Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag cosaint na hAontachta defending the Union
" ag cosaint na hAontachta Ó bunaíodh stát na Sé Chontae, bhí an RUC agus paramílitigh na B-Speisialach sa líne tosaigh ag cosaint na hAontachta in éadán an IRA, a bhí á gcothú i measc na gCaitliceach bradach sin.
a chosaint to defend
" Bhí gá le heagraíocht a bheadh in ann an córas oideachais trí mheán na Gaeilge a chosaint agus a chur chun cinn nuair a bhí spéis agus dóchas caillte ag formhór an phobail, oideachasóirí, múinteoirí agus lucht polaitíochta sa chóras sin.
é féin a chosaint to defend himself
" Bhíothas tar éis de Róiste a chaitheamh amach as an arm gan deis a thabhairt dó é féin a chosaint ná achainí a dhéanamh.
a chosaint to defend
" Íorónta go leor b'fhéidir tuairimí mar seo a bheith ag teacht ó pholaiteoir, ach an bhfuil firinne ar bith iontu nó an cleas a bhí ann go díreach chun poiblíocht a fháil don ócáid? Tháinig go leor ealaíontóirí agus criticeoirí chun tosaigh ina dhiaidh sin chun Gradam Turner a chosaint.
go gcosnaíonn na mná an páirtí that women defend the party
" Agus ainneon go gcosnaíonn na mná an páirtí, fiú amháin i Sinn Féin tá a fhios agam gurb iad na fir atá i gceannas," ar sí.
clós cosanta defended courtyard
" Tá dhá charn mhóra ann - tá iarsmaí an chaisleáin ar an cheann is airde, agus bhíodh bábhún, nó clós cosanta, ar an cheann eile.
chosain an dá chaisleán the two castles defended
" Le chéile, chosain an dá chaisleán an teacht isteach cúng go Loch Cairlinn.
a chosain who defended
" Ba é an t-aon ghuth aonair i bhFianna Fáil a chosain na PDs ná an tAire Seamus Brennan, duine nach raibh tuairim ar bith aige ag an am go raibh a phost féin i mbaol.
á cosaint defending her
" Throid sí le hArdeaspag Bhaile Átha Cliath, agus cad é a rinne an t-easpag an chéad uair eile a casadh an bheirt acu ar a chéile? Rug sé barróg uirthi agus leag póg ar a pluc! Dúradh ar na mallaibh gur mhaslaigh sí Protastúnaigh an tuaiscirt, agus cé a tháinig amach á cosaint os comhair an tsaoil ach ceannairí an UDA - na *superprods*! Má tá duine ar bith socair agus slán sábháilte go ceann tamaill eile is í Íosa Mhic Ghiolla Mháire an duine sin; agus má tá airgead sterling ag duine ar bith le cur i dtaisce níl áit níos sábháilte le é a chur.
a chosaint to defend
" Níor éirigh leis a pháirtí a chosaint go rómhaith ó ionsaithe rialta Sheosaimh Uí Chuaig.
ag cosaint mí-iompair defending misconduct
" Dá bhrí sin, is deacair gan teacht ar an tuairim go bhfuil a fhios go maith ag an Aire agus ag Ceannfort na nGardaí, mar atá a fhios ag *Beo!, *cérbh é an garda, agus nach bhfuil anseo ach sampla eile d’ár nAire Dlí agus Cirt ag cosaint mí-iompair i measc cheannasaíocht an Gharda Síochána.
dá chosaint féin defending himself
" Ní bhíonn aon fhadhb ag Donncha dá chosaint féin, áfach.
a chosaint to defend
" “Sílimse gur féidir linn chuile chinneadh maoinithe a thóg muid a chosaint sa mhéid is go bhfuil sé ag dul chun sochair don earnáil neamhspleách.
clós cosanta defended yard
" Teach túir mór agus bábhún, nó clós cosanta, atá ann.
ag cosaint defending
" Chaith na Comhghuaillithe ceithre bliana ag cosaint an cheantair seo.
a chosaint to defend
" Thóg Rannulf, Iarla Chester, an caisleán seo i 1337 chun an teorainn leis an Bhreatain Bheag a chosaint agus tá sé fós mórthaibhseach.
nach féidir a chosaint that cannot be defended
" Tríd is tríd bhí an méid a tharla gránna agus náireach mar ócáid spóirt agus léirigh sé taobh de na cluichí Gaelacha a nochtar ó am go ham agus nach féidir a chosaint.
ina gcosnaíonn Thomas Hennessey in which Thomas Hennessey defends
" Sa leabhar *Northern Ireland: The Origins of the Troubles*, ina gcosnaíonn Thomas Hennessey stát na sé chontae ó bunaíodh é 85 bliain ó shin, deir an t-údar: “Is é an dearcadh aontachtach é go bhfuil dhá chine in Éirinn agus dá n-aontódh gach duine gur mar sin atá - agus na haontachtaigh a fhágáil lena saol a chaitheamh - bheadh gach rud ina cheart.
níos glóraí ag cosaint theagasc na heaglaise more vocal defending the teachings of the church
" Is beag duine a bhí níos glóraí ag cosaint theagasc na heaglaise ná an tEaspag Eamon Casey agus an tAthair Michael Cleary.
dul ar an ionsaí mar bhealach cosanta to attack as a means of defending
" Sílim féin go raibh meon speisialta ag an bhfoireann sin ina leith féin; an cur chuige a bhí acu ná dul ar an ionsaí mar bhealach cosanta agus níos mó cúl a fháil ná an freasúra.
ag moladh agus ag cosaint thír a bhreithe praising and defending his country of birth
" Tá cuid mhaith dua caite aige ag moladh agus ag cosaint thír a bhreithe, agus ag nochtadh na ngnéithe sin di nach maith leis freisin.
a chosaint to defend
" Bhí tuairisc ar an chlár raidió “Drivetime” le gairid faoi bheirt fhear as deisceart Chill Chainnigh arbh éigin dóibh scairt a chur ar thacsaí ó chathair Phort Láirge le hiad a thabhairt abhaile, cúpla míle slí siar an bóthar! Is cuma cé mhéad seanmóireachta a dhéantar faoi a bheith ag tiomáint faoi thionchar deochanna meisciúla (agus ní féidir a leithéid a chosaint ar dhóigh ar bith) ní bhíonn de rogha anois ag leor daoine ach a gcuid siamsaíochta a dhéanamh ina dteach féin, de bhrí nach bhfuil síob abhaile acu.
imirt gharbh a chosaint to defend rough play
" Gearán eile atá agam ná an nós atá ag tráchtairí áirithe imirt gharbh a chosaint nó leithscéal a dhéanamh dó.
imirt gharbh, chontúirteach a chosaint, to defend rough, dangerous play,
" Is cuma nár gortaíodh an t-imreoir a ionsaíodh; bhí an gníomh ann féin contúirteach agus níor chóir do na tráchtairí imirt gharbh, chontúirteach a chosaint, dar liom, ach a mhalairt.
Chosain sé he defended
"Chosain sé an córas atá acu.
á gcosaint féin defending themselves
" ) Dá mbeifeá ag cuartú cur síos gonta ar dheighilt thuaidh/theas Shasana, tá ceannlíne an *Telegraph* foirfe: “South is funding North’s dole pay” ar sé! Ar ndóigh, tá lucht an tuaiscirt á gcosaint féin agus ag caitheamh amhrais ar *bona fides* na tuarascála.
a chosaint. an defend
" Ní deirtear an méid thuas le hiompar Uí Shearcaigh - mar a léiríodh é sa scannán *Fairytale of Kath**mandu - *a chosaint.
a chosaint to defend
" Mar a thuigfeá, bhí sé deacair teagasc mar seo a chosaint agus an eaglais ag fás go hidirnáisiúnta.
cosaint na cearnóige, defending the square,
" Willie O’Dea** (Lánchúlaí ar dheis): Fear atá breá ábalta guaille a thabhairt dá chuid naimhde ach is í cosaint an stáit, murab ionann agus cosaint na cearnóige, atá faoina chúram anois.
faiteach i mbun cosanta timid when defending
" Cuireadh ina leith san am a chuaigh thart go raibh sí faiteach i mbun cosanta ach is cinnte nach mbeidh a leithéid inghlactha a thuilleadh agus í roghnaithe mar leaschaptaen na foirne.
ag cosaint a pháirtí de shíor. forever defending his party.
" Údar gach oilc, dar leis an fhreasúra, agus caithfidh sé níos mó deiseanna scórála a thapú seachas a bheith ag cosaint a pháirtí de shíor.
le hAmbasáid na hAstráile a chosaint. to defend the Australian Embassy
" Tá 110 saighdiúir lonnaithe i mBagdad, sa cheantar daingnithe ar a dtugtar an Crioslach Glas, le hAmbasáid na hAstráile a chosaint.
bpáirtí cosanta defending party
" Go hiondúil, eagraíonn an páirtí dúshláin an chéad choinbhinsiún – a bhíonn ar siúl i mí Lúnasa, de ghnáth – agus is leis an bpáirtí cosanta an tseachtain ina dhiaidh sin.
iontach furasta d'fhéiniúlacht a chosaint really easy to defend your identity
" Nó an bhfuil? Agus tú éisteacht leis na cláracha cainte ar an raidió agus ar an teilifís, cuireann tú ceist ort féin an bhfuil muid sásta bheith san abar seo? Tá sé iontach furasta d'fhéiniúlacht a chosaint ó thuaidh – nár fhoghlaim tú fúithi ó ghlúin do mháthar? – ach tá sé i bhfad níos deacra ceisteanna casta ar chúrsaí sláinte nó iompair nó oideachais a réiteach.
chosaint to defend
" Níor oibrigh an tseift, mar a tharla, agus d’éirigh le muintir Cuba, an tsaoirse a bhí bainte amach acu ó dheachtóireacht Baptisa an bhliain roimhe sin, a chosaint ag Playa Girón (Bá na Muc).
chosaint defend
" Dá bhrí sin, is annamh nach ndéanann siad an réamhullmúchán oiriúnach lena dtithe agus lena ngiuirléidí a chosaint.
chosain defended
" Agus níorbh é sin an t-aon uair ar chosain John McCain coireanna Iosraelacha.
chosaint to defend
" Agus cad é faoin Ghaeilge? Caidé faoin chultúr a tháinig slán in ainneoin ionraí agus na Géarleanúna? Cad é faoin dúchas ar thug daoine a n-anam len é a chosaint agus a chaomhnú? Beidh sibh sásta a chloisteáil go bhfuil sé fós slán sna háiteanna nár chuir muintir an Bundesbank spéis ar bith iontu.
chosaint to defend
" Cháin ceannaire an Pháirtí Liobrálaigh an beartas nua anuraidh de dheasca gur léirigh sé go raibh Páirtí an Lucht Oibre ‘lag ó thaobh teorannacha a chosaint’ a dúirt sé.
faoi chosaint defended by
" Tá an chumhacht ina chóta, cuachta thart orthu agus tá siad faoi chosaint an chóta sin.
chosaint defend
" Tá cáil ar Sotomayor mar scoláire den ardscoth, agus tá 60 suíochán sa Seanad ag an bPáirtí Daonlathach cheana féin - go leor chun í a chosaint ar bheachtaíocht an fhreasúra.
chosaint defend
" Lagchosaint na Mac Léinn Tharla an chuid ba mhó de na hionsaithe agus na robálacha seo i Melbourne, príomhchathair Victoria, agus de réir Gautam Gupta, urlabhraí de chuid an Federation of Indian Students of Australia (FISA), ní raibh na póilíní sa stát ag déanamh go leor leis na mic léinn a chosaint.
chosaint to defend
" Ba mhór an faoiseamh a bheadh ag teaghlach an fhir mhairbh dá bhfoilseofaí, chomh maith le sin, an tuairisc a rinne Leas-Choimisinear an Gharda Síochána ag an am, Eugene Crowley, ar bhás Mc Anespie, ach tá An Garda Síochána ag diúltú sin a dhéanamh "le finnéithe a chosaint.
chosaint to defend
" Nuair a d’éirigh leis na fórsaí Astrálacha an cosán a chosaint mhothaigh muintir na hAstráile go raibh cor tábhachtach bainte amach acu sa chogadh.
chosaint to defend
" Oideachas Gaeltachta agus Gaeilge a chosaint4.
cosaint defending
" Tá lear cainte i láthair na huaire fá dtaobh d’ábhar orgánach agus den lorg charbóin, agus ghním gach iarracht gabháil i mbun cosaint na timpeallachta, má bhím ábalta ar chor ar bith.
cosanta defending
" Tá eagarthóir s’againne, Seosamh Mac Slua Muirí, ina fhál cosanta idir muid agus cruatan an tsaoil, bail ó Chrom Dubh air.
chosaint to defend
" Ós rud é gurb iad SAM is mó is cúis leis an tubaiste reatha atá mar sciúirse ar na Mandaean, b’fhéidir go mbeadh sé oiriúnach go ndéanfaidís an iarracht is mó chun todhchaí na saíochta seo a chosaint is a choinneáil slán.
chosain defended
" Ba é Straitéis um Shlándáil Náisiúnta SAM a d’fhógair Bush i Meán Fómhair 2002 a chosain cogadh réamhionsaithe in aghaidh na hIaráice.
Chosain defended
" Chosain Cromwell an marú gan trócaire i nDroichead Átha, mar bhealach leis an bhfeachtas míleata in Éirinn a bhrostú, trí dhaoine a scanrú i dtosach ó chur ina éadan.
nach gcosnaítear are not defended
" Is amhlaidh, áfach, nach gcosnaítear na cearta sin mar ba chóir.
chosaint defend
" Thug Vladimir Putin aitheasc breá forásach os comhair chomhaltaí an fhóraim, á mholadh aige go n-oibreodh na tíortha éagsúla as lámh a chéile, ach ní foláir a chuimhneamh go raibh port an-difriúil á sheinm bliain ó shin, nuair a bhagair an Chreimil go mbeidís toilteanach an lámh láidir a úsáid chun a gcearta san Artach a chosaint.
chosaint defend
" Cé go mbíonn siad réidh i dtólamh a ndúiche a chosaint, is fíorannamh a dhéanann ceann acu ionsaí ar aon duine.
chosaint defend
" Pé rud eile fúithí, deineann sí a seacht ndícheall, fiú más éagóireach an dua céanna, chun a teaghlach mífheidhmiúil a chosaint.
foras a chosnóidh tú an institute you’ll defend
" “Níl a fhios agam cén chaoi a ndéanann tú sin”, níl aon cnaipe draíochta ach, ar a laghad, má tá foras a chosnóidh tú, ach go háirithe i rannóg oideachais, atá chomh tábhachtach, bhuel ar a laghad, tá uirlis amháin eile sa mbosca agaibh.
gcosnódh sé he’d defend
" ”* Go bunúsach, d’inis Cantor do cheannaire tír eachtrannach go gcosnódh sé an tír sin ó dhúnghaois oifigiúil Uachtarán SAM.
chosaint defend
" De réir na teoirice polaitiúla, tá tairbhe ar leith ag baint le córas an dá sheomra: go bhfuil an córas seo níos cobhsaí, gur fearr é chun leas dreamanna mionlaigh a chosaint agus go mbíonn an reachtaíocht níos feidhmiúla.
ar a gcosaint féin defending themselves
" Céard faoi Fhianna Fáil faoi Mhícheál Martin? Bhí Fianna Fáil ar a gcosaint féin an t-am ar fad faoi cheannaireacht Brian Cowen agus ag cailliúnt tacaíochta dá réir.
chosain to defend
" Seo sleachta as an gcomhrá a tharla i ndiaidh léiriú an scannáin: - **Fear óg sa lucht féachana**: ‘Céard atá le foghlaim ag pobal na tíre seo ón scéal seo ar fad?’ - **Ó Seighin**: ‘Gan a gcuid a ligean uatha; na hacmhainní nádúrtha ar leis an bpobal iad a chosaint’.
chosaint to defend
" In agallamh le clár raidió Giúdach, dúirt an Seanadóir Charles Schumer gur chreid sé gur thug HaShem (focal a úsáideann Giúdaigh Cheartchreidmheacha do Dhia) dó a ainm—a chiallaíonn ‘cosantóir’—ionas go bhféadfadh sé leas Iosrael a chosaint i gComhdháil SAM.
chosaint defend
" Dúirt sé leis na baill go gcaithfidís obair go dian chun na luachanna sin a chosaint agus a chumhdach más é go dteastaíonn uathu bonn an CLG a choimeád slán.
in inmhe iad a chosaint able to defend them
" Feictear do dhaoine go bhfuil a bpobal dúchais, a dtír, a gcultúr, agus a slí bheatha ar leith ar fad á n-athrú agus ag dul ó aithne agus, dar leo, nach bhfuil an tAE in inmhe iad a chosaint.
díchultúrú an choilíneachais a chosaint to defend colonialism’s de-culturization
" Is allagar é a cuireadh chun cinn chun tograí uafáis agus díchultúrú an choilíneachais a chosaint.
ag cosaint defending
" Rosemary Nelson ========= Chuala muid glór an dlíodóra Rosemary Nelson agus í ag caint ag éisteacht de chuid Comhdháil na Stát Aontaithe, ag cur síos go mion ar an chiapadh a bhí na póilíní ag tabhairt di cionn is go raibh sí maith ag a cuid oibre, ag cosaint daoine a bhí os comhair na cúirte.
Mhaígh dlíodóir cosanta defending solicitor claimed
" Mhaígh dlíodóir cosanta Hicks, Major Michael Mori, a ceapadh ag Roinn Cosanta SAM, go raibh Hicks ar an dé deiridh faoin am agus go nglacfadh sé le haon chúiseamh le héalú ón gcruachás ina raibh sé dá bharr.
thig le daoine a gcearta a chosaint people can defend their rights
" Is trí na seirbhísí dlí a thig le daoine a gcearta a chosaint agus cothrom na Féinne a fháil.
nár chosain didn’t defend
" Ach is mór an feall é nár chosain Aire na Gaeltachta neamhspleáchas na hOifige ó spite feamainne an mhionlach glórach atá ag iarraidh an bonn a bhaint de chearta teanga lucht labhartha na Gaeilge le fada.
cosaint dóibh defend them
" Beidh na ciorruithe céanna ag luí go trom ar na daoine is mó a thugann tacaíocht don Lucht Oibre agus ar gheall Gilmore dóibh, le linn an fheachtais toghcháin, go dtabharfadh an Lucht Oibre cosaint dóibh, dá mbeidís i rialtas.
chosaint defend
" Tabharfaidh Uachtarán Obama, Príomh-Aire Cameron agus Uachtarán Sarkozy le fios, go luath san athbhliain, go gcaithfidh “an comhphobal idirnáisiúnta” muintir na Siria a chosaint óna deachtóir brúidiúil, Bashar al-Assad, atá ag marú a phobail féin gan trua gan taise agus atá ar tí ár níos measa a dhéanamh ar “na hagóideoirí síochánta” ansin.
an fhoireann a chosaint to defend the team
" Ainneoin iarrachtaí Capello chun an fhoireann a chosaint ar na meáin, bhí an t-uafás raflaí á mbíogáil ar twitter agus ar láithreáin líonraithe shóisialta den chineál sin.
sásta seasamh na Foraoise a chosaint satisfied to defend the F. position
" “Cé thú atá sásta seasamh na Foraoise a chosaint anseo i bPluais Bhaloir? Cé thú atá sásta le cinneadh na Foraoise gan dul i gcomhairle leis na heagraíochtaí Gaeilge faoin gceist seo? An cuma leatsa nach mbeidh todhchaí i ndán don amhránaíochta ar an sean-nós? An cuma leat todhchaí an Lúibín, nó todhchaí an damhsa ar an sean-nós?” “Sea! Cé thú?” a d’fhiafraigh Éamó Ó Caoimhnis.
an bhithéagsúlacht a chosaint to defend the biodiversity
" Arsa Abdoulaye Dia, stiúrthóir an togra: “tá sé de chuspóir (ag an bhfál mór glas) srian a chur ar bhánú na tuaithe, beart a dhéanamh in aghaidh triomú na créafóige, an bhithéagsúlacht a chosaint, agus clár bia a thabhairt chun cinn”.
In áit leas na tíre a chosaint rather than defending the country
" In áit leas na tíre a chosaint chuirfeadh diúltú don chonradh bac ar an obair thábhachtach sin.
chosaint defend
" Toisc go mbíodh cead ag na tosaithe a bheith istigh sa ‘chearnóg’ agus ionsaí (de réir rialach) a dhéanamh ar an gcúl báire, b’éigean do na lánchúlaithe an cúl báire a chosaint trí na tosaithe a choinneáil amach as an ‘gcearnóg’ ar ais nó ar éigean.
falla cosanta a defending wall
" Fágadh gan falla cosanta ar áilleacht anama Markus mé.
agus cosaint á thabhairt aige while defending
" Mar a dúirt an tOllamh Seán Ó Tuama cúpla bliain ó shin agus cosaint á thabhairt aige d’oidhreacht liteartha Daniel Corkery, “is áiteamh é a chloistear coitianta go maith ag antraipeolaithe lenár linn féin; go mbíonn bunchóras luachanna le haithint i ngach cultúr fé leith, córas a mbíonn cruth faoi leith agus buaine áirithe ag baint leis, agus mar ghnathnós, go mbíonn rian láidir den chóras sin le haithint ar shaothar agus ar iompar gach duine a bhaineann leis an gcultúr sin.
gur dheacair é a chosaint it’s hard to defend
" Níor caitheadh go báúil leis an babhta seo, áfach, mar gur dheacair é a chosaint.
cosaint a thabhairt do defending
" De réir tuarascáil de chuid an Choimisiúin Eorpaigh maidir le ballstáit a bheith ag cur moltaí i bhfeidhm ó thaobh cosaint a thabhairt do pháistí sa domhan digiteach, níl treoirlínte tugtha isteach ach ag deich gcinn acu.
le hiad a chosaint to defend them
" Agus cé a bhí ag fanacht leo? Cuid mhór de mhuintir óg Ard Eoin le bheith ag tabhairt fúthu agus leath na bpéas de chuid an PSNI le hiad a chosaint agus chun an dá thaobh a choinneáil óna chéile.
cosaint a dhéanamh ar to defend
" I mí Feabhra 2012, chuaigh baill den bhuíon Pussy Riot isteach in Ardeaglais Chríost an Slánaitheoir, gléasta i mbalaclavaí agus éadaí ildaite, chun taibhiú a dhéanamh ar phaidir punc dá gcuid féin, inar iarr siad ar an Mhaighdean Mhuire fán a chur ar Putin agus cosaint a dhéanamh ar chóras rialtais na tíre.
a gcuid reachtaíochta a chosaint to defend their legislation
" De réir mo bharúlasa, níor cheart go mbeadh an Taoiseach agus an Tánaiste mar bhaill den Chomhairle mar go mbíonn dualgas orthusan a gcuid reachtaíochta a chosaint.
ag cosaint an chinnidh defending the decision
" Dúirt measúnóir Oibreacha Poiblí na Veinéise, Alessandro Maggioni, agus é ag cosaint an chinnidh, go mbeadh Halla na Cathrach breá sásta gan na fógraí a chrochadh dá mbeadh duine éigin sásta na cúig mhilliún a bhronnadh air ach, mura dtarlaíonn sin, go mbeadh siad ag leanúint dá mbeartas.
chosain mé iad I defended them
" Ní thuigim an pholaitíocht a bhain leis na stailceanna ocrais 1981 - níor rugadh mé go dtí na 1990í! - ach tá cairde scoile agam atá gaolta le cuid acu, mar sin, chosain mé iad.
ar mhaithe le cosaint chearta daonna in order to defend human rights
" Dhiúltaigh na Rúisigh d’achainí na dtíortha Iartharacha go rachaidís i mbun idirghabhála le réimeas al-Assad ar mhaithe le cosaint chearta daonna agus chun an foréigean a mhoilliú.
gairleog cosanta ar Filistíneachas a defending garlic against philistinism (of Hollywood)
" Táid na DVD-anna seo uile ar na seilfeanna ar láimh liom - lón anama fá choinne na n-íos-sealanna, sciath in éadan an truflais, gairleog cosanta ar Filistíneachas *Hollywood*.
cosaint cheart a dhéanamh ar to defend properly
" Is ceart aird na nAirí Cultúir a dhíriú ar an gcontúirt mhór atá ann go bhfaighfidh an Ghaeilge bás mar theanga bheo pobail, taobh istigh d’achar gearr, mar gur dhiúltaigh an rialtas cosaint cheart a dhéanamh ar na ceantair ina bhfuil sí fós in úsáid i measc an phobail.
falla cosanta idir iad agus a wall defending their (privilege)
" Ba iad a rinne neamhaird san aicme oibre Protastúnach riamh anall, falla cosanta idir iad agus an phribhléid.
ag cosaint defending
" Tá muid ag cosaint Chúige Uladh ar na hÉireannaigh, mar a rinne Cú Chulainn sa bhliain 1690.
cosaint a dhéanamh ar an dúnghaois to defend the policy
" De thairbhe sin, má leanann cúrsaí mar atá beidh sé ag dul i ndeacracht ar chairde na Gaeilge cosaint a dhéanamh ar an dúnghaois.
chosaint to defend
" ’Sí is téis d’Alex Gibney ná gurb é meon na Vatacáine, nuair is gá ‘causa nobile’ na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí a chosaint, go gcaitear an tsúil chaoch, ar gach leibhéal, ar ghníomhartha coiriúla drochbhuachaillí na cléire.
chosaint to defend
" D’fhonn cur i gcoinne teoiric Kopernik agus an status quo cosmeolaíochta a chosaint .
timpeallacht na tíre a chosaint to defend the national environment
" Is iad príomhaidhmeanna an dreama seo timpeallacht na tíre a chosaint agus a chaomhnú ar mhaithe na nglúnta a thiocfaidh ar an saol amach anseo agus oideachas agus athbheochan cultúir a chur ar dhaoine Dúchasacha trí fhéinfheasacht agus chumhachtú.
chun ár gcuid féiniúlacht a chosaint to defend our identity
" com/watch?v=IgyaCD-GQ80> Tobsmaointeoireacht Chultúrtha ============ Cuirim suim sa mhéid atá le rá aige faoi na ‘smaointí traidisiúnta Gaeltachta’ seo agus tagann an soiscéal de réir Bhreandáin amach: “Teastaíonn feachtas margaíochta mór millteach sa nGaeltacht féin chun ár gcuid féiniúlacht a chosaint agus a chur chun cinn.
chun an daonlathas a chosaint in order to defend democracy
" Ceapann siad gurb ionann agus coinsias a bheith ag glacadh le rialacha ó eaglais éigin agus, chun an daonlathas a chosaint, go gcaithfidh tú diúltú dó sin.
leis na forbairtí míofara seo a chosaint to defend these ugly developments
" Baintear úsáid as go leor finscéalta leis na forbairtí míofara seo a chosaint.
Ba dheacair sin a chosaint that was hard to defend
chosaint defend
" Rinne comhghleacaithe áirithe sna páirtithe coimeádaithe iarracht Abbott a chosaint, lena n-áiríodh an feisire parlaiminte Bronwyn Bishop, an bhean atá ceaptha ina ceann comhairle sa pharlaimint nua.
le cosaint a thabhairt do to defend
" Bunaíodh iad i dtús ama le cosaint a thabhairt do na bannaí ceoil Flannbhuí le linn na mórshiúlta.
ag iarraidh an Astráil a chosaint trying to defend Australia
" Nach mithid an urraim chéanna a thabhairt san iarsmalann do na gaiscígh bhundúchasacha a thit sa ghleo i gCogadh na Teorann agus iad ag iarraidh an Astráil a chosaint in éadan na ngabhálaithe eachtrannacha?
ag cosaint rud nach féidir a chosaint defending the indefensible
" Níl aon mhaith ach an oiread a bheith ag cosaint rud nach féidir a chosaint.