Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cruthúnas cinnte definite proof
" Ach is iad an Garda Síochána an t-aon eagraíocht stáit go bhfuil cruthúnas cinnte againn gur éirigh le MI6 insíothlú a dhéanamh uirthi.
polasaí dearfach cinnte a positive and definite policy
" Tá gá le polasaí dearfach cinnte i leith na hiomána agus na peile araon.
deimhneach definite
" Ós rud é nach bhfuil ag éirí le hionsaithe fuilteacha na saighdiúirí rialtais an tacaíocht a thugtar don KNLA a fháscadh as an bpobal Carainn, is féidir a bheith deimhneach de gur go géar atá stát dá gcuid féin ag teastáil is gur diongbháilte a rún.
dlúthbhaint definite connection
" Tiús Tráchta a Thugann an Slad Má dhéantar na staidrimh a scrúdú, tugtar faoi deara go bhfuil dlúthbhaint ag an méid tráchta a bhíonn ar na bóithre agus líon na dtimpistí bóthair iad féin.
talamh slán a dhéanamh de take for definite
" Is féidir talamh slán a dhéanamh de, áfach, gur mó de chonspóid ná de dhul chun cinn a bheidh de thoradh an dlí seo.
áitiúis conviction, definite thought
" Le tine an áitiúis seo dóigh foraois an aineolais go talamh.
cinneadh críochnúil a definite decision
" I mbunú an pháirtí úrnua seo, tá cinneadh críochnúil déanta againn scaradh go deo le seanpháirtí na teipe; nach bhfuil d’oidhreacht fágtha aici ach an tubaiste agus an feall.
chinnteoidís they’d make definite
" Dá gcreidfidís a raibh le rá acu faoin mBille Airgeadais a bheith go dona blah blah blah, chinnteoidís go dtitfeadh an Rialtas sara rithfí an Bille.
chomh cinnte céanna just as definite
" Bhí sise chomh cinnte céanna go mbeadh Gaeilge againn aige baile is a bhí sé féin.
an-chinnte very definite
" Bhí sise an-chinnte go mbeadh ár mac ag freastal ar ghaelscoil.
tuairim chruinn definite opinion
" Rinne mo mháthair rud éigin dóibh na blianta ó shin, ach thairis sin, ní raibh tuairim chruinn agam ina dtaobh.
rud éicint dearfach something definite
" “Is féidir leat a bheith cinnte” a dúirt sé liom “ go mbeidh rud éicint dearfach á dhéanamh i dtaobh na ceiste”.
is cinnte it's definite
" Ní dóiche go mbeidh na Fíor-Fhionlannaigh i réim gan mhoill, ach is cinnte go gcuirfidh siad brú ar na páirtithe eile seasamh i gcoinne na bpacáistí móra cúnaimh atá á gcíoradh ag ceannairí na hEorpa.
cinnte dearfa definite
" Más daoine cliste iad an Troika, shílfí go dtuigfidís an méid seo faoi Éirinn agus faoi mhuintir na hÉireann: an bealach cinnte dearfa le beocht agus beatha agus anam úr a chur i rud sa tír seo ná é a chrosadh agus é a thoirmeasc le bannaí.
aon pholasaí cinnte any definite policy
" Ní léir go raibh aon pholasaí cinnte ná straitéis riamh ag an stáisiún maidir leis an nGaeilge ach a chinntiú nach gcaillfeadh an stáisiún an iomarca lucht féachana agus ioncam fógraíochta de bharr am craolta a thabhairt don ‘teanga náisiúnta’.
cinnte dearfa definite
" Tá sé cinnte dearfa go mbaineann sé sin “le laethanta m’óige ag imirt peil Ghaelach mar spreagann sé thú.
teorainn chinnte ag baint le a definite limit pertaining to
" Mhínigh sé i Temple Street v D and Anor (2011) go raibh teorainn chinnte ag baint le cearta grúpaí creideamhach a gcuid prionsabail a chur i gcrích, ach ní fhéadfadh sé an cheist seo a scagadh gan ceiliúradh a dhéanamh ar charthanacht fhairsing an Bhunreachta: “*Article 44.
is cinnte it’s definite
" Deirtear gur tréimshe fhada í seachtain sa pholataíocht, agus is cinnte gur fhoghlaim Pauline Marois, iar-Thaoiseach Québec (an chúige ina bhfuil an líon is mó cainteoirí Fraincise sa tír) an ceacht tábhachtach sin ag an toghchán conspóideach a bhí ann thart ar dhá mhí ó shin.