Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
méadaithe enlarged
" Tá sí buailte linn arís agus í níos mó agus níos leithne ná má a bhí sí riamh! Tá sí méadaithe agus tá sí ag tarraingt airde ó chuile cheard! Tá sí gealgháireach, dána, machnamhach, ceolmhar, ealaíonta, gnéasach, bríomhar, spraíúil, ciúin, uasal, éirimiúil, drámatúil, fileata, sultmhar, scigiúil, cruthaitheach, dúchasach, ilteangach, uileghabhálach, scléipeach, deisbhéalach agus beo! Cé hí an aisling seo ar a bhfuil mé ag trácht? Seachtain na Gaeilge, ar ndóigh! Ag tarlú, mar a bhíonn sí i gcónaí, idir 10 Márta-17 Márta, déanfaidh an fhéile seo réimse leathan d'imeachtaí spraoi a sholáthar do phobal na Gaeilge ar fud na hÉireann agus thar lear.
ansin go dtabharfadh muid droim láimhe don Eoraip mhéadaithe that we would turn our back on an enlarged Europe
" Ach an bhfuil sé ceart go dtiocfadh muid i dtír ar an airgead Eorpach ar feadh i bhfad agus ansin go dtabharfadh muid droim láimhe don Eoraip mhéadaithe? Tá argóint ann go ndéanann comhlachtaí Meiriceánacha airgead a infheistiú in Éirinn de bharr muid a bheith inár mbaill den Aontas Eorpach agus má dhiúltaíonn muid do Chonradh Nice go léireoidh sin easpa díograise agus go ndéanfar an t-airgead seo a infheistiú i bpostanna in Albain, Sasana agus oirthear na hEorpa.
chomhphobal nua-mhéadaithe newly-enlarged community
" In ómós do chomhphobal nua-mhéadaithe na hEorpa, beidh saothar ealaíontóirí nua-aimseartha ó na ballstáit nua le feiceáil sa taispeántas *Enlargement!* Gach mí beidh tír nua le feiceáil, ag tosú i mí Eanáir leis na healaíontóirí Keilti Tiitsar agus Kirsti Papp ón Eastóin, agus ag críochnú i mí na Samhna agus na Nollag le healaíontóirí Éireannacha.
méadaithe as cuimse greatly enlarged
" Ní gnáthléarscáil atá ann, áfach, ach ceann a bhfuil roinnt áiteanna méadaithe as cuimse air.
méadaithe enlarged
" Agus nuair a chuirtear gnáthíomhá teilifíse ar scáileán ollmhór ní bhíonn cuma ródheas air toisc go bhfuil gach picteilín méadaithe ann.
méadaithe enlarged
" ) ==================== Rogha dánta comhaimseartha ar théamaí óige agus caidrimh teaghlaigh, Eagrán úr méadaithe (ó 2001): Le Máirín Nic Eoin ISBN: 978-1-901176-27-8 Foilsithe: 2001 Leathanaigh: 96 Rogha dánta comhaimseartha le filí éagsúla ar théamaí óige agus caidrimh teaghlaigh móide réamhrá léirmhínitheach le Máirín Nic Eoin.
méadaithe go mór greatly enlarged
" Bhí a chuid súile méadaithe go mór ag an gloine thiubh.
ag bunú agus ag forbairt enlarging and developing
" Agus an rud is tábhachtaí le déanamh, ná le cinntiú go bhfuil an raidió in ann theacht as an ghéarchéim seo agus go mbeimid fós, láidir go leor le toiseacht ag tógáil aríst ag bunú agus ag forbairt agus ag déanamh dul chun cinn go dté muid ar ais go dtí an áit a raibh muid cúpla bliain ó shin sular thoisigh an ghéarchéim seo.
eagráin mhéadaithe enlarged editions
" Leabhair nuascríofa is ea cuid acu, eagráin nua nó eagráin mhéadaithe de leabhair a cuireadh i gcló cheana is ea a thuilleadh acu, idir Ghaeilge agus Bhéarla.
an AE úrmhéadaithe an enlarged EU
" Nuair a chruthaigh Conradh Liospóin an AE úrmhéadaithe, chruthaigh an AE úrmhéadaithe post don Baroness a íocann £328,000 léi achan bhliain.