Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag brath ar dependent on
" Bhí cibé féiniúlacht a bhí agat ag brath ar an bhfear lena raibh tú pósta nó ar an bhfear a bhí mar athair agat.
i dtuilleamaí mo rangsa dependent on my class
" Bhíos go mór i dtuilleamaí mo rangsa fad is a bhí an treoraí ag cur de, mar bhí an Ghàidhlig an-ramhar go deo aige.
spleách dependent
" “Ba ghnách liom creidbheáil gur muidinne, na hiriseoirí, céad fhinnéithe neamhspleácha na staire, go raibh muid neodrach.
stát spleách dependent state
" Ba bhocht an chinniúint a bhí roimh an bPolainn mar stát spleách de chuid an Aontais Shóivéadaigh.
i dtuilleamaí an chairr. dependent on the car.
" Níl aon chóras taistil poiblí ceart lasmuigh den ardchathair agus ní haon iontas é go bhfuil muid chomh mór sin i dtuilleamaí an chairr.
ró-spleách too dependent
" ” **Idir dhá chultúr** Uaireanta, meastar go bhfuil an Nua-Shéalainn ró-spleách ar chultúir ón taobh amuigh, de dheasca a ceangail fhada stairiúil leis an mBreatain, agus a giorracht don Astráil.
spleách dependent
" ”Is amhlaidh go síleann King go bhfuil iomaire an-deacair á threabhadh ag an earnáil neamhspleách léirithe trí chéile ar na saolta seo.
go bhfuil siad ag brath ar an phobal that they are dependent on the public
" In 2004, nuair a labhair mé le hEmer Magee – maor SPNF atá lonnaithe i nDún na Gall – dúirt sí liom nach raibh go leor maor ann agus go bhfuil siad ag brath ar an phobal ó thaobh eolas a thabhairt do SPNF má thagann fadhbanna chun cinn.
i dtuilleamaí dependent on
" Tá tíortha áirithe in oirthear na hEorpa atá i dtuilleamaí an gháis sin go huile is go hiomlán agus le linn an choisc bhí na céadta míle duine fágtha gan teas i lár gheimhreadh fuar na hilchríche.
Ar scáth a chéile dependent on each other
" Ar scáth a chéile mar a déarfá.
brath ar dependent on
" Cén chaoi a dtiocfadh nó tá Éire ar cheann de na tíortha is mó atá ceangailte leis (agus ag brath ar) an ghréasán idirnáisiúnta gheilleagair.
spleách dependent
" Tá na tíortha ar fad spleách ar a chéile faoi láthair.
i dtuilleamaí dependent on
" Is bocht an scéal é go mbeadh tograí tábhachtacha straitéise a bhaineann leis na 26 chontae amháin i dtuilleamaí bheannacht leithéidí Nelson McCausland nó Gregory Campell! Bheadh sé de bhuntáiste ag an struchtúr úr go mbeadh cur chun cinn na teanga i lámha áisínteachta as féin abhus, beag beann ar pholaitíocht na sé chontae.
i muinín dependent
" An aineolas go dtí dearcadh faiteach sin Chumann na Múinteoirí? An bhfuil siad a dhath níos fearr ná liarlóga tráthnóna Shasana agus na hÉireann? Thit Éireannaigh siar i muinín na heagla dhá chéad bliain ó shin, ach bhí leithscéal 163 bliain den Ghéarleanúint ag cur isteach orthusan, agus chrap an Ghaeltacht amach as an chuid is mó d’Éirinn mar a bhainfeá smeach.
cleithiúnaithe dependents
" Leanaí is cleithiúnaithe aosta iad a bhformhór seo gan amhras.
ag brath go rómhór too dependent
" Is fíor go raibh an geilleagar ag brath go rómhór ar an fhoirgníocht, ach tá an-éagsúlacht ag baint le geilleagar na hÉireann ina dhiaidh sin.
i dtuilleamaí dependent on
" Bhí na modhanna taistil seo costasach, ach dá mbeadh gluaisteán agat, ní bheifeá i dtuilleamaí amchláracha níos mó.
brath ar dependent on
" Glactar leis anois, mar shampla, gur cheannaigh an comhlacht General Motors go leor comhlachtaí tram i gcathracha Mheiriceá agus dhún iad, le cinntiú go mbeadh ar dhaoine brath ar ghluaisteáin.
ag brath ar dependent on
" Tá cuid nach beag den talmhaíocht san abhantrach ag brath ar uisciú ó na haibhneacha, ach ní raibh ach céatadán an-bheag den uisce ar fáil don lucht talmhaíochta i rith an triomaigh.
i dtuilleamaí dependent on
" Is caoithiúil tuismitheoirí a spreagadh i leith an tumoideachais an tráth seo bliana, san am a mbíonn fuadar faoi cén scoil sa cheantar a rachaidh ár naíonán ag deireadh an tsamhraidh? Ní miste an fhírinne lom a inse, gur i dtuilleamaí na haon teanga amháin a bhíonn gasúir i gcóras scolaíochta an Bhéarla.
i dtuilleamaí an fhlaithis dependent on sovereignty
" Fágfar an pobal i dtuilleamaí an fhlaithis, mar dhea, in eireaball scuaine an bhosca vótála.
ag brath go mór ar theagmháil greatly dependent on contact
" Sa deireadh thiar thall, tá cónaí orainn ar oileán ar imeall na hEorpa agus is tír oscailte í Éire atá ag brath go mór ar theagmháil le tíortha eile, agus ar ndóigh, ní bheimis beo gan an onnmhairíocht.
ar scáth na gcapall dependent on the horses
" Sa Rómáin, maireann na daoine ar scáth a chéile, agus ar scáth na gcapall chomh maith.
ag brath ar dependent on
" Bhí slándáil an domhain ag brath ar fhreagairt na Stát Aontaithe, dar leo.
ag brath go mór very dependent
" Tá geilleagar na hÉireann ar cheann de na geilleagair is oscailte ar domhain agus, dá bharr sin, táimid ag brath go mór ar an trádáil.
ag brath ar chearta seachas ar dhea-thoil dependent on rights rather than on goodwill
" Tá sé thar am go mbeadh coinníollacha lóistín na Gaeilge in RTÉ ag brath ar chearta seachas ar dhea-thoil mhuintir an tí agus nach ligfí don ‘landlady’ lóistéir na Gaeilge a bhrú isteach sa seomra ar chúl an tí, as amharc an náisiúin.
i dtuilleamaí a chéile co-dependent
" Tá An Chonair Chaoch (2012) lán de thagairtí do na codarsnaí seo a dhealaíonn T1 agus T2 óna chéile agus don neamart a eascraíonn go furasta is go flúirseach astu: ‘Cé go bhfuil cinniúint na gcainteoirí dúchais agus na bhfoghlaimeoirí i dtuilleamaí a chéile, .
do lucht a gcleithiúnais féin ann to their own dependents there
" Meastar in árais chumhachta Mheiriceá agus na hEorpa anois gur féidir Libia a chreathadh, d’fhonn a nguagacht a léiriú do lucht a gcleithiúnais féin ann sa dóigh go mbeidh siad buíoch beannachtach i dtólamh as an chuidiú rialta agus as aon stiúir agus comhairle bhreise a chuirfear ar fáil dóibh feasta.
mar chéile cleithiúnach as a dependent spouse
" Is minic, leis, i gcás na mban seo a thagann isteach i dtír mar chéile cleithiúnach fear a bhfuil víosa oibre aige, nach ligeann a stádas imirce dóibh post a fháil, is cuma cén sórt cáilíochtaí a bheadh acu.
Nílimid i dtaobh le we’re not dependent on
" Nílimid i dtaobh le haon phocán ghabhair anseo, ach is tionscal meall comhlachtaí is craoltóirí, aisteoirí is scríbhneoirí atá againn, tionscal a bhfuil mianach is fuinneamh iontu.
ag brath ar an státchóras dependent on the state system
" Má laghdaítar ar cháin an ‘squeezed middle’, ní thiocfaidh sé chun tairbhe an íseal aicme atá ag obair ar an ‘minimum wage’, agus is cinnte go mbeadh níos lú airgead sa státchiste le feabhas a chur ar shaol na ndaoine atá ag brath ar an státchóras lena gcaighdeán maireachtála a chosaint.
i dtuilleamaí dependent on
" Ní chóir don Astráil a bheith i dtuilleamaí ‘oilbhéim an naíonán thar bord’ dar leis, eachtra thruamhéala as ar tharraing John Howard uisce ar a mhuileann féin.
i muinín árasáin sa Bhulgáir dependent on a Bulgarian flat
" Tá cruatan na múinteoirí ag goilliúint ar Bhalor, iriseoir an chroí bhoig mhaoithnigh, óir tuigeann sé go maith gur i muinín árasáin sa Bhulgáir a bheas roinnt acu an samhradh suarach seo.