Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
de bhunadh na hÉireann of Irish descent
" Ar de bhunadh na hÉireann a mháthair? 'Of Irish parentage' a scríobh nuachtán a linne agus é ag trácht ar Billy.
de shliocht Éireannach of Irish descent
" Ní raibh eolas ar bith aici ar an chultúr Gaelach ná ar an teanga ar feadh na mblianta agus níor thuig sí fiú gur de shliocht Éireannach í féin.
de shliocht Éireannach of Irish descent
" Go bhfios dom ag an am, ní duine de shliocht Éireannach a bhí ionam.
de bhunadh Éireannach of Irish descent
" *Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é.
de shliocht Éireannach of Irish descent
" Go mbunófaí Ollscoil lán-Ghaelach sa Ghaeltacht agus, tríd an idirlíon, go gcuirfí a cuid cúrsaí ar fáil do dhaoine de shliocht Éireannach timpeall an domhain.
de shliocht Éireannach of Irish descent
" Soilseadh an ghrian! Sin an rud atá á rá ag Tim Carey agus ag go leor daoine eile i Nua-Eabhrac ar de shliocht Éireannach iad, agus ní go díreach toisc gur mhaith leo laethanta leisciúla samhraidh a fheiceáil tar éis aimsir chomh léanmhar sin a bheith ann i rith an gheimhridh.
de bhunadh Éireannach of Irish descent
" Tá Éireannaigh ann, daoine de bhunadh Éireannach, agus daoine nach bhfuil aon bhaint acu le hÉirinn seachas an tsuim atá acu sa teanga nó sa chultúr.
de shliocht Éireannach of Irish descent
" Daoine eile a bhfuil cónaí orthu i dtíortha éagsúla ar fud an domhain (ar daoine de shliocht Éireannach cuid acu agus ar dream an chuid eile nach bhfuil aon cheangal acu le hÉirinn) a dhéanann gach iarracht an teanga a shealbhú agus a úsáid chomh minic agus is féidir leo.
de bhunadh Éireannach of Irish descent
" ” *Tá an leabhar le fáil ar £7 ó Jim Fitzsimons, 47 The Beeches, Calderstones, Liverpool L18 3LT* *Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é.
de bhunadh Éireannach of Irish descent
" Creidtear gur leac uaighe atá inti, agus b’fhéidir gur rí áitiúil de bhunadh Éireannach ab ea Sagramus.
nár de bhunadh Éireannach é who was not of Irish descent
" Ba é an t-aon Beatle nár de bhunadh Éireannach é, agus bhí saol fíorbhocht aige nuair a bhí sé óg agus bhí sé i ndrochshláinte i gcónaí.
de bhunadh Éireannach of Irish descent
" Tá Glór na nGael ag iarraidh go mbeidh grúpaí éagsúla rannpháirteach sa chomórtas, bídis ina n-imircigh, ina bhfoghlaimeoirí de bhunadh Éireannach i bhfad siar, nó dream ar bith eile a chuireann spéis sa Ghaeilge.
de shliocht Éireannach agus Eorpach of Irish and European descent
" Charles, áit a bhfuil inimircigh de shliocht Éireannach agus Eorpach ina gcónaí taobh le taobh.
de bhunadh Éireannach of Irish descent
" Tá leacht eile a gcuirfeadh Éireannaigh suim ann freisin - an t-aon dealbh de dhuine ar an mblár nár ghinearál é: an tAthair William Corby, de bhunadh Éireannach, agus séiplíneach na briogáide Éireannaí.
de shliocht Maracach of Morrocan descent
" As an Bheilg í Atlas ach is de shliocht Maracach í agus canann sí in Araibis.
de shliocht Maorach of Maori descent
" * Is duine de shliocht Maorach é Ihimaera, agus tá sé an-bhródúil as a oidhreacht.
de bhunadh na hÉireann of Irish descent
" “Chonaic mé mná agus fir de bhunadh na hÉireann agus iad beo ar shráideanna Londan agus mhothaigh mé go raibh orm rud éigin a dhéanamh nó a rá,” ar seisean.
de bhunadh Éireannach of Irish descent
" B'as an Cheathrú Rua a athair agus ba de bhunadh Éireannach í a mháthair.
de bhunadh Éireannach of Irish descent
" Nuair a d’fhill an tAthair James Nugent go Learpholl in 1888, chuir na daoine meirge amach a raibh na focail “Céad mille failthe, saggarth aroon,” air – agus sin teachtaireacht do shagart de bhunadh Éireannach a rugadh agus a tógadh i Learpholl.
de bhunadh na hÁise of Asian descent
" Ghoill ráiteas John Howard i 1988 ar go leor daoine de bhunadh na hÁise a raibh cónaí orthu san Astráil.
de shliocht na nGael of Irish descent
" Ba é an chéad uachtarán Caitliceach ar na Stáit Aontaithe, an chéad duine de shliocht na nGael.
sliocht descent
" An t-aon duine den chine geal i gceantar plódaithe, ina bhfuil sliocht na nAfraiceach a tugadh mar sclábhaithe chun na Brasaíle ag streachailt leis an saol go laethúil, tá Alex ag iarraidh teacht ar rún mhuintir na háite: conas a éiríonn leo saol sona a chaitheamh in áit atá beo bocht? Rugadh Alex Hijmans in Heemskerk, san Ísiltír, i 1975.
d'folaibh of descent, lines
" Fuil Fiamhain giodh iad is fearr d'folaibh uaisle na hÉireann, mar bhíd réaltana um ré lán, a n-éantogha is sé Seaán.
de shliocht Caibíl of Kabyle descent
" Thug imreoir clúiteach eile Zinedine Zidane, Francach de shliocht Caibíl na hAilgéire, léargas maith ar chluiche seo na mbocht ar chlár teilifíse a craoladh ar TG4 ar na mallaibh.
shliocht descent
" Sular chaill sé a shuíochán san olltoghchán trí bliana ó shin, ba é an t-aon duine amháin de shliocht bundúchasach a bhí ina fheisire sa pharlaimint náisiúnta.
shliocht na hÉireann Irish descent
" Agus faraor sin, mar is é Meiriceá Thuaidh ceann de na margaí is mó don teanga, le 38 milliúin daoine a thugann le fios gur de shliocht na hÉireann iad.
de shliocht Éireannach of Irish descent
" Deirtear go minic go bhfuil an Astráil ar an tír is Gaelaí ar domhan, taobh amuigh d’Éirinn í féin, agus meastar gur de shliocht Éireannach iad suas le tríocha faoin gcéad de mhuintir na tíre.
ar a laghad fiche troith síos le fána at least twenty foot of a descent
" Ag doras an tséipéil, a bhí ar a laghad fiche troith síos le fána, bhí dealbh mhór den easpag déanta as cré-umha ag seasamh ansin le cuma an-sollúnta air.
de shliocht na hIodáile of Italian descent
" Ina saothar ceoil is filíochta, bhí ceist an chiníochais mar théama leanúnach aici agus d’aithin DiFranco, ar de shliocht na hIodáile í, áit na nGormach i sochaí agus i scéal Mheiriceá agus cháin sí an ciníochas go géar agus go fíor-rialta.
is de sliocht Sicileach é he is of Sicilian descent
" Rugadh Salvatore Fichera sa Róimh agus is de sliocht Sicileach é.
de bhunadh Éireannach of Irish descent
" Bhuail Tony Birtill le fear de bhunadh Éireannach a bhfuil leabhar scríofa aige ar a thréimhse i reisimint Éireannach le linn an dara Cogadh Domhanda.
de bhunadh Éireannach of Irish descent
" Is de bhunadh Éireannach iad beirt Mheiriceánach a bhfuil postanna tábhachtacha acu i gcúrsaí iompair i Londain.
de bhunadh Éireannach of Irish descent
" Labhair Tony Birtill le bean de bhunadh Éireannach, Margaret McAdam, atá mar chuid d’eagraíocht atá ag iarraidh dul i ngleic leis an chiapadh ciníoch i Learpholl.
de shliocht Gearmánach of German descent
" Chaith Brian Ó Broin cúpla lá pléisiúrtha i measc daoine de shliocht Gearmánach i Wisconsin le gairid.
Meiriceánach de bhunadh Éireannach, an American of Irish descent,
" Anuraidh, ceapadh Martin Dowling, Meiriceánach de bhunadh Éireannach, mar an chéad Ollamh le Ceol Traidisiúnta in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.