Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
áraslainne block of flats
" Nuair a amharcaim amach ar mo chuid fuinneog ar thaobh amháin chím bratach na hÉireann ag foluain ar bharr áraslainne.
bhac block
" Nuair a bhíonn siad i mbun na máirseála, cuireann na péas a *landrovers* liatha ag bun sráideanna s'againne mar bhac rompu.
go raibh draein calctha ag oibreacha cóireála uisce that a drain had been blocked by water treatment works
" Fuarthas amach go raibh draein calctha ag oibreacha cóireála uisce agus seans go raibh fearadh ainmhithe ag dul isteach san uisce dá bharr sin.
n-áraslann blocks of flats
" Chuaigh siad thart ar an cheantar, timpeall na n-áraslann mór ard, agus thar na sraitheanna tithe.
áraslann block of flats
" Caithfidh mé a admháil go gcuireann sé isteach go mór orm nuair a théim amach tráthnóna agus buailim le grúpa buachaillí taobh amuigh d'áraslann s'againne agus iad ag smúradh gliú.
scór bloc ón suíomh twenty blocks from the site
" Bhí mé bodhraithe ag an ghleo agus mé fós scór bloc ón suíomh.
bhloc mór millteach leac oighir a great big block of ice
" Tar éis siúl suas an staighre álainn grástúil sa chéad ghrád agus ansin síos go dtí na buncanna cúnga sa tríú grád, agus fuaimeanna an ama agus na háite i mo chluasa, ba é an dúshlán ná feiceáil cé chomh fada is a d'fhéadfainn mo lámh a fhágáil brúite ar bhloc mór millteach leac oighir - a bhí ag an teocht nó an fuacht ag a raibh an t-uisce agus na cnoic oighir an oíche dhuairc sin a ndeachaigh an long mhaorga go tóin poill.
ag cur thar maoil leis na mílte ceap árasán overflowing with thousands of apartment blocks
" Tá PuDong ag cur thar maoil leis na mílte ceap árasán anois: suanliosanna do mheitheal oibre an gheilleagair nua ocraigh.
bac bogearraí software block
" ” De bhrí go raibh an postáil seo chomh chomh mailíseach sin, bhain Bord Oideachais Shelby County úsáid as bac bogearraí chun a chinntiú nach bhféadfaí teacht ar RateMyTeachers.
gnáthbhloic choincréite ordinary concrete blocks
" Ach, in ionad é a dheisiú le clocha áitiúla sa dóigh is go mbeadh sé díreach mar a bhí sé arís, bhain an Chomhairle Contae úsáid as gnáthbhloic choincréite, le balla díreach, leadránach, míofar a thógáil ina áit.
blocanna móra stroighne big blocks of concrete
" Ach faoi mar atá rudaí sa lá atá inniu ann is láithreán tógála mór millteanach í an tír seo agus blocanna móra stroighne á dtógáil ó cheann ceann na tíre nach bhfuil ag teacht ar chor ar bith leis an taobh tíre.
túrbhloic díobh tower blocks
" Ar ár siúl dúinn síos an halla rinne sé iontas den mhéid dlúthdhioscaí a bhí sa teach, ar sheilfeanna ar an dá thaobh dínn, sa chistin freisin, tuilleadh seilfeanna lán leo, cófraí, seastáin greamaithe den bhalla, bhí siad carntha ar an gcuisneoir—thug me gloine bhainne dó agus rinne sé ceapaire dó féin—agus ar an inneall níocháin, leath an bhoird tógtha acu, dhá stól, go fiú ar leac na fuinneoige sa leithreas—rinne sé mún—agus túrbhloic díobh i ngach cúinne sa chistin, ar dhá thaobh an dorais, taobh istigh agus taobh amuigh sa halla, sa spás faoin staighre agus sa seomra suí—bhí siad i ngach áit, gan an balla le feiceáil acu ach anseo is ansiúd, dlúthdhioscaí, a dúirt sé agus shéid sé anáil amach le teann sásaimh, dlúthdhioscaí, nach iontach é? Ina shuí ar an tolg—bhí air scíth a thabhairt do na seanchnámha, mar a deir sé féin—dúirt sé gur chuimhin leis a óige, gurbh é a aisling leabharlann cheoil a bheith aige, sa bhaile, cartlann de gach uile dhlúthdhiosca a eisíodh riamh, in aon seomra amháin aige, seomra stórais nó garáiste mór ar chúl an tí.
bac block
" Tá mórán comhaontas agus gnóthaíochtaí a chuireann bac ar aerbhealaí nua agus ar iomaíocht idir aerlínte.
ceap mór oifigí nua-aimseartha a big modern office block
"ceap mór oifigí nua-aimseartha ag Rialtas na hAlban ansin.
bac block
" Ach cad é a tharlóidh maidir leis an Ghaeilge? Chuir aontachtaithe bac ar reachtú an achta Ghaeilge ar an bhonn gur cheangail siad an teanga go huile is go hiomlán le páirtí amháin polaitiúil: Sinn Féin.
ar bhloc árasán on a block of apartments
" In Iúil na bliana 2004 leagadh coinníoll teanga ar bhloc árasán sa Spidéal i gContae na Gaillimhe.
bloic bhóthair road blocks
" Ar an 15 Deireadh Fómhair, tháinig 50-70 póilín agus chuir bloic bhóthair in aice na líne *autaki* (áit ar tharla díshealbhú talún san am atá caite).
bac block
" Ina dhiaidh sin, ar mhaithe leo féin a chosaint, dhún na *Tūhoe* na bealaí chun a gcuid tailte, agus chuir siad bac roimh shuirbhéanna na Coróine agus tógáil bóithre.
bloc cumhachta míleata nua a new military power block
" Is léir go bhfuil cuid de stáit na hEorpa ag iarraidh bogadh i dtreo bloc cumhachta míleata nua san AE a bheadh neamhspleách ar na Náisiúin Aontaithe.
seanbhloc oifigí old block of flats
" 50 troigh ar airde, 37 tonna meáchain, bhí sé dochreidte an t-aracnóideach seo a fheiceáil ar thaobh Concourse House, ar seanbhloc oifigí é atá suite in aice leis an bpríomhstáisiún.
chnap dátaí block of dates
" Sciúird níos mó ná turas, ba léir ar an chnap dátaí a bhí leagtha amach rompu.
cosc iomlán complete block on
" Ach má leanann leithéidí Ryanair ar aghaidh ag gearradh siar ar bhagáiste, b'fhéidir amach anseo go mbeidh cosc iomlán á chur ar bhagáiste láimhe agus go mbeimid ag tabhairt leabharlann linn i bhfoirm leictreonach chun ár leabhair a choinneáil faoi cheilt! Tá an leagan Windows den ghramadóir "Ceart" a fhoilsíonn Diarmaid ar fáil ar an suíomh www.
chip árasáin of the block of flats
" Diaidh ar ndiaidh, roinneann Cantona a chuid saíochta ar Eric seo’gainne ina sheomra codladta, ar bhalcóin an chip árasáin, agus i mír ‘an-Loach-úil’ ar fad, le linn argóna sa tábhairne faoi éiteas agus eitic chorporáideach Manchester United na saolta seo.
cosc block, obstacle
" Cuireadh cosc orthu an Ghaeilg a labhairt, agus an méid sin den lucht plandála nach raibh Béarla acu, b’éigean dóibh é a fhoghlaim nó a gcuid talaimh a chailleadh, ach mhair an Ghaeilg i ndiaidh Reacht Chill Chainnigh.
ceap adhmaid wooden block
" ‘Antichrist’, le Lars Von Trier Ná himigh i ngiorracht scread asail do ‘Antichrist’ le Lars Von Trier, fan iomlán glan ar an scannán a scoilt Féile Scannán Cannes ina dhá leath i mbliana, má cheapann tú nach bhfuil seans dá laghad, ‘dá laghad’ a deirim, go bhféadfaí go mbeadh fiúntas agus dleathacht ealaíne de shaghas éigin i scannán ina bhfuil neart míreanna mar seo a leanas tríd síos:- bean a ghearrann a brillín di féin le deimheas mór garraíodóireachta, nó siosúr maintín, ní fhéadfainn a bheith cinnte cioca gléas gearrtha a d’úsáid sí - i ngar-seat ollmhór caol díreach os comhair an cheamara, í dulta glan iomlán as a meabhair le ciontacht a mhíneod ar ball; an bhean chéanna i lár seisiúin suirí lena fear roimhe sin nuair a d’fhág sí gan aithne gan urlabhra é tar éis a mhagairle a bhataráil le ceap adhmaid, mar gur theastaigh uaithi eisean a ghortú as a ról féin sa chiontacht thuasluaite.
cosc block, ban
" Ó na hochtóidí ar aghaidh, tá moscanna agus scoileanna creidimh scriosta agus ní annamh a chuirtear cosc ar dheisiú na bhfoirgneamh seo.
ceap árasán block of flats
" Forbróir darbh ainm Sharif El-Gamal a cheannaigh é, agus é i gceist aige ceap árasán a thógáil ar an láthair.
i gceap árasán in a block of flats
" Is í an cheist atá ar bhéal gach duine, cén fáth a ndéanfadh gasúr a leithéid? Ar deireadh, an scéal faoi bhean naoi mbliana is trí scór d’aois agus cónaí uirthi i gceap árasán in Épinay-sous-Sénart, baile atá gar go maith do Pháras.
an seanfhondúir na sráide the oldtimer on the block
" Is fiú i gcónaí an seanfhondúir na sráide .
chuireann cosc ar which blocks
" Uirlis atá tagtha chun tosaigh sa Bhreatain le bliain nó dhó anuas ná an ‘sárurghaire’ a chuireann cosc ar nuachtáin eolas a chur i gcló faoi chaidrimh ghnéis sheachphósta a bhíonn ag daoine cáiliúla áirithe.
cheap árasán block of flats
" Fear tanaí gorm é Moisés, cónaí air sa favela (bailecheantar bocht) díreach taobh thiar den cheap árasán ina bhfuil cónaí ormsa.
dubh le daoine chocker block
" Bhí an dá thaobh den Fheabhal, an abhainn fhairsing álainn, a shníonn a bealach go réidh trí chroílár chathair Dhoire, dubh le daoine idir Chéad-Airí Tionóil, an Taoiseach, duaiseoir Nobel, maithe móra Choimisiún na hEorpa agus slua ollmhór de mhuintir ghealgháireach na cathrach, iad uilig i láthair ag oscailt oifigiúil an droichid coisithe nua, a bhfuil an t-ainm Droichead na Síochana tugtha ag an phobal air.
An bac uilíoch athartha sin that universal fatherly block
ceapa adhmaid wooden blocks
" Tá éadach Hama le n-aithint ar an dearadh dubh ina n-úsáidtear ceapa adhmaid le cló a chur de láimh ar éadach bán cadáis.
cheap maisiúil an ornate block
" Rug mo dhuine greim ar cheap maisiúil adhmaid.
bac a chur ar to block
" Tá an méid ama a chaitear ag múineadh mata agus léitheoireacht sna bunscoileanna le méadú agus tá pleananna aige níos mó usáid a bhaint as measúnú leanúnach don Teastas Sóisearach ach an mbeidh comhoibriú na múinteoirí ar fáil? Tá an chuma ar an scéal go bhfuil ceardchumann na meánmhúinteoirí, an ASTI, chun iarracht a dhéanamh bac a chur ar na leasuithe measúnaithe atá beartaithe ag Ruairí Quinn.
bac ar chumas iomaíochta na tíre block the country’s competitive capability
" Mhol siad go gcuirfí le líon na múinteoirí a bhfuil sé ar a gcumas teanga a mhúineadh agus thug siad rabhadh go gcuireadh an laige seo bac ar chumas iomaíochta na tíre.
Saol sa gCeap Árasán life in a block of flats
" Saol sa gCeap Árasán ======== Dúirt sé go raibh sé féin, a bhean agus an iníon ina gcónaí in árasán beag aon seomra codlata ar an 21ú urlár i mbloc mór lom ar imeall na cathrach.
tá cosc á chur ar a block is being placed
" Tá cinneadh rialtais ann táille clárúcháin a ghearradh ar dhabhcha séarachais i dtithe ar fud na tuaithe agus tá cosc á chur ar dhaoine a gcuid móna a bhaint i bportaigh atá in úsáid leis na cianta.
bac nó laincis a block or a hindrance
" Bhíodh cead ag imreoirí ar fud na páirce ag an am bac nó laincis a chur le gluaiseacht imreoirí na foirne eile nach raibh i seilbh na liathróide dul i dtreo imreora a bhí i seilbh na liathróide.
fós in áit na leathphingine still in the starting blocks
" Tá Walsh i ndiaidh táille ard a íoc le Mars Barra ar chúrsa bainisteoireachta a mhairfidh deich lá agus deich n-oíche, ach tá Balor ag déanamh go mbeadh Louis fós in áit na leathphingine fiú dá ndéanfadh sé cúrsa deich mbliana léi.
Fál go spéir idir í agus blocked off entirely from
" Fál go spéir idir í agus an chuid eile den Ghearmáin.
Ceapscaoileadh ina Cheap Tuisle a family tree was a stumbling block
" Ceapscaoileadh ina Cheap Tuisle ============== Tháinig an taighdeoir Sasanach seo ar fhear ghorm a bhí thar a bheith cróga agus a thuill boinn chrógachta agus a raibh scéal iontach suimiúil aige.
Bhí bac curtha ar an mbóthar the road was blocked off
" Bhí bac curtha ar an mbóthar ag na póilíní ansin, ionas nach n-éireodh le léirsiú ar bith féasta sacair FIFA a mhilleadh.
lán de sheoda luachmhara eolais chocker block with precious pieces of information
" Tá na nótaí go ginearálta lán de sheoda luachmhara eolais.
nó thosaigh sé ar cosa in airde because he started out of the blocks
" Nach aisteach an saol é! Ach, i ndáiríre, bhí tús breá bríomhar ag an bhliain, nó thosaigh sé ar cosa in airde.
ina ceap oifige (shall be) an office block
" Tá caint ann anois go mbeidh an dánlann iontach seo ina ceap oifige amach anseo ach tá mórán den phobal agus den aos ealaíne go háirithe ag súil nach dtarlóidh sé seo agus go bhfanfaidh an suíomh mar atá mar chuid d’oidhreacht na bliana.
Coscadh iarracht an effort was blocked
" Coscadh iarracht an Republican Congress muintir na Seanchille agus Bhaile Mhic Airt a thabhairt go huaigh Wolfe Tone i mBaile Buadáin sa bhliain 1934.
gcuirtear cosc ar dhaoine people are blocked
" Tá ráite ag DoneDeal go mbítear ag ar fhógraíocht agus go gcuirtear cosc ar dhaoine a bhíonn ag fógairt go rómhinic.