Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cheantair chúnga congested districts
" Mar chuid de scéim a thionscain an coiste seo faoi stiúir Mháirtín Uí Chadhain agus Choimisiún na Talún, d'aistrigh 40 teaghlach idir 1935 agus 1937 ó "cheantair chúnga" ainmnithe i gConamara go dtí na bailte fearainn seo: Ráth Cairn, Laimbé, Driseog, Tulach na nÓg, Baile Mhistéala agus Doire Longain.
Páirtnéireachtaí Logánta Póilíneachta District Policing Partnerships
" Tá moltaí déanta acu gur féidir le hiarbhaill de chuid an IRA a bheith páirteach sna Páirtnéireachtaí Logánta Póilíneachta; go dtiocfadh le baill den Gharda Síochána bheith ag obair ó thuaidh; go dtiocfadh leis an Bhord Póilíneachta tuarascáileacha agus fiosrúcháin a thiomsú; agus go mbeadh ní ba mhó cumhachtaí ag an Ombudsman cleachtais agus polasaithe na bpéas a scrúdú.
Comhairle Cheantar an Dúin Down District Council
" Is as Contae an Dúin é Maurice, agus luaigh sé an ceantar ar a fhreastalaíonn Comhairle Cheantar an Dúin.
dúiche district
" ” Bhí cuairteoirí eile ag an mbéile freisin – Dorothee agus Walli Hellauer, ón dúiche chéanna.
gCeantar na Lochanna the Lake District
" Ba chaitheamh aimsire coitianta é fiche bliana ó shin i Sléibhte Cuimbria (i gCeantar na Lochanna), sna Sléibhte Pennine i Sasana agus i Sléibhte Coimre, sa Bhreatain Bhig, ach thógadh sé mí nó dhó chun staid na sléibhte a bheith i gceart, leis an timthriall 'seaca-coscairt.
gcroílár an cheantair the heartland of the district
" Tá bealach fada siúlta againn le go mbeadh a leithéid de mhana ar bhalla i gcroílár an cheantair is láidre Sinn Féin in Éirinn.
cheantar Éireannach Irish district
" Rugadh Brendan sa cheantar Éireannach Scotland Road , Learpholl i 1945 agus fuair sé bás i Mí Márta i mbliana.
ceantar láidir peile a strong football district
" Cé gur ceantar láidir peile é Cois Fharraige, ní bhacann ceachtar acu le peil ghaelach a imirt, ach tá siad an-tógtha leis an iománaíocht.
ceantar dúchais own/ native district
" Go cinnte, is scéal ‘tigín go teach mór’ a scéalsa, agus lá a hainmnithe bhí meáin Nua-Eabhrac lán le agallaimh le daoine ina ceantar dúchais (an Bronx) agus sna hiarscoileanna, ag rá go mba mhór an t-uchtach a tugadh dóibh nuair a chuala siad gur ainmníodh í don chúirt.
ceantar district
" De réir a staidrimh seisean, as 1580 teaghlach Caitliceach sa ceantar St Stephens, labhair 869 acu Gaeilge agus 711 Béarla.
gCeantair Locha Lake District
" Muid ag taisteal chuig Manchain agus uaidh sin, ó thuaidh, go Sedbergh, baile beag i gCeantair Locha Chumbria.
cheantar district
" Deir lucht staire na háite nár thosaigh an cath sa cheantar sin arís go dtí deireadh Mhéan Fómhair agus faoin am seo bhí pictiúr Capa seolta chuig oifig na hirise Vu sa Fhrainc.
cheantair district
" Tá comhlachtaí turasóireachta go leor ag soláthar eitiltí timpeall an cheantair agus níl aon amhras ach gurb é seo an dóigh is fearr glasú agus fliuchadh an láir a fheiceáil.
cheantar district
" Dallas mar atá Tá breis agus milliún duine ina gcónaí i nDallas é féin, agus sé mhilliún ina gcónaí sa cheantar i gcoitinne.
ndúichí districts
" Cónaíonn formhór mhuintir dhúchais na hAstráile sna cathracha agus sna bailte, fearacht mhuintir eile na tíre, ach tá cónaí ar mhionlach nach beag acu ina ndúichí traidisiúnta.
ceantar district
" Chuaigh an ceantar i bhfeidhm orthu agus nuair a cheannaigh siad teach samhraidh, fuair siad an deis fréamhacha dá gcuid féin a chur síos sa cheantar chomh maith le hateagmháil a dhéanamh leis an chontae ina raibh sinsir Michael, Clann Fiamhain nó Muintir Uí Dhochartaigh, faoi iomrá leis na céadta bliain siar.
cheantar area, district
" Is féidir éisteacht leis an stáisiún ar an raidió i mBaile Átha Cliath agus sa cheantar máguaird.
dúiche district
" Osclaíodh An Clachán, iarsmalann dúiche a léiríonn trí chéad bliain de shaol teaghlaigh in iardheisceart Thír Chonaill sa bhliain 1987.
dúichí dúnta enclosed district
" Rialaíonn ionadaithe an Chríost is an Kaiser pobal beag protastúnach na dúichí dúnta seo trí ordlathas docht.
ceantair districts
" ’ Mar a deir Cathal Póirtéir sa leabhar: ‘Rinne an Gorta scrios i bhfad níos measa ar na ceantair Ghaeltachta in iarthar agus in iardheisceart na tíre ná mar a rinne sé sa chuid eile den tír.
ceantracha districts
" Níl aon cheo sa stráitéis chun dul i ngleic leis an ngéirchéim teanga atá sna ceantracha Gaeltachta sin ina bhfuil an Ghaeilge fós in úsáid? Caithfear airgead amú ag réiteach pleananna teanga ar chostas mór do cheantracha oifigiúla Gaeltachta a bhfuil an Ghaeilge imithe sa gcill iontu, mar ghnáth-theanga labhartha, le glúin nó dhó.
Dúiche district
" Beidh an t-iarratas bunaithe ar na téamaí Muintir, Dúiche, an tAm atá thart agus an tAm atá le teacht agus i measc na n-imeachtaí atá molta, beidh biennale bunaithe ar an ealaín nua-aimseartha, féilte pobail, ceolchoirmeacha, drámaí agus ceol nuachumtha le cuimhneamh a dhéanamh ar Phlandáil Uladh ceithre chéad bliain ó shin.
ndúiche district
" Scéal ógánaigh a thosaíonn i ndúiche atá faoi bhagairt cogaidh san Afraic agus a chríochnaíonn ar shráideanna dofháilteacha thuaisceart na hEorpa.
ceantar district
" Agus an ceart aici, go háirithe sna toghcháin lár téarma sa naoú ceantar Comhdhála in Illinois.
toghcheantar electoral district
" ”* Cé go bhfuil níos lú ná 25 faoin gcéad de lucht vótálá sa toghcheantar ina nGiúdaigh, agus cé nach lia duine ná sainmhíniú maidir le cad is “leas na nGiúdach” ann, ní holc an t-achoimre é ar fheachtas Joel Pollak, Poblachtánach, an lámh in uachtar a fháil ar an sealbhóir oifige, Jan Schakowsky, Daonlathach.
Ceantar district
" Ceantar foréigneach baolach a bhí ann, agus i 1944 rinne na Naitsithe ár uafásach ar fhir an bhaile mar dhíoltas ar ghníomhartha Fhrithbheartaíocht na Fraince sa dúiche.
cheantar dúchais native district
" (SÓhU: gáire) Coimeádfaidh an saol mór agus cúrsaí polaitíochta thú i bhfad ó do cheantar dúchais féin, Lios Póil.
gceantracha districts
" " Gan ach Púdar ar Fud na Mias ================ Ach bhí NIW ag stopadh uisce i gceantracha áirithe, ag aistriú uisce ó cheantar amháin go dtí ceantar eile, ag cur an uisce ag dul in áiteanna eile - gan inse d’áitritheoirí.
cheantar district
" Ar an drochuair, níl an iarsma is cáiliúla as an cheantar san iarsmalann áitiúil – is é sin, Clogad Ribchester.
gcríocha aontachtacha unionist districts
" “Ba mhaith liom cur ina luí ar dhaoine nach bhfuil cáilíocht dá laghad ach ag buachaill amháin as gach deichniúr a fhágann an scoil i gcríocha aontachtacha den aicme oibre.
gceantar district
" Croílár an Scannáin ========= Is taifead luachmhar é an scannán seo ar shaol sóisialta mhuintir na háite i gceantar Gaeltachta in Iarthuaisceart Mhaigh Eo in iarthar na hÉireann ag tús na mílaoise seo.
cheantar district
" Cé gur chuir na treibheanna dúchais fúthu sa cheantar seo thart ar 800AD, sna blianta deireanacha den Mhórimirce Pholainéiseach, ní fhaca aon Eorpach na hoileáin seo go dtí deireadh an tséú haois déag.
ceantar district
" "ach théimid ar ais go Coillte Mach, ceantar Raifteirí gach Samhradh agus gach Nollaig.
ceantracha districts
" Bhíodh dílseacht láidir ag teaghlaigh agus ag ceantracha do Fhianna Fáil, a bhí mar bhuntsraith tacaíochta lá toghcháin.
gceantair areas, districts
" Éagraíonn siad laethanta agus deireadh seachtaine ag siúl sléibhe agus dreapadh ina gceantair féin agus bíonn cúpla geábh náisiúnta sa bhliain ann nuair a thagann baill in éineacht le chéile le haghaidh seachtain iomlán de shiúl sléibhe.
gceantar district
" Bhí rogha idir dhá bhiachlár ag custaiméirí na hóstlainne ina bhfuaireamar cóiríocht na hoíche, biachlár an lae agus an biachlár diaitéiteach, biachlár ar a bhfuil luach calrach luaite le gach mias in áit costais! Ach ba shráidbhaile Oilimpeach é Brides-les-Bains nuair a tionóladh Cluichí Oilimpeacha an Gheimhridh i gceantar na Trois Vallées i 1992.
seancheantar na nIodálach old Italian district
" Chaitheamar an Satharn sna hiarsmalanna, a raibh de ráchairt orthu go raibh orainn seasamh i scuainí ar feadh cúpla uair an chloig, agus oíche Dé Sathairn d'itheamar i mbialann bheag in *‘Little Italy’*, seancheantar na nIodálach sa chathair atá anois ina cheantar bialainne.
ceantracha districts
" Bhíodh dílseacht láidir ag teaghlaigh agus ag ceantracha do Fhianna Fáil, a bhí mar bhuntsraith tacaíochta lá toghcháin.
ceantair districts
" Bhíodar ag smaoineamh ar an gceangal a bhí ag Cathair na Gaillimhe leis an nGaeltacht - le Conamara agus le hÁrainn - ag cuimhneamh ar an teangmháil ghnó, daoine ag teacht isteach as na ceantair sin ag caitheamh airgid anseo.
ceantracha sin those districts
" Go bunúsach, ní raibh Éamonn Ó Cuív sásta oiread is vóta amháin a chur i mbaol sna ceantracha sin ina Dháilcheantar féin, a chaillfeadh stádas Gaeltachta in aon athbhreithniú eolaíoch a dhéanfaí ar theorainneacha na Gaeltachta.
ceantar district
" Seo an cineál áite a fhaigheann The Irish Guards a gcuid fodar béal gunna - ceantar lucht oibre a bhfuil deacrachtaí dífhostaíochta ann.
mhuintir a dháilcheantair the people of his electoral district
" Ar íorónaí an tsaoil, agus Éamonn Gilmore ag dul isteach thar thairseach Theach Laighean mar Thánaiste agus é ina cheannaire ar an líon is mó Teachta Dála de chuid Pháirtí an Lucht Oibre i stair an Stáit, bhí duine de na daoine is mó meas sa pháirtí ag dul an bealach eile i ndiaidh saol mór fada ag freastal ar mhuintir a dháilcheantair féin agus ar mhuintir na hÉireann le 40 éigin bliain.
ceantar district
" Tá an ceantar Gréigeach thoir, tá an ceantar Iodálach thiar agus ó dheas tá an ceantar Síneach.
ceantar na mac léinn student district
" Is féidir leat cuairt a thabhairt ar an bPortaingéil Bheag, béile a ithe i mBaile Choiré, a bheith sáite in éadaí ar athreic ag margadh Kensington nó dul chuig an Annex, ceantar na mac léinn mar a bhfuil an t-atmaisféar is bíogúla sa chathair.
ceantar district
" Bhí mé i mo chónaí i Harlow, Essex, faoin am sin, agus rinne muid bratach nua *Troops Out Movement Harlow* faoi choinne an mhórshiúil ó Kilburn (ceantar Éireannach i dtuaisceart na cathrach) go dtí lár na cathrach.
ceantair tuaithe rural districts
" An tuiscint a bhain mé as na figiúirí úd go raibh athrú bunúsach tagtha ar na ceantair tuaithe agus gurbh ea gur thit siad isteach leis na hathruithe móra a bhain le nua-aoisiú na tíre.
Ceantar neamhspleách an independent district
" Aniar as Éirinn ======= Ceantar neamhspleách a bhí ag na Lochlannaigh ar Cilgwri.
réim tíre a district
" Corrán na Torthúlachta ========== Míníonn sé gur in Oirthear na hEorpa/Iarthar na hÁise (An tSiria, an Tuirc, An Pheirs), réim tíre a dtugtar Corrán na Torthúlachta air, a bhí táirgeadh agus flúirse an-mhór bia ar fáil ann na mílte bliain ó shin.
cheantar aon teangach a monolingual district
" Is beag nach bhféadfá a rá gur cheantar aon teangach a bhí ann.
altra ceanntair agus scoile district and school nurse
" Tá a fhios agam gur oibrigh tú mar altra i Nua-Eabhrac sna caogaoidí, ach abair liom ar dtúis, conas a tharla sé gur bhain tú jab mar altra ceanntair agus scoile amach in iarthar Bhéal Feirste agus conas gur fhan tú ag obair ar feadh seacht mbliana déag, ag obair i measc an phobail le linn na mblianta is deacra i dTuaisceart Éireann?** PNC: Tháinig m’fhear céile, Seosamh Mac Parthaláin, ó Bhéal Feirste.
gceantair districts
" Ach is beag glacadh a bhí ag Boyle leis an freagra sin: *"You didn't know that the people in the west of Ireland speak Gaelic and I'm the idiot!"* Céad faraor nach bhfuil Gardaí i gceantair Ghaeltachta áirithe chomh tuisceanach céanna is a bhí Boyle ar an phobal theanga agus ar a gcuid gnásanna.
i ndúiche ar bith in any district
" Chinnteodh sé sin go mbeadh baicle Gardaí ag teacht amach as an Teampall Mór achan bhliain a bheadh in innimh oibriú go feidhmiúil i ndúiche ar bith ina bhfuil limistéar Gaeltachta.
do sheanfhódaí dúchais in your peoples’ district
" An Conamarach thú a Chiaráin tharla go bhfuil tú ar ais ar do sheanfhódaí dúchais mar a déarfá?** CÓC: I ndáiríre, níl a fhios a’m cé as mé.
labhraítí sa dúiche used to be spoken in the district
" Meastar go dtagann a ainm as focail éagsúla sna teangacha bundúchasacha a labhraítí sa dúiche ina bhfuil *Sydney* anois.
cheantar district
" Tá an stair sin - agus na mothúcháin doimhne a théann ina chuideachta - go daingean in aigne na ndaoine atá ina gcónaí sa cheantar.
ceantar iomráiteach a famous district
" Ceolta Mhúscraí: ======= Cnuasach fíorluachmhar é seo ar a bhfuil oirfidigh ó cheantar Mhúscraí, ceantar iomráiteach amhránaíochta agus ceoil; ní fhéadfaí a sárú d’oirfidigh a fháil leis an dtraidisiún suaithinseach sin a léiriú.
ná iomlán na gceantar Gaeltachta than the entirety of the Gaeltacht districts
" Déarfainnse go bhfuil na hoileáin a bhfuil Gaeilg á labhairt go fóill orthu, in Albain, níos mó san iomlán ná iomlán na gceantar Gaeltachta in Éirinn in éineacht.
ceantar district
" Tá an ceantar seo ina chuid de chontae Thír Chonaill (nó contae Dhún na nGall lena hainm oifigiúil a thabhairt air) ón nua-aois luath.
gceantar district
" D’imigh an madra as amharc agus rith an mháthair ar ais chuig na daoine eile ann ag screadach, *“My God, my God, the dingo’s got my baby!”* Rinneadh dian-chuardach ar an gceantar agus fuarthas éadaí an linbh, ach ní bhfuarthas a corp.
ceantar district
" Anois, mar is eol do mhadraí na sráide, is ceantar Protastúnach é Bóthar na Seanchille, agus is ceantar Caitliceach é an chuid sin de Bhóthar Chromghlinne ar theorainn Ard Eoin, áit a bhfuil an tsraith cháiliúil siopaí sin a bhíonn le feiceáil ar scáileáin teilifíse ar fud an domhain mhóir gach samhradh.
ceantair districts
" Tá gnó na gColáistí Gaeilge, tábhachtach do na ceantair Ghaeltachta.
i gceantar in the district
" Bhí deisceabal dá chuid darb ainm Assicus (sa Laidin), nó Tassach agus Assach (i nGaeilge) i gceantar Ghleann Cholm Cille.
gCeantar na gCruach Peak District
" Cothrom an ama seo ceithre scór bliain ó shin, tharraing breis is 500 siúlóir as ceantair thionsclaíochta i Manchain agus i Sheffield ar Kinder Scout i gCeantar na gCruach, Derbyshire.
gceantar bocht a poor district
" ) Ní iontas rómhór é sin do bhall d'Eaglais na hÉireann ag fás aníos mar John Casey ag deireadh an 19ú haois i gceantar bocht Shr.
na Cúirte Dúiche the district court
" Ó Monacháin os comhair na Cúirte Dúiche ar an Bhun Beag, i nGaeltacht Dhún na nGall, mar thoradh ar thoghairm a d’eisigh Comhairle Chontae Dhún na nGall.
freagracht as riar cheantar an locha responsibility for administering the lake district
" Fuair an mhuintir Arabana freagracht as riar cheantar an locha i mí na Bealtaine anuraidh agus chuir siad ina luí gaidhte ar an Geographical Names Unit dhá ainm an locha a chuir i bhfeidhm as seo amach.
d’fhás ceantair bhochta ollmhóra massive poor districts grew
" Ó chéas drochthriomach oirthuaisceart na Brasaíle sa 1970í agus sna 1980í, bánaíodh an tuath agus d’fhás ceantair bhochta ollmhóra timpeall ar na mórchathracha – na favelas.
ná guth a thabhairt d’aos óg na gceantar bocht to give the youth of the poor districts a voice
" An aidhm atá ag Mídia Periférica – ‘Meáin an Imill’ – ná guth a thabhairt d’aos óg na gceantar bocht.
sna bólaí thart ar in the district around
" Dream barbartha, aineolach, trodach, fiáin a bhí sna Gaeil, mar dhea, agus sin an fáth go raibh “bunaitheoir Bhéal Feirste” ábalta seo a rá:  “*I burned all along the Lough, (Loch nEachach) within four miles of Dungannon and killed one hundred people, sparing none of what quality, age or sex soever, besides many burned to death; we kill man, woman and child; horse, beast and whatsoever we find*,” Ba shin caint Sir Arthur Chichester, agus é ag trácht ar ghlanadh eitneach a chleacht sé ar na Gaeil sna bólaí thart ar Bhéal Feirste, do chum ghlóir Eilís I agus d’onóir Shasana.
cúirteanna cuarda district courts
" Cheana féin tá cúirteanna cuarda, contae, agus stáit tar éis an t-éileamh a chumhdach, agus má leantar leis an gcumhdach sin sa Chúirt Uachtarach, scriosfar an tAcht um Chosaint Pósta.
ina eagraí ceantair a district organisers
" Tá sé ina bhall gníomhach den Pháirtí Sóisialach agus ina eagraí ceantair do Chumann Múinteoirí Éireann.
i gceantar imeallchríche in a peripheral district
" Nuair a theip ar an Rianach talamh a fháil go dleathach i gceantar imeallchríche, nó ‘beyond the limits of location’ mar a thug na húdaráis air, rinne sé buannacht, is é sin, suiteoireacht, ar ghabháltas ollmhór.
sa cheantar máguaird in the surrounding district
" Ciontaíodh an seisear as comhcheilg áiteanna éagsúla in Sydney, príomhchathair New South Wales (NSW), agus sa cheantar máguaird a bhuamáil agus gearradh cúig bliana déag géibhinn orthu.
. Ní hamhlaidh sa dúthaigh mórthimpeall such is not the case in the surrounding district
" Tá an samhradh tagtha, agus imithe arís! Ach b’fhéidir go bhfillfeadh sé orainn.
chompal céanna same district
" Ar aghaidh, dá bhrí sin, go ceantar na n-uiscí fothalúnacha sa chompal céanna ach taobh eile na teorann i gContae Fhear Manach.
ar cheantair to districts
" Tóg Acht na Gaeltachta 2012, mar shampla, faoinar bronnadh stádas Gaeltachta ad infinitum ar cheantair nach bhfuil aon rian den Ghaeilge fágtha iontu, arbh fhiú trácht air.
sna chríocha is iargúlta in Éirinn in Ireland’s most remote districts
" Bhí cónaí ar na fonnadóirí sna chríocha is iargúlta in Éirinn, é sin nó bhí scaipeadh mionéan na himirce orthu.
Ar nós go leor logainmneacha sa taobh sin like many of the place names in that district
" ======== Ar nós go leor logainmneacha sa taobh sin, is ainm Cymbruise é Helvellyn (hoel felen? .
lúcháir ar mhuintir aerach na críche the district’s gay community (were) delighted
" Bíodh is go bhfuil lúcháir ar mhuintir aerach na críche faoi láthair, is féidir go gcuirfear deireadh lena gceiliúradh sul i bhfad.
sna ceantair is boichte in the poorest districts
" De réir a chéile tá an aibhléis agus an t-uisce a gcur ar fáil dóibh siúd a bhfuil cónaí orthu sna ceantair is boichte.
na ceantracha is boichte the poorest districts
" Cá bhfuil an DUPóir a déarfaidh lena lucht leanúna gur ceantracha Caitliceacha iad na ceantracha is boichte ó thuaidh? Nó a admhóidh go bhfuil an dífhostaíocht nios measa i measc na gCaitliceach? Sin an tsáinn ina bhfuil an DUP.
an cheantar the district
" I measc na sonraithe bhí praghas measta, ach iarradh orthu an praghas ceart a mheas de réir an taithí a bhí acu féin ar an cheantar srl.
aitheantas ag na ceantair districts …. (would) have recognition
" A Mhalairt d’Éileamh ar an Eoraip ============= Ceisteanna difriúla a bheadh agamsa ar na hiarrthóirí: (i) an dtacóidís leis an smaoineamh go mbeadh aitheantas ag na ceantair ina bhfuil Gaeilge fós á húsáid iontu mar cheantair speisialta chaomhnaithe teanga; (ii) an dtacóidís le hiachall a bheith curtha ag an AE ar Rialtas na hÉireann lena chinntiú go mbeadh cosaint cheart tugtha do na ceantair sin ó aon chineál forbairtí nó beartais a chuirfeadh an teanga pobail i mbaol iontu; (iii) an dtacóidís le hiarratas ar an AE ciste speisialta tacaíochta a chur ar bun le caitheamh ar scéimeanna agus ar thionscnaimh chaomhnaithe teanga sa chuid bheag den Ghaeltacht oifigiúil ina bhfuil an Ghaeilge fós in úsáid.
ceantair chaomhnaithe timpeallachta environmental districts of conservation
"ceantair chaomhnaithe timpeallachta leagtha amach cheana féin de bharr brú ón AE, a bhfuil dualgas a gcosanta ar an rialtas faoi láthair.
cheantair iarchogaidh post war districts
" Is beag cathair tionsclaíoch a tháinig chuige féin go fóill, agus fágann sin áiteanna mar Paterson, Nua-Gheirsí, cathair bhríomhar Éireannach tráth, mar cheantair iarchogaidh.
Ní ceantar oibrithe é seo this isn’t a working class district
dúiche district
" Isteach le Peter Robinson, ní leis na gnáth-Mhoslamaigh atá ag saothrú a gcodach anseo le fada an lá a chosaint, tráth a bhfuil ionsaithe ar mhionlaigh eithneacha ag méadú i rith an ama i gceantair dhílseacha - dúiche Robinson in oirthear Bhéal Feirste ach go háirithe - ach le tacaíocht a thabhairt don tréadaí aineolach nach raibh a fhios aige an dóigh leis an fhocal Sharia a fhuaimniú mar ba cheart.
ceann de na ceantair tuaithe ba bhisiúla one of the most productive rural districts
" B’é ceann de na ceantair tuaithe ba bhisiúla sa tír ag an am.
ceantar dhátheangach a bilingual district
" Ceantar aonteangach a bhí ann i 1974, tá sé chomh maith dhuit a rá, ach is ceantar dhátheangach anois atá i gCois Fharraige agus an Ghaeilge faoi bhrú millteanach le dhá scór bliain anuas.
leis an gceantar seo in this district
" Cé go bhfuil an t-amhras, an chiontacht agus an easpa saoirse le sonrú leis an gceantar seo sa Mholdáiv, feictear dó go bhfuil an saol i bhfad níos measa san Iarthar.
sa dúiche chéanna in the same district
" Déanann na húrscéalta seo cur síos ar ghníomhaíochtaí eachtraíochta gaiscíochta na staile fiáine, Thowra, sa dúiche chéanna ina bhfuil dán Paterson lonnaithe.
ceantar láidir a strong district
" Glór na bpáirtithe éagsúla anuas as an ardchathair agus glór an phobail aníos as na toghcheantair; cá luíonn an daonlathas idir an dá ghlór? Ar féidir le ceantar láidir amháin amuigh faoin tír céim ar leith, nár tugadh riamh roimhe, a ghlacadh an iarraidh seo?
dúiche bheag small district
" Ní club damhsa de chineál áirithe atá i gceist leis an Laplainn, ach dúiche bheag Dhaidí na Nollag in íochtar an domhain.
sa cheantar mórthimpeall in the surrounding district
" Fágadh Brian Ó Broin is a theaghlach gan chumhacht ar feadh i bhfad mar gheall ar an dochar mór a rinne spéirling sa cheantar mórthimpeall orthu.
i gceantar dúchais a máthar in his mother’s home district
" Chas Seosamh Mac Muirí leis an Seanadóir Rónán Mullen i gceantar dúchais a máthar lena cheistiú faoi Sheanad Éireann, faoi cheist an ghinmhillte agus faoi roinnt ábhar eile ar spéis leis.