Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
feirmeoirí tionónta tenant farmers
" Idirghabháil stáit ======= Is feirmeoirí tionónta iad an chuid is mó d'fheirmeoirí Shasana, agus tá an-tionchar ag na tiarnaí talún orthusan agus ar mhuintir na tuaithe i gcoitinne.
feilméaraí farmers
" Is annamh a bhíonn feilméaraí na hAstráile gan údar clamhsáin.
eagraíochtaí na bhfeilméaraí farmers' organizations
" Tá cuid den phobal ag rá má tá tacaíocht le tabhairt d'fheilméaraí ón státchiste nuair atá rudaí go dona, mar atá faoi láthair, nár chóir go mbeadh rud éicint le n-íoc ar ais nuair atá gach rud faoi bhláth? Ar ndóigh, ní thugann eagraíochtaí na bhfeilméaraí aon aird ar a leithéid - is admháil a bheadh ansin go mb'fhéidir go bhfuil fiúntas éicint leis an argóint.
ag tacú le feilméaraí supporting farmers
" Tá eagraíocht amháin tosaithe ag dream daoine, a bhfuil taithí acu ar chúrsaí gnó sna cathracha, ag tacú le feilméaraí.
Comharchumann Fheirmeoirí Orgánacha Liatroma The Leitrim Organic Farmers Co-operative
" Thosaigh cuid acu ar fheirmeoireacht nó garraíodóireacht orgánach, ansin bunaíodh Comharchumann Fheirmeoirí Orgánacha Liatroma .
bíonn na feirmeoirí sna tíortha sin thíos go mór leis the farmers in those countries suffer a lot as a result of it
" Cuireann an dumpáil sin na margaí áitiúla as a riocht ar fad, agus bíonn na feirmeoirí sna tíortha sin thíos go mór leis.
thugtaí feilméara orm féin I myself used to be called a farmer
" Scaití, thugtaí feilméara orm féin nuair a deirinn rud éicint as Baváiris.
feirmeoir áitiúil a local farmer
"feirmeoir áitiúil darb ainm Paddy Doherty i mbun an ionaid seo.
fheilméaraí siúcra sugar-cane farmers
" Is cosúil gurb é an chúis leis sin ná brú ó fheilméaraí siúcra sna Stáit ar pholaiteoirí ansin.
feilméaraí farmers
" Faoi cheann cúig bliana aimsíodh ceimicí a bhain an aidhm chéanna amach agus ní raibh suim ag na feilméaraí sa mbuaf níos mó.
saol an fheilméara the farmer's life
" Baineann sé seo go speisialta leis na mná óga - tá oideachas agus obair ag teastáil uathu agus níl siad sásta níos mó le saol an fheilméara.
brabach na bhfeilméaraí the farmers' profits
" Tá comhlachtaí a bhfuil an teicneolaíocht seo á díol acu ag rá go gcuireann sí le táirgiúlacht agus le brabach na bhfeilméaraí, go laghdaíonn sí an gá le lotnaid, go bhfuil sí sábháilte agus go bhféadfadh sí deireadh a chur le hocras domhanda nó é a laghdú ar aon nós.
feilméaraí farmers
" Maidir leis na feilméaraí a bhfuil cruithneacht á táirgeadh acu, ní ceisteanna moráltachta atá ag cur as dóibh faoi na breabanna ach an baol atá anois ann nach mbeidh margadh le fáil dá gcuid cruithneachta.
na feilméaraí the farmers
" Sa gcuid eile den tír, tá na feilméaraí i gcruachás.
Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann Irish Farmers' Association
" Ba go caithréimeach a chuir Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann (FAÉ) fáilte roimh chinneadh an Choimisiúin Eorpaigh cosc iomlán a chur ar dhíol mairteola iompórtáilte ón mBrasaíl le gairid.
feirmeoirí mairteola beef farmers
" Is léir cén fáth a raibh feirmeoirí na hÉireann ag tógáil raice faoin sárú atá déanta ag feirmeoirí mairteola na Brasaíle ar an gcaighdeán sláinte agus sábháilteachta atá leagtha síos ag an Aontas Eorpach (AE) i dtaca le táirgeadh feola.
oibrithe, iascairí agus feirmeoirí beaga workers, fishermen and small farmers
" Ná teipimis orainn féin, ar náisiúin bheaga na hEorpa ná ar oibrithe, iascairí agus feirmeoirí beaga na hEorpa.
feilméirí farmers
" Cuireann sé olc orm: olc leis na feilméirí a fhágann an plaisteach dubh ina ndiaidh i dtosach ach is mó an t-olc atá orm leis na húdaráis nach gcuireann an dlí maidir le truailliú i bhfeidhm.
baineann gach feirmeoir leas as every farmer benefits from
" Déanann a lán feirmeoirí airgead as lóistín do thurasóirí, ach baineann gach feirmeoir leas as turasóireacht tríd na síopaí agus trí ghnóthaí eile faoin tuath a bheadh dúnta murach na turasóirí.
fheilméaraí na Tasmáine the farmers of Tasmania
" Tá sé ag goilleadh go mór ar fheilméaraí na Tasmáine go bhfuil comhlachtaí móra mar McDonald’s ag ceannach glasraí ó thíortha eile agus tá feachtas tosaithe acu chun a míshásamh a chur in iúl go láidir.
feilméaraí ina measc including farmers
" Tá go leor daoine san Astráil, feilméaraí ina measc, amhrasach faoin modhnú géiniteach, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
feilméirí farmers
" An féidir linn leanacht ar aghaidh ag milleadh gach áit inár dtimpeall?An gcomharthaíonn salachar tinneas intinne a bheith orainn mar dhream? Tugann Donncha Ó hÉallaithe cur síos ar an earrach i gConamara, ach deir sé go bhfuil cuid den mhaitheas bainte as an Earrach ag an bplaisteach dubh, fágtha ina ndiaidh ag feilméirí.