Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag athrú de shíor forever changing
" Tá na gutháin shoghluaiste agus na ríomhairí neamhshreangaithe ag athrú de shíor agus is é an t-idirlíon is cúis leis seo.
go brách forever
" B'fhéidir lá níos faide anonn? An Ghaeilge go brách, a chairde!
múchta go deo quenched forever
" " Murach John agus Andrew agus a gcomrádaithe sna seirbhisí éigeandála agus tarrthála, déarfainn go mbeadh aon spré dhóchais a bhí agam sa chine daonna múchta go deo faoi seo.
go brách forever
" Fantasaíocht? Cinnte dearfa, agus tá súil le Dia agam gur fantasaíocht a bheas ann go brách.
de shíor ag cleachtadh forever practising
" Ní mé cén míniú atá le feiniméan seo na ndeartháireacha, ach seans go mbaineann sé le deartháireacha a bheith de shíor ag cleachtadh agus ag iomaíocht le chéile amuigh sa gharraí nó ar chúl an tí.
go síoraí forever
" Caithfidh sé féin agus Áine a bheith go síoraí ag cuartú scéalta mar nach bhfuil taighdeoirí ar bith ag an chlár.
go síoraí seasta forever
" " "Ná bí ag súil le tada bog uainne feasta nuair nár iompaigh tú féin ar do chois d'éinne ariamh ach tú go síoraí seasta ag tarraingt na gcos.
de shíor ag maíomh forever boasting
" Bíonn na hÉireannaigh de shíor ag maíomh gurb iad an dream is fearr óil agus ceoil ach deárfainn féin go mbeadh na Meicsicigh in ann muidinne a shárú lá ar bith.
de shíor ag clamhsán forever complaining
" Tá sé de nós ag an lucht acadúil, agus aos léinn na Gaeilge go háirithe, a bheith de shíor ag clamhsán faoi chaighdeán na mac léinn agus a bheith ag caitheamh i ndiaidh na ré órga, nuair a bhí formhór na mac léinn, dar leo, ar fheabhas an tsaoil.
athraithe go deo changed forever
" Is ceist dhomhanda í a chúram agus as an chonspóid tagann ceisteanna eile chun cinn: an fiú i gcónaí athchóiriú a dhéanamh ar shaothar atá chomh luachmhar agus chomh sean le saothar Michelangelo má tá an chontúirt ann go mbeidh sé athraithe go deo? Agus, cé ba cheart cinneadh mar seo a dhéanamh? Rinne Gailearaí Uffizi cinneadh gan leanúint ar aghaidh le hathchóiriú ar an "l'Adorazione dei Magi" le Leonardo Da Vinci nuair a fuair siad amach go raibh bunstruchtúr an phictiúir ní ba chasta ná mar a shíl siad.
de shíor ag gearán forever complaining
" Go hiorónta, bíonn na bainisteoirí céanna de shíor ag gearán faoi chostas na hoibre (tuarastail, árachas sláinte, srl) a bheith i bhfad ró-ard sa nGearmáin agus iad ag bagairt go n-aistreoidh siad go Poblacht na Seice nó áit ar bith eile a mbeidh an obair níos saoire - rud atá á dhéanamh acu go fonnmhar le blianta beaga anuas.
go síoraí forever
" AÓF: An mbíonn tú ag casadh amhrán duit féin, nuair nach mbíonn aon duine eile ag éisteacht? CÓCC: Bím go síoraí ag casadh liom féin ach sílim go gcloiseann na comharsana mé.
ag ardú de shíor forever rising
" Bhíodh na costaisí ag ardú de shíor ó thaobh na teilifíse de.
Ag síormhaíomh forever claiming
" Ag síormhaíomh nach bhfuil Contae na Mí ag fáil sciar féin d'airgead an Údaráis.
go deo na ndeor forever
" An bhfuil plean B ag an DUP? Nó ar shíl siad go mbeadh “Sinn Féin /IRA” ann go deo na ndeor agus go dtiocfadh leo suí siar agus géarcháineadh a dhéanamh? Má tá an streachailt armtha críochnaithe, ní chiallaíonn sin nach bhfuil am corraitheach romhainn.
de shíor á cháineadh forever criticising him
" Is dócha go dtuigeann lucht na Gaeilge anois a thábhacht mar Aire Gaeltachta, cé go bhfuil duine nó dhó ann a bhíonn de shíor á cháineadh.
ag diúl airgid gan staonadh forever sucking money
" Tá daoine áirithe den bharúil gur súmairí iad muintir na Gaeltachta a bhíonn ag diúl airgid gan staonadh ón stát.
go deo na ndeor forever
" Cé a shamhlódh ag an am sin gurb í íobairt seo Sands agus an naonúir eile an eachtra ba mhó a d’athródh saol polaitíochta na Sé Chontae go deo na ndeor.
atá de shíor ag bogadh siar which is forever moving west
" I gConamara, mar shampla, tá go leor de Chois Fharraige i mbaol a bheith slogtha isteach mar bhruachbhailte de Chathair na Gaillimhe, atá de shíor ag bogadh siar.
go deo na ndeor forever
" An cuspóir a bhí acu ná Fianna Fáil a choimeád i gcumhacht go deo na ndeor.
buíoch go deo forever grateful
" ” Deir Ó Coileáin go mbeidh sé buíoch go deo den Athair Leader mar gheall ar an scoil sin a chur ar bun.
síoraí seasta ag fiafraí dínn forever asking us
" ***SD: Bhí muid le chéile mar ghrúpa ar feadh os cionn bliana agus bhíodh daoine síoraí seasta ag fiafraí dínn, “An bhfuil CD agaibh?“ nó “Cá bhfuil an CD ar fáil?”.
ag méadú de shíor. forever growing.
" Ach tá bearna shuntasach eatarthu anois agus tá an bhearna ag méadú de shíor.
de shíor ag croitheadh lámh forever shaking hands
" Nós atá ag fir na Polainne ná go mbíonn siad de shíor ag croitheadh lámh le chéile – ag bualadh le chéile, ag fágáil slán le chéile.
de shíor forever
" É sin ráite, ní féidir a bheith de shíor ag cuimilt boise agus níor mhór na fiacla a dhrannadh nuair is gá.
de shíor i mbun traenála. forever training.
" Ar aon nós, clár an-taitneamhach a bhí ann agus bhí sé go deas a fhoghlaim go bhfuil na deartháireacha seo daonna agus spraíúil agus go bhfuil taobh eile ag baint leo seachas an taobh a bhí feicthe againn roimhe seo, is é sin gur cineál róbait spóirt iad a bhíonn dáiríre i gcónaí agus de shíor i mbun traenála.
de shíor ag cleachtadh forever practising
" Bíonn Seán Óg de shíor ag cleachtadh agus ag traenáil, cuir i gcás, ach ní hionann é agus saol an imreora ghairmiúil.
ag síorathrú. forever changing.
" Bíonn fáilte roimh chách sa dánlann iontach seo amuigh faoin spéir a bhíonn ag síorathrú.
de shíor ag troid lena chéile, forever fighting with each other,
" Má ghlacann muid leis gurb iad Clanna Gael (clubainm atá coitianta ar fud na tíre) a imríonn cluichí na nGael agus a bhíonn de shíor ag troid lena chéile, b’fhéidir go raibh an ceart ag na Sasanaigh.
feasta go deo. forever.
" Sin an fáth gur gheall siad go labhródh siad Gaeilge lena chéile feasta go deo.
go deo. forever
" Seans maith nach gceannóidh sé dlúthdhiosca i ngnáthshiopa go deo.
go deo. forever.
" Chonaic Myers rudaí i mBéal Feirste a fhanfaidh leis go deo.
ag méadú de shíor. forever increasing
" I dtosach báire, tá caighdeán an-ard i gceist sna comórtais seo anois, agus lena chois seo tá líon na ndaoine atá ag glacadh páirte iontu ag méadú de shíor.
ag cosaint a pháirtí de shíor. forever defending his party.
" Údar gach oilc, dar leis an fhreasúra, agus caithfidh sé níos mó deiseanna scórála a thapú seachas a bheith ag cosaint a pháirtí de shíor.
go deo forever
" Tuigeann John Ghráinne go mbaineann sé le saol eile ar fad anois, ach tá sé linn go fóill agus a bhuíochas le Seán Mac Labhraí, beidh sé linn go deo.
go deo na ndeor forever
" Tá tuairim is leathchéad bliain slán anois aici, ach nuair a bhí sí ní b’óige bhí dhá chéad cainteoir Karuk ann agus cheap sí go mairfeadh an teanga go deo na ndeor ach níl fágtha anois ach cúigear cainteoirí dúchais nó mar sin.
bheith thíos go deo to have failed forever
" A bhFuil Romhainn ========= Scéalta tharainn na teipeanna go léir, Cionn tSáile, an Drochshaol, díothadh na teanga, drochíospairt ar leanaí lenár linn féin, agus díol na tíre anuraidh san áireamh, ach sinn an leon a leigheas: Ní hí an ainnis is measa linn a bheith thíos go deo, ach an tarcaisne a leanann é nach leigheastar an leon.
beidh sé do do mhealladh go deo it shall beguile you forever more
" ’S í do chanúint leathan a nochtann gur coimhthíoch saonta thú go dtáinig tú ó thaobh eile na farraige is nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na hÉireann ’S é do cheannaghaidh neamh-Áiseach a nochtann fiú gan focal amháin a rá go bhfuil tú gan dabht i do waiguoren* ’s nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na Síne Sléibhte maorga atá i do thimpeall Cuireann na carraigeacha crochta iontas ort Tá tú sáite i nglaise na bpáirceanna is na bhfánaí Is ar do shuaimhneas atá tú ansin Agus tú i measc na ndaoine ag canadh is ag caint is ag ól Sa teach leanna beoga i nGleann Nó ag rince in éineacht le comharsana Sa tsráid bhríomhar i Yangshuo Beidh lúcháir an chomhluadair chroíúil ort Ní i do waiguoren a bheidh tú níos mó Mo rabhadh duit, a chara Uair amháin agus tusa san áit Tiocfaidh draíocht ort i ngan fhios duit is beidh sé do do mhealladh go deo!
go brách forever
" Agus nuair a bhí smacht acu ar an chomhairle, bhí smacht acu ar ghnóthaí tithíochta agus chinn siad nach dtógfaí tithe úra ar thaobh na Cathrach rud a chiallaigh go mbeadh dhá toghcheantar acu go brách.
imithe go deo na deor gone forever
" "Bhí m'athair mór chomh croíbhriste sin i ndiaidh mo mháthair mhór Julia, bás a fháil, é i gcónaí ag iarraidh glacadh leis go raibh sí imithe go deo na deor.
go deo na ndeor forever
" Cad a leanann an gníomh? Conas mar a théann sé i bhfeidhm orthu siúd a bhfuil an saol stróicthe as a chéile go deo na ndeor agus gan faoiseamh ceart le fáil riamh arís acu.
caith uait go brách aon leagan truaillithe dumb the bastardized form forever
" Tarraing chugat d’ainm, do shloinne agus do sheoladh sa bhunleagan Gaeilge amháin agus caith uait go brách aon leagan truaillithe.
mairfidh fáinne fí na mórshiúlta go deo na ndeor the vicious circle of marches shall continue forever
" Chuir Squinter, colúnaí leis an Andersonstown News ceist, cad chuige a raibh na haontachtaithe seo ag gearán faoin mhórshiúl phoblachtach nuair a bhí siad ag áitiú go mbrúfaí The Pride of Ardoyne fríd Ard Eoin, buíon cheoil a thugann ómós do thriúr ball den UVF, Billy McClure, Sam Rockett agus fear a luaíodh le buamáil Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin, Billy Hanna? Agus tacaíocht na bunaíochta aontachtaí acu agus spreagadh ó cheannairí pobail nach féidir leo páirt a ghlacadh i ndíospóireacht shibhialta, mairfidh fáinne fí na mórshiúlta go deo na ndeor.
go deo na ndeor forever
" " Tá *The Detail* maoinithe ag *Atlantic Philanthropies* ach an mairfidh an maoiniú sin go deo na ndeor? Tá na nuachtáin thraidisiúnta ag cailleadh léitheoirí lá i ndiaidh lae.
na cuimhní a fhanfaidh leat go deo the memories which shall remain with you forever
" An Chaid ==== **CB: An Club versus an Contae – cad iad na buaicphointí duitse?** DÓC: An club is dócha – sin iad na cuimhní a fhanfaidh leat go deo.
de shíor ag gearán. forever complaining.
" Tá titim mhór tagtha sa líon daoine atá ag ól i dtithe tábhairne na hÉireann le tamall anuas ach measann Breandán Delap go bhfuil sé in am ag na tábhairneoirí dul i ngleic leis an fhadhb, seachas bheith de shíor ag gearán.
go deo forever
" Tá Colm Mac Séalaigh den tuairim go mairfidh éachtaí áirithe spóirt go deo i gcuimhne agus i gcroí mhuintir na hÉireann, bua an ghalfaire Pádraig Harrington i gComórtas Oscailte na Breataine ina measc.
nach bhfuil in aon ní ach seal nothing lasts forever