Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tréad flock
" Shiúil roinnt daoine fásta thart orthu mar a bheadh aoirí ann, ag déanamh iarrachta an tréad a choinneáil le chéile.
tréad flock
" Ar an ábhar sin tá George agus a chuid comhairleoirí ag díriú a n-airde ar mhionlaigh áirithe, na Cúbaigh, na Meicsicigh agus na hAfra-Mheiriceánaigh, mar shampla, ag súil lena mealladh isteach sa tréad.
tréad flocks
" Chuir an galar crúibe agus béil na bliana 2001 an-imní ar fheirmeoirí agus rinne siad chuile iarracht a gcuid tréad a chosaint.
tréad flock
" Go dtí sin, áfach, tá na híospartaigh ann, idir pháistí a éigníodh, agus an tréad atá lán amhrais.
a thréad a threorú to guide his flock
" Ba cheart gur seo an t-am anois leis an UUP a athchruthú mar chaomhnóir an Chomhaontaithe a shínigh siad i 1998, ach le dul chun cinn an DUP - bunaithe ar mhian an phobail aontachtaigh, a léiríodh sa toghchán - agus an t-athbhreithniú ar an Chomhaontú atá le theacht, ní fios cad é an bealach a mbeidh David Trimble ag iarraidh a thréad a threorú.
Rinne siad íospairt ar a dtréad. They abused their flock.
" Rinne siad íospairt ar a dtréad.
ag tarraingt ar theorainn na Stát Aontaithe flocking to the US border
" Le leathchéad bliain tá na milliúin de phobal Mheicsiceo agus na dtíortha deisceartacha eile ag tarraingt ar theorainn na Stát Aontaithe agus ag trasnú isteach sna Stáit Aontaithe, go dleathach agus go mídhleathach, ar thóir oibre, go háirithe in earnáil na seirbhísí.
dá thréad ban of his flock of women
" Níorbh í Terry Keane, ná éinne eile dá thréad ban, ach bean ionraic Sean Doherty agus Denise Wojcik, gairmiúlach a thug compord oíche do Ben Dunne in Orlando, a dhein an jab ar Haughey.
ealta éan flock of birds
" Nó b’fhéidir go ndearna ealta éan damáiste d’innill an eitleáin.
dea-shampla a thabhairt don tréad, to give a good example to the flock
" Rinne siad beirt dearmad go raibh sé de dhualgas orthu mar aoirí de chuid na hEaglaise dea-shampla a thabhairt don tréad, ach ní dhearna an tréad dearmad *baa-aaa-aaa* a rá leis an bheirt acu.
éanlaith flocks
" Aisteach le rá, tá na haibhneacha agus an loch beo le héisc agus dá bhrí sin tá na milliúin éanlaith uisce ann.
canann an éanlaith the flock sings
" Cumhacht Iontach ===== Shíothlaigh an ghaoth, thit na bláthanna; canann an éanlaith, dorchaíonn na sléibhte – sin is cumhacht iontach an Bhúdachais ann Bothán === Im’ sheanbhothán trí sheomra d’éiríos aosta, caite amach.
crochfaidh an cine ar fad na heiteoga the whole flock take flight
" Caitheann an bleachtfhéileacán an-chuid ama i Meiriceá Thuaidh agus i gCeanada le linn an tSamhraidh, ach a luaithe agus a thig leis roimh an bhfuacht, crochfaidh an cine ar fad na heiteoga go Meicsiceo.
a thréad his flock
" Shiúil aoire inár dtreo agus a thréad roimhe.
ealta druideanna a flock of starlings
" Bhí siad mar a bheadh ealta druideanna timpeall orainn.
d’ealta for flocks
" Bhí Laoise Ní Chléirigh ag faire amach d’ealta an aeir agus do na hainmhithe le linn na drochaimsire.