Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
síolraithe descended
" Ar ndóigh bhí neart daoine ag rá go raibh an rialtas atá anois i réim san Astráil síolraithe ó chóilíneacht a bhunaigh daoine a tháinig i dtír go mídhleathach gan buíochas do na daoine a bhí anseo rompu.
go bhfuilimid uilig síolraithe ó mhoncaithe that we are all descended from monkeys
" Seo an eaglais chéanna a dhiúltaíonn glacadh le teoiric Charles Darwin go bhfuilimid uilig síolraithe ó mhoncaithe.
cé ar díobh iad who they are, descend from
" Tugann teanga ballraíocht i gcomhluadar do dhaoine agus tuiscint dóibh ar cé ar díobh iad.
shíolraigh descended
" Is cosúil gur ón sloinne Ó Tuathail a shíolraigh sinsear mo mhná, ach ag tráth éigin aistríodh an sloinne, nó traslitríodh ba cheart a rá, an sloinne go Béarla, mar a rinneadh le formhór na sloinnte.
shíolraigh descended
" Is i Meiriceá Theas ar ndóigh, idir an Airgintín agus an Bhrasaíl, atá Paragua agus cé go bhfuil Afra-Pharaguaigh in áiteanna éagsúla sa tír, ní ó sclábhaithe Pharagua a shíolraigh muintir Chambacuá, murab ionann is Afra-Pharaguaigh eile.
síolraithe descended
" Deir daoine áirithe gur dream dúchais iad, ach tá barúil ag daoine eile go bhfuil na Rohingya síolraithe ó dhaoine a bhain Arakan amach le linn don áit a bheith faoi shúiste na Breataine ó 1824 go 1948.
shíolraigh ó Ádhaimh descended from Adam
" Ba pheacach é gach duine a shíolraigh ó Ádhaimh, dar le Luther, agus bhí an pósadh ann mar bhealach éaluithe ón pheaca.
shíolraíonn clann ríoga na Sasana the English royal family descend
" Ní luaitear go minic gur de shliocht na Gearmáine a shíolraíonn clann ríoga na Sasana, dálta clanna ríoga eile ar mhór-roinn na hEorpa.
Dia ag teacht anuas God descending
" Mar shampla, san eaglais, tá cuardhíon os a chionn mar a bheadh puball ann agus an smaoineamh atá taobh thiar de ná go bhfuil Dia ag teacht anuas agus ag tógáil pubaill i measc a mhuintire.
agus muid ag teacht anuas as we descended
" Don chéad uair i mo shaol bheartaigh mé siúl le cuidiú bata de bharr a ghéire is a bhí uillinn na malaí agus muid ag teacht anuas.
le teacht anuas uaidh to descend through
" Ar ámharaí an tsaoil, b'iomaí uair a bhí mé ar an tsliabh seo agus bhí mé ábalta daoine a threorú i dtreo altán ar shleasa an chnoic a bhí níos fusa agus níos sábháilte le teacht anuas uaidh.
an oidhreacht shainiúil dar díobh muid the distinct heritage from whom we descend
" B’in mar a shocraíomar ar albam teaghlaigh a dhéanamh lena chéile tá tamall de bhlianta ó shin, chun ceiliúradh a dhéanamh ar an oidhreacht shainiúil dar díobh muid, an traidisiún áirithe ceoil sin a chaomhnú agus é a sheachadadh go dtí an chéad ghlúin eile.
de shliocht ridire descended from a knight
" Ní dóigh liom go mbeadh an mórtas céanna le sonrú dá n-aimseofaí go raibh siad de shliocht ridire nó dháma.