Pota Focal Intergaelic
eagar | eater | aer | eag | eagle
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
díocasach eager, keen
" Níl de dhíth ach foilsitheoir toilteanach, eagarthóir díocasach, agus dea-thoil na ndaoine sin a bhfuil an chuid is mó den obair - an bailiú - déanta acu cheana féin.
róchíocrach too eager
" Shíl mé ar dtús nach dtógfadh sé ach leathbhliain orm an leabhar a chríochnú, ach tá an scéim seo ar na bacáin i gcónaí, ó tá leabhartha nua suimiúla as Gaeilge nó fá dtaobh den teanga á bhfoilsiú go tiubh an t-am ar fad, agus mise róchíocrach chun gach líne a léamh.
cíocrach eager
" Léiriú láidir dúinn ar cé chomh cíocrach agus atá na daoine ó thuaidh don tsíocháin is ea díchoimisiúnú airm na bPoblachtach agus na nDílseoirí.
ar bís very eager
" Ba léir go raibh sí ar bís chun labhairt linn, ach bhí náire uirthi.
dhíograiseach eager
" Mhol an reifreann i 1967 go n-aisghairmfí an dá alt thuas agus thug na páirtithe polaitíochta náisiúnta go léir agus rialtais na stát tacaíocht dhíograiseach dó.
daoine díograiseacha eager people
" Má tá daoine díograiseacha ann ar spéis leo cláracha nó scannáin a dhéanamh, ba cheart dul sa tseans.
D’ainneoin m’anó seachláide despite my eager desire for chocolate
" D’ainneoin m’anó seachláide i mbliana, fuair mé mo sháigh bia anama is intinne ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 16 Bealtaine 2014.
díocasach keen, eager
" Tá fonn mór ar Phríomh-Aire na hAstráile, John Howard, tacú leis na Stáit Aontaithe má dhéantar ionsaí ar an Iaráic, ach, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin, níl an pobal chomh díocasach céanna.