Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dochta strict
" Chuir sé in aghaidh rialacha dochta a athar, aimiréal de chuid Chabhlach na Stát Aontaithe.
tá rialacha níos déine the rules are stricter
" Rinne na foraoiseacha dochar mór do na locha agus na haibhneacha le fiche bliain anuas ach anois tá rialacha níos déine ann, rud a chuideoidh leis an cheantar.
córas dian cinsireachta a strict system of censorship
" Ach bhí córas dian cinsireachta i bhfeidhm, a chuir cosc ar dhaoine na réaltachtaí míthaitneamhacha i saol na hIaráine a nochtadh.
dian strict
" Deirtear i dtuarascáil a d'fhoilsigh an Grúpa Straitéise Cánach le déanaí go bhfuil buntáiste ag an Eoraip thar Stáit Aontaithe Mheiriceá toisc nach bhfuil na dlíthe geallghlacadóireachta anseo chomh dian céanna.
dian strict, harsh
" Is cosúil go raibh sé dian go leor ar na tionóntaí, agus tá fianaise ann go raibh na *Molly Maguires *gníomhach ar an oileán ag an am.
i bhfad ní ba dhéine a lot stricter
" Bhíothas den bharúil le fada, a deir sé, go mbeadh cosc a bhain leis an stát ar fad i bhfad ní ba dhéine ná an ceann a mhol Bloomberg.
dian strict
" Polasaí amháin ná bheith dian ó thús cluiche agus cárta buí a thaispeáint chun teachtaireacht a thabhairt do na himreoirí nach nglacfar le briseadh rialacha go héasca, ach leis sin tá cruachás ag an moltóir má dhéanann an t-imreoir céanna calaois eile nach bhfuil ródhona ina dhiaidh sin - an dtugann sé an dara cárta agus an t-imreoir a dhíbirt nó an scaoileann leis toisc nach bhfuil aon dochar déanta? An rogha eile ná scaoileadh leis an imirt go luath sa chluiche le súil is go socróidh na himreoirí síos agus go ndíreoidh siad ar an gcluiche.
ana-dhian very strict
" "Bhí eagarthóirí den scoth agam sa Ghúm - Seosamh Ó Murchú, Antain Mag Shamhráin, Máirtín Ó Cadhain - a bhí ana-dhian go deo.
dian strict
" Tá cáineadh géar déanta ag Caitlicigh de shliocht Éireannach ar oifigigh de chuid na hEaglaise, áfach, de bhrí go bhfuil siad dian ar Kerry ach nár bhac siad le dul sa tóir ar pheacaithe sa tsagartóireacht a bhí ciontach as mí-úsáid ghnéasach.
dian severe, strict
" Caithfidh tú a bheith ag aisteoireacht agus tú ag múinteoireacht agus, dá bhrí sin, tá sé dian - ach tá sé suimiúil, ar a laghad.
rialacha dochta strict rules
"rialacha dochta i gceist in RTÉ maidir le huaireanta agus coinníollacha oibre, atá rud beag ródhocht, dar léi, ach a mhalairt atá i gceist san earnáil neamhspleách.
rialacha dochta strict rules
" Chreid mé féin agus go leor eile go bhféadfaí a bheith ag súil go gcuirfí na rialacha dochta seo i bhfeidhm i gcónaí, go dtí go bhfaca muid iompar náireach agus mí-éifeachtach na n-údarás le linn thoghchán uachtaránachta na bliana 2000.
ródhian too strict
" D'fhreastail sí ar an scoil áitiúil, Clochar Loretto ar Bhóthar Chromghlinne, scoil nár thaitin léi toisc go raibh na mná rialta "ródhian".
an-docht very strict
" Mheasfainn go raibh siad an-docht daingean agus ní thaitníonn sin anois liom, ach san am chéanna aithním fosta go ngéillim dóibh i mo chroí istigh.
an-dian very strict
" Bíonn an Coimisiún Eorpach an-dian faoi na rialacha a bhaineann le bealaí OSP, mar is saghas “cúnamh ón Stát” é.
ródhian too strict
" Is é an tuairim choitianta sa tionscal ná go raibh coinníollacha an Rialtais ródhian le hais na gceann a bhí i bhfeidhm sa Mhuir Thuaidh agus amach ó chósta na hIorua.
an-dian very strict
" Bhí sé an-dian maidir le húsáid an bhogha agus ó thaobh cúrsaí ornáidíochta de, agus maidir leis an gcineál portanna a mhúin sé.
rialacha dochta pleanála strict planning rules
" Is doiligh, mar shampla, rialacha dochta pleanála a leagan síos do na ceantair Ghaeltachta i gcoitinne nuair nach bhfuil ach dornán beag daoine ábalta an teanga a labhairt i gcuid de na ceantair sin.
dian strict
" Ródhian? B’fhéidir, ach tógfaidh sé smachtbhannaí an-dian ag an tús chun leas fadtéarmach an chumainn a dhéanamh.
córas slándála an-dian very strict security system
" Córas slándála ======= Ar eagla go dtarlódh ionsaí sceimhlitheoireachta, bhí córas slándála an-dian i bhfeidhm agus b'éigean dúinn banda riosta a chaitheamh i gcónaí.
rialacha dochta strict rules
" Tugann seo le fios, ar ndóigh, go raibh an cluiche ann i bhfad sula raibh Abner Doubleday ar an saol, agus táthar in amhras anois go raibh baint ar bith ag an uasal Doubleday leis an gcluiche! Cé acu in Éirinn, Sasana nó Meiriceá a thosaigh an chluiche, ámh, níl argóint ar bith ach go raibh an cluiche á imirt go fairsing ar fud Shasana Nua ó na 1850í amach ar bhonn foirmeálta, le rialacha dochta agus sraithchomórtais áitiúla.
spriocanna dochta strict targets
" Caithfidh polaiteoirí na cruinne feidhmiú mar státairí i dtaca leis an fhadhb seo agus spriocanna dochta a mhairfidh ar a laghad 50 bliain a leagan síos.
ródhian too strict
" Chomh maith leis sin, tá roinnt bheag míshástachta leis an teorainn alcóil de 80mg in aghaidh 100ml atá ann faoi láthair; deir 32% go bhfuil sé ródhian (líon níos mó fear agus daoine faoin tuath), creideann thart ar a leath (48%) go bhfuil sé díreach ceart agus ní mheasann ach 13% go bhfuil sé ró-réidh.
rialacha dochta strict rules
" Bhí go leor leor bruscair le feiceáil, agus cé go bhfuil rialacha dochta i bhfeidhm maidir leis na diongónna agus na hainmhithe eile, níl mórán amhrais ach go gcuireann sé isteach orthu daoine bheith i láthair.
ar chaighdeáin níos déine i dtaca le tomhaltas breosla on stricter standards as regards fuel consumption
" Tá sé ag tarlú cheana féin: níl Meiriceá ag cur béime maidir le tacaíocht an rialtais ar innill níos éifeachtaí, ar chaighdeáin níos déine i dtaca le tomhaltas breosla nó ar iompar poiblí níos fearr, ach ar scaglanna a thógáil chun eatánól a dhéanamh as arbhar Indiach.
smacht níos doichte stricter control
" Cad ba chóir a dhéanamh? Ba cheart go mbeadh smacht níos doichte ar bharra fuinnimh (agus tacaíocht níos éirimiúla dóibh) chun an cineál seo mí-úsáide a sheachaint.
critéir dhiana strict criteria
" Nuair a labhair mé leis an Roinn faoi seo, dúirt urlabhraí liom go bhfuil critéir dhiana ann le haghaidh Limistéar Caomhantais Speisialta: “But these do not rule out development,” a dúirt sé.
hollsmacht docht strict and total power
" Is éard atá ann ná deireadh le hollsmacht docht líon beag comhlachtaí ar an ngnó; anois, is féidir le bannaí agus ceoltóirí, nach bhfuil mórán aithne orthu, a gcuid ceoil a chraobhscaoileadh de réir mar is mian leo, ag aon am is mian leo.
smacht docht, their strict, total control
" Ach tá deireadh anois lena smacht docht, a chuir srian ar chruthaitheacht an-chuid bannaí ceoil.
an-dian very strict
" An raibh sé sásta leis an oideachas a fuair sé i gColáiste Éinde? “Bhí mé an-sásta leis ach bhí daoine eile nach raibh sásta agus tá mé ag ceapadh gur éirigh an réimeas an-dian ina dhiaidh sin.
polasaí dian teanga strict linguistic policy
" Tá tuismitheoirí na bpáistí seo á dtógáil agus polasaí dian teanga acu.
rialacha diana strict rules
" Nuair a labhair mé leis an Roinn faoi seo, dúirt urlabhraí go bhfuil rialacha diana i gceist ó thaobh na Limistéar faoi Chosaint Speisialta ach dúirt sé fosta: "*But these do not rule out development.
diansmacht tyranny or strict control
" Anuas air sin, tá diansmacht agus foréigean dulta i méid ó tháinig Saakashvili i gcumhacht.
róghéar too strict
" Dhearbhaigh uachtarán Ollscoil Lyon 2, Olivier Christin, nach fiú duine a chur faoi scrúdú ar ábhar nár cuimsíodh i rith na bliana acadúla agus gur tugadh comhairle do lucht ceartaithe na bpáipéar scrúdaithe gan a bheith róghéar ar na mic léinn.
dianrialúcháin strict rule
" Sochaí, i mbliain ár dTiarna 1913, ar leic an Chogaidh Mhóir, ina n-oibríonn an Críost agus an Kaiser as lámha dianrialúcháin a chéile.
dian strict
" Tá muide dian go maith: faigheann muid b’fhéidir 30 scríbhinn sa mbliain agus as sin foilseofar, b’fhéidir, 14 nó 15 ceann.
cuntair dhochta strict conditions
" Ní raibh ach 25 ainmhí i gceist sa togra seo agus bhí cuntair dhochta bainteach leis an moladh.
dian strict
" Bíonn ar an Teachta Dála a shlí bheatha féin a chur chun cinn, sa deireadh thiar thall agus fágann córas dian na n-aoirí mar sin, nach dtig leis vóta a chaitheamh de réir a choinsiasa.
chomh righin leis as strict as
" Más féidir le duine i dtír le reachtaíocht ghunnaí chomh righin leis an Ísiltír teacht ar arm go dleathach agus ár a dhéanamh leis, cén difear idir an tír sin agus tír ina bhfuil reachtaíocht ghunnaí i bhfad níos scaoilte – cosúil leis an mBrasaíl, nó go deimhin leis na Stáit Aontaithe.
dhianslándáil strict security
" D'fhan an tír go léir faoi dhianslándáil ar feadh tamaill fhada ina dhiaidh sin.
smacht daingean strict control
" Tá beartas airgeadais agus geilleagair faoi smacht daingean ag Airí Fhine Gael.
reachtaíocht righin strict legislation
" Baineann reachtaíocht righin lena úsáid.
ná trí dhiansmacht rather than strict regulation
" Dar le Ferguson, ní féidir fuascailt na faidhbe baincéireachta a dh’fháilt trí fhiacha nua a ghineadh ná trí dhiansmacht a chur ar na bancanna ach an oiread.
i bhfianaise na ndlithe déine in light of the strict laws
" Níor mhiste an cheist a chur fosta an bhfuil a leithéid de choinníoll leatromach i bhfianaise na ndlithe déine a chuireann cosc ar idirdhealú ar bhonn aoise i réimsí eile de shaol na hÉireann? Níor mhiste amharc ar thréimhse feidhme an Uachtaráin fosta.
thug Meiriceá foláireamh láidir dóibh America gave them a strict warning
" Chinn fórsaí al-Assad an t-éirí amach a chur síos trí dul i muinín anmhéid foréigin i gcoinne na gceannairceach, shocraíodar ar na huirlisí troda is troime agus is gránna a úsáid – tá siad ag cur ina luí ar a gcuid naimhde i gcónaí nach mbeadh drogall orthu uirlisí troda ceimiceacha a úsáid ina gcoinne cé gur thug Meiriceá foláireamh láidir dóibh gan a leithéid a dhéanamh.
rinne sé ionsaí ar chur chuige liteartha daingin he attacked the strict literary approach
" Ina leabhar tábhachtach mar gheall ar a dhlúthchara Stephen Mc Kenna, Mo chara Stíofáin (1939), rinne sé ionsaí ar chur chuige liteartha daingin Daniel Corkery a bhí lán go béal le rialacha casta.
nach gcabhródh an cur chuige docht seo this strict approach won’t help
" Ba léir don Rinneach áfach nach gcabhródh an cur chuige docht seo leis an teanga a chur ar a cosa i measc an phobail.
chomh dian as strict
" Michael Copeland, MLA ======== Má bhíonn an cur chuige céanna acu, ní bheidh sé chomh dian is a bhí sé le linn na racáin a lean mórshiúlta dílseacha le roinnt blianta anuas.
gona rialacha dochta daingne with its strict, unchangeable rules
" Murab ionann is gort na moráltachta gona rialacha dochta daingne, cuirim i gcás, ní lochtaítear polaiteoirí i gcónaí má bhaineann siad feidhm as bréaga, deargbhréaga nó ‘bréaga amhra’ Platónacha, fiú, d’fhonn aidhmeanna polaitiúla a bhaint amach.
a raibh córas ceannaireachta docht acu féin who had a strict system of leadership of their own
" Bailithe ar Troigh gan Tuairisc ============ An Córas Scaipthe a bhí ann roimhe sin, ba do bhuíonta beaga coirpeach fadtéarmach a cuireadh ar bun an chéad lá riamh é, rud a chiallaigh go raibh na húdaráis Bhriotanacha trína chéile ar dtús faoi conas déileáil leis na cimí nua sin, cimí a raibh córas ceannaireachta docht acu féin, laistigh den charcair agus ar an taobh amuigh freisin, cimí a raibh bá an phobail agus dreamanna cearta sibhialta leo go minic freisin.
Diansmacht agus Aigne An-Dírithe strict discipline and a very directed mind
" Diansmacht agus Aigne An-Dírithe ============== Ach gnó amháin is ea é a bheith ag siúl nó ag rith ar do luas nó ar do chompord féin ar maithe le bheith aclaí nó meáchan a chailliúint, ach rud eile ar fad is ea é a bheith lándáiríre faoin ngnó agus a bheith chomh tiomanta sin is nach ndéanann tú tada eile ach ar éigean.
an-dian very strict
" Fáinne fí atá ann! Tá siad an-dian maidir le guthán a cheannach, mar de réir dealraimh, rinneadh an t-ionsaí sceimhlitheoireachta i Maidrid sa bhliain 2004 a chomhordú le gutháin phóca.
ag troid in aghaidh aon rialú dian fighting against strict regulation
" Sa lá atá inniu ann tá David Cameron ag troid in aghaidh aon rialú dian a chuirfeadh an Eoraip ar na bainc i Londain! Ní féidir ach aon toradh a bheith ar na coimhlintí agus ar na deighiltí seo: an laige.
bheith dian to be strict
" Ritheann sé liom go bhfuil an ceart ag údaráis na Seapáine a bheith dian ó thaobh gunnaí mar gheall ar a leithéid de ráiteas.
do-lúbtha strict
" Cuireadh an tuairim chun cinn go raibh cuid den mhilleán ar lucht oiliúna go raibh imreoirí Shasana agus, cé chreidfeadh é, imreoirí na Brasaíle, á scrios ag drochoiliúint – oiliúint a leagann béim ar mhéid, neart agus láidreacht an imreora agus ar thaicticí do-lúbtha seachas ar scileanna an chluiche a fhorbairt agus a dhaingniú.