Pota Focal Intergaelic
form | frum | foirm | for | for-
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chlár plé discussion forum
" Nuair a tháinig na héin bheaga chainteacha Lochlannacha anseo - na síodeitigh nó *bombycilla garrulus* - chuaigh mé ar an idirlíon fosta agus tháinig mé ar shuíomh gréasáin éaneolaithe áitiúla, a bhí ag déanamh tríligh le chéile, mar a déarfá, ar chlár plé.
chláracha plé an idirlín Internet discussion forums
" Ar chláracha plé an idirlín nochtann daoine a gcuid tuairimí agus déanann plé ar na fíricí.
Fóram an Mhéara The Mayor's Forum
" Rud a rinne siad ná Fóram an Mhéara a chur sa tsiúl.
cláracha plé discussion forums
" Bíonn cláracha raidió agus teilifíse, nuachtáin, irisí, cláracha plé, scéalta agus ceachtanna le fáil saor in aisce, ach cúpla nóiméad a chaitheamh ag baint úsáide as inneall cuardaithe.
fóraim idirlín, internet forums,
" (Paragraf 4) Léiríonn torthaí an taighde go mbíonn páistí scoile chomh hóg le dhá bhliain déag d’aois á gciapadh ag na bulaithe trí ghlaonna gutháin, teachtaireachtaí téacs, teachtaireachtaí ríomhphoist, fóraim idirlín, seomraí cainte agus suíomhanna greasánaithe shóisialta mar Bebo, Facebook agus MySpace.
choiste forum
" Le scéal fada a ghiortú, de bharr an lagtrá eacnamaíochta, d’iarr Rialtas na hÉireann ar choiste eacnamaithe iniúchadh a dhéanamh ar an dóigh a bhfuil airgead poiblí á chaitheamh agus moltaí a dhéanamh i dtaca leis an dóigh is fearr le gearradh siar a dhéanamh.
chomhaltaí an fhóraim the forum members
" Thug Vladimir Putin aitheasc breá forásach os comhair chomhaltaí an fhóraim, á mholadh aige go n-oibreodh na tíortha éagsúla as lámh a chéile, ach ní foláir a chuimhneamh go raibh port an-difriúil á sheinm bliain ó shin, nuair a bhagair an Chreimil go mbeidís toilteanach an lámh láidir a úsáid chun a gcearta san Artach a chosaint.
an Fóram Domhanda maidir le hImirce agus Forbairt (FDIF the Global Forum for Migration and Development (GFMD)
" Ar na tionscnaimh a d’eascair as an Idirphlé cuireadh an Fóram Domhanda maidir le hImirce agus Forbairt (FDIF) ar bun.
bunú fóraim starting of a forum
" Creidimid go gcabhróidh bunú fóraim, a chumasaíonn comhrá idir dhaoine ina dteangacha féin, le hardán a chur ar fáil a chothóidh tuiscint níos fearr idir dhaoine agus a gcultúir éagsúla.
fóram maslaithe an insult forum
" Ar an drochuair, is iondúil gur fóram maslaithe (faoi chosaint bhréagainm) a bhíonn ina leithéid.
ar fhóraim chainte discussion forums
" I gCaisleán Átha Cliath, ag an gcomhdháil 'Women ón Air' i mí na Bealtaine, nocht an t-iriseoir agus láithreoir TG4, Una Mullally, go raibh bagairtí éignithe faighte aici ar na meáin shóisialta agus ar fhóraim chainte bunaithe ar a bpíosaí tuairimíochta.
i dteideal seasamh do thoghchán an Fhóraim entitled to stand in the Forum elections
" Cuireadh an Comhlathas le chéile taobh istigh de 7 sheachtaine le go mbeadh siad i dteideal seasamh do thoghchán an Fhóraim, an foras a bunaíodh mar ghléas chun theacht ar réiteach pholaitiúil i ndiaidh na sosanna cogaidh.