Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i mbaol endangered
" Tá lachain ann atá an-álainn go deo, cuid acu i mbaol.
i mbaol endangered
" Is ainmhí é atá i mbaol anois de bharr scriosadh gnáthóige agus an sléacht a rinneadh orthu ag tús an chéid seo caite.
a chur i mbaol to endanger
" Mothaíonn go leor de bhunadh na tuaithe gur seo aicme ar leith cathrach atá ag iarraidh saol traidisiúnta na tuaithe a chur i mbaol agus gur ionsaí é ar a saol agus ar a nósanna maireachtála.
agus mo shlí bheatha a chur i mbaol and to endanger my livelihood
" “Ní dhearna mé dochar ar bith dóibh ach rinne siadsan iarracht dochar a dhéanamh domsa agus mo shlí bheatha a chur i mbaol.
curtha i mbaol endangered
" Ar an chéad lá den mhí sin bhíothas ag ceiliúradh 300 bliain ó síníodh Acht an Aontais ach trí lá ina dhiaidh sin bhí stádas an Achta chéanna curtha i mbaol ag bua an SNP i dtoghchán na Parlaiminte.
faoi bhrú under pressure, endangered
" Cé gur bláth é an cloigín gorm atá réasúnta coitianta i Sasana, tá sé faoi bhrú ar fud na hEorpa.
i mbaol endangered
" Maítear go bhfuil an maoiniú a dhéanann siad ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i mbaol dá dheasca.
i mbaol endangered
" Ní shamhlófá go mbeadh athréimniú teanga le háireamh ar cheann de phríomhthosaíochtaí aon cheannaire stáit le linn ré chomh éiginnte sin, ina raibh chan amháin slándáil is flaitheas na tíre faoi bhagairt mhór, ach ina raibh bunluachanna na sochaí i mbaol chomh maith.
i mbaol a mhillte endangered, in danger of being devastated
" Ach gu’b é inimirce ealaíontóirí, cruthaitheoirí agus lucht critice, bhí an ceantar seo i mbaol a mhillte – bheadh sé leagtha go talamh agus bheadh na hilstóraigh a bhí a dtógáil ar fud an oileáin tógtha anseo fosta.
i mbaol endangered
" Tá seacht gcineál déag d’éin agus de mhamaigh farraige i mbaol ina gcónaí ar an oileán de réir thuarascáil na ranna thuas.
i mbaol endangered
" Cuireadh an tuilleamh coigríche seo i mbaol ar na mallaibh, ámh, mar gheall ar fhadhbanna áirithe leis an gcaidreamh taidhleoireachta idir an Astráil agus an India.
i mBaol endangered
" Mionlach i mBaol Níl iontu seo ach na mórdhreamanna, ar ndóigh, agus tá roinnt mhaith mionlach beag sa tír a bhfuil an scéal glan díreach chomh riabhach acu.
faoi bhagairt endangered
" Agus mé á scríobh seo ar chósta thiar Chalifornia, is furasta a dhearmad nach bhféadfadh go leor teangacha atá faoi bhagairt ar fud an domhan an tacaíocht pholaitiúil a fhaigheann an Ghaeilge a shamhlú go deo.
i mbaol endangered
" Nuair a tháinig muid chun na tíre seo beagnach ceathracha bliain ó shin, aisteach le rá, bhí an crogall inbhir ar liosta na gcineálacha i mbaol.
i mbaol endangered
" Dar ndóigh, bheadh sealbhaíocht na hEaglaise i mbaol dá mbeadh an sagart pósta.
i mbaol endanger
" Cuireadh ina leith go poiblí ag an am gur dream amadán iad a chuirfeadh tionscal mór seachadadh an ola i mbaol sa chuan.
faoi bhagairt threatened, endangered
" Beartas Rousseff ========== Tá plean chun áitreabh oiriúnach a chur ar fáil do gach uile dhuine a bhfuil cónaí air i gceantar atá faoi bhagairt ó thubaistí nádúrtha fógartha ag rialtas Rousseff.
chur i mbaol to endanger
" Go bunúsach, ní raibh Éamonn Ó Cuív sásta oiread is vóta amháin a chur i mbaol sna ceantracha sin ina Dháilcheantar féin, a chaillfeadh stádas Gaeltachta in aon athbhreithniú eolaíoch a dhéanfaí ar theorainneacha na Gaeltachta.
a chur i mbaol to endanger
" Ní fhéadfadh Bord an Údaráis feidhmiú mar is ceart ar thrí chúis im’ thuairimse: - (i) i dtosach tá an Bord rómhór le bheith feidhmiúil; - (ii) is comhairleoirí contae nó iarchomhairleoirí contae 13 as an 17 ball tofa ar bhord na heagraíochta, agus ní bheadh sé de mhisneach acu vótaí a chur i mbaol trí sheasamh a ghlacadh, a chuirfeadh caomhnú na Gaeilge roimh chruthú fostaíochta; - (iii) de bharr easpa saineolais, ní hacmhainn don bhord dúnghaois a shocrú ná dianscrúdú a dhéanamh ar obair na heagraíochta.
i mbaol endangered
" Meastar go gcuirfidh sé deireadh leis an nuachtán traidisiúnta atá i mbaol ar fud an domhain.
i mBaol endangered
" An tAontas agus Rathúnas i mBaol =============== Tá cúiseanna eile – stairiúla agus institiúideacha seachas cultúrtha agus polaitiúla – leis an chliseadh polaitiúil san Eoraip, ach tá an toradh céanna air.
i gcontúirt a múchta endangered, facing extinction
" Ní raibh ach 145 de na teangacha seo fós ar marthain, de réir tuarascála a foilsíodh sa bhliain 2005 agus, mar bharr ar an donas, bhí a bhformhór acu lagaithe go mór agus i gcontúirt a múchta, mar a míníodh ar an iris seo (eagrán 110, Meitheamh 2010).
i mbaol endanger
" Ba le haimhleas Chúige Uladh agus na hÉireann a leithéid de Pharlaimint a bhunú, dar leo, mar go gcuirfeadh sé a saoirse chreidimh agus shibhialta de dhroim seoil, go scriosfadh sé a saoránacht agus go gcuirfeadh sé aontas Impireacht na Breataine i mbaol.
faoi phriacal endangered
" Níorbh ionadh é mar sin gur fhógair Tony Burke, an tAire Comhshaoil sa rialtas náisiúnta, le gairid go gcuirfí scataí áirithe na gcóálaí atá faoi phriacal ar liosta náisiúnta oifigiúil na n-ainmhithe faoi bhagairt.
faoi bhagairt mhór greatly endangered
" Bhí na cúraimí seo faoi bhagairt mhór ó mhol údair Thuarascáil an Bord Snip Nua go mbrisfí an tÚdarás ina ghiotaí agus go ndéanfaí a chúraimí a scaipeadh soir siar.
nuair nár baol do chearta saoránaigh ar bith when no citizen’s rights were endangered
" Scríobh an Príomh-Bhreitheamh Finlay nár chóir don chúirt cur isteach ar obair an Rialtais anseo ach go háirithe nuair nár baol do chearta saoránaigh ar bith dá gcuirfeadh an Dáil an t-acht i bhfeidhm.
i gcontúirt endangered
" **SMM: Cad é do bharúil faoi Ghaeilg na hAlban faoi láthair? An bhfuil sí i gcontúirt?** AW: Tá sí i gcontúirt go fóill, gan amhras.
i gcontúirt mhór, faraor greatly endangered alas
" Is ceist bheo í seo, gan amhras ar bith agus tá an cuimsiú fairsing seo le moladh go mór tharla gur ríchosúil go bhfuil tobar ár saíochta, an slabhra gan briseadh sin, an Ghaeltacht, i gcontúirt mhór, faraor.
mbeidh contúirt ann do dhaoine óga young people shall be endangered
" Tá siad in éadan drugaí, tá siad buartha, i ndiaidh na sosanna cogaidh go dtiocfadh na drugaí i réim agus go mbeidh contúirt ann do dhaoine óga.
i mbaol endangered
" Tá an scéim seo anois i mbaol, ní hamháin mar gheall ar chiorruithe deontais ach mar gheall ar chríoch iomlán leis an rannóg a bhí ag riar na ndeontas féin.
sheanbhád i mbaol a bháite an old boat endangered of sinking
" Bhíomar ag ithe dinnéir agus an teach iomlán ag díoscán mar sheanbhád i mbaol a bháite faoi na réablacha gaoithe nuair a tharla pléasc taobh amuigh den teach a las gach rud timpeall orainn ar feadh leathmheandair.
i gcabhair ar bhád a bhí i mbaol to the aid of an endangered boat
" Tháinig cor gan choinne sa scéal, ámh, nuair a tháinig long lastais as an Iorua, an MV Tampa, i gcabhair ar bhád a bhí i mbaol agus é ar a bhealach chun na hAstráile plódaithe le teifigh.
i mbaol de dheasca endangered because of
" Tá súil agam go mbeifear in ann an bhliain a úsáid le dhá rud a dhéanamh: (i) i dtosach, a chur ar a súile do mhuintir na hÉireann nach bhfuil i straitéis an rialtais i dtaobh pleanáil teanga sa Ghaeltacht ach cur i gcéill ó thús go deireadh, ar a bhféadfaí go leor airgid poiblí agus fuinnimh pobail a chur amú gan toradh ar bith dá bharr agus (ii) a chur in iúl don Aontas Eorpach, ag an leibhéal is airde, go bhfuil cuid tábhachtach d’oidhreacht cultúir na hEorpa i mbaol de dheasca cur i gcéill an rialtais anseo, maidir le caomhnú na Gaeilge sna ceantracha ina bhfuil sí fós ina teanga bheo.
go bhfuil a n-anamacha i mbaol their souls are endangered
" Tugann an Pléimeannach, Marinus van Reyerswaele, léargas eile dúinn ar chruachás baincéara ina shaothar, Iasachtóir Airgid lena Bhean, ina bhfeiceann muid lanúin atá gafa lena gcuid airgid agus sa chúlra, mar chomhartha go bhfuil a n-anamacha i mbaol, tá coinneal múchta ann.
i mbaol a ndúnta endangered with closure
" Turasóireacht sa favela ========= Tá an dá scoil in Sussuarana i mbaol a ndúnta.
a chur sa bhearna bhaoil endangering
" Mhaígh na breithimh fé dheireadh ná féadfaidís cead a thabhairt do Marie Fleming socruithe a dhéanamh deireadh a chur lena saol le cabhair sheachtarach gan daoine leochaileacha eile sa chomhphobal a chur sa bhearna bhaoil.
isteach sa bhearna bhaoil endangering (herself)
" Chonaic mé í ag tabhairt léachta i nGleann Gormfhlaith a raibh baill d’eite dheas an DUP i láthair agus níl eagla ar bith uirthi dul isteach sa bhearna bhaoil leis an teachtaireacht a chraobhscaoileadh.
gcuirtear teanga leochaileach i mbaol breise a delicate language is more endangered
" Ní aontaím leis an tuairim sin ach thacóinn leis an tuiscint go gcuirtear teanga leochaileach i mbaol breise gach uair a mbrúitear amach ar an imeall í as réimse eile den allagar phoiblí.
duine eile a chur i mbaol endangering another person
" Mar a dúirt an t-iar-Thaoiseach John Bruton, is é an chéad uair gur cheadaigh muid duine eile a chur i mbaol toisc bagairt ó dhuine eile lámh a chur ina bás nó ina bhás féin.
Nach leochaillí i bhfad iad aren’t (special interest publications) much more endangered
" Má tá teidil cháiliúla, fhadbhunaithe imithe ar shlí na fírinne, cén deis atá ag nuachtán beag suarach i dteanga mhionlaithe atá lonnaithe ar imeall na hEorpa? Nach leochaillí i bhfad iad foilseacháin sainspéise ar nós meáin chlóite na Gaeilge? Ach is míniú falsa é an díothú domhanda ar bhás an nuachtáin Ghaeilge.
i mbaol endangered
" Agus tá sé i mbaol, níl aon cheist faoi.
chuirfeadh baol báis ar dhuine endanger one to dying
" Is iad na sainchomharthaí is coitianta a bhíonn ar na hothair ná: fearg as an ghnách a chuireadh baol an urchair mhillte ar dhuine agus dúlagar domhain a chuirfeadh baol báis ar dhuine.
a chuirfeadh an teanga pobail i mbaol which would endanger language
" A Mhalairt d’Éileamh ar an Eoraip ============= Ceisteanna difriúla a bheadh agamsa ar na hiarrthóirí: (i) an dtacóidís leis an smaoineamh go mbeadh aitheantas ag na ceantair ina bhfuil Gaeilge fós á húsáid iontu mar cheantair speisialta chaomhnaithe teanga; (ii) an dtacóidís le hiachall a bheith curtha ag an AE ar Rialtas na hÉireann lena chinntiú go mbeadh cosaint cheart tugtha do na ceantair sin ó aon chineál forbairtí nó beartais a chuirfeadh an teanga pobail i mbaol iontu; (iii) an dtacóidís le hiarratas ar an AE ciste speisialta tacaíochta a chur ar bun le caitheamh ar scéimeanna agus ar thionscnaimh chaomhnaithe teanga sa chuid bheag den Ghaeltacht oifigiúil ina bhfuil an Ghaeilge fós in úsáid.
nó iad féin a chur i mbaol or to endanger themselves
" Is léir go raibh rogha chrua ag gaolta Bromson nuair a thuig siad go raibh sé beartaithe aige lámh a chur ina bhás féin ar 27 Iúil: bás uaigneach don seanfhear nó iad féin a chur i mbaol le fortacht a thabhairt dó in am a ghátair.
faoi bhrú under pressure, endangered
" Is maith an rud é, mar sin, go bhfuil sárobair curtha i gcrích ag eagraíochtaí speisialta sa Bhreatain le bláthanna fiáine atá faoi bhrú a chaomhnú.
i mbaol a scriosta endangered
" Is léir gur fiche eagraíocht atá i mbaol a scriosta ag Foraois an fhill.
atá i nguais easláinte nó i gcontúirt an bháis féin who’s health is endangered or even their very lives
" Chuir Lorna Ní Thomáin spéis i scéal Simon Metin, fear óg a tháinig slán ón ngalar troscaidh agus atá ag iarraidh cuidiú le daoine óga eile atá i nguais easláinte nó i gcontúirt an bháis féin.