Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sainmhínithe defined
" Is éard a tharlaíonn ansin ná go n-athraíonn an íomhá sin ar an toirt de réir chomharthaí sóirt na mothúchán a bhaineann leis an duine atá “sainmhínithe” ag an cheamara gréasáin.
chun an tsochaí Éireannach a shainiú to define Irish society
" Ach ní leithscéal é sin; caithfear dul i mbun gnímh chun an tsochaí Éireannach a shainiú as an nua.
sainiú defining
" Bíonn síorsheachadadh eolais ar na gnéithe éagsúla cultúir ó ghlúin go glúin i rith an ama agus bítear ag sainiú agus ag cur leis an eolas le himeacht ama.
Eachtra ar leith a defining incident
" Eachtra ar leith "Defining moment" a bhí ann nuair a sheas McGuinness, iar-Cheannaire an IRA i nDoire, taobh le Peter Robinson, fear Chluain Tiobrad agus Ulster Resistance agus Príomh-Chonstábla an PSNI (comharba an RUC), Sir Hugh Orde.
sainmhínithe defined
" Drochleid á Chraobhscaoileadh Bhíos thar a bheith míchompórdach faoin dtuairim go n-iomlánaítear ar neamh cailíní a dúnmharaítear faoi gháirsiúlacht bhreoite leithéid de dhuine agus carachtar Stanley Tucci, agus níos míchompórdaí fós, b’fhéidir, go mbeidís le chéile go síoraí sna flaithis, buíon íobartach, sainmhínithe de bharr oilc a ndúnmharfóra! Mo leithscéal, a chairde, ní thagann maith riamh ón olc agus tá sé contúirteach agus mífhreagrach an tuairim sin a chraobhscaoileadh.
sainiú defining
" Dúirt sé go raibh praghas íseal san áireamh i sainiú na huirlise chomh maith leis an liosta mianta eile.
beachtú defining
" Cé go raibh Pádraig Ó hAoláin ó Údarás na Gaeltachta sásta go bhfuil leathnú ar bhunús náisiúnta le déanamh ar ghné na Gaeilge de obair an Údaráis, dúirt sé go raibh gá le “beachtú” agus le “soiléiriú” a dhéanamh chomh maith ar an ról a bheidh ag an earnáil dheonach Ghaeilge.
sainmhínithe defined
" ' Leagan Gaeilge é seo ar 'rationalisation' atá sainmhínithe ag foclóir Collins mar seo a leanas: 'to eliminate unnecessary equipment, personnel, or processes from a group of businesses in order to make it more efficient.
sainithe proven, defined
" Bhí tuairim na n-údar bunaithe ar thorthaí agus ar thaispeántais na bliana seo caite! Rinneadh neamhaird, nó dearmad, arís ar a bhfuil sainithe sa traidisiún le breis agus céad bliain: buann Corcaigh ar Thiobraid Árann beagnach i gcónaí nuair atá an cluiche eatarthu ar siúl i bPáirc Uí Chaoimh.
beachtaithe defined
" Nithe iad seo a dhéanfadh difir níos suntasaí do chinniúint na Gàidhlige ná na nithe siombalacha atá beachtaithe sa phlean.
a shainmhíniú to define
" Dhéanfadh a leithéid de thionscnamh obair bhaile agus cearta na n-oibrithe baile a shainmhíniú.
faighteoir a shainiú to define the receiver
" com) ná go mbailíonn an bheirt bhan a chruthaigh an suíomh na bronntanais is fearr ó gach cearn den idirlíon: d’fhéadfá coimeádaithe na mbronntanas a thabhairt orthu! Sheol siad feidhmchláirín don iPhone le déanaí a ligean duit an faighteoir a shainiú ionas go mbeidh an cláirín in ann an bronntanas is oiriúnaí a roghnú duit.
sainmhínithe defined
" É sin ráite, níl cead ag aon lánúin ach amháin fear agus bean pósadh in aon áit san Astráil mar go bhfuil pósadh sainmhínithe sa Marriage Act 1961 mar *“the union between a man and a woman”*.
thugann sainmhíniú ar defines
" Is é an péintéir Sasanach Derek Hill a thug an chéad spreagadh do na péintéirí seo, nuair a thosaigh sé sna 1960í ag caitheamh tréimhsí fada istigh san oileán ag cur faoi i mbothán beag lom scoite amach ón phobal – nós maireachtála a mheabhródh duit díthreabhaigh in Éirinn na luath-Chríostaíochta - i ndlúthchaidreamh le fiántas farraige agus fairsinge spéire, a chuimsíonn agus a thugann sainmhíniú ar an oileán beag scoite seo agus ar a mhuintir.
a shainiú to define
" Chreid sé, a dúirt sé, go mba ghá do na baill dul chun cinn na heagraíochta a mheá agus an cineál eagraíochta atá uathu a shainiú.
shainiú go mion define minutely
" Ach má tá tú buartha faoi phríobháideachas, is fiú go mór Facebook mar go ligeann sé duit socraithe príobháideachais a shainiú go mion.
Shainmhínigh defined
" Shainmhínigh Sachs ceithre chineálacha den fhírinne don Truth and Reconciliation Commission agus ba chuma leis fé chlaonadh pholaitiúil na tuairisce oifigiúil uathu.
sa Ghaeltacht ‘nua-shainmhínithe in the newly defined G.
" Mar shampla, tá na bruachbhailte ar imeall Chathair na Gaillimhe fágtha sa Ghaeltacht ‘nua-shainmhínithe’.
aidhm chinnte a defined aim
" Ealaín ársa ab ea an reitric nó an ars rhetorica, ealaín a raibh aidhm chinnte aici ó aimsir lucht cleasaíocht cainte na Sean-Ghréige, na Sofaistí, i leith .
ní mar a chéile na rialacha a shainíonn the rules which define (political particularity) are not similar to
" Nó lena chur ar shlí eile, ní mar a chéile na rialacha a shainíonn pairticleárthacht na polaitíochta agus pairticleárthacht na moráltachta.
inar sainmhíníodh pósadh in which marriage was defined
" Ritheadh an tAcht Pósta sa pharlaimint náisiúnta sa bhliain 1961 inar sainmhíníodh pósadh mar ‘the union between a man and a woman’.
a shaineofar trí luachanna an chúraim which shall be defined by the values of caring
" Agus an bhliain nua buailte linn, tá mé sásta go dtarraingeoidh muintir na hÉireann ar an gcarachtar agus ar an teacht aniar sin atá léirithe chomh minic sin acu cheana chun léargas nua ar an gcomhghaelachas sin againne a mhúnlú, a shaineofar trí luachanna an chúraim, na dlúthpháirtíochta, na hiontaoibhe agus na freagrachta.
sainmhíniú agus bainistiú ar defined and managed
" Má áirtear gur duine homafóbach nó ciníoch an té atá i gceist, cén chaoi a ndéantar sainmhíniú agus bainistiú ar lipéid den sórt sin? Agus cé leis na lipéid sin? An t-íospartach nó an t-úsáideoir? Cé hé ‘réiteoir’ chluiche na lipéad? Tá cumhacht na teanga in úsáid mar uirlis shóisialta agus mar bhuthal aithneachtála go tréan i gcúlra na ceiste seo; go ndéantar daoine ar leith a aicmiú de réir iompair, tuairimí agus de réir chur i láthair.