Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
hallúraigh foreigners
" Nach breá an eiseamláir don chuid eile againn iad sa dóigh a gcaitheann siad leis na teifigh agus na hallúraigh de chineál na gcaorach.
Eachtrannaigh foreigners
" Eachtrannaigh den chuid is mó a bhí ag freastal air.
líon mór eachtrannach a large number of foreigners
" Caithfear an cheist a chur: céard atá i ndán do Bhaile Átha Cliath amach anseo? Gan amhras, má ghlactar le líon mór eachtrannach sa tír beidh trioblóid againn sa todhchaí.
eachtrannaigh foreigners
" Agus cérbh iad? Déarfainn gur faisistithe a bhí i gceist, an sórt daoine a thapaíonn gach deis chun ionsaí a dhéanamh ar eachtrannaigh ar bith.
idir Pholannaigh agus eachtrannaigh both Poles and foreigners
" Rannóg inti féin is ea an Roinn Cheilteach laistigh de Roinn an Bhéarla agus bíonn thart ar dheichniúr ag obair anseo gach bliain, idir Pholannaigh agus eachtrannaigh, muid ag múineadh na dteangacha thuasluaite (an tSean-Ghaeilge ina measc), litríochtaí na hÉireann agus na Breataine Bige (a scríobhadh sa dá theanga atá againn), teangeolaíochta agus staire.
eachtrannaigh foreigners
" Is minic a deir eachtrannaigh a labhraíonn an Ghaeilge go nglacann Gaeilgeoirí le duine ar bith a labhraíonn Gaeilge, cuma cad as dóibh, agus gur le Béarlóirí amháin a bhíonn deacracht acu.
eachtrannaigh foreigners
" Bhronn Séamas I an talamh maith sa cheantar ar eachtrannaigh as an Bhreatain Bheag i 1609 agus tá a sliocht ann go fóill.
eachtrannaigh foreigners
" Ach is rud dothuigthe é cad chuige a bhfuil drochmheas ag go leor Gearmánach ar a dteanga féin, fíric a chuireann iontas ar eachtrannaigh go minic, Béarlóirí ina measc.
eachtrannach foreigners
" Leag sé béim freisin ar an líon ard eachtrannach atá ag múineadh anois sa chóras oideachais agus ar an ngéarghá atá le háis a chabhródh le cúlra na ndaoine seo a scrúdú.
eachtrannach foreigner
" Bíonn an phríomhbhéim i gcónaí ar an gcéad siolla, agus is é an rud is deacra ar fad don eachtrannach ná an diabhal comhartha sin, an hácek (rud a bhunaigh an fear leasaithe creidimh sin, Jan Hus, i scríobh na teanga) agus feictear litreacha mar š sa teanga.
eachtrannaigh foreigners
" "Táim ag casadh le blianta d'eachtrannaigh ar chúrsaí Oideas Gael i dTír Chonaill agus bíonn an-suim agam i conas mar a ghlacann siad le mo cheol.
eachtrannach foreigners
" Bhí sé ar intinn agam fáil amach cén fáth a raibh siad i mBéal Feirste agus ag obair sa mhonarcha sin, mar níl mórán eachtrannach sa chathair.
eachtrannaigh foreigners
" Ní mór leanúint ar aghaidh leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh leis an tír a dhéanamh níos glaine chun a chinntiú nach bhféachfaidh eachtrannaigh orainn a thuilleadh mar dhream salach agus go leanfaidh tionscal na turasóireachta uirthi ag fás.
eachtrannach foreigners
" Ag cuimhneamh ar an stair atá ag an tír seo ó thaobh na himirce de, bheifí ag súil go ndéanfaí dlithe inti a léireodh meon caoin, fáilitiúil i leith na n-eachtrannach a chuireann fúthu anseo gach bliain.
eachtrannaigh foreigners
" Tá cur síos sa leabhar ar eachtra amháin dá leithéid a tharla ar thraein a bhí ag iompar lucht leanúna abhaile tar éis Cluiche Ceannais na Mumhan agus an chaoi ina raibh fir óga a bhí ar meisce ag caitheamh maslaí ciníocha le heachtrannaigh a bhí ar an traein.
eachtrannaigh foreigners
" Nach bhfuil a fhios acu gur cheannaigh Rúiseach Chelsea agus gur eachtrannaigh iad formhór na mbainisteoirí agus na n-imreoirí is fearr i bPríomhroinn Shasana? Ach tá na seanlaethanta thart.
eachtrannaigh foreigners
" Tá cuid de na fostóirí seo sásta i bhfad níos lú ná an pá íosta a íoc leis na heachtrannaigh; tá siad sásta iad a chaitheamh isteach i dtithe gan teas nó compoird an tsaoil, ceathrar go minic i seomra codlata amháin agus iad ag maireachtáil ar bheagán.
eachtrannach foreigner
" Ar mhaithe leis an eachtrannach a bhí an taispeántas ar siúl, mheas mé féin, agus chrom mé ar roinnt grinn a tharraingt isteach sa chaint.
eachtrannach foreigner
" Ar mhaithe leis an eachtrannach a bhí an taispeántas ar siúl, mheas mé féin, agus chrom mé ar roinnt grinn a tharraingt isteach sa chaint.
nach bhfuil róthógtha le heachtrannaigh de bhunadh na hÁise who are not too taken with foreigners of Asian origin
" Tá roinnt daoine san Astráil nach bhfuil róthógtha le heachtrannaigh de bhunadh na hÁise, ach is cinnte go bhfuil feabhas mór tagtha ar chúrsaí bia anseo mar gur tháinig siad, díreach mar a tharla i gcás na ndaoine as an Eoraip blianta roimhe sin.
eachtrannaigh foreigners
" Faoi mar atá sé faoi láthair, eachtrannaigh is ea formhór na n-imreoirí agus na mbainisteoirí sna clubanna móra.
a bhainfeadh siar as an eachtrannach. which would surprise foreigners.
" Tá roinnt gnéithe de chultúr na Polainne a bhainfeadh siar as an eachtrannach.
na céadta eachtrannach the hundreds of foreigners
" Tá an rialtas tar éis an bealach éasca a thógáil le léiriú go bhfuil iarracht éigin á déanamh acu laghdú a dhéanamh ar an líon daoine atá á marú ar na bóithre (366 duine sa bhliain 2006) ach níl mórán iarrachtaí á ndéanamh maidir le fadhbanna eile: na mílte tiománaí atá ag tiomáint gan ceadúnas ar bith; na mílte atá ag fanacht le triail tiomána; na céadta eachtrannach atá ag tiomáint gan árachas nó ceadúnas; agus, an easpa comhoibrithe atá ann idir na húdaráis ó thuaidh agus ó dheas, a chiallaíonn go bhfuil ráta an-ard timpistí i gcontaetha na teorann.
eachtrannaigh foreigners
" Sílim gur Synge féin a dúirt – cé nach bhfuil an oiread sin measa agam ar Synge – go raibh cleachtadh ag bunadh an oileáin, fiú caoga bliain roimhe sin, ar eachtrannaigh bheith ag tabhairt cuairte ar an oileán ó gach cearn chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus mar sin de.
eachtrannaigh foreigners
" Measann Bob go bhfuil an oiread sin suime ag eachtrannaigh sa tír bheag iathghlas seo mar go bhfuil scéal ag baint le tír a bhí faoi smacht ag tír mhór eile.
neart eachtrannach plenty of foreigners
" Ní bus turasóireachta é an bus idirchathrach, ach bhí neart eachtrannach ar bord.
eachtrannaigh foreigners
" Bhí an-am agam sna scoileanna sin; bhuail mé le daoine ón tSín, ón tSeapáin, ón Spáinn agus ó thíortha nach iad agus bhí sé sin go hiontach, go háirithe domsa, mar chailín ó bhaile beag sa Pholainn nach raibh aon eachtrannaigh ann.
na heachtrannaigh the foreigners
" “Dhíol na hIsmays, dhíol na heachtrannaigh an teach agus cheannaigh Colm Ó Lochlainn (ar leis Comhartha na dTrí gCoinneal anseo i mBaile Átha Cliath), an fear sin a chuir amach na bailéid ar fad, cheannaigh seisean an áit agus bhí Gaeilge aigesean.
eachtrannaigh foreigners
" Admhaím nach bhfuil mé rómhaith ag teangacha, ach tá na Francaigh ar an dream is measa a casadh orm riamh, ó thaobh teangacha de, agus mé ag plé le heachtrannaigh agus a dteangacha dúchais.
eachtrannaigh foreigners
" I 1995, bhunaigh sé ambasáid phubaill i mbaile beag, Taneatua, chun aird an phobail a tharraingt ar chás na d*Tūhoe* mar eachtrannaigh ina dtír féin.
eachtrannach foreigner
" Tá siad ag tnúth leis an lá a bheidh duine a rugadh agus a tógadh san Astráil ina cheann stáit, seachas eachtrannach ríoga a bhfuil cónaí air nó uirthi ar an taobh eile den domhan.
seachas eachtrannach ríoga instead of a royal foreigner
" Tá siad ag tnúth leis an lá a bheidh duine a rugadh agus a tógadh san Astráil ina cheann stáit, seachas eachtrannach ríoga a bhfuil cónaí air nó uirthi ar an taobh eile den domhan.
céadta eachtrannach hundreds of foreigners
" Na céadta eachtrannach cosúil leat féin, a chuala an scéal céanna leat féin - sladmhargaí fad d’amhairc – ag ‘ul ar mire ag stoitheadh fríd ráillí éadaigh.
coimhthíoch of foreigners
" Tá Ging ina cheannaire ar Ghníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Lucht Dídine agus Oibreacha (UNRWA) agus ba mhinic é ar an scáilean mar dhuine den bheagán coimhthíoch taobh istigh den limistéar a bhí in ann cuntas neamhspleách a thabhairt ar a raibh ag titim amach ann le linn an ionsaithe 22-lá.
eachtrannach foreigner(s)
" Ach mar a tharla i gcás an díospóireacht a bhain lena laghad eachtrannach a bhíodh ina ngardaí, cuireann daoine eile an milleán ar an Ghaeilge.
eachtrannaigh foreigners
" I mbruachbhailte na gcathracha atá an Ghaeilge á labhairt go bródúil fós, agus muintir na hÉireann ag gearradh táillí arda ar eachtrannaigh chun rúide a thabhairt thart ar Ghaelscoileanna le go bhfaighidh siad blaiseadh beag d’oidhreacht na hÉireann.
n-eachtronn foreigner, exotics
" Cáintear an Bhuaf Chána Níl aon amhras ach gurb é an bhuaf chána an t-ainmhí andúchasach a chuireann isteach ar mhuintir na hAstráile níos mó ná aon ainmhí eile i measc na n-eachtronn sa tír.
eachtrannach of foreigners
" Aisteach le rá, ní ar shaoire ó thuaidh atá dreamanna áirithe eachtrannach abhus ag smaoineamh, ach ar thuras siar go lár na tíre le breathnú ar fheiniméin nádúrtha annamha a thiteann amach an t-am seo bliana: glasú an láir agus líonadh Loch Eyre.
eachtrannach foreigner
" in éineacht le chéile le tréimhsí mar sin a thabhair chun tosaigh? An bhfuil a fhios ag éinne, saineolaithe na bhforas oideachais san áireamh? Arb í an t-oideachas, airgead – ba lú ná luach éisc farraigí na tíre seo ag an am - an Chomh-mhargaidh a chuaigh sa timpeall, arb í an athnuachan bailte – arís le hairgead an AE – nó cad é a thosaigh an fuadar? Dúirt seanfhear cúig ghlúin ó shin i Maigh Eo nuair a cheistigh eachtrannach é faoina shráidbhaile a bheith tréigthe amhail is gur shiúil gach éinne amach as an teach agus gur fhág siad an doras ar leathadh ina ndiaidh, “The whole countries gone quiet and no man knows what ails it.
eachtrannaigh foreigner
" " Is mairg le húdair an leabhair go bhfuil Éire na fáilte is na teolaíochta chomh marbh le hArt! Ar ndóigh tá sé de bhua ag na húdair go bhfuil siad ag amharc isteach orainn ón taobh amuigh agus gur barúil oibiachtúil trí shúile an eachtrannaigh atá á nochtadh acu.
eachtrannach foreigner
" Faoi mheánoíche an lae sin, caithfidh gach saoránach nó eachtrannach cónaitheach a bhfuil teacht isteach níos airde ná $9,000 aige ráiteas cánach don stát agus don chónaidhm faoi seach a sheoladh isteach chuig rannóga cánach rialtais.
choimhthígh foreigners
" Dúradh leis go raibh sé róghearr agus go mbeadh canúint Bhaile Átha Cliath ródheacair do choimhthígh í a thabhairt leo.
eachtrannaigh foreigners
" ” Déanaim iontas den phíosa eolais seo ós rud é go ndeir eachtrannaigh a bhfuil taithí acu ar an dá theanga gur fusa an Bhreatnais a shealbhú ná an Ghaeilge.
Gallaibh foreigners
" Tá muid díolta leis na Gallaibh.
eachtrannaigh go leor many foreigners
" Déanaimid go leor taistil agus tagann eachtrannaigh go leor chuig an tír seo.
eachtrannaigh foreigners
" Níor scrios eachtrannaigh an cultúr ábhartha sin mar a rinneadh anseo.
heachtrannaigh foreigners
" Bhí go leor eile, TG4, an Ghaeltacht, tá sí fíorthábhachtach dúinn, na heachtrannaigh as áiteanna eile atá bogtha isteach – tá siad chomh mórtasach as a dteanga féin a labhairt – muintir na Gaeltachta, tá siad ag teacht isteach ag labhairt níos airde arís.
choimhthígh foreigners
" Labhair Soini go sibhialta cúramach le linn an fheachtais agus é ag cur síos ar choimhthígh.
choimhthíoch foreigner
" 
Roghnaíodh Collins mar Phríomh-Choimisinéir ar an Choimisiún Comhionannais sa tuaisceart i 2005, ceapachán nár thaitin le hAontachtaithe cionn is gur tugadh an post do “choimhthíoch”, fear “not likely to command the confidence of the majority community in Northern Ireland," mar a thug Peter Robinson air.
d'eachtrannaigh to foreigners
" Bheadh comhghleacaí Robinson, Sammy Wilson, níos ginearálta blianta ina dhiaidh sin nuair a dúirt sé gur cheart postanna a thabhairt do dhaoine a raibh “a bhfréamhacha anseo” in áit iad a thabhairt d'eachtrannaigh.
líon na gcoimthíoch the number of foreigners
" An Seicteachas agus an Ciníochas ================== Do dhream a bhfuil dearcadh an imhshuí go láidir iontu, ní hiontas ar bith é go mothódh dílseoirí inmíoch le méadú mór (ó bhun thar a bheith íseal) ar líon na gcoimthíoch atá ag cur fúthu ó thuaidh, ach tá an críochachas go láidir sa dá phobal ó thuaidh.
eachtrannaigh foreigners
" Tá idir óg is aosta ann, idir Éireannaigh is eachtrannaigh, idir dhaoine maithe is dhrochdhaoine.
eachtrannach foreigners
" Ní mórán eachtrannach a bhíos ag tarraingt ar an áit.
eachtrannach foreigner(s)
" Fear óg, bríomhar agus cúram mór air: beirt eachtrannach a bhailiú agus iad a thabhairt slán chuig an áit a mbeadh dídean na hoíche acu.
an t-aon eachtrannach the only foreigner
" Ní hé an t-aon eachtrannach i measc lucht na leadóige ná lucht spóirt an choláiste i gcoitinne ach a mhalairt i ndáiríre.
an t-aon eachtrannach the only foreigner
" Mise an t-aon eachtrannach, ní áirím Éireannach, ar an bhfoireann.
eachtrannach a foreigner
" Óir is léir ó thuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga nach múintear an tuiscint ná an meas seo go sásúil, ní hamháin i Langley, ach sa Teampall Mór ach chomh beag! Bhí sé mar leithscéal ag Everett ar ndóigh gur eachtrannach a bhí ann, ach cén cineál amaidí a thug ar lucht bainistíochta an Gharda Síochána baill den fhórsa a chur ag obair i gceantair Ghaeltachta cé nach raibh siad in inmhe príomhtheanga na háite a labhairt? Forálacha d’Acht an Gharda Síochána 1924 - 2005 =========================== Léirigh tuarascáil an Choimisinéara nach raibh ochtar den naonúr Garda a bhí lonnaithe i nGaoth Dobhair, ceann de na ceantair Ghaeltachta is láidre sa tír, ábalta a gcuid dualgas a chomhlíonadh trí Ghaeilge.
Díograis na nEachtrann the foreigners zeal
" Díograis na nEachtrann ========== Níl gach éinne brodúil, áfach, as gan a bheith in ann an teanga náisiúnta a labhairt.
waiguoren foreigner
" ’S í do chanúint leathan a nochtann gur coimhthíoch saonta thú go dtáinig tú ó thaobh eile na farraige is nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na hÉireann ’S é do cheannaghaidh neamh-Áiseach a nochtann fiú gan focal amháin a rá go bhfuil tú gan dabht i do waiguoren* ’s nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na Síne Sléibhte maorga atá i do thimpeall Cuireann na carraigeacha crochta iontas ort Tá tú sáite i nglaise na bpáirceanna is na bhfánaí Is ar do shuaimhneas atá tú ansin Agus tú i measc na ndaoine ag canadh is ag caint is ag ól Sa teach leanna beoga i nGleann Nó ag rince in éineacht le comharsana Sa tsráid bhríomhar i Yangshuo Beidh lúcháir an chomhluadair chroíúil ort Ní i do waiguoren a bheidh tú níos mó Mo rabhadh duit, a chara Uair amháin agus tusa san áit Tiocfaidh draíocht ort i ngan fhios duit is beidh sé do do mhealladh go deo!
dá mbeadh eachtrannach ag breathnú ar were a foreigner to look at
" Cheap mé go raibh sé seo suntasach mar dá mbeadh eachtrannach ag breathnú ar shuíomh oifigiúil na huachtaránachta, bheadh sé den tuiscint go bhfuil an Ghaeilge ar comhchéim leis an mBéarla in Éirinn.
Eachtrannach a foreigner
" Eachtrannach as mór-roinn eile a dúirt, “is féidir linn”.
Gaill foreigners
" Conchobair co sochraiti moir do Gaidelaib leis hi furtacht in Rig i mBretnaib, & ro milset an tir uili’ 1245AConn), Gaill in aghaidh Gaeil na hÉireann agus Protastúin in aghaidh na nGael nuair a d’fhóir sin, Muslamaigh in aghaidh Induach na hInde, ní a scoilt an tír a bhuí siúd do MtBatten, Tuirc in aghaidh Ghréagaigh na Cipire, Sínigh agus Mong in aghaidh Vítneamach i Víteam, Shia agus Curdaigh in aghaidh Sunni na hIaráice agus Sunni in aghaidh Shia agus Críostaithe na Siria ad infinitum.
na Meiriceánaigh óga glacadh liom mar eachtrannach in the young Americans accepting me as a foreigner
" Croí na Féile ==== Chomh maith leis sin, ní raibh aon mhoill ar na Meiriceánaigh óga glacadh liom mar eachtrannach, nó le cairde eile linn ón Áis, ó thíortha Arabacha nó eile.
na ‘heachtrannaigh’ na teanga aduaine to the foreigners with the strange language
" Ní raibh mo leathbhádóir chomh bagrach céanna, ach mhaslaigh sé dona go leor iad trí mhíniú dóibh os ard i mBéarla nár aithin siad teanga na hÉireann, an Ghaeilg, agus choinnigh air i bhfad ag rachtaíl gáire ina ndiaidh! Choinnigh siad orthu ag gearradh bealaigh go maolchluasach, ach is é an trua nach bhfaca slua ceart iad, mar roghnaigh siad sráid bheag choisithe lena sonc maslach a thabhairt do na ‘heachtrannaigh’ na teanga aduaine.
spiaireacht ar eachtrannaigh spying on foreigners
" Bhí trí ríomhaire glúine ag Snowden, agus in ainneoin chomh hóg is a bhreathnaigh sé, níorbh fhada gur áitigh sé ar Greenwald go raibh cruthúnas aige ar na ríomhairí seo go raibh rialtas Mheiriceá ag spiaireacht ar eachtrannaigh agus ar a shaoránaigh féin ar bhonn nach raibh éinne ag súil leis.
tá siad claonta ina aghaidh eachtrannach they’re biased against a foreigner
" Mar shampla, tá siad claonta ina aghaidh eachtrannach.
eachtrannaigh foreigners
" Is é a dhéanann na deacrachtaí seo go léir a chuirtear roimh eachtrannaigh, ar ndóigh, ná béim a leagan ar an idirdhealú idir saoránaigh agus inimircigh, rud a chruthaíonn sochaí a chuideodh leis an gciníochas.
d’eachtrannaigh sa sprioctheanga amháin to foreigners in the target language only
" Ba bheag nár thit mé i laige nuair a fuair mé amach gurb é an focal atá ann do bheoir ná cerveza! Cé nach raibh mé i bhfad ón mbaile, an bhféadfainn maireachtáil san áit choimthíoch seo ar feadh bliana, i ndáiríre? Cur i bhFeidhm na dTeoiricí ============ Go teoiriciúil agus TEFL déanta agat, tá tú ceaptha a bheith in ann an Béarla a mhúineadh in áit ar bith ar domhan, ón mBablóin go Timbeactú! Déantar na ranganna a theagasc d’eachtrannaigh sa sprioctheanga amháin, is cuma cén leibhéal teanga atá acu sa teanga sin.
coimhthíoch a foreigner
" Ní ghlacfadh na baill eile den lóiste le coimhthíoch a bheith ina measc.
eachtrannaigh foreigners
" Tá cuid de na heachtrannaigh a bhfuil stádas an dídeanaí bainte amach acu sa tír seo in umar na haimléise agus iad ag fanacht ar chinneadh maidir le cé acu an dtabharfar cead dá dteaghlaigh teacht go hÉirinn.
eachtrannach foreigner
" Cé gur bhain muintir na hAstráile neamhspleáchas amach sa bhliain 1901, tá eachtrannach ina ceann stáit go fóill.
n-eachtrannach foreigners
" Ba cheart do lucht cáinte na Gaeilge faoiseamh a thabhairt do Pheig Sayers bocht dar le Breandán Delap agus sampla na n-eachtrannach i leith foghlaim na teanga a leanstan.