Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
eitilt sceidealta scheduled flight
" An chúis atá leis sin ná gurb é an t-aon áit amháin ar an Mhór-Roinn ar féidir dul díreach ann ar eitilt sceidealta ó Bhéal Feirste.
a gcuid seolta a thógáil to take flight
" Ba iad na deiseanna úra oideachais agus fostaíochta ar tír mór le cois an tsaoil a bhí crua, agus in amanna tragóideach, a bhí istigh acu a thug orthu a gcuid seolta a thógáil.
ag cur eitiltí in áirithe booking flights
" Rudaí dleathacha ======= Ar ndóigh, bíonn daoine ag déanamh gnáthrudaí dleathacha ar an idirlíon freisin - ag cur eitiltí in áirithe, ag ceannach leabhar agus ag seiceáil a sonraí bainc, mar shampla.
eitilt flights
" Tá ráchairt mhór ar an tseirbhís idir Carraig Fhinne agus Baile Átha Cliath, agus bíonn dhá eitilt ann gach lá, ar maidin agus tráthnóna.
eitilt flight
" Baineann sé triail as rudaí nua go minic: tarbhchomhrac, cuir i gcás, ag eitilt thar Na hAindéis, nó séisiún óil agus tequila réigiúnda Mheicsiceo i gceist.
eitiltí na Sionainne the Shannon flights
" Sa Dáil féin rinne sé ceap magaidh dó féin nuair a thagair sé don Iaráin in áit na hIaráice, agus an díospóireacht faoi eitiltí na Sionainne faoi lánseol.
eitiltí flights
" Ach theip ar iarrachtaí an comhlacht a choinneáil i mbarr uisce agus cuireadh deireadh le heitiltí i Márta, 2002.
ag cur na n-eitiltí in áirithe booking the flights
" Seo an tríú bliain, mar a dúirt mé, agus tá muid ag cur na n-eitiltí in áirithe faoi láthair.
eitilt dhíreach direct flight
" com eitilt dhíreach ansin le gairid.
eitiltí flights
" Thig leo eitiltí, lóistín, bia agus deochanna a fháil ar feadh coicíse ar an phraghas céanna a bheadh ar sheachtain sa bhaile - gan trácht ar aimsir mhaith.
na heitiltí is oiriúnaí duitse the flights that suit you best
" Is féidir freisin féachaint ar amchláracha na gcomhlachtaí más mian leat fáil amach cad iad na heitiltí is oiriúnaí duitse.
sonraí d'eitilte the details of your flight
" Tar éis duit sonraí d'eitilte a chinntiú, clóbhuailtear do chárta bordála agus ní gá duit ach do mhálaí a thabhairt go dtí deasc speisialta, áit a ndéantar iad a mheá ar an ngnáthshlí.
barraíocht eitiltí saora too may cheap flights
" Dúirt Peter Cranie ón pháirtí i Learpholl go raibh barraíocht eitiltí saora ó John Lennon Airport (JLA) go hÉirinn.
eitilt flight
" eitiltí saora ======= Cháin an Páirtí Glas an cinneadh deireadh a chur le seirbhís an Chait Mhara.
ag éirí ar eitleog taking flight
" Tá pictiúirí i bhfrámaí de ghaolta agus chairde ar na ballaí, mar aon le píosa ealaíne a léiríonn, go híorónta, éin agus iad ag éirí ar eitleog.
trí eitilt ó dheas three flights south
" De réir rialacha an chomórtais OSP don bhealach seo, ní foláir go mbeadh trí eitilt ó dheas agus trí eitilt ó thuaidh gach aon lá.
ar an eitilt dhíreach on a direct flight
" Tagann na daoine sin ar an eitilt dhíreach ó Phrág, agus téann turasóirí ó thuaisceart na hÉireann sa treo eile.
faoi lán seoil in full flight
" Cé mhéad duine atá fostaithe in AOG faoi láthair? Cé mhéad duine a bheas ag obair ann amach anseo? Tá 60 duine fostaithe san Acadamh faoi láthair agus beidh suas le 200 duine fostaithe nuair a bheidh clár iomlán cúrsaí an Acadaimh faoi lán seoil.
eitilt flight
" Tá sé tugtha le fios le seachtain anuas go raibh a fhios ag an AFP beagnach chuile rud faoin naonúr agus an plean a bhí acu ocht gcileagram hearóine a thabhairt ar eitilt go Sydney – an t-ainm a bhí orthu, cá raibh siad ag fanacht, cé a bhí i gceannas, cén chaoi a mbeadh na drugaí stóráilte acu agus mar sin de, agus gur thug siad an t-eolas sin ar fad do phóilíní na hIndinéise.
eitilt flight
" Agus leanann na saghsanna cuardaigh ar aghaidh… Nuair atá eitilt á lorg againn déanann muid é a chuardach.
ag tairscint eitiltí offering flights
" Beidh comórtas ag Ryanair nuair a bhunófar *Polskair*, aerlíne a bheidh ag tairscint eitiltí idir an tír seo agus an Pholainn ar €3.
eitilt flight
" Agus leanann na saghsanna cuardaigh ar aghaidh… Nuair atá eitilt á lorg againn déanann muid é a chuardach.
ag tógáil eitilte taking a flight
" Tá seirbhísí traenach réasúnta maith go dtí na bruachbhailte timpeall ar chathair Chorcaí, ar chathair na Gaillimhe, agus ar chathair Luimnigh (le ceangal idir Aerfort na Sionna agus mórlíne Chonair Iarnróid an Iarthair, atá an-úsáideach do mhuintir na Gaillimhe agus do mhuintir Chorcaí agus iad ag tógáil eitilte idir an tSionainn agus Dubai ag dul ar saoire dóibh).
eitilt gan stad non-stop flight
" Agus, ar scála domhanda, is féidir anois eitilt gan stad a fháil ó Éirinn go dtí an Afraic, an tSeapáin, Hong Cong, Singapore agus gach coirnéal de na Stáit Aontaithe.
eitiltí saora cheap flights
" Bhí sé socraithe agam fanacht sa bhaile leis an teilifíseán agus le gloine fíona i mbliana ach ansin, buíochas leis an rud iontach sin, eitiltí saora, tháinig an deis chun cinn imeacht liom go Páras agus am a chaitheamh le cara liom.
eitiltí saora cheap flights
" Bhí sé socraithe agam fanacht sa bhaile leis an teilifíseán agus le gloine fíona i mbliana ach ansin, buíochas leis an rud iontach sin, eitiltí saora, tháinig an deis chun cinn imeacht liom go Páras agus am a chaitheamh le cara liom.
eitiltí flights
" Ní mór duit eitiltí a chur in áirithe, rud atá iontach furasta le Trailfinders.
faoi lán seoil in full flight
faoi lán seoil in full flight
" Tá dhá shuíochán sna feithiclí seo, agus iad faoi lán seoil is féidir leo 60 ciliméadar san uair a bhaint amach, agus timpeall 80 ciliméadar an raon atá acu.
ag cur go mór lena n-eitiltí adding greatly to their flights
" Loingeas úr Ba le teann íoróin a léigh mé lá i ndiaidh fhoilsiú an tuarascála go raibh Aer Lingus ag cur go mór lena n-eitiltí ar fud na hEorpa agus ag ceannach loingeas úr dá bharr.
eitilt sceidealta scheduled flight
" Mar sin, de réir an chonartha dhéthaobhaigh idir an tír seo agus na Stáit Aontaithe, ní fhéadfadh eitilt sceidealta de chuid Aer Lingus tuirlingt ach amháin i Nua-Eabhrac, Bostún, Chicago nó Los Angeles.
gach aon eitilt every single flight
" (Agus sin dul chun cinn – go dtí 1993, ba ghá do gach aon eitilt idir Baile Átha Cliath agus Meiriceá stopadh sa tSionainn.
eitiltí intíre internal flights
" Ní bhfuair muintir na hEorpa dhá rud a bhí á lorg acu sa chaibidlíocht: deis infheistíocht a dhéanamh sna haerlínte Meiriceánacha (ábhar an-ghoilliúnach faoi láthair), agus deis eitiltí intíre a dhéanamh sa tír sin.
Eitilt luath early flight
" **Dhá mhíle agus trí mhíle is fiche!** 18-19/8/07: Eitilt luath chuig an mBruiséil agus féile mhór na Beilge, an Eurithmix, ansin eitilt go Sasana an mhaidin dár gcionn, go Birmingham, agus piocfaidh Aindí an Bé-fhear muid suas ag an aerfort le dul go féile na Levellers, Beautiful ** ** Days.
ar eitilt chianaistir. on a long-haul flight.
" Sin mar a bhíonn de ghnáth ar eitilt chianaistir.
tá béim curtha acu ar eitiltí gearraistir they have emphasised short-haul flights
" Ach go dtí seo, tá béim curtha acu ar eitiltí gearraistir - trí huaire, nó níos lú, san aer.
na heitiltí díreacha the direct flights
" Thóg Aer Lingus an cinneadh i rith an tsamhraidh go gcuirfí deireadh leis na heitiltí díreacha idir an tSionainn agus Heathrow, agus go n-aistreofaí cuid mhór eitiltí eile go mol nua i mBéal Feirste.
agus go n-aistreofaí cuid mhór eitiltí eile and that a lot of other flights would be transferred
" Thóg Aer Lingus an cinneadh i rith an tsamhraidh go gcuirfí deireadh leis na heitiltí díreacha idir an tSionainn agus Heathrow, agus go n-aistreofaí cuid mhór eitiltí eile go mol nua i mBéal Feirste.
eitiltí áirithe some flights
" Chuir easpa gnímh an chomhrialtais maidir le cinneadh Aer Lingus deireadh a chur le heitiltí áirithe idir Aerfort na Sionainne agus Aerfort Heathrow i Londain olc ar dhaoine sa chuid sin tíre.
teitheadh na ndaoine geala the flight of the white people
" Ba iad na caogaidí aimsir fhás na mbruachbhailte, agus déantar trácht go forleathan anois ar "*White Flight*" – teitheadh na ndaoine geala ó phlódcheantair na gcathracha amach go dtí na bruachbhailte.
an-éileamh ar eitiltí a big demand for flights
" Bhí an-éileamh ar eitiltí ó California go Sydney, agus dá bharr sin chur aerlíne amháin eitilt sa bhreis – ar tugadh *The Pink Flight* uirthi – ar fáil go speisialta.
eitilt sa bhreis an extra flight
" Bhí an-éileamh ar eitiltí ó California go Sydney, agus dá bharr sin chur aerlíne amháin eitilt sa bhreis – ar tugadh *The Pink Flight* uirthi – ar fáil go speisialta.
eitilt flight
" An iris *Carn* (más ann di go fóill), féile ollmhór, Idir-Cheilteach Lorient, an Fhéile Pan-Cheilteach, bád farantóireachta idir Corcaigh agus Roscoff, eitilt Ryanair idir Port Láirge agus Lorient – níl mórán eile ann, nó sin a bhraitheas ar chuma ar bith.
eitiltí flights
" ***Buntáistí:*** Lán ábalta an fód a sheasamh in éadan brúghrúpaí ar nós na múinteoirí agus iad siúd a bhí i mbun feachtais in éadan chinneadh Aer Lingus deireadh a chur lena chuid eitiltí ó Londain go hAerfort na Sionainne.
le dinimic eitilte in flight dynamics
" Bhain Deasy cáilíocht amach mar fhisiceoir agus mar réalteolaí i gColáiste na Tríonóide agus tá sé ag obair i láthair na huaire mar shainchomhairleoir le dinimic eitilte in GSE.
Gan anáil a tharraingt in full flight
"Gan anáil a tharraingt, leanann sé air ag labhairt go corraithe.
eitiltí tráchtála commercial flights
" Bheinn go mór in amhras faoi fhiúntas cuid de na turais seo, go háirithe os rud é go raibh eitiltí tráchtála ar fáil mar mhalairt.
eitiltí flights
" Tá comhlachtaí turasóireachta go leor ag soláthar eitiltí timpeall an cheantair agus níl aon amhras ach gurb é seo an dóigh is fearr glasú agus fliuchadh an láir a fheiceáil.
eitiltí flights
" Ar ndóigh, is maith an rud é an saormhargadh do rudaí áirithe: eitiltí, éadaí, agus earraí leictreonacha, fágaim, ach níltear róchinnte in aon chor ar cheart cead a chinn a thabhairt don saormhargadh i gcúrsaí sláinte, oideachais, nó príosúntachta.
eitilt dhíreach direct flight
" Bhí mé briste brúite marbh tuirse, mar gur ghlac sé saoltaí domh fáil ‘fhad leis an áit – sé uaire déag le bheith cruinn – nuair a smaointíonn tú nach bhfuil sé ach 4 uaire a chloig dá mbeadh eitilt dhíreach ann.
eitiltí flights
" Thug siad eitiltí, óstán agus gach rud dom.
eitiltí flights
" Tá daoine sásta athruithe beaga a dhéanamh (na bolgáin a athrú) ach níl aon chuma ar an scéal go bhfuil siad sásta na hathruithe móra a dhéanamh (staonadh ó eitiltí thar lear).
Eitilt flight
" Díreach i ndiaidh na heachtra aistí ar Eitilt Northwest 253 lá Nollag, bhí Michael Chertoff ar fud na meán ag cur scanóirí coirp chun cinn mar an réiteach is fearr ar fhadhbanna slándála aerthaistil SAM.
eitilt flight
" Iontas na n-iontas, ní gá do Cambiasso a shuíochán ar an eitilt go dtí an Afraic Theas a chur in áirithe ach oiread.
crochfaidh an cine ar fad na heiteoga the whole flock take flight
" Caitheann an bleachtfhéileacán an-chuid ama i Meiriceá Thuaidh agus i gCeanada le linn an tSamhraidh, ach a luaithe agus a thig leis roimh an bhfuacht, crochfaidh an cine ar fad na heiteoga go Meicsiceo.
eitiltí flights
" D'fhoghlaimíomar as na cinn atá foilsithe go dtí seo go raibh Aire Dlí agus Cirt na hÉireann féin amhrasach faoi eitiltí seachadadh urghnách tríd an tSionainn, go raibh an Vatacáin maslaithe ag iarratas na hÉireann eolas a fháil mar gheall ar shagairt phéidifileacha, agus nár chreid foireann taidhleoireachta Mheiriceánach i mBaile Átha Cliath an míniúchán a thug an Roinn Airgeadais dóibh faoi ráthaíocht na mbanc – agus níl iontu sin ach scata cáblaí a bhaineann le hÉirinn.
eitiltí flights
" Ní raibh eitiltí díreach go meániarthar Mheiriceá ag an am, agus thograíos eitilt go Nua-Eabhrac mar sin agus leanacht ar aghaidh ar an traein nó ar an mbus.
heitleoige ríoga royal flight
" Ba thomhaiste freisin an fháilte a d’fhear mo chomharsa ag bun staighrí na heitleoige ríoga roimpi - rinne an Tánaiste an beart le dínit.
fé lán seoil in full flight
" Bhaist Truman Capote ‘taidhleoir na mothúchán’ tráth ar Mharlon Brando agus é fé lán seoil ar an ardán.
correitilt an odd flight
" Níor ceadaíodh ach correitilt sa tír go ceann seachtaine eile agus, ar ndóigh, ba bheag duine a bhí ag iarraidh eitilt ach oiread.
Eitlíochta flight
" Staon na Stáit Aontaithe ó vótáil nuair a cháin an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta Iosrael as an ionsaí, rud a léirigh do cheannaire nua na Libia – a tháinig i gcumhacht ceithre bliana roimhe sin i ndiaidh coup d’état síochánta i gcoinne fhear soip na Breataine, an Rí Idris – fimíneacht an Iarthair Domhain i leith na sceimhlitheoireachta.
chosc eitilte flight ban
" Ba iad Joe Lieberman agus a leathbhádóir John McCain, ar na páirtínigh Iosrael is láidre ar Chnoc an Chaipeatóil, a chuir rún faoi bhráid Seanad SAM maidir le limistéar faoi chosc eitilte a chur i bhfeidhm os cionn na Libia.
atá faoi lán seoil which is full flight
" ) Athrú mór atá tagtha ar an earnáil seo ná nach iad na *“gamers”* traidisiúnta atá taobh thiar den bhorradh mhór atá faoi lán seoil ann.
Bagairt an Eitleáin Bháin the emigrant flight threatens
" An léargas é sin, go bhfuil maoiniú cruthú fostaíochta an Údaráis coillte chomh mór sin go bhfuil na heagrais fhiontraíochta agus fhostaíochta éagsúla ag feidhmiú faoin díon céanna i ndáiríre? Bagairt an Eitleáin Bháin ============== Ó am a bhunaithe, tá éacht déanta ag Údarás na Gaeltachta jabanna a chruthú sa Ghaeltacht.
bailithe leo having taken flight
" Foirne eile, luigh gnóthaí geilleagair go trom orthu, nó bánaíodh a lucht imeartha le déanaí agus mic léinn Erasmus na hÉireann bailithe leo.
Eitilt a flight
" Eitilt ó Bhastia go Páras a bhí orm le moch maidne arna mhárach.
Eitilt a flight
ar an eitilt on the flight
" Dar le finnéithe go raibh Mubenga ag lorg cabhrach ó na paisinéirí eile ar an eitilt de chuid British Airways agus ag liú nach raibh sé in ann análú nuair a shuigh an triúr gardaí anuas air.
heitiltí saor cheap flights
" Iadsan a bhí ag streachailt 24 ciliméadar tríd na cnoic agus an doineann, gan aon éalú acu ón bháisteach nó ón síobadh gaoithe, agus mé féin tar éis lá grianmhar a chaitheamh ag siúl tríd an Pharc Natural de la Serra Gelada sa Spáinn! Tá an pháirc seo ar an Chosta Blanca, idir Benidorm agus Albir, sa limistéar Valencia agus tá sé cóngarach go maith do Alicante, áit a bhfuil aerphort idirnáisiúnta ann, le heitiltí saor de chuid Ryanair agus Easy Jet gach lá.
ar eitilt nár eitil for a flight that didn't fly
" Dúradh leis go neamhbhalbh gurbh éigean dó aisíoc a thabhairt don bhean a thóg cás ina éadan nuair nár éirigh léi cúiteamh a fháil uaidh ar eitilt nár eitil le linn do na scamaill luaithrigh a bheith ag cur isteach ar aerthaisteal i 2010.
eitilt flight
" Nuair a chuaigh eitilt MH370 as amharc thosaigh an domhain uilig á chuartú.
fé lán seol in full flight
" Luann Campbell eachtraí ilghnéitheacha eile sa leabhar a léiríonn meon tánaisteach Jenkins fé lán seol, an cur chuige mall muiníneach sin a bhí le feiscint agus é i gceannas ar Státchiste na Breataine ó 1967-70 agus ar Choimisiún an Aontais Eorpaigh ó 1977.
agus deasghnáth deamhandíbeartha faoi lánseol while an exorcism ceremony was in full flight
" Chonaiceas scannán leis an stiúrthóir clúiteach Rómánach Cristian Mungiu ar na mallaibh, scannán bunaithe ar fhíoreachtra a thit amach i séipéal iargúlta sa Mholdáiv, sa Rómáin, sa bhliain 2005, áit a bhfuair bean óg bás agus deasghnáth deamhandíbeartha faoi lánseol, nó sin a deirtear ar aon chuma.
eitiltí flights
" Nuair a thosaigh Ryanair ag díol eitiltí ar an idirlíon i 1999, bhí leisce ar go leor daoine ticéid a cheannach ar líne, ach tá athrú mór tagtha ar chúrsaí ó shin, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.
eitiltí hipearsonacha, cuir i gcás. hypersonic flights, for example.
" Beidh an chuma chéanna ar go leor de na heitleáin i gceann cúig bliana is fiche, a deir Pádraig Mac Éamoinn, ach tarlóidh go leor forbairtí móra i gcúrsaí eitlíochta mar sin féin – eitiltí hipearsonacha, cuir i gcás.
eitiltí hipearsonacha, hypersonic flights,
" Beidh an chuma chéanna ar go leor de na heitleáin i gceann cúig bliana is fiche, a deir Pádraig Mac Éamoinn, ach tarlóidh go leor forbairtí móra i gcúrsaí eitlíochta mar sin féin – eitiltí hipearsonacha, cuir i gcás.
maidir le heitiltí trasatlantacha, regarding transatlantic flights,
" Tá cuid mhór le gnóthú ag Aer Lingus as an chomhaontú a síníodh le déanaí idir an Eoraip agus na Stáit Aontaithe maidir le heitiltí trasatlantacha, mar a mhíníonn Pádraig Mac Éamoinn.
deireadh a chur le heitiltí áirithe to end certain flights
" Sampla eile den phatuaire seo é easpa gnímh an chomhrialtais maidir le cinneadh Aer Lingus deireadh a chur le heitiltí áirithe idir Aerfort na Sionainne agus Aerfort Heathrow i Londain.
ar a chéad eitilt ann on his first flight there
" Tá fadhb an chiníochais le brath i Stáit Aontaithe Mheiriceá, rud a thuig Brian Ó Broin ar a chéad eitilt ann na blianta ó shin.