Pota Focal Intergaelic
A | dea | E | eag | ear
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an-mhúinteoir ab ea é he was an excellent teacher
" Chaitheas gach maidin Dé Sathairn thíos leis agus an-mhúinteoir ab ea é! AÓF: Cén fáth an cansairtín, mar sin? An bhfuil aon uirlis eile gur mhaith leat a bheith in ann a sheinm? AL: Níl a fhios agam cén fáth an cansairtín.
cara thar chairde ab ea Barra Barra was a friend above friends
" Mar cara thar chairde ab ea Barra agus Gael thar Ghaeil.
An-seift is ea é, it is a great device/trick
is ea is mó airgead the more money
" Dá mhéad eolas is féidir le seirbhís a bhailiú agus a roinnt le fógróirí faoina húsáideoirí, is ea is mó airgead a bhíonn fógróirí sásta a íoc léi toisc go mbeidh a fhios acu cé hiad na daoine a mbeidh siad ag díriú a bhfógraí orthu.
Bean de bhunadh na Briotáine is ea í She is from Brittany stock
" Bean de bhunadh na Briotáine is ea í a chaith seal ag obair le daoine gan dídean i Sasana.
Clár painéil ab ea é, it was a panel show
" Clár painéil ab ea é, ar nós “Have I got News for You” na Breataine.
Céim mhór chun cinn sa phróiseas síochána ab ea é, it was a big step forward in the Peace Process
" Céim mhór chun cinn sa phróiseas síochána ab ea é, a léirigh go rabhthas toilteanach droim láimhe a thabhairt don fhoréigean agus go rabhthas sásta aghaidh a thabhairt ar shochaí nua shíochánta a chruthú.
Léiriú uaillmhéine ab ea It was a display of ambition, i.e. it was ambitious
" Léiriú uaillmhéine ab ea é go ndeachaigh King i mbun sraithe mar seo agus é ar bheagán taithí.
is ea is mó talaimh the more land
" Mar bharr ar an donas, dá bhoichte an tír is ea is mó talaimh a chaithfidh an rialtas a chur ar leataobh don fhiadhúlra chun iasachtaí nó cúnamh airgid a fháil ón mBanc Domhanda agus ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta.
más ea if such is the case
" Mothaím féin go mbíonn deifir orm i gcónaí abhus, agus cuirtear faoi strus mé in amanna agus mé díreach ag labhairt le daoine, bíonn siad chomh míshocair sin – daoine nach mbíonn ag féachaint sa tsúil orm toisc go bhfuil siad chomh gnóthach sin, daoine a labhraíos chomh gasta sin is go gcuirfidh siad mo chroí i mo bhéal! Éire na Féile, más ea Cuimhním go hiondúil ar an teideal a bhronntar ar Éirinn, gurb í tír na féile is na mílte fáilte í, go bhfuil clú agus cáil orainn fud fad na cruinne mar dhream a bhfuil féith an ghrinn agus fad na teanga le brath go mór ionainn.
Más ea if so
" Más ea, ámh, níor mhórán a fhacthas de sa mbaile, áit a raibh sé féin agus a chomh-aireacht ag obair go dian ar beartas tarrthála do ghnóthaí Mheiriceá.
Más ea therefore
" Más ea, dar le daoine áirithe sa pháirtí sin, níl iontu ach *‘RINOs’* (*‘Republicans In Name Only’*, nó ‘Poblachtánaithe Mar Dhea’).
comhartha ab ea was a sign
" Mhaígh an tAire Ryan sa Dáil go fiú go bhféadfadh sé tarlú mar thoradh ar an hathruithe seo go gceapfaí státseirbhíseach sa Roinn Airgeadais nach mbeadh in ann Béarla a labhairt! Seans gur comhartha ab ea é sin ar a laghad machnaimh nó dáiríreachta a bhain leis an cheist ón tús.
is ea is lú a mhíshásamh linn the less they shall dislike us
" Theip orthu, gach feachtas i ndiaidh a chéile, agus nuair a d'fhág arm Shasana an tír dúirt an ceannaire, an Ginearál Sir Frederick Roberts leis an Phríomh-Aire Gladstone: "Dá laghad a fheicfeas fear na hAfganastáine sinn, is ea is lú a mhíshásamh linn.
Má ba ea if it was
Maolaisnéis ab ea a rá it’d be an understatement
" Maolaisnéis ab ea a rá go raibh an bille, mar a d'fhoilsigh an rialtas é, conspóideach.
is ea is lú an chinnteacht there is less certainty
" Fad is a leanann cúrsaí ar aghaidh, is ea is lú an chinnteacht go mbainfear amach spriocanna na ngníomhaithe.
Más ea because of that
" Tá sé ar bhóthar eadarstáit 95, an mótarbhealach a ritheann ó cheann ceann an cheantair seo, an bóthar is mó trácht sa tír, nach mór, agus tá na tranglaim tráchta chomh dona air go moltar anois tiomáint air i lár na hoíche agus é a sheachaint go hiomlán i rith an lae! Más ea, bhuaileamar bóthar i lár an lae mar sin féin, agus mar a tuaradh, chaitheamar seacht n-uaire an chloig ar an mbóthar seachas an trí go leith a thógfadh sé gan trácht.
Más ea if so
" An gciallaíonn an nath go gcaithfear thú a bheith beirthe ar thalamh Mheiriceánach? Más ea, ní bheadh cead ag John Mc Cain, a sheas do pháirtí na bPoblachtánach, a bheith ina uachtarán, ó rugadh i bPanama é i 1936.
Gidh ea even so
" Gidh ea, ní miste dó tagairt bheag a dhéanamh dá Mórgacht Ríoga Impiriúil Chorgiach agus don fhear a raibh sí ag brostú abhaile as Éirinn chun an leaba a chóiriú dó i dTeach Buckingham.
más ea then
An Tír is Gainne an Bia, is ea is Féile a Roinn the country of least bread is the most generous
" Tharraing Balor anáil mhór, chroch sé suas a mhisneach, agus thug faoin triúr go neamheaglach, neamhbhalbh, neamhfhuadrach: An Tír is Gainne an Bia, is ea is Féile a Roinn ============== **Balor:** Tugaim faoi deara gur san óstán is daoire i mBaile Átha Cliath a stopann sibh i gcónaí nuair a bhíonn sibh ar cuairt anseo, agus go bhfágann sibh bille mór bia agus dí in bhur ndiaidh gach uair a imíonn sibh.
ba ea a n-aidhm was their aim
" Tar éis d'Alexander Dubček agus leasaitheoirí eile an Pháirtí Chumannaigh tabhairt faoi 'chrot nua' a chur ar dhúnghaoisí an pháirtí in Aibreán 1968 ('aghaidh dhaonna an tSóisialachais' a chur chun cinn ba ea a n-aidhm) mhéadaigh ar dhóchas na ndaoine go bhféadfaí athruithe suntasacha teacht ar an saol.
ag maíomh gurbh ea claiming such was the case
" Ní rud maith a bhí anseo, cé go mbíonn leithéidí iriseoirí áirithe san Irish Times ag maíomh gurbh ea.
más ea then, so
" Cén fáth a bhfuil amhras ann ina thaobh más ea? Seo mar a labhair Dennis Garrity, stiúrthóir an World Agroforestry Centre: “Bhí togra den chineál seo ann sna 1970í.
Más ea if so
" Más ea, agus má tá an tóin le titim as mórán gach tír agus as gach airgeadra ar domhan, d’fhéadfadh sé go mbeidh cuid mhaith de mhuintir na hÉireann níos oilte i láimseáil saol an leatroim ná go leor dá gcomharsana.
Oscailt súile domsa ab ea it was an eye opener for me
" Oscailt súile domsa ab ea an plé a bhí agam leis an mbeirt sin a bhfuil máistreacht bainte amach acu sa haiku.
ab ea an t-ábhar le was the cause of
" ) Dála Mary óg sa drama, caismirt idir dronga ab ea an t-ábhar le bás Rhys Jones, agus labhair a mháthair ag preasagallamh, mar a dhéanann Sal sa drama seo.
Cime agus Caomhnóir is ea an Rialtas the government is a prisoner and a guardian
" Cime agus Caomhnóir is ea an Rialtas =============== Thug an triúr eile droim láimhe do Finlay agus Griffin.
Cineál calafoirt ab ea was almost a type of harbour
" Cineál calafoirt ab ea Vidal ina scríbhneoireacht, an duine a bhailigh na mílte seansruthanna le chéile chun cur lena gcuid cumhachtaí neamhspleácha.
agus más ea and if so
" Riail daingean sa pholaitíocht is ea é go mbíonn buntáiste ag an sealbhóir i gcónaí, agus más ea, is cosúil go bhfuil an lámh in uachtar leis an Uachtarán Barack Obama, agus go n-éireoidh leis fanacht in oifig go ceann ceithre bliana eile, ach ní gá do dhuine ar bith, an tÉireannach san áireamh, breathnú siar rófhada i dtoghcháin uachtaránachta chun feiceáil nach ag an iarrthóir tosaigh i gcónaí a bhíonn an bua! Ach tá dúshlán faoi leith roimh na Poblachtánaigh i mbliana.
is ea is mó an tionchar a bhraithfidh an lucht éisteachta the audience would perceive the effect all the more
" Dá bhféadfaí ceisteanna fíorchasta a ghiorrú le háilleacht, is ea is mó an tionchar a bhraithfidh an lucht éisteachta.
ab ea an t-aitheasc gruama seo was this gloomy speech
" Osna Chalvineach ab ea an t-aitheasc gruama seo dar leis an scoláire Lincoln is fear sa lá atá inniu ann, Allen C.
eolaí ab ea é tar éis an tsaoil after all he was a scientist
" Mhínigh Bohr nár chreid sé féin sa phiseog— eolaí ab ea é tar éis an tsaoil! Chuir sé an crú capaill ansin toisc gur chuala sé go n-oibreodh an phiseog fiú munar chreid sé féin inti.
más ea if he does
" Úsáideann Ó Giolláin réimse leathan de theangacha agus thaighde chun solas uilíoch a scaladh ar théamaí áitiúla, agus más ea, déanann sé cáineadh corraitheach sub silentio ar argóintí D.
Galar tógálach is ea an greann comedy is a contagious disease
" Galar tógálach is ea an greann.
más ea therefor, so
" Duine ar bith os cionn an dá scór más ea, ní cuimhin leo réim na banríona ná urlabhra na ríochta.
gur teanga eisiach do scothaicme is ea an Ghaeilge Irish is an exclusive language for a class elite
" ”* Leanann sé leis an tuairim gur teanga eisiach do scothaicme is ea an Ghaeilge.
gur chomhcheilg ab ea that it was a conspiracy
" ’Sé bun agus barr na teoirice atá aige ná gur chomhcheilg ab ea gluaiseacht na hathbheochana chun smacht a choinneáil ar an phobal.
más ea so
" Céard a bhí le feiceáil ann más ea? An stáisiún mór, áibhéileach an chéad rud.
Dúchrónaigh Beilgeacha ab ea iad siúd they were Belgian Black and Tans
" Dúchrónaigh Beilgeacha ab ea iad siúd dar le Cruise O Brien agus d’úsáid sé dearbhuithe na Náisiún Aontaithe chun a bhformhór a dhíbirt.
más ea so
" An féidir linn tátal ar bith a bhaint as an méid seo, más ea? Tig linn ‘Tolamaes-iú na faidhbe’ a shamhlú le cur chuige coimeádach ar bith atá teanntaithe i ngeimhleacha an aoin mhúnla tuisceana amháin agus a thacaíonn leis an status quo.
bhíonn sos nach ea the break is, isn’t it
" Ar deireadh, cé acu atá ceart: leatham nó leath ama? Leathphingin nó leath pingne, leathphunt nó leath puint, leathdhoras nó leath dorais? Tá mearbhall orm leath an ama ach is ag leatham a bhíonn sos nach ea?
más ea so
" Cén ‘rud’ a chiallaíonn ‘it’ sa bhfógra seo, más ea? Ba nós le filí na Gaeilge an grá a léiriú mar ghalar sna dánta grá.
gné aisteach is ea grá a bhaineann níos minice love is a strange thing which pertains more often
" Sa lá atá inniu ann, gné aisteach is ea grá a bhaineann níos minice le réimsí na tuisceana is geilleagair seachas le réimsí na braistinte agus an mhothúcháin, faraor.
ab ea ainmniúchán was the nomination
" Aitheantas ar a éachtaí éagsúla in imeacht na mblianta − agus ar a chumas mar chaptaen foirne –ab ea ainmniúchán Paul Mc Ginley ina chaptaen do Chorn Ryder 2014.
Deis iontach foghlamtha, nach ea it’s a great means of learning, isn’t it
" Deis iontach foghlamtha, nach ea?! D’fhógair *Mojang*, cruthaitheoirí *Minecraft*, le déanaí go mbeidh siad ag cur seirbhís freastalaí príobháideacha ar fáil, Minecraft Realms, ar costas $10 - $15 in aghaidh na míosa.
lucht bóthair ab ea iad they were travelers
" ” An Lucht Siúil ==== Go leor de na créatúirí a cuireadh isteach i Scoil Cheartúcháin Luimnigh, lucht bóthair ab ea iad.
Bean saighdte is ea she is an incited woman
" Bean saighdte is ea Máire Mhic Róibín.
Dream óg ab ea a bhformhór le fuinneamh most of them were a young energetic group
" Dream óg ab ea a bhformhór le fuinneamh, samhlaíocht, misneach agus cúis.
An cheist más ea so the question then
" An cheist más ea: cén fáth an chosúlacht mhór seo idir dhá thírín i gceann thiar agus i gceann thoir na hEorpa? An dátheangachas an chéad ní.
An ealaín mhímhorálta í an pholaitíocht, más ea so is politics an immoral code
" Is Ceist Pholaitiúil Ceist Pholaitiúil =============== An ealaín mhímhorálta í an pholaitíocht, más ea? Ní dóigh liom é agus braithim gur ceist mhearathlach is ea an cheist réamhluaite toisc go bhfuil an nóisean a dtugann na fealsúna ‘tuathal catagóire’ air i gceist anseo.
scrúdú ab ea é i ndáiríre ar it was really an inspection of
" Cé gur dianscagadh an leabhar féin ar an ndromchlár ar imeachtaí leadránacha rúnda an Internal Revenue Service sna hochtóidí, scrúdú ab ea é i ndáiríre ar fhisiciúlacht thimpeallacht ársa Mheiriceá.
ab ea an tÉireannach cinnte was the Irishman, definitely
" Tionchar mór ar chur chuige liteartha Wallace ab ea an tÉireannach cinnte, cé go raibh scríbhneoirí eile cosúil le DeLillo a chuaigh go mór i bhfeidhm ar stíl an ghaiscigh liteartha seo.
más ea so
" Deirtear gur chaith Wallace formhór a shaoil róghonta cromtha leis na leabhair, agus más ea, is deacair an rud é nascanna beachta a dhéanamh idir a chuid scríbhneoireachta agus na máistreacha a tháinig roimhe.
Rud tobann ab ea í an ghalántacht beauty was something sudden
" Rud tobann ab ea í an ghalántacht ina phrós agus ní foláir nó gur fhoghlaim Wallace an tseift seo uaidh.
Tréith thar a bheith aisteach is ea í seo this is a very strange factor
" Tréith thar a bheith aisteach is ea í seo, a déarfá, go háirithe i bhfianaise claonadh dochreidte láidir chun daoine a lochtú agus a dhamnú as ucht pé laigí a léiríodar san am atá thart.
dá réir sin cás imní is ea iad accordingly they are a cause for concern
" Déanann siad monatóireacht ar dhaoine ar fud an domhain, agus fiú sna Stáit Aontaithe féin, agus dá réir sin cás imní is ea iad dóibh siúd a chreideann go bhfuil seirbhísí rúnda na Stát Aontaithe ag sleamhnú síos i dtreo Stasi na Gearmáine Thoir tráth.
ab ea a chathair dhúchais his native city was
" ‘Inneall cealgach’ ab ea a chathair dhúchais, dar leis.
Inneall solasmhar is ea it’s a luminous engine
" Inneall solasmhar is ea an chomhlacht seo a chuireann borradh faoi shláinte chultúir na cathrach gach samhradh.
Ré ab ea í a mhair an era which lasted
" Ré ab ea í a mhair ar feadh trí bliana déag nó mar sin inar bhuaigh iománaithe Chill Chainnigh iliomad craobhacha, idir chraobhacha sraithe, chraobhacha Laighean agus chraobhacha na hÉireann.
is ea is mó a thairbheoimid go léir as we’ll have all the more to be gained from it
" Ach dá mhéad an dúshlán roimh an lucht déanta beartas a thagann le chéile i Nua-Eabhrac an mhí seo chugainn is ea is mó a thairbheoimid go léir as má éirionn leo spriocanna Sutherland a bhaint amach.
más ea well, so
" Blianta beaga ó shin más ea, bhí an Ghaeilge agus an Bhreatnais, idir shean agus nua, á saothrú in ollscoileanna go leor ar fud na Gearmáine: Freiburg, Ollscoil Humbolt i mBeirlin, Wuppertal, Marburg, Potsdam, Halle agus Bonn cuir i gcás.
Ach oiread le dream más ea just like any other group of course
" Ach oiread le dream más ea, is biseach agus meath ba scéal do na treibheanna Ceilteacha in Hochdorf agus i Trier.
ab ea sinn we were
" Dar leis ansin, níorbh iad muintir na n-oileán ach: ‘Peártaí an Aois Saothair, an Phróletariat, an Aitheach Tuatha, Peártaí na nDaor agus na bhFuidhear, agus na sean-chleith, Peártaí an Ollphobail dhísheilbhithe…’ (Luann Ó Buachalla ráiteas brónach Pheig Sayers sa seoladh amach aige in Aisling Ghéar, ráiteas a fhíoraíonn imeagla Uí Chadhain: ‘Daoine bochta ab ea sinn ná raibh eolas ar rachmas ná ar éirí in airdre an tsaoil againn.
Más ea even so
" Na Srutháin Inmheánacha a Mheas ============== Más ea, ní dhéanfadh an Cadhnach toil Dé, ná an tírdhreach ná an fómhar bliantúil a adhradh ina chuid cumadóireachta féin.
gnó amháin is ea é a bheith it’s one thing to be
" Diansmacht agus Aigne An-Dírithe ============== Ach gnó amháin is ea é a bheith ag siúl nó ag rith ar do luas nó ar do chompord féin ar maithe le bheith aclaí nó meáchan a chailliúint, ach rud eile ar fad is ea é a bheith lándáiríre faoin ngnó agus a bheith chomh tiomanta sin is nach ndéanann tú tada eile ach ar éigean.
más ea so, then
" ” Tá foclóir Breatnais-Gaeilge i riocht a fhoilsithe anseo in Aberystwyth más ea.
Is ea, sa saol atá i ndán yes, in the world that's evolving
" Céard is teanga dhúchais ann más ea? Fear óg a rugadh sa mBreatain Bheag, mac le Gaeilgeoir nach de chuid na hÉireann é, agus gan cónaí déanta ag ceachtar acu in Éirinn riamh: nach cuid dá ndúchas san atá i dteanga Chéitinn agus Aogáin Uí Rathaille ach oiread le beirt ar bith as Dún Chaoin nó as Oileán Thoraí? Is ea, sa saol atá i ndán, sílim.
Díol trua ab ea scéalta na bhfear seo sad were the tales of these men
" Díol trua ab ea scéalta na bhfear seo agus bhain siad craitheadh as achan duine a chuala iad.
Déamar Ár Linne is ea Marcas Mark (is) the stinking rich man of our times
" com/start-ups/item/34493-finalists-for-2013-esb/> Déamar Ár Linne is ea Marcas ========= Má tá spéis sa réimse teicneolaiochta agat, ní mhairfidh tú i bhfad gan teacht aghaidh ar aghaidh le cultas na ngnóthaí nua.
Smaoineamh craiceáilte ba ea seo this was a crazy idea
Más ea so
" Ceachtanna Gaeilge ar an Idirlíon ============ Tá an uirlis nua seo ó Google pléite agam le cúpla duine a bhaineadh leas as agus an rud a dúirt roinnt díobh ná céard faoi fhadhbanna teicniúla? Más ea, tá rathaíocht ann go bhfaightear táillí ar ais muna bhfuil an dalta sásta.
más ea so
" Bunaíodh Tinder ar smaoineamh na seanáise Grindr ach tá treise ag an bpáiste nach raibh ag a athair, más ea: ceanglaíonn an áis nua do chuntas Tinder le do chuntas Facebook agus nuair a fhéachann tú ar phróifíl duine éigin eile ar Tinder, taispeánann sé duit má tá comhchairde eadraibh ar Facebook.
Cóisir is ea cóisir is ea cóisir a party is a party is a party
" Amach! Amach! Amach! Cóisir is ea cóisir is ea cóisir, agus ní haon áit é do dhaoine nach bhfuil in ann súp a bhaint as.
ba ea an t-aitheasc it was the speech
" Tocht le hAitheasc ======== Mhol an tArd-Aighne san ACT, Simon Corbell, an bille sa tionól, ach ba ea an t-aitheasc a thug an tAire Airgeadais, Andrew Barr, a tharraing aird an tslua agus na meán.
Más ea so
" Más ea, ní haon ábhar iontais dá lucht léite nár chuir an ailse isteach ar a chuid síorabhcóidíochta.
más ea so
" Mil na hÉigse le Dáileadh ========= Faoi Shamhain seo caite más ea, tharla ceol sa teach mór seo.
Saghas brionglóid is ea é cheana féin it’s like a dream already
" Críochnaithe! I 4:09 uaireanta an chloig! Saghas brionglóid is ea é cheana féin agus mé ar an mbus ar ais go Léim an Bhradáin.
slí bheatha ab ea ceird you lived by having a trade
" An uair úd, slí bheatha ab ea ceird agus ceol an cheird a bhí againne.
más ea if so
" Ach cruthaímid an domhan go húrnua gach aon lá, agus más ea, is féidir leis an gcomhlacht seanda seo meas an phobail dhúchasaigh agus idirnáisiúnta a mhealladh in athuair trí obair fhiúntach.
más ea bhí seo so to speak were
" I measc cuspóirí an chumainn más ea bhí seo: ‘*Generally to facilitate by all legitimate methods the restoration of the rural population to direct connection with the soil*’.
Más ea if such is the case
" Más ea, tá roinnt céadta crann sealghlas a bhfuil ag éirí leo sna sléibhte agus sna gleannta.
A mhalairt den scéal is ea an fhírinne the opposite is the truth
" A mhalairt den scéal is ea an fhírinne de réir an bhreithiúnais seo.
ab ea an cur chuige seo this approach was
" “Maoiniú” creideamhach ó chánacha ginearálta an Stáit ab ea an cur chuige seo, ach níorbh é maoiniú amháin a bhí i gceist sa nexus polaitiúil-seicteach seo.
bac de shaghas éigin ab ea an some type of constraint was the
" An Féintrua Náisiúnach ====== Ba léir don Fhréineach gur bac de shaghas éigin ab ea an féintrua náisiúnach, ach a mhalairt de scéal a bhí gceist dar leis an gCorcarach.
más ea so
" Ní fhéadfadh an tsochaí “normálachas” a bhaint amach gan an tírghrá sin a chuir béim ar oilithreacht speisialta na hÉireann, agus, más ea, b’ionann fuascailt na faidhbe agus: *“a succession of nationalistic movements, rising and falling, each dissolving into a period of reaction, of provincialism, yet each for all that leaving the nation a little more sturdy, a little more normal, a little less provincial than before.
Bhí an poll líonta de réir an scéil más ea so the hole was filled according to the story
" ' Bhí an poll líonta de réir an scéil más ea, agus an chontúirt maolaithe go maith, murach rud a rinne an dara fear, duine ó cheantar Chor an Dula, dar leis an scéalaí, agus gan aon tuiscint aige ar chúrsaí bádóireachta.
mar bhudh ea so to speak
" Seo í caint Mhichíl Uí Choinceanainn arís: 'Tháinig sé agus bhuail sé a sháil in aghaidh an chasóg ag iarraidh i a theannadh níos fearr mar bhudh ea, agus chuir sé an clár amach bunáite ó sháil go rinn, agus ansin ar ndóigh nuair a chuir, seod isteach an t-uisce, agus mar a dúirt an t-amhrán, sloigeadh an bád ansin, agus báthadh na daoine agus scaip na caoirigh anonn 's anall.
Díol suime is ea it’s interesting
" Díol suime is ea an méid blaganna agus leabhar atá á fhoilsiú i láthair na huaire ar thábhacht an tosta agus na diúide sa saol iar-nua-aoiseach seo agus sinn gafa in ascar ina chuid eangacha.
Ar feadh roinnt blianta más ea so for some years
" Ar feadh roinnt blianta más ea, bhí cuid d'fhoireann an AIB lonnaithe sa bPolainn le slacht a chur ar na cuntaisí thall ann.
Más ea, tá turasóireacht riachtanach so, tourism is necessary
" Más ea, tá turasóireacht riachtanach don gheilleagar áitiúil i dTír Conaill agus muna bhfuil na cuairteoirí ag teacht, tá an geilleagar thíos leis.
más ea so
" D’éirigh leis na stáit na rialacha sin a mhaolú tar éis 1976, agus más ea, méadaíodh líon na ndaoine a cuireadh chun báis, rud a ghoill go mór ar Stevens.
Tubaist amach is amach ba ea seo this would be total disaster
" Tubaist amach is amach ba ea seo, dá dtarlódh sé.
ab ea cinneadh was the decision
" Is Treise Dúchas, ach Is Gá Oiliúint =========== Ach níos tábhachtaí ná na tosca thuasluaite ab ea cinneadh a thóg Aontacht Gailf na hÉireann (GUI) thart ar scór blianta ó shin struchtúir a chur ar bun a chuirfeadh ar chumas daoine óga caighdeán ard i scileanna an ghailf a bhaint amach.
feidhm díobh sin is ea an féinghlanadh one use is for self-cleansing
" Ach an bhfuil aon rud níos binne ná guth an duine? Tá feidhmeanna éagsúla ag an nguth, ar ndóigh, agus feidhm díobh sin is ea an féinghlanadh, sa gháire agus sa ghol, cuir i gcás.
Lucht mioscaise is ea iad they’re a mischievous lot
" An mbeidh deireadh go deo leo? Lucht mioscaise is ea iad.
Más ea if such be the case
" Más ea, d’fhéadfaí a áiteamh le dlisteanacht gurb ionann tubaiste Ignatieff agus an iarracht uaidh an tubaiste chéanna a scagadh.
Cailliúint ollmhór is ea a bhás, his death is a big loss
" Cailliúint ollmhór is ea a bhás, ní hamháin dá mhuintir, ach do CLG i gcoitinne, dar le Colm Mac Sealaigh.