Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i dteideal entitled
" Ní bhíonn inimircigh gan cháipéisí i dteideal Medicaid ar chor ar bith i bhformhór na stát.
dlite entitled
" Méala mór eile dó nach bhfuil sé dlite imirt fiú faoi Riail na Mamónna.
i dteideal entitled to
" Cén fáth a bhfuil an t-airgead sin tuillte ag Aonad na Gaeilge? In ionad a rá go bhfuil an méid a chaitear tuillte ag an Aonad, déarfainn go bhfuil pobal na Gaeilge i dteideal soláthar ceart a fháil ón BBC mar chraoltóir seirbhíse poiblí; tá céadchodán suntasach de phobal Thuaisceart Éireann a bhfuil Gaeilge acu nó suim acu inti.
i dteideal imirt entitled to play
" Tá éacht déanta ag gach foireann a shroicheann an fhéile agus is cóir moladh agus aitheantas a thabhairt dóibh go léir agus go speisialta do na tíortha beaga ar nós na hÉireann (cé go bhfuil an líon daoine atá i dteideal imirt ar son na hÉireann i bhfad níos mó ná daonra na tíre féin).
i dteideal an airgid entitled to the money
" Tá rialtais stáit ag rá le blianta nach bhfuil aon deacracht an t-airgead a íoc ach a bheith sásta go bhfuil daoine i dteideal an airgid.
i dteideal entitled
" Is é sin le rá go bhfuil daoine ag tuilleamh idir €150 agus €200, mar shampla, agus nach bhfuil siad i dteideal cárta leighis.
i dteideal liúntais entitled to benefits
" Caithfidh siad a bhfuil d'airgead acu féin agus ag a gcéile a chaitheamh ar fad i dtosach sula mbeidh siad i dteideal liúntais.
i dteideal entitled to
" Faoi láthair, má tá fear agus bean ina gcónaí le chéile, is cuma más tréimhse fhada nó ghearr atá i gceist, agus má thréigeann duine amháin an duine eile de bharr easaontaithe, nó má éiríonn duine amháin tinn, nó fiú má fhaigheann duine acu bás, níl an duine eile i dteideal aon cheann de na cearta céanna a bheadh aige/aici dá mbeadh sé/sí pósta.
a bhí dlite dóibh that they were entitled to
" D’fhéadfaidís a mhaíomh gur cuireadh cor leatromach ina gcinniúint ó tharla b’fhéidir nach bhfuair siad dóthain pointí le tabhairt faoina rogha cúrsa ollscoile, nach bhfuil siad sona sásta ina ngairm bheatha agus nach dtuilleann siad an oiread is a d’fhéadfaidís dá mba rud é gur bronnadh na marcanna orthu a bhí dlite dóibh.
i dteideal entitled to
" Má cheap daoine go raibh siad i dteideal marcanna breise bhí sé go huile is go hiomlán míchothrom – agus cam fiú – gan iad a chur ar an eolas faoi aon athrú a bhí tagtha ar an chóras.
i dteideal a leithéid entitled to such a thing
" Is fada é aitheanta go gcailleann pobal a chaith blianta fada mar choilíneacht a féinmheas agus a mórtas cine, santaíonn siad maoin an choilínigh ach gan an mhuinín acu a chreidiúint go bhfuil siad i dteideal a leithéid.
dteideal tacaíocht dá leithéid entitled to such support
" Bunús an bhreithiúnais sin? Chreid an fear seo go raibh sé i dteideal tacaíocht dá leithéid, agus b’in sin.
i dteideal saoránachta entitled to citizenship
" Faoin scéim seo, ní bheidís i dteideal saoránachta.
dar teideal entitled
" Ina dhiaidh sin, rinne sé an t-iliomad cláracha pobail agus míreanna nuachta sular oibrigh sé ar chlár conspóideach do Channel 4 dar teideal "Mother Ireland", clár a bhain le mná agus an náisiúnachas.
dar teideal entitled
" Ina dhiaidh sin, rinne sé an t-iliomad cláracha pobail agus míreanna nuachta sular oibrigh sé ar chlár conspóideach do Channel 4 dar teideal "Mother Ireland", clár a bhain le mná agus an náisiúnachas.
i dteideal na seirbhísí agus na cosanta entitled to the services and protection
" Tá na fadhbanna céanna acu maidir le leatrom is atá ag daoine gorma, ach ní mheasann na húdaráis go bhfuil Éireannaigh i dteideal na seirbhísí agus na cosanta a chuirtear ar fáil do mhionlaigh eile.
scannán dar teideal a film entitled
" Is éard atá ar fáil ná scannán dar teideal *The Fairytale of Kathmandu*.
a bhí dlite dom to which I was entitled
" Ar ndóigh, níl pingin rua faighte agam ó na crannchuir thuasluaite mar níor líon mé na foirmeacha isteach leis an airgead a bhí dlite dom a fháil.
feachtas nua dar teideal a new campaign entitled
" Nach iontach an rud é an fhoilsitheoireacht deisce?! **Feachtas**Shíl mé go mbeadh stuif mar seo mealltach do dhaoine leochaileacha, agus ba dhíol spéise é, dar liomsa, go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil an Office of Fair Trading (OFT) i Sasana den tuairim chéanna – chuir siad tús le feachtas nua dar teideal Scams Awareness Month i mí Feabhra.
tá sé i dteideal teastas a fháil he is entitled to get a certificate
" Má shiúlann oilithreach 100 ciliméadar de bhealach Camino de Santiago, tá sé i dteideal teastas a fháil ar a dtugtar an *Compostela*.
dar theideal entitled
" Tá píosa fada fiáin ceoil ag an mbanna dar theideal, Luna Park.
i dteideal entitled to
" Coisceann an dlí L622-1, dlí atá i bhfeidhm ó 1945, ar gach saoránach agus ar dhaoine atá ag cur fúthu go dleathach sa Fhrainc cabhrú le duine ó thír iasachta nach bhfuil i dteideal cearta inimirce ‘teacht isteach, saorthaisteal thart nó tréimhse a chaitheamh’ sa tír.
dar teideal entitled
" Cuireadh an chonspóid seo i gcuimhne dom arís ar na mallaibh nuair a léigh mé aiste dar teideal ' I gcuntas Dé múin Béarla do na leanbhain': eisimirce agus an Ghaeilge sa naoú aois déag ' le Karen P.
faoin teideal entitled
" I léacht a thug an Dr Eoin O Malley as Ollscoil Chathair Átha Cliath chuig comhdháil i gColáiste na Tríonóide ar na mallaibh faoin teideal *Are Our Institutions Fit for Purpose? Political Reform in the Republic of Ireland*, chuir sé Acht na dTeangacha Oifigiúla ar aon leibhéal leis na hinnill vótála leictreonacha agus Scéim Bharántas na mBanc.
i dteideal entitled
" Mar a scríobh blagadóir amháin inniu, bhí a fhios sin ag madaidh an bhaile, go raibh dream daoine, nach raibh i dteideal a dhéanamh, ag crúbáil an dól chucu féin go furasta.
dar teideal entitled
" “*Same pig; different lipstick*,” a deir sé agus é ag tagairt don tuarascáil dar teideal A Pathway to Recovery and Renewal for the Irish Economy, a d’ullmhaigh Ronald Greenspan don Taoiseach Brian Cowen i Márta na bliana seo.
dlite entitled
" Tá gach tacaíocht (idir chúnamh airgid is mórálta) dlite don dá fhoilseachán má táthar leis na cosa a thabhairt leo ón ghéarchéim reatha.
dar teideal entitled
" Cén t-éacht? Cá bhfuil Ar Son na Cáise? Thig le Balor rún a scaoileadh libh anois, a léitheoirí dílse: bhí Ó Céidigh ar a sheacht ndícheall ag iarraidh Balor a sciobadh ó Beo Ar Éigean! chun alt úr aorach seachtainiúil a scríobh do Foinse: alt dar teideal Ar Son na Drúise! Ach ní raibh spéis dá laghad ag Balor i gcúrsaí drúise, ná in alt a scríobh do Sir Anthony O Reilly, ná do Sir Pádraig Ó Céidigh; agus chomh maith leis sin, mheall Sir Seosamh Ó Slua Muirí é le caoga a trí cent sa bhreis in aghaidh an ailt dá bhfanfadh sé le Beo Ár Éigean! Ní thig dílseacht a cheannach.
dar teideal entitled
" ” Tá daoine ann a léighfidh an mhír thuas a cheapfaidh nach bhfuil ann ach tagairt chiníoch: “Seo frith-Sheimiteach eile ag rá go bhfuil na Stáit Aontaithe faoi smacht na nGiúdach!” Ach má ghlacann muid leis nach bhfuil na Giúdaigh go léir i gceist ag an duine seo ach mionlach beag díobh, ar antoiscigh iad, an bhfuil pointe aige? Maidir leis an gcéad mhaíomh, léirigh mé anseo, in alt dar teideal ‘Ar mhaithe le Síón,’ nach raibh difear ar bith idir Obama agus McCain ó thaobh a ndílseachta diongbháilte do Iosrael.
i dteideal entitled
" Baol a bhaineann le bheith i gceannas ar eagraíocht ar bith ar feadh tréimhse fhada ná gur minic nach ligean an sotal duit idirdhealú a dhéanamh idir na nithe atá tú i dteideal a dhéanamh agus iad siúd nár chóir a dhéanamh.
i dteideal entitled
" I bhfocail eile thiocfadh go mbeadh mórdhíoltóir earraí i dteideal leagan Gaeilge a fháil d'ionstraim reachtúil a bhaineann le praghasanna a chuid táirgí, ach ní bheadh gnáthdhuine i dteideal a leithéid mura mbeadh leas aige ann.
dlite entitled
" D’éirigh rudaí teasaí nuair a thug Ceannaire na n-Aontachach Ulaidh, David Trimble, le fios go raibh an t-aitheantas céanna dlite don Ultais: *“Bertie did not take quite the same relaxed view of the importance of Ullans as I did, suggesting that maybe David would like to speak some of ‘the fecking thing’ so we could hear what it sounded like; and David taking umbrage at the idea that the dialect was a Unionist invention, explaining solemnly and at length the Scottish roots of Ullans with all the sensitivity of a landowner talking to the village idiot.
dar teideal entitled
" Healey, alt dar teideal *‘Shakespeare Was An Irishman’* ar an iris *The American Mercury*.
dar teideal entitled
" Bíodh leathshúil agaibh ar an alt a scríobh Ciarán Mac Aonghusa dar teideal Éalú ón Duibheagán agus sibh i mbun pinn.
dlite entitled
" Mhol an t-aon fheisire de chuid an Pháirtí Ghlais, Adam Bandt, an rún, a d’iarr ar a chomhghleacaithe sa teach dhá rud a dhéanamh: a thabhairt faoi deara go raibh pósadh comhghnéis dlite i dtíortha go leor eile, agus ceist an phósadh chomhghnéis a spíonadh leis an lucht vótála ina gcuid toghcheantar.
dar teideal entitled
" D’fhoilsigh Hervé Lossec leabhar le déanaí dar teideal Les Bretonnismes, a mhíníonn nathanna cainte i bhFraincis na Briotáine a d’eascair as an mBriotáinis.
faoin teideal entitled
" Scríobh mé faoin scéal seo ar Beo, in eagrán 32, Nollaig 2003, faoin teideal 'Dinnseanchas Merseyside' mar tháinig an chuid is mó acu i dtír anseo.
dar teideal entitled
" Ar an 3 Feabhra, in eagarfhocal sa Washington Post dar teideal *“Why Obama has to get Egypt right,”* mhol George Soros go mb’fhearrde Uachtarán SAM a thacaíocht a thabhairt gan mhoill d’agóideoirí na hÉigipte.
dar teideal entitled
" Áit fhíorálainn atá inti ach siar sna 1970í agus mé ag fás anois, bhí féile ar siúl dar teideal Culchie Come Home, mar bhí oiread sin eisimirce ó Choillte Mach an t-am sin," ar sí, ach ní sin an tsiocair ar thosaigh sí ag cur suime sa pholaitíocht.
dar teideal entitled
" Bhí ainm an Cheallaigh in airde arís le déanaí mar gheall ar thaispeántas ollmhór, atá ar siúl in Iarsmalann Náisiúnta na hAstráile, Canberra, dar teideal: Not Just Ned: A true history of the Irish in Australia.
dar teideal entitled
" ”* Ach maidir leis an réabadh agus an marú a tharraing na muirthéachtaí síochánta anuas ar mhuintir an Mhéanoirthir i mbliana, ní miste breathnú níos doimhne ar alt a scríobh Lewis i 1992 dar teideal *“Rethinking the Middle East.
faoin teideal entitled
" Is cuimhin liom féin an chaint a bhí ar an ábhar seo i measc na ndaoine fásta i 1966 agus an t-eagrán uathúil den *Sunday Press* a cheannaigh mo mháthair san Ionad Éireannach, áit a raibh taispeántas ealaíne faoin teideal 'Aiséirí' ann chomh maith le himeachtaí eile.
mar theideal ar entitled
" ie roimh an 21ú Iúil 2011 agus bíodh na focail ‘Comórtas Mhí Iúil’ mar theideal ar do theachtaireacht.
i dteideal entitled to
" Bhí geallúintí tugtha ag Clinton go bhfeabhsódh sé cúram sláinte, go gcuirfeadh sé le líon na ndaoine a bhí i dteideal leasa shóisialaigh, go gcuirfeadh sé go mór le hinfheistíocht i gcruthú postanna agus go gcuirfeadh sé deireadh leis na neamhionannais a bhí cruthaithe le linn réimeas George Bush I.
dar teideal entitled
" Sa bhliain 1996, réitigh meitheal smaointe Iosraelach páipéar dar teideal *“A Clean Break: A New Strategy for Securing the Realm”* le haghaidh an Phríomh-Aire nuathofa Benjamin Netanyahu.
dar teideal entitled
" In úrscéal eile dar teideal The Talented Mr.
ba theideal was entitled
" "An Gearrscéal i Litríocht na Gaeilge" ba theideal don chomhdháil, agus tháinig daoine ó chian is cóngar chun páipéir a thabhairt nó le cluas a thabhairt sna cainteanna.
dar teideal entitled
" Tharla leabhar dá chuid a bheith á léamh agam ar na mallaibh, leabhar dar teideal *Guns, Gems and Steel a short history of everybody for the last 13,000 years*.
faoin teideal entitled
" D’fhoilsigh PNAC agus trí dhream eile fógra nuachtáin sa New York Times ar an 20 Meán Fómhair faoin teideal, *“Mr.
leis an teideal entitled
" ” Chuir an nuachtán áitiúil, *The Liverpool Echo*, grianghraf de gach íobartach ar a phríomhleathanach ar eagrán Bealtaine 14ú i mbliana leis an teideal: *Shot Dead.
is teideal don is entitled
" Amhráin Ghrá is teideal don albam agus faightear léirithe ann ar shaghsanna éagsúla den ghrá: an grá rómánsúil, an grá máthartha agus an tírghrá.
caint dar teideal a talk entitled
" Bhí an t-iar-Uachtarán, iar-Choimisinéir um Chearta Daonna de chuid na Náisiún Aontaithe, in Ard Mhacha ar cuireadh ón *Centre for Cross Border Studies* le caint dar teideal *‘Memory, from loaded word to moral imperative’* a thabhairt.
dar teideal entitled
" Dhealraigh an taispeántas ollmhór dar teideal ‘Not Just Ned’, faoi stair na nÉireannach san Astráil, ar an tionchar a bhí ag seasamh O Farrell.
i dteideal entitled
" “Níl cúis ar bith nach dtiocfadh na Cluichí Oilimpeacha go Gleann? An bhfuil? Nach mbeadh pobal s’againne i dteideal na cluichí a bheith againn chomh maith le pobal ar bith eile ar domhan?” a d’fhiafraigh sé de Bhalor.
D'fhoilsigh muid bileog dar teideal we published a pamphlet entitled
" " "D'fhoilsigh muid bileog dar teideal *A Scenario for Peace* agus phléigh é le ceardchumannaithe, leis an chléir agus le daoine eile agus uaidh sin tháinig doiciméad eile amach Towards a Lasting Peace in Ireland.
i dteideal an liúntas seo a fháil entitled to receive this allowance
" Tá os coinn 2,200 múinteoir bunscoile agus thart ar 400 múinteoir dara leibhéal i dteideal an liúntas seo a fháil san am i láthair agus cosnaíonn sé thart ar €5m ar an státchiste gach bliain.
dar teideal entitled
" Mhínigh sí don slua mór go mbíodh an tUachtarán ina léachtóir socheolaíochta agus polaiteolaíochta, tráth dá raibh, agus ba léir an méid sin sa léacht a thug sé dúinn, dar teideal ‘Learpholl agus a Lucht Imirce as Éirinn’.
dlite do phobal na tíre seo the people are entitled to
" Is ea, tuigim gur cheist chasta ghabhlánach is ea í ach tá míniú soiléir sothuigthe dlite do phobal na tíre seo sula n-íocann siad bonn bán den 3.
dar teideal entitled
" I dtaca le ginealach na bhforas sin a bhí i mbéal an phobail le blianta anuas, tithe na ngealt, na neachtlanna Maigdiléana agus na scoileanna ceartúcháin san áireamh, foilsíodh leabhar spéisúil le déanaí, leabhar tinrimh dar teideal Pauper Limerick a thugann léargas thar a bheith spéisúil dúinn ar Theach na mBocht i gCathair Luimnigh ag deireadh an ochtú haois déag.
faoin teideal entitled
" Bhí eagarfhocal sa Cork Examiner ar an gCéadaoin, 13 Márta faoin teideal ‘*The Irish language: Throwing good money after bad?*’ a chuir olc ar lucht na Gaeilge mar gur thug sé le fios go gcaitear ‘*around €1bn.
dar teideal entitled
" 
 “Bhí sé saoithiúil,” ar sí, “ach d’iarr Sinn Féin orm caint dar teideal ‘The Irish language, My Language’, a thabhairt ag comhdháil Ghaeilge dá gcuid mar, cúpla bliain roimhe sin, chreid mé gur “Trá” an t-ainm a bhí ar gach trá i dTír Chonaill agus go raibh na bailte seo uilig darb ainm “Amach” ann.
fé theidil entitled
" Is féidir an straitéis seo a bhrath san aiste a scríobh Wallace ar bhuanna fisiciúla Roger Federer, an laoch leadóige Eilbhéiseach, fé theidil, Roger Federer as religious experience.
mar is abhus amháin atá siad i dteideal because it is only here that they’re entitled to
" Ag Socrú Síos Abhus ===== Na Polannaigh atá linn le breis is ceithre bliana, tá siad le fanacht mar is abhus amháin atá siad i dteideal íocaíochtaí leas sóisialta.
de thogra dar teideal of a project entitled
" Is sliocht as comhrá an t-alt seo, comhrá a eagraíodh mar chuid de thogra dar teideal Mná na nDéise atá ar siúl ag Catherine Foley faoi scéim sparánachta d’ealaíontóirí faoi choimirce Ealaín na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta agus an Chomhairle Ealaíon.
I gcaibidíl den teideal in a chapter entitled
" I gcaibidíl den teideal *‘The New Curate’* faoin Sagart Séamas Mac Daidhir, scríobh sé: ‘*Possibly the role that gave him most satisfaction was that of ladies man*,’ agus mhaigh sé go raibh mná na háite i ngrá leis.
dar theideal entitled
" I dtús na bliana más ea (2013), cuireadh taispeántas ollmhór ar bun in iarsmalann Stuttgart dar theideal Die Welt der Kelten.
dar teideal entitled
" '* Bhí an ceannlíne ag tagairt do leabhar dar teideal Lethal Allies, ina bhfuil fianaise leagtha amach faoi chorradh le céad dúnmharú ina raibh RUC, an UDR agus/nó Arm na Breataine páirteach i gcuideachta paraimíleataigh dhílseacha.
dar teideal entitled
" Comhdháil ar na meáin sóisialta atá ann dar teideal, Congregation.
i dteideal a bheith istigh ar entitled to enter
" Ardaíonn sé seo ceist shuimiúil: an mbeidh Doire, cathair ar an taobh ó thuaidh den Teorainn ach cathair, mar a deireadh Séamus Heaney, síocháin leis, a bhfuil clóicheada formhór mór a cuid saoránach glas, i dteideal a bheith istigh ar an chomórtas seo? Beidh scéala ag an aimsir.
dar teideal entitled
" Scríobh Francis Impey paimfléad dar teideal '*Three Acres and a Cow*', agus réamhfhocal ann le Joseph Chamberlain, duine de na hairí a bhí i bhfoireann Ghladstone.
bhí mar theideal air entitled
" ‘Abandoned!’ a bhí mar theideal air agus bhí pictiúir air de ghasúr óg lena cheann faoi.
D’fhoilsítí caibidil den teideal a chapter entitled .... was usually published
" 3% Air ================ D’fhoilsítí caibidil den teideal ‘*Detailed Family Outcomes*’ mar chuid de cháipéisí na cáinaisnéise le blianta fada anuas.
i dteideal entitled to
" Léirigh na torthaí ón Daonáireamh deireanach nach mbeadh an ceantar idir An Spidéal is Na Minna (Paróiste an Chnoic), i dteideal stádas Catagóir A a thuilleadh, dá mbeadh na critéir a bhí molta sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch le cur i bhfeidhm ar an nGaeltacht.
dar teideal entitled
" Deir Christian Klemm, coimeádaí an taispeántais agus saineolaí ar Giacometti, go gcuireann an tsraith dealbhóireachta dar teideal L'Homme Qui Marche, seargán ag teacht amach as fearta i gcuimhne duit agus ainneoin na leochailleachta a bhaineann leo, go bhfuil láidreacht sna dealbha fosta.
dar teideal entitled
" Eagraíodh taispeántas ealaíne dar teideal Analysing Cubism i nDánlann Crawford i gCorcaigh an Samhradh seo caite (2013).
i dteideal seasamh do thoghchán an Fhóraim entitled to stand in the Forum elections
" Cuireadh an Comhlathas le chéile taobh istigh de 7 sheachtaine le go mbeadh siad i dteideal seasamh do thoghchán an Fhóraim, an foras a bunaíodh mar ghléas chun theacht ar réiteach pholaitiúil i ndiaidh na sosanna cogaidh.
faoin dteideal entitled
" Tar éis dhó breathnú ar an mír faoin dteideal ‘An Ghaeilge agus an Ghaeltacht’ atá i gClár an Chomhrialtais, tá 10 moladh le déanamh ag Donncha Ó hÉallaithe le cur os comhair Dinny Mc Ginley, an tAire Stáit ar a bhfuil cúramaí na Gaeilge is na Gaeltachta curtha.
faoin ainm entitled
" Éireannaigh ina saighdiúirí tuarastail ag marú daoine i dtíortha thar lear faoin ainm ‘Irish Guards’ agus a bheith á marú ag daoine thar lear chomh maith mar a mhíníonn Tony Birtill.
faoin teideal entitled
" Deich mbliana ó shin d’fhoilsigh an Dublin Hurling Review Group cáipéis faoin teideal Blueprint for Change and Success for Dublin Hurling.