpe, Groton, USA (ó shuíomh gréasáin an BBC) Tá an ghrianghrafadóireacht i ndiaidh éirí chomh coitianta sin go bhfuil sé deacair a shamhlú go mbíodh eagla ar dhaoine lá den saol go sciobfadh an “bosca beag dubh” a n-anam ar shiúl uathu dá dtógfaí pictiúr díobh, agus go raibh daoine ann a bhí cinnte gur céim siar a bhí ann nuair a tháinig deireadh le *daguerratypes*.
dá dtógfaí pictiúr díobh if a picture was taken of them
" Alan Pelz-Sharpe, Groton, USA (ó shuíomh gréasáin an BBC) Tá an ghrianghrafadóireacht i ndiaidh éirí chomh coitianta sin go bhfuil sé deacair a shamhlú go mbíodh eagla ar dhaoine lá den saol go sciobfadh an “bosca beag dubh” a n-anam ar shiúl uathu dá dtógfaí pictiúr díobh, agus go raibh daoine ann a bhí cinnte gur céim siar a bhí ann nuair a tháinig deireadh le *daguerratypes*.
túrbhloic díobh tower blocks
" Ar ár siúl dúinn síos an halla rinne sé iontas den mhéid dlúthdhioscaí a bhí sa teach, ar sheilfeanna ar an dá thaobh dínn, sa chistin freisin, tuilleadh seilfeanna lán leo, cófraí, seastáin greamaithe den bhalla, bhí siad carntha ar an gcuisneoir—thug me gloine bhainne dó agus rinne sé ceapaire dó féin—agus ar an inneall níocháin, leath an bhoird tógtha acu, dhá stól, go fiú ar leac na fuinneoige sa leithreas—rinne sé mún—agus túrbhloic díobh i ngach cúinne sa chistin, ar dhá thaobh an dorais, taobh istigh agus taobh amuigh sa halla, sa spás faoin staighre agus sa seomra suí—bhí siad i ngach áit, gan an balla le feiceáil acu ach anseo is ansiúd, dlúthdhioscaí, a dúirt sé agus shéid sé anáil amach le teann sásaimh, dlúthdhioscaí, nach iontach é? Ina shuí ar an tolg—bhí air scíth a thabhairt do na seanchnámha, mar a deir sé féin—dúirt sé gur chuimhin leis a óige, gurbh é a aisling leabharlann cheoil a bheith aige, sa bhaile, cartlann de gach uile dhlúthdhiosca a eisíodh riamh, in aon seomra amháin aige, seomra stórais nó garáiste mór ar chúl an tí.
ag fiafraigh díobh asking them
" Níor thuig mo chairde scoile mé agus mé ag caint faoi “thunner plumps” (ó “plimp thoirní”, ach faoin bháisteach féin a bhíonn muidne ag caint sa chás sin) nó ag fiafraigh díobh “Whur’ ye fae?” Bhí mé cinnte go raibh teanga eile ann roimh an Bhéarla agus thosaigh mé a chuartú an idirlín nuair a chuaigh mé chun na hollscoile i nDún Éideann.
ag déanamh ceap magaidh díobh féin. making a laughing stock of themselves.
" Tá ár bpolaiteoirí lándáiríre agus iad ag déanamh ceap magaidh díobh féin.
grianghraf díobh a photograph of them
" D'iarr siad orm grianghraf díobh a ghlacadh lena gceamara.
ag cur teaspaigh díobh letting off steam
" Is minic na hógánaigh ag cur teaspaigh díobh an tráth sin.
chuimlíodh sé salachar agus smúit ó fholúsghlantóir díobh he used to brush dirt and dust from a vacumn cleaner against them
" Agus iad péinteáilte aige, chuimlíodh sé salachar agus smúit ó fholúsghlantóir díobh le cuma na haoise a chur orthu.
Chuirfeadh cuid díobh alltacht ar lucht sábháilteachta an lae inniu Some of them would astond today's health and safety people
" Chuirfeadh cuid díobh alltacht ar lucht sábháilteachta an lae inniu - an Flying Wedge, ding dhaonna na n-imreoirí a ritheadh trí líne na gcosantóirí, ina measc.
díobh féin of themselves
" Ba rud é sin a bhain preab asam féin nó bhí dearmad déanta agam go bhfuil an tuairim sin ag Fianna Fáil díobh féin – gur mó na páirtí polaitíochta iad.
eiseamláir a dhéanamh díobh, to make an example of them
" Bhí an Breitheamh Anthony Ensor ag iarraidh eiseamláir a dhéanamh díobh, ach mar thoradh ar dhéine an phionóis seo, chuir 2,000 duine a n-ainm le hachainí idirlín inar éilíodh go ndéanfaí an pionós a laghdú.
bhaintí an talamh díobh the land used to be taken from them
" Nuair a thagtaí ar Shasanaigh nó ar Éireannaigh a raibh cónaí orthu i measc na Sasanach agus an Ghaeilge a á labhairt acu, bhaintí an talamh díobh agus chuirtí i bpríosún iad go dtí go n-íocadh siad fíneáil agus go ngealladh siad go labhródh siad Béarla.
leath díobh half of them
" Sílim go raibh deichniúr sa ghrúpa – leath díobh ó scoil na gcailíní, Coláiste Íosagáin – agus a leithéid de cheol a sheinn siad! A leithéid de bhua a bhí acu! Ní ba dhéanaí sa mhí, sheinneamar i gCaisleán Bhaile Átha Cliath don Lá Afracach, i dteannta le Republic of Loose, Sinéad O'Connor, Mundy agus flúirse ceoltóirí eile.
cuibhrinn mhóra díofa big allotments of them
" Fásann labhandar agus lus na gréine in Provence, cuibhrinn mhóra díofa, agus idir iad sin agus na dathanna éagsúla a bhíonn ar Mont Sainte-Victoire le linn an lae, ní hiontas ar bith go raibh Cézanne i ngrá leis an cheantar.
díofa of them
" Duine ar bith atá ag lorg stair *Rock’n’Roll*, ag cuardadh anamacha *Bob Dylan, Janis Joplin, Leonard Cohen, Jim Morrison, Nico* nó *Patti Smith* – bheul, tá seans maith go dtiocfaidh tú orthu, nó ar mhacalla de shórt inteacht díofa sna ballaí dearga de chuid an *Chelsea Hotel*.
díofa of them
" Duine ar bith atá ag lorg stair *Rock’n’Roll*, ag cuardadh anamacha *Bob Dylan, Janis Joplin, Leonard Cohen, Jim Morrison, Nico* nó *Patti Smith* – bheul, tá seans maith go dtiocfaidh tú orthu, nó ar mhacalla de shórt inteacht díofa sna ballaí dearga de chuid an *Chelsea Hotel*.
cé ar díobh iad who they are, descend from
" Tugann teanga ballraíocht i gcomhluadar do dhaoine agus tuiscint dóibh ar cé ar díobh iad.
díofa of them
" Ach amanna nuair a bhím ag na margaí feirmeoirí, bíonn sé deacair meacain bheaga salacha a cheannacht, nach bhfuil fágtha ach dealgáin uair amháin a bhainfidh tú an lábán agus craiceann díofa.
chaith siad díobh they threw off
" Léigh sé píosaí dúinn a bhí pléite níos déanaí sa scoil, sa mheánscoil fiú amháin! Ní hionadh go raibh mé bailithe de mo mhúinteoirí féin!” Ní beag an t-athrú atá tagtha ar an bPolainn agus ar na Polannaigh ó chaith siad díobh cuing an chumannachais, ar ndóigh.
ceann díobh one of them
" Chabhródh ceann díobh go mór le héinne a bhfuil gnó acu, chabhródh ceann díobh go mór i saol pearsanta ban agus cabhródh an tríú ceann go mór le saol teaghlach áirithe.
cuid mhór díobh many of them
" Tá sé dochreidte, ach chuaigh na meáin chumarsáide príobháideacha ar fad - gur le billiúnaithe iad ar ndóigh, cuid mhór díobh -, an córas polaitíochta agus geilleagair taobh thiar den togra úd ar fad, mar gurb é a gcóras féin atá i mbaol agus chun a gcóras féin a shábháil.
a chur díobh to climb
" Ní raibh duine ar bith de na dreapadóirí ag iarraidh Monroe eile a chur díobh, le barr tuirse, agus shiúil mé im' aonar mar sin i dtreo Bheinn a' Chlachair (1087m).
cúram a dhéanamh díobh to take care of them
" Cé gur mór an méid saineolais agus comhairle atá ar fáil maidir le gortaithe a sheachaint agus cúram a dhéanamh díobh, ní léir go bhfuil mórán cainte nó iniúchadh á dhéanamh ar na fáthanna atá leis an méadú a bhraitear a bheith ar líon agus ar mhinicíocht gortú tromchúiseach.
d’fhiafraigh díobhsan inquired of them
" D’imigh siad chuig Chumann Tráchtála na Gaillimhe, scátheagraíocht na ngnólachtaí, agus d’fhiafraigh díobhsan cad a bhí siad le déanamh chun a chinntiú go bhfanfadh an infheistíocht sin ins an gcathair.
roinnt díobh some of them
" Tá cúpla uirlis iontach ar fáil chun cabhrú leis an ealaíontóir físe agus seo thíos roinnt díobh.
ina gcuid láir díobh as a central part
" Áiseanna den scoth a chur ar fáil a mbeadh Lárionad Iomána mar aon le hAcadamh Sainiúlachta ina gcuid láir díobh.
cuing throm na tíorántachta díobh the severe yoke of tyranny
" Pé bealach ar tharla sé, bhí bua Átha Cliath ar Chiarraí i gcluiche ceannais 2011 ina bhua chomh milis is a bhí riamh agus bhí muintir Átha Cliath ar nós dream ar baineadh cuing throm na tíorántachta díobh tar éis blianta fada i gcarchair chrua dhobhriste.
D’fhiafraigh mé díobh I asked them
" D’fhiafraigh mé díobh cén fáth nach raibh cúrsa acu faoi ghné eile de shaol na hÉireann? Thosaigh mé ag múineadh ranganna Gaeilge.
beag ’s fiú díobh makes little of them
" Imíonn siad as radharc agus cé go ndéanann an stát beag ’s fiú díobh, ní dhéanann a muintir nó a bpobail dúchais dearmad orthu.
Tuilleadh díobh éalaithe leo more of them took off
" Tuilleadh díobh éalaithe leo go dtí an phríomhchathair Dakar.
an dís máistreás amháin ar ghéill sí díofa the only two masters she acceded to
" Áilleacht fá riar an dís máistreás amháin ar ghéill sí díofa - éirim agus anam.
cuid díofa some of them
" Tá an comhoibriú mar sin ann agus tá an ceangal sin eadrainn agus is muid na meáin chraolta Ghaeilge sa tír seo, cuid díofa, agus oibrionn muid as lámha a chéile nuair is féidir.
mbunteanga amháin díobh sin one of those original languages
" Chruthaigh an t-údar ar dtús iad i mbunteanga amháin díobh sin agus rinne sé na haistriúcháin go dtí an dá theanga eile ina dhiaidh sin.
ligean do roinnt díobh filleadh allow some of them to return
" Mar gheall ar rialú a rinne Cúirt Bhreithiúnais an AE anuraidh, áfach, caithfidh an Stát ligean do roinnt díobh filleadh ar thír bhreithe a leanaí.
fiafrái díobh féin ask themselves
" Caithfidh saoithe an pháirtí fiafrái díobh féin ar mhaith leo cosmhuintir an pháirtí a bheith chomh antoisceach sin nuair is léir go gcaithfidh iarrthóirí an pháirtí vótaí a mhealladh ó lucht láir agus ó luasc-vótóirí na tíre freisin in aimsir an toghcháin.
scannán is measa ar fad díobh of the very worst of them
" Agus ní hí aimsir na Nollag, dá olcas í, an tréimhse eisiúna agus taispeána scannán is measa ar fad díobh.
ceann díobh seo leanas one of the following
" Cá bhfios nach gceannófá ceann díobh seo leanas, nua nó ar athláimh, i siopa nó ar stainnín mhargaidh áitiúil éigin.
ag cuid díobh siúd a bhreac among some of those who wrote
" ) Tuigimid sin anois nuair atá sé rómhall, ach cé déarfadh nach raibh fios de chineál ag cuid díobh siúd a bhreac go nimhe neanta ina aghaidh nuair a bhí sé linn? Creidim féin go dtuigeann roinnt mhaith de lucht an ainm chleite an dochar a dhéanann siad agus an dochar is féidir leo a dhéanamh fiú nuair nach mbíonn feiceáil ná cruthú air, ach déanann siad é dá ainneoin sin.
dá dtrian díobh two thirds of them
" Bhí seachtar nó ochtar ag fanacht leis an mbus faoi seo, agus ba de bhunadh na hiasachta dá dtrian díobh.
dóthain díobh sin enough of those
" An Turas Spleodair ======== Ach, má bhíonn leithéidí Lance Armstrong ann, bíonn na dea-scéalta ann freisin agus dóthain díobh sin le nach baol dúinn géilleadh don éadóchas.
blas díobh some of them
" Is féidir, má roghnaíonn tú féinóstú, an t-ábhar iomlán a chur ar do shuíomh féin agus blas díobh a roinnt ar leithéid YouTube is Vimeo.
faoin gcéad díobh per cent of them
" Idir 1774 agus 1793 cuireadh 2747 duine isteach sa Teach sin i Luimneach; 51 faoin gcéad díobh ba fir iad, 49% ba mhná iad.
ag cur díobh giving out
" Is cosúil nach raibh mórán thar thriúr den lucht cantail ag cur díobh in am ar bith ach gurb é an dóigh a raibh ainmneacha éagsúla á dtarraingt chucu féin le dul ina bhun.
bhuail mé le scata mór díobh I met a a great lot of them
" Cé go raibh “aithne” Twitter agam ar roinnt blagadóirí bia, bhuail mé le scata mór díobh anuraidh nuair a thug Avonmore cuireadh dom cuairt a thabhairt ar fheirm a sholathraíonn bainne dóibh.
a fhaigheann an domhan mór díobh mar phobal which the world receives of them as a community
" Nuair a chloiseann siad faoi na hionsuithe éagsúla gunna is sceimhlitheoireachta, croitheann an-chuid den ghlúin óg Mheiriceánach a gcinn ag ligean osna astu féin, feargach leis an tslí ina bhfuil a dtír dhúchais sa lá inniu agus bíonn brón orthu faoin íomhá a fhaigheann an domhan mór díobh mar phobal.
an churiarracht is mó ar fad díobh the greatest record of them all
" Is liosta le háireamh a bhfuil buaite ag Manchester United ó shin i leith faoi cheannas agus faoi stiúir Alex Ferguson, ach is dóigh gurb é Príomhroinn Shasana a bheith buaite trí huaire déag (agus a bheith cúig uaire sa dara háit) an churiarracht is mó ar fad díobh.
an tsochaí dar díobh muid ciontach the society to which we belong is guilty
" Ní hamháin go n-ardaíonn siad ceisteanna inár n-aigne nach raibh súil againn leo ach is beag nach mbraithimid ciontach as na coireanna a chuirtear os ár gcomhair ar an scáileán – amhail is go bhfuil an tsochaí dar díobh muid ciontach as na gníomhartha seo agus go bhfuil freagracht áirithe orainne, an lucht faire, dá réir.
Rinne daoine áirithe staicíní áiféise díobh féin some made fools of themselves
" Rinne daoine áirithe staicíní áiféise díobh féin in amanna leis an leagan éithigh seo a chur in iúl.
beifear buíoch díobh (people) shall be indebted to them
" Má ghlacann an ASTI leis an mbealach éalaithe a chuirfear os a gcomhair beifear buíoch díobh.
roinnt díobh some of them
" Cinnte tá roinnt díobh nach fiú trí mheandar ded’ shaol a chur amú ach tá neart gur fiú athbhreathnú orthu arís is arís eile.
ní ceart neamhaird a dhéanamh díobh one shouldn’t be forget about them
" An beagán iarsmaí san iarthuaisceart i gceantar Białystok agus go deimhin i gcríocha na Liotúáine san áit a bhfuil mionlach Polannach beo leo ón tseanaimsir, ní ceart neamhaird a dhéanamh díobh, ach is léir gur le ceathrú an oirdheiscirt a bhaineann an traidisiún anois.
fiafraíodh díofa they were asked
" Ansin fiafraíodh díofa cé acu seo is dóichí: a) Tá Linda ina hairgeadóir bainc b) Tá Linda ina hairgeadóir bainc agus tá sí gníomhach sa ghluaiseacht feimineach.
an oidhreacht shainiúil dar díobh muid the distinct heritage from whom we descend
" B’in mar a shocraíomar ar albam teaghlaigh a dhéanamh lena chéile tá tamall de bhlianta ó shin, chun ceiliúradh a dhéanamh ar an oidhreacht shainiúil dar díobh muid, an traidisiún áirithe ceoil sin a chaomhnú agus é a sheachadadh go dtí an chéad ghlúin eile.
a d'fhiafraíos díobh I asked them
" Cad ina thaobh a d'fhiafraíos díobh; bhí bior nimhe ar shúile an fhir bheáir ag féachaint orainn - de thoradh na Gaeilge dar leo.
na muirthéachta díreach curtha díobh acu just recovered from the revolution
" Na Lóchrainn Draíochta ============= Ní hionadh ar bith é go raibh na Francaigh tógtha leis an fantasmagorie ag an tréimhse sin mar bhí ré an ghilitín agus na muirthéachta díreach curtha díobh acu agus atmaisféar dorcha gruama fós san aer.
a bhaint díobh to take this from them
" Thosaigh Québec ag déanamh iarrachta an caidreamh seo a bhaint díobh agus scaradh an Stát leis an Eaglais i rith na 90idí.
ba mhó cáil díobh ar fad most famous of them entirely
" Agus b'é Dic Jones an duine ba mhó cáil díobh ar fad.
nó líon beag díobh or a small group of them
" Buíon na báine, nó líon beag díobh, is iad a mhill na Gradaim orm i mbliana, mo léan.
níl ceachtar díobh sin neither of them are
" Is fearr uimhreacha scáileán ríomhaire ná ór na cruinne feasta agus níl ceachtar díobh sin san eastát seo.
diomaite díofa sin apart from those
" Casadh beirt nó triúr linn ar Shliabh a Liag, an cnoc is airde sa cheantar, ach diomaite díofa sin, is linn féin a bhí muid.
feidhm díobh sin is ea an féinghlanadh one use is for self-cleansing
" Ach an bhfuil aon rud níos binne ná guth an duine? Tá feidhmeanna éagsúla ag an nguth, ar ndóigh, agus feidhm díobh sin is ea an féinghlanadh, sa gháire agus sa ghol, cuir i gcás.
Gheobhadh fear díobh bás one of the men would die
" Gheobhadh fear díobh bás i Waterloo a dúirt an sagart.
tá riar maith díobh ar fáil there are plenty of them available
" Cinnte, is féidir a leitheid de chlár mionghearrtha a fháil: tá riar maith díobh ar fáil.