Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
freagrach as responsible for
" Tá mé freagrach as feidhmiú agus forbairt na heagraíochta ó lá go lá, i gcomhar le feidhmeannach agus faoi threoir Coiste Stiúrtha.
freagrach as responsible for
" Chaith Balor a shúil nimhe fosta an mhí seo ar na múinteoirí míshásta, míchéillí, mírathúla a bhfuil sé de mhí-ádh orthu a bheith freagrach as oideachas a chur ar na daltaí mioscaiseacha a chuaigh amach ar stailc in éadan stailce.
freagrach responsible
" Dúirt go leor daoine go mbeadh sé níb fhearr dá mbeadh eagraíochtaí an Lucht Taistil sásta admháil anois agus arís nach mbíonn na Taistealaithe gan locht i gcónaí, ach go mbíonn a bhformhór freagrach nuair a thugtar na háiseanna cearta dóibh, etc.
ní ba fhreagraí more responsible
" Deirimid go mbeimis i bhfad ní ba bháúla leo dá mbeidís ní ba fhreagraí.
freagrach as responsible for
" Déanaim obair an Ghúim a phleanáil agus a leagan amach i gcomhar leis an bhfoireann agus bím freagrach as an gclár oibre a chur i gcrích agus as bainistíocht ghinearálta na háite.
freagrach don answerable to
" " Chuir sé facs chugam ar a raibh liosta de 20 pointe a raibh siad míshásta fúthu, ina measc an dóigh nach gcaithfidh an príomhchonstábla agus na póilíní a bheith freagrach don bhord póilíneachta, cur i bhfeidhm faoi cheilt an dlí, dímhíleatú, piléir phlaisteacha, an brainse speisialta agus cúltaca na bpóilíní, earcaíocht, ballraíocht cumann rúnda agus bratacha agus suaitheantais.
freagrach as responsible for
" Chomh luath is a bhíothas cinnte de go raibh Osama Bin Laden, Al Qada agus an Taliban (go hindíreach) freagrach as na hionsaithe ar an 11 Meán Fómhair, bhí naimhdeas gránna le feiceáil ar an toirt i gcoinne na nArabach Meiriceánach, daoine de shliocht Meánoirthearach, agus daoine a raibh cuma Arabach nó Mheánoirthearach orthu, naimhdeas a bhí marfach go rómhinic.
freagraí díreacha direct answers
" Is breá leis an dúshlán a bhaineann leis an phost seo in RTÉ, cé go n-admhaíonn sé go bhfuil sé níos deacra ná riamh freagraí díreacha a fháil ó pholaiteoirí a bhfuil dianchúrsaí costasacha déanta acu le leithéidí Carr Communications chun cur ar a gcumas déileáil go héifeachtach leis na meáin.
freagrach as responsible for
" Tá níos lú ná dáréag Garda ón rannóg seo freagrach as formhór na bhfaoistiní a dhéantar.
freagrach as responsible for
" Creid é nó ná creid, is é Samuel Beckett atá freagrach as an tsuim atá agam i gcultúr na hÉireann.
freagrach as responsible for
" Tá an stair freagrach as na deacrachtaí sin, ar ndóigh.
freagrach as responsible for
" Orthu sin tá na pointí seo leanas: Tá suas le *hocht *roinn stáit freagrach as an bpleanáil chun dul i ngleic le héigeandáil núicléach.
freagrach as responsible for
" Is iomaí gníomh barbartha a raibh fórsaí rúnda Arm na Breataine freagrach as ar an oileán seo le linn Chogadh na Saoirse.
freagrach as responsible for
" Muna ndéanann siad sin, beidh siad freagrach as rud éigin tromchúiseach.
freagraí fánacha haphazard answers
" Ach bhí máinliath na scine róghnóthach ag gearradh is fágadh an slua i dtuilleamaí a gcuid smaointe is a gcuid freagraí fánacha féin.
freagrach as responsible
" Is deacair a thuiscint uaireanta céard tá ar bun ag na heagrais atá freagrach as todhchaí agus slánú an dá ghné seo dár n-oidhreacht Ghaelach.
freagrach as responsible for
" Tá an té a deirtear a bhí freagrach as an ár agus léirscios a deineadh ar an Ómaigh ar an 15 Lúnasa 1998 anois i bpríosún.
freagrach as seo responsible for this
" Thar aon rud eile, is í an teilifís atá freagrach as seo.
freagrach responsible
" Mura bhfuil cuimhne chruinn ghlinn ghlé agaibh ar an dea-rún, ní thig libh a bheith freagrach as, gan trácht ar é a choinneáil.
freagrach as na buamaí responsible for the bombs
" Fiú cúpla bomaite i ndiaidh na bpléascanna i gceithre thraein i lár Mhaidrid, bhí sé an-soiléir go mbeadh an bua ag an Partido Popular sa toghchán dá mbeadh an grúpa sceimhlitheoireachta ETA (*Euskadi Ta Askatasuna *nó Tír na mBascach agus Saoirse) freagrach as na buamaí.
freagrach as responsible for
" Tá muidne ag déanamh slada ar ár n-oidhreacht féin, mar a tharla d'oidhreacht na nIndiach Dearg i Meiriceá, ach gur sinne féin atá freagrach as an slad.
freagrach as athbheochan an cheoil uirlise responsible for the revival of instrumental music
" Deirtear sa leabhar údarásach *The Companion to Irish Traditional Music* gurb é atá freagrach as athbheochan an cheoil uirlise in iarthuaisceart Dhún na nGall.
freagrach as na hionsaithe responsible for the attacks
" "Ba mhaith liom go n-imeodh na daoine seo as a stuaim féin má tá siad freagrach as na hionsaithe nó as an drochíde," arsa an Comhairleoir Stoker, abairt a bhí cosúil leis an abairt ag tús an ailt seo.
freagrach as na scripteanna responsible for the scripts
" "Le tamall anuas tá muid ag iarraidh teacht isteach ar an réamhléiriú chomh maith, agus tá muid ag obair ar thionscadail áirithe anois ina bhfuil Telegael freagrach as na scripteanna agus as na *storyboards* chomh maith.
freagrach as responsible for
" Creidtear gur ball den IRA ar a nglaotar *The Surgeon *a d'eagraigh an luíochán seo agus go raibh duine acu siúd a bhí freagrach as buamáil na hÓmaí i 1998 páirteach san eachtra freisin.
freagrach as responsible for
" Tá mé freagrach as an tseirbhís aistriúcháin; agus sraitheanna de thráth na gceist a reáchtáil agus na ceisteanna a cheapadh.
freagrach as margaíocht a dhéanamh ar an bhféile responsible for the marketing of the festival
" Maíonn Géaróidín Ní Ghioballáin, an duine atá freagrach as margaíocht a dhéanamh ar an bhféile, gur féidir leis an nGaeilge a bheith mar "acmhainn chultúrtha agus acmhainn a bheadh páirteach i bhforbairt bhuan an cheantair".
freagrach as responsible for
" Ach, ná déan dearmad go bhfuil sí freagrach as na cláracha oideachais agus ilchultúrtha chomh maith.
freagrach as leas an imreora óig responsible for the welfare of the young player
" An fhadhb leis seo ná nach bhfuil aon duine amháin freagrach as leas an imreora óig.
freagracha responsible
" Tugann sé le fios nach daoine stuama agus freagracha muid.
freagrach as responsible for
" Anois, tá Ray freagrach as forbairt chruthaitheach *agus *forbairt airgeadais an ionaid.
freagrach as responsible for
" Tá mé freagrach as gach gné d'obair na Comhairle faoi stiúir Chathaoirleach na Comhairle, Breandán Mac Cormaic.
freagrach as responsible for
" Tá mé freagrach as gach gné de riarú an Bhrainse, agus as leaganacha Gaeilge na logainmneacha a réiteach ach go háirithe, i gcomhar leis an hoifigigh taighde eile.
gann ar fhreagraí sásúla short of satisfactory answers
" An é go bhfuil an IRA imithe go hiomlán as smacht nó an bhfuil míniú eile ar Shinn Féin bheith gann ar fhreagraí sásúla an babhta seo! I dtosach chuir ceannaire an PSNI, Hugh Orde, i leith an IRA gurbh iadsan a bhí freagrach as robáil Bhanc an Tuaiscirt, ansin dúirt an Taoiseach gur chreid sé siúd go raibh a fhios ag ceannairí Shinn Féin faoin robáil roimh ré.
freagrach as responsible for
" Agus murach go raibh duine de na robálaithe dúr go leor le fianaise a fhágáil ina dhiaidh, bheimis fós dall go dtí an lá inniu ar cé a bhí freagrach as róbáil na mbanc seo.
freagrach as responsible for
" Abair seo liom, cé atá freagrach as cead pleanála a thabhairt anois? SUSAN: Mise.
freagrach as responsible for
" Mo thuairim féin ná nár tugadh seans cóir ná dóthain ama chun tionchar bhosca na Purgóide a mheas agus go mba sheafóideach agus go mba náireach an chaoi inar ghéill an coiste a bhí freagrach as an iarracht an pheil a fheabhsú mar chluiche don lucht féachana agus don imreoir sciliúil.
freagrach as responsible for
" Mhaígh an UFF ag an am gurbh iad a bhí freagrach as an dúnmharú.
freagrach as iompar an duine eile responsible for the other person's behaviour
" D’aithin an IRA agus Sinn Féin – amharcaim ar an cheangal idir an dá eagraíocht mar phósadh, ní hionann fear agus a bhean chéile ach is lánúin iad, níl duine amháin i gcónaí freagrach as iompar an duine eile – go raibh féidearthachtaí ann deireadh a chur leis an “streachailt armtha” agus a gcuspóirí a thabhairt chun críche.
freagrach as responsible for
" Cén ról atá agat féin in An Droichead agus cén fhad atá tú sa phost? Is mise comhordaitheoir an tionscadail, rud a chiallaíonn go bhfuil mé (a) freagrach as bainistiú na foirne agus an lárionaid, (b) i mbun cúrsaí airgeadais agus scríobh iarratas maoinithe, agus (c) mar stiúrthóir laethúil na heagraíochta iomláine.
freagrach answerable to
" Molann an Páipéar Bán go gcuirfí scoileanna neamhspleácha, nó “Trust Schools”, in áit scoileanna atá curtha ar fáil ag údaráis áitiúla agus atá freagrach, mar sin, do pholaiteoirí áitiúla.
freagrach reponsible
" Ag MI5 amháin a bheidh an chumhacht seo agus is iad amháin a bheidh freagrach as súil a choimeád ar phoblachtánaigh.
freagrach as responsible for
" Ag an am céanna leis seo, beidh an seimineár dar teideal “Feasacht Teanga: Feidhmiú Scéime agus Deacrachtaí Custaiméirí” ar siúl do dhaoine atá freagrach as Acht na dTeangacha a chur i bhfeidhm san earnáil phoiblí.
freagrach reponsible
" Ag MI5 amháin a bheidh an chumhacht seo agus is iad amháin a bheidh freagrach as súil a choimeád ar phoblachtánaigh.
freagrach as responsible for
" Anseo in Éirinn, bhí an deimhneacht chéanna ar lár le fada, ach – agus is céim mhaith í seo – d’fhoilsigh Noel Dempsey, an tAire atá freagrach as – i measc go leor rudaí eile – acmhainní nádúrtha, scéim nua fhadtéarmach anseo chun tacaíocht a thabhairt don fhuinneamh in-athnuaite, na muilinn ghaoithe go príomha, ach an hidrileictreachas agus an fuinneamh ó dhramhaíl freisin.
freagrach as responsible for
" Ag an am céanna leis seo, beidh an seimineár dar teideal “Feasacht Teanga: Feidhmiú Scéime agus Deacrachtaí Custaiméirí” ar siúl do dhaoine atá freagrach as Acht na dTeangacha a chur i bhfeidhm san earnáil phoiblí.
freagrach as responsible for
" Ag an am céanna leis seo, beidh an seimineár dar teideal “Feasacht Teanga: Feidhmiú Scéime agus Deacrachtaí Custaiméirí” ar siúl do dhaoine atá freagrach as Acht na dTeangacha a chur i bhfeidhm san earnáil phoiblí.
freagrach as responsible for
" Tar éis trí bliana a chaitheamh mar sin, ceapadh Pádraig mar bhainisteoir ar rannóg nua san eagraíocht, is é sin, rannóg na dtionscal Gaeltachta, agus é freagrach as forbairt phobail, as tionscadail bheaga a d’fhostaigh idir duine agus cúigear, agus as cúrsaí teanga agus cultúir.
freagrach as responsible for
" Faoin am a chuaigh mé ar an ollscoil bhí scéalta cloiste agam go raibh CJ freagrach as gunnaí a chur ar fáil don IRA sna seachtóidí luatha, agus go raibh sé páirteach i gcaimiléireacht airgid.
freagrach as teicneolaíocht an oideachais responsible for the technology of education
" “Bhí mise freagrach as teicneolaíocht an oideachais – bhí lárionad acmhainní foghlama curtha ar bun san áit agus iarradh orm amharc ina dhiaidh sin.
a bheadh freagrach as feidhmiú na gcumhachtaí sin. which would be responsible for implementing those powers.
" Éilimh Shinn Féin Cad é tá ag teastáil ó Shinn Féin? Tá amscála de dhíth orthu ina n-aistreofar cumhachtaí póilíneachta agus cirt, dáta cinnte ar a n-aistreofar na cumhachtaí sin agus cinnteacht fá leagan amach na roinne a bheadh freagrach as feidhmiú na gcumhachtaí sin.
freagrach as responsible for it
" Más duine tú atá ag déanamh cibear-bhulaíochta ar dhuine eile, ba mhaith liom ceist a chur ort: an bhfuil a fhios agat gur féidir gach rud a chuirtear ar an idirlíon a leanúint go dtí an fhoinse, agus go mbeidh an duine a scríobhann a leithéid freagrach as ó thaobh an dlí de? Sin rud nach bhfuil ar eolas ag daoine áirithe.
freagrach as responsible for
" Tá na húdaráis atá ann anois (Oifig Iompair Átha Cliath, agus an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród atá freagrach as an Luas) i gcoinne an phlean: níl siad chun a mbarántas báis féin a shíniú! Tá CIE agus Iarnród Éireann (agus na ceardchumainn atá iontu) i gcoinne an phlean: ba mhaith leo a gcumhacht a choimeád.
freagrach as riar deontas responsible for managing grants
" Tá mé freagrach as riar deontas a bhaineann le gné idirnáisiúnta na n-ealaíon: duaiseanna taistil, an clár cónaithe *Banff* i gCeanada, agus an chomhaltacht *Location One* i Nua-Eabhrac.
freagrach responsible
" Tá an UDA ag iarraidh athrú ach cosnóidh sé cuid mhór airgid le deireadh a chur leis na hionsaithe seicteacha agus ciníocha a bhfuil siad freagrach astu.
freagrach as Stobie a stiúradh responsible for supervising Stobie
" I gcas ghunnaí Stobie, deir an CPS go bhfuil an póilín a thug na gunnaí don sceimhlitheoir aimsithe acu ach nach bhfuil a fhios acu cén t-oifigeach sinsearach a chinn ar na huirlisí dúnmharaithe a thabhairt ar ais agus nach bhfuil a fhios acu an raibh aon oifigeach sinsearach freagrach as Stobie a stiúradh agus na gunnaí ina sheilbh aige.
freagrach responsible
" Agus d'éirigh go hiontach leis an tionscal, a bhuíochas ar shárscileanna Shaun Greenhalgh – a bhí freagrach as an chóipeáil – agus a athair George, a mheall na saineolaithe lena scileanna margaíochta, mar a mheallfadh iascaire ardoilte an t-iasc isteach ina líon.
freagrach as na meáin úra, responsible for new media
" Ní ba mhoille agus é ina bhainisteoir, tháinig cúrsaí oideachais faoi chúram Kieran chomh maith, agus le linn dó a bheith tinn, bhí sé i gceannas ar an Rannóg Idirghníomhaíochta agus Foghlama, áit a raibh sé freagrach as na meáin úra, as cúrsaí oideachais agus as cúrsaí Gaeilge agus Albainis Uladh.
atá freagrach as cúraimí an imscrúdaithe a chur i gcrích. who are responsible for executing the duties of the investigation
" Is freagracht náisiúnta é imscrúdú aerthionóiscí, agus tá eagraíocht speisialta ag gach tír, ar ball EESI í, atá freagrach as cúraimí an imscrúdaithe a chur i gcrích.
a bhí freagrach as na hathruithe, who was responsible for the changes
" Is cosúil go bhfuair an t-aire rialtais a bhí freagrach as na hathruithe, Éamon Ó Cuív, comhairle ón Ard-Aighne nach mbeadh stádas dlíthiúil ar bith ag an phobalbhreith agus chuir sé Comhairle Contae Chiarraí ar an eolas faoi sin.
freagrach responsible
" Dar le John Howard, an príomh-aire a bhí i réim ag an am, ní bheadh sé ceart ná cóir dá mbeadh ar a ghlúin féin a bheith freagrach as eachtraí a tharla blianta fada ó shin.
freagraí iomlána full answers
" Níl freagraí iomlána na gceisteanna sin agamsa, ach is dóigh liom go gcaithfimid iad a chur agus iad a phlé go macánta.
freagrach as an gcorraíl responsible for the unrest
" Nuair a mhaígh Rialtas na Síne le gairid gurb é an Dalaí Láma atá freagrach as an gcorraíl sa Tibéid, thug na meáin idirnáisiúnta an chluas bhodhar don scéal.
freagrach as responsible for
" **Foireann tacaíochta** Cuimsíonn an fhoireann tacaíochta traenálaithe a bhíonn freagrach as aclaíocht na n-imreoirí a fhorbairt; dochtúirí, fisiteiripeoirí, bia-eolaithe, roghnóirí agus duine garchabhrach; an lucht fearais agus trealaimh a shocraíonn rudaí mar gheansaithe, liathróidí, shliotair, chamáin agus araile; duine a choinníonn cuntas ar thinreamh na n-imreoirí; an té a bhíonn freagrach as éilimh ar chostais taistil, as billí leighis agus eile; daoine ar leith a dhéanann staitisticí i leith na gcluichí a chur le chéile agus gan dabht, rúnaí agus cathaoirleach an chumainn.
freagrach as a bhfeallmharú. responsible for their assassinations
" Ach dar le himscrúdaitheoir ó na Náisiúin Aontaithe, Michael Hourigan, bhí an RPF freagrach as a bhfeallmharú.
freagrach responsible
" Ag cruinniú poiblí i gContae an Chabháin ar an 24 Lúnasa, dúirt an Teachta Dála agus ceannaire Shinn Féin sa Dáil, Caoimhghin Ó Caoláin, mura mbeadh athrú poirt ag an DUP ar réimse polasaithe, nach mbeadh rogha ar bith ag Sinn Féin ach a gcuid airí a tharraingt amach as an Tionól agus brú a chur ar na baill sin de chuid Rialtas na Breataine atá freagrach as cúrsaí an Tuaiscirt.
freagrach responsible
" Is é an coiste náisiúnta atá freagrach as clubanna úra a bhunú agus as cuidiú a thabhairt do chlubanna úra ó thaobh ranganna a chur sa tsiúl agus an chéad fhíor-chéilí a eagrú i gceantar s’acu féin.
freagrach as responsible for
" An Sléacht Bhí tuairim ag na húdaráis póilíní san Indinéis agus san Astráil láithreach go raibh Moslamacha radacacha míleatacha freagrach as an sléacht, agus bhíothas in amhras ach go háirithe faoi eagraíocht Indinéiseach darbh ainm Jemaah Islamiah (JI).
freagrach responsible
" Is é Colm McCan sommelier Theach Bhaile Mhaolmhuaidh, is é sin, an duine atá freagrach as gach rud a bhaineann le fíon i dteach mhuintir Allen.
freagrach responsible
" Roghnaigh an t-uachtarán tofa mar chomhairleoirí eacnamaíochta daoine ar nós Timothy Geithner agus Larry Summers atá freagrach as an trioblóid sa chóras airgeadais anois.
rogha fhreagrach a responsible choice
" 09, déantar cur síos ar an ngluaiseacht Childfree a chuireann an tuairim chun cinn gur rogha fhreagrach é má chinneann bean ar gan páiste a bheith aici.
níos freagraí more responsible
" Nuair a d’fhógair an comhlacht Total, a raibh brabach €14 billiún aige in 2008, go raibh sé i gceist fáil réidh le níos mó ná 500 post sna scaglanna ola atá acu sa Fhrainc, thug an tAire Stáit i Roinn na Fostaíochta, Laurent Wauquiez, le fios gur mhór an oilbhéim a leithéid de chinneadh agus gur cheart do Total dearcadh níos freagraí a ghlacadh i leith na n-oibrithe a raibh a gcuid postanna faoi bhagairt.
freagrach as responsible for
" Tá na scríbhneoirí graffiti i mbun aerasóil mar thoradh ar an cháineadh láidir a rinne Martin McGuinness ar na “micreaghrúpaí”, béarlagair Shinn Féin ar na heasaontóirí poblachtánacha atá freagrach as dúnmharú bheirt saighdiúirí Bhriotanacha i mbaile Aontroma agus as dúnmharú póilín i gCraigavon, Contae Ard Mhacha.
freagrach answerable, responsible
" Níl Beo ar Éigean! freagrach as aon dochar a bhainfidh do léitheoir ar bith de dheasca an ailt seo.
freagrach responsible
" Gheall Howard agus an t-aire a bhí freagrach as gnóthaí bundúchasacha, Mal Brough, go gcaomhnófaí ord poiblí sna comhphobail agus caitheadh baill an airm chuig comhphobail áirithe le cuidiú leis na póilíní áitiúla.
freagrach responsible
" Tá séanta ag an gcomhlacht go raibh siad freagrach as an mbail bharbartha bhrúidiúil a thug an t-arm do na hOgoni, ach d’admhaigh siad i lár na nóchaidí gur cheannaigh siad airm do na póilíní a rinne fearas is ionaid an chomhlachta a chosaint.
freagrach as responsible for it
" Creideadh go forleathan abhus ag an am gur d’aon ghnó a nimhíodh Phar Lap agus go raibh lucht na coirpeachta eagraithe freagrach as.
freagraí answers
" Cuirim mo mhuinín in ealaíontóir a ardaíonn i bhfad níos mó ceisteanna ionam ná freagraí.
freagraí answers
" ’ Agus deir Máirín Nic Eoin: ‘Cé nach raibh sna cainteoirí Gaeilge ach an cheathrú cuid den líon daoine a sholáthair eolas faoin nGorta do Choimisiún Béaloideasa Éireann sna tríochaidí agus sna daichidí, is díol spéise gur i nGaeilge atá daichead faoin gcéad den ábhar a bailíodh an uair sin agus mar a deir Cormac Ó Gráda: ' Má thugtar sracfhéachaint ar na freagraí, is léir go raibh caighdeán eolais an ábhair i nGaeilge i bhfad nios saibhre ná mar a bhí sa Bhéarla'.
freagrach responsible
" In ainneoin a ndúirt an tAire ar Raidió na Gaeltachta le gairid, bhí sé molta ag a Roinn go mb’fhéidir go mbeadh Enterprise Ireland freagrach i dtaobh fostaíocht a chruthú sa Ghaeltacht! Tá an chuma ar an scéal go bhfuil Roinn atá ceapaithe a bheith freagrach as an nGaeltacht ag sá na scine go feirc san aon áisíneacht Ghaeltachta atá againn.
freagrach as responsible
" Tarlaíonn scliúchais fhoréigneacha idir dreamanna Imazigh is Arabacha agus tá roinnt Imazighen, idir uasal is íseal, curtha den saol ó 2005 a bhfuil Ioslamaigh dhíograiseacha freagrach as, de réir an rialtais.
freagrach as responsible for
" Mura bhfuil aici ach blag, tá sí le feiceáil ar fud na meán i láthair na huaire, go háirithe ar stáisiúin raidió agus teilifíse den eite dheis, mar *Fox News*, agus is ise is mó atá freagrach as chomh mór is atá an ghluaiseacht in aghaidh an Mhosc anois.
freagrach responsible
" Bhí na difríochtaí seo freagrach as cuid den mhoill thuas agus as an gcinneadh a rinneadh ag deireadh an lae cumhacht a thabhairt ar ais do Pháirtí an Lucht Oibre.
níos freagraí more answerable
" Anois atá rialtas mionlaigh san Astráil, áfach, níl aon agó ach go bhfuil ar an rialtas náisiúnta a bheith níos freagraí don pharlaimint as a gcuid cinneadh, an dúnghaois i dtaca leis an gcogadh san Afganastáin san áireamh.
freagrach responsible
" Tugadh leidí ceart go leor: go mbeidh “ról ag Údarás na Gaeltachta mar an phríomh-ghníomhaireacht feidhmithe, a bheidh freagrach as an Straitéis a sheachadadh.
freagrach as responsible for
" Is leamh an rud é go mairfidh an Teach atá freagrach as an phraiseach agus go gcuirfear deireadh leis an cheann atá beagnach saor ó mhilleán! Agus an tír báite i bhfiacha, is cóir gach caiteachas stáit a scrúdú, ach nílim ag teacht leis na tráchtairí a chuireann an bhéim ar chostas an tSeanaid mar chruthú gur chóir deireadh a chur leis.
freagrach as responsible for
" 
“Feicim an PUP agus gnéithe de Shinn Féin chomh maith le guthanna sóisialacha sa Workers Party agus Northern Ireland Labour ag teacht le chéile ar na ceisteanna a chránn an aicme oibre agus é mar aidhm againn páirtí aontaithe sóisialach a bhunú,” Bealach Amach don UVF ============ Agus an chaint seo uilig faoin Chríostaíocht agus faoin tsóisialachas, tá eilifint (mheafarach) sa seomra, an UVF, eagraíocht atá freagrach as 400 éigin dúnmharú le linn na dtrioblóidí.
cuid freagraí answers
" Agus Balor an Bligeard ag titim thart le teann gáire agus é ag tabhairt Agallamh Bertie ar an chomhrá seo, mhaígh sé go raibh tábhacht ar leith ag baint le cuid freagraí Bhertie: “Cé nach bhfuil tuairisceoir ar bith eile sa tír ag iarraidh agallamh a chur ar fhear Dhroim Conrach, is mór is fiú a chuid tuairimí a fháil faoi staid an náisiúin, anois go bhfuil an t-olltoghchán thart agus muintir Fhianna Fáil imithe isteach i ndorchacht agus in uaigneas na hoíche polaitiúla.
freagrach responsible, answerable for
" Caitheann tú fanacht siar ó gach rud as a bhfuil tú freagrach.
freagrach responsible
" An méid sin ráite, is léir nach bhfuil ag éirí go maith le gach earnáil de gheilleagar na hAstráile agus tá na hearnálacha is rathúla freagrach, ar shlí, as na deacrachtaí atá ag na hearnálacha atá ag streachailt leo.
freagrach as responsible for
" I measc na n-athruithe tá sé leagtha amach go mbunófar údarás nua, an tÚdarás Rialála um Sheirbhísí Dlí, a bheidh freagrach as an lucht dlí a rialú.
freagrach as responsible for
" I ndiaidh don Breitheamh Peter Cory an cás a scrúdú in 2004, ag maíomh go raibh áisinteachtaí an Stáit freagrach as tairgeadú agus dúnmharuithe, mhol an tAstrálach fiosrúchán poiblí.
freagrach as responsible for
" Níor rith an smaoineamh leo go raibh an mhuintir dhúchais - daoine fiánta danartha, dar leo, - freagrach as an mbainistíocht.
freagrach as responsible
" Bhí ailtirí éagsúla freagrach as an dearadh agus as an tógáil, a thosaigh i 2009 agus a chosain £90 milliún, ina measc Eric Kuhne agus Mark Evans ó Civic Arts/Eric R.
freagrach as responsible for
" ) agus nár mhiste dá bhrí sin na daoine atá freagrach as ullmhú foirne a íoc freisin.
freagraí stuama sensible answers
" Mura mbronnfaimid saibhreas, oiliúint (agus bronnaimid!), freagraí stuama ar mhórcheisteanna ár linne (ní bhronnaimid!) ar dhreamanna eile daoine ar domhan, nach fiú, ar a laghad ar bith, iad a ardú ina meanmain le ceol, le foinn is le filíocht más féidir.
freagrach as fuadach an linbh responsible for taking the child
" Chinn an cróinéir go raibh diongó freagrach as fuadach an linbh.
dhéanann tóraíocht ar fhreagraí uilíocha searches for universal answers
" Chuir sé ceithre leácht beo i dteannta a chéile fé dheireadh, léachtaí sotalacha a dhéanann tóraíocht ar fhreagraí uilíocha do cheisteanna domhanda.
a bhí freagrach as dréachtú an bhille who was responsible for drafting the bill
" Ba é Alfred Deakin, an tArd-Aighne, a bhí freagrach as dréachtú an bhille agus labhair seisean faoin gcontúirt a bhainfeadh le hinimirce ón Áise.
raibh sé freagrach as scéim choiriúil i dtaca le cártaí creidmheasa he had to admit that he was responsible for a criminal scam relating to credit cards
" B’éigean dó a admháil go raibh sé freagrach as scéim choiriúil i dtaca le cártaí creidmheasa fad is a bhí sé i Singeapór sular tháinig sé chun na hAstráile.