Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
giolla freastail servant
" An mairnéalach misteach … ======= Ar ais linn san *abra* agus lasmuigh den Al Abra Cafeteria, feach!- giolla freastail ar a dhá ghlúin, ag paidreoireacht.
go bhfreastalóidís that they would attend
" Gheall a bhformhór go bhfreastalóidís ar an gcéad chúrsa eile a bheadh ar siúl againn.
go bhfreastalóidís that they would attend
" Gheall a bhformhór go bhfreastalóidís ar an gcéad chúrsa eile a bheadh ar siúl againn.
fhreastalaí server
" Bainigí sult as! Chuir mé le chéile é ar an fhreastalaí Linux a thóg mé.
fhreastalaí server
" Bainigí sult as! Chuir mé le chéile é ar an fhreastalaí Linux a thóg mé.
a fhreastalóidh ar which will cater for
" Go mbeidh leabhair agus earraí curtha ar fáil againn a fhreastalóidh ar Ghaeilgeoirí de gach aois.
fhreastalaí attendant
" Ba léir go raibh tine ann agus rith mé suas go hoifig na dticéad le fios a chur ar an fhreastalaí.
a fhreastalódh ar which would cater for
" Táimid ag smaoineamh ar chóras satailíte de chuid an chomhlachta seo a fháil a fhreastalódh ar an gceantar máguaird anseo," a deir Ó Riain.
d'fhreastalaímis ar na cúrsaí we used to attend the courses
" Bhíodh m'athair ag múineadh sa choláiste agus d'fhreastalaímis ar na cúrsaí chuile bhliain.
a fhreastalaíonn ar which caters for
" Is áit í a fhreastalaíonn ar an bpobal ar fad - nó mar a dúirt Colm, "*For feck's sake*, tá chuile shórt acu!".
a fhreastalóidh ort which will cater to you
" Is cuma cén sórt duine atá ionat, gheobhaidh tú grúpa nó cumann a fhreastalóidh ort.
a d'fhreastail ar who attended
" Thug sé an-tacaíocht don Ghaeilge i gcónaí, mar shampla, bhí sé ar dhuine de na chéad daoine a d'fhreastail ar chúrsaí Oideas Gael i nGleann Cholm Cille agus a thug tacaíocht don nuachtán *Lá* agus do na scoileanna lán-Ghaeilge i dTuaisceart Éireann.
a fhreastalaíonn ar which cater for
" Cén fáth ar bunaíodh é? Tá sé mar chuspóir ag an Acadamh cúrsaí tríú leibhéal a chur ar fáil a fhreastalaíonn ar riachtanais phobal na Gaeilge sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre agus tabhairt faoi thaighde a threiseoidh forás na bpobal sin.
d’fhiafraigh mé den fhreastalaí I asked the waiter
" Sular shuigh mé síos d’fhiafraigh mé den fhreastalaí an raibh an gréasán gan sreang ag oibriú.
d’fhiafraigh mé den fhreastalaí I asked the waiter
" Sular shuigh mé síos d’fhiafraigh mé den fhreastalaí an raibh an gréasán gan sreang ag oibriú.
a fhreastalaíonn ar ranganna Gaeilge who attend Irish classes
" Tá mic léinn eile ann a fhreastalaíonn ar ranganna Gaeilge mar go bhfuil spéis acu sa cheol traidisiúnta, go háirithe san amhránaíocht.
mar fhreastalaí beáir as a bartender
" Tráthnóna na mBan a bhí ann ag Aintree ar an 19 Bealtaine agus shiúil mé suas go dtí an ráschúrsa le bheith ag obair mar fhreastalaí beáir arís.
shocraigh sé go bhfreastalódh sé ar an gcluiche. he decided that he'd attend the game.
" Bhí athair Peter náirithe agus shocraigh sé go bhfreastalódh sé ar an gcluiche.
mar fhreastalaí as a waitress
" “Fostaíodh mé mar fhreastalaí in Renards, teach tábhairne agus club oíche ar Shráid Freidric Theas, timpeall an chúinne ón Language Centre, agus chuaigh agam aon oíche amháin a thabhairt ag obair mar fhreastalaí! Bhí mé tubaisteach.
a fhreastalaíonn ar a gcuid seónna. who attend their shows.
" "Fíbín: pléascadh lúcháire agus sonais" Ba sa bhliain 2003 a bunaíodh Fíbín agus ó uair a bhunaithe tá aisteoirí de chuid an chompántais puipéad ag cur gliondair ar chroí na ndaoine a fhreastalaíonn ar a gcuid seónna.
ar a fhreastalaíonn páistí an iarrthóra, which the applicant's children attend,
" Dúirt sí gur cheart go gcuirfí an scoil ar a fhreastalaíonn páistí an iarrthóra, an fonn atá air an teanga a fhoghlaim agus tinreamh ag ranganna Gaeilge san áireamh fosta.
a fhreastalaíonn ar na comhdhálacha móra who attend the big conferences
" Rinne sé cur síos thar a bheith siamsúil, tráth den saol, ar chuid de na daoine a fhreastalaíonn ar na comhdhálacha móra a reáchtálann eagraíochtaí teanga – “*Anoraks* na Gaeilge”, a thug sé orthu, “ a mbíonn *orgasm* acu nuair a bheireann siad greim ar an micreafón lena gcuid a rá!” D’fhéadfaí a rá go mbíonn gothaí móra agus buillí beaga i gceist go minic i saol na Gaeilge.
an lucht freastail the people in attendance
" Cad chuige ar chuir an lucht freastail spéis sa teanga go tobann? Bhuel, bheartaigh muintir Raidió na Life ar a seirbhís phobail a thiontú ina seirbhís phubaill ar feadh deireadh seachtaine amháin! “Ba é Rossa Ó Snodaigh ón mbanna ceoil Kíla a mhol i dtosach gur chóir dúinn Puball na Gaeilge a reáchtáil ag an bhféile agus ba eisean a d'eagraigh an rud ar fad,” a deir Muiris Ó Fiannachta, bainisteoir Raidió na Life.
bhfreastalaí waiter
" Dhiúg mé go tapa an leathghloine seirise a bhí doirte amach ag an bhfreastalaí dom.
freastalaíonn attend
" org) agus freastalaíonn idir ceathrar agus ochtar páistí air, gach Satharn, in éineacht lena dtuismitheoirí.
freastalaíodh was attended
" Ní íocfar an tsuim seo gan deimhniú gur freastalaíodh ar an Chomhdháil, ach ní gá aon chruthúntas a chur ar fáil gur thaisteal tú i do charr féin nó gur fhan tú san óstán atá luaite leis.
lucht freastail siopaí shop attendants
" Seachas daoine muinteartha is lucht freastail siopaí a bheith ina gcónaí ann, bhí roinnt de na seomraí san fhortheach ligthe ar cíos le daoine nár ghnáth-thionóntaí iad i gCorcaigh na seascaidí.
freastalóidh shall attend
" Chomh maith le páirt a ghlacadh i gCuairt na hÉireann, freastalóidh Mac Tréanlámhaigh ar an Livestrong Global Cancer Summit a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath idir 24 agus 26 Lúnasa.
d'fhreastail mé I attended
" Bhí neart sléibhteoirí i láthair nuair a d'fhreastail mé ar shochraid Joyce Taylor (an bhean a tháinig slán ón Dochtúir Shipman, Beo, eagrán 9, Eanáir 2002) ar 7ú Eanáir i Hyde, in aice leis an Peak District, cuid de Na Sléibhte Pennine, agus d'inis siad dom go raibh an Kinder Downfall reoite.
D'fhreastail mé I attended
" D'fhreastail mé ar shochraid chara a fuair bás amuigh ar na na cnoic ar na mallaibh.
Freastalaítear are served
" Freastalaítear sa mhainistir ar chuairteoirí ar mian leo seachtain shuaimhneach a chaitheamh ann i mbun urnaí agus machnaimh.
fhreastalaíonn attend, frequent
" Mhol mé dóibh mar sin, suaitheantas go bhfaighfeadh úsáideoirí ‘Fáinne’ nuair a fhreastalaíonn siad ar áiteanna ina bhfuil Gaeilge infheicthe (m.
níor fhreastail didn't attend
" Bhí sé i gceist é a eagrú ar an gCeathrú Rua ach nuair a eagraíodh cruinniú sa gCeathrú Rua leis an gclár a phleanáil, níor fhreastail oiread is ionadaí amháin as an gCeathrú Rua air.
D’fhreastail attended
" D’fhreastail na mílte duine ar a shochraid rud a léirigh an meas a bhí air.
Freastalóidh shall serve
" Freastalóidh an Mosc ar phobal Mheiriceá i gcoitinne, agus cuirfidh sé aghaidh dhaonna ar Ioslam.
lucht freastail waiters
" *“How do you like your steak, sir?”* a d’fhiafraigh an lucht freastail de arís agus arís eile, ach ba é an freagra céanna a bhí ag Balor gach aon uair: *“Hanging over the side of the plate,* mura miste leat, a dhuine chóir, agus déan deifir, maith an fear!” Ba é an dá mhar an chéile é i dtaca leis an bheoir: *“Would you like a pitcher of beer for the table, sir?”* “Níl tart ar bith ar an tábla le hais an tarta atá ormsa, a húirín.
D’fhreastail attended
" D’fhreastail mé ar thórramh Ian McKeane ag Hamilton Memorial Church, Penbedw, Glannau Merswy ar an 9ú Meán Fómhair i mbliana.
d’fhreastail mé I attended
" Nuair a bhí mé ag réiteach le dul amach chun na hAfraice chun mo chuid taighde a dhéanamh ar an teanga KiSwahili, d’fhreastail mé ar chúpla cúrsa a bhí Joshua Fishman a mhúineadh mar aoi-léachtóir ag an ollscoil sa samhradh.
Freastalaítear ar are served
" Saothrú na Turasóireachta ============= Freastalaítear ar sheirbhísí phobal an tsráidbhaile, trí bhotháin ar leith eile don scoil, don phroinnteach, don obair cheardaíochta agus eile, agus iad ar fad lonnaithe taobh istigh de bhalla mór cruinn.
D'fhreastail muid we attended
" D'fhreastail muid ar Scoil Lorcáin.
Freastalaíonn roinnt some attend
" Freastalaíonn roinnt anseo as ceantar na Mullaí chomh maith.
líon freastail the attendance
" Bhí líon freastail an champa laghdaithe agus ní bheimis in ann an costas sin, an €2,000 a bhain leis, a ghlanadh dá dheasca sin.
ar ar fhreastail sé féin which he himself attended
" Ar maidin an 7 Aibreán, chuaigh Wellington Menezes de Oliveira, 23, isteach sa mheánscoil ar ar fhreastail sé féin tráth, sa bhruachbhaile Realengo i gcathair Rio de Janeiro.
fhreastail sé he attended
" org, David Keyes, fear a d’oibrigh mar chomhordaitheoir faoi Sharansky ar chláir um daonlathas ag an Institiúid Adelson, go Nua Eabhrac agus Washington, áit ar fhreastail sé ar chomhdháil faoi easaontas Idirlín ag an Washington Institute for Near East Policy (WINEP), meitheal smaointe a chuir an *American Israel Public Affairs Committee* (AIPAC) ar bun.
D'fhreastail sé he attended
" D'fhreastail sé ar an Seanad arís ó 1983 go dtí 1987 nuair a fuair sé an lámh in uachtar ar Coogan an iarraidh seo agus ar ais leis chun na Dála, ag gnóthú aireachta dó féin, Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus é i gceannas air nuair a bunaíodh Teilifís na Gaeilge (TG4 inniu) i 1996, beart a bhfuil sé an-mhórtasach as.
bhfreastalaíonn serves
" 
Is é ról an ÚCÉ, a bunaíodh i 2009, "a chinntiú go bhfreastalaíonn an líon agus catagóirí na seirbhísí craolacháin a chuirtear ar fáil sa stát ar an gcaoi is fearr ar riachtanais mhuintir oileán na hÉireann, ag cuimhniú i gcónaí ar a dteangacha, ar a dtraidisiúin agus ar a n-ilchineálacht creidimh, eitice agus saíochta.
lucht freastail service staff
" Tá dúnta airm, airfoirt, bailte beaga agus móra, innealltóirí, dearthóirí, lucht oibre, lucht freastail, agus an iliomad gairmeacha eile ag saothrú a gcoda ar an slad seo.
fhreastalaíonn attend
" Tapaíonn sé a chuid suime san fhilíocht chun na mná saonta a fhreastalaíonn ar oícheanta filíochta a mhealladh.
d'fhreastail sé ar he attended
" An t-Aire Ealaíne, Oidhreacht agus an Gaeltacht, Séamas Ó Duineacháin TD, an t-aoi speisialta a bhí againn Dé Domhnaigh 16ú Deireadh Fómhair nuair a d'fhreastail sé ar imeachtaí ag Féile Learphoill amuigh faoin aer ag seanduga Albert.
D'fhreastail attended
" D'fhreastail sí ar an bhunscoil taobh thiar den séipéal, ach nuair a fuair a deirfiúr bás, agus ansin a máthair, i 1919, d'fhill an teaghlach go Muineachán, áit ar chaith Owen seal leis an fheirmeoireacht.
D'fhreastail attended
" D'fhreastail an tUas Mac Gabhann ar an scoil chéanna leis an iar-Thaoiseach, Cathal Ó hEochaidh, agus sheol sé litir phearsanta chuige ar an 20 Nollaig 1979 ag impí air é a cheapadh ar bhord na heagraíochta nua.
fhreastalóidh ar would serve
" cearnach ina mbeidh naoi ndánlann idirghníomhacha, athchruthuithe de dheiceanna agus de chábáin na loinge, amharclann taiscéalaíochta faoi uisce chomh maith le hionad comhdhála agus féastaí a fhreastalóidh ar 1000 duine in aon am amháin.
Freastalaíonn attend
" Freastalaíonn pobal dílis Chill Mhantain Thuaidh - pobal atá meánaosta, méanaicmeach, agus ar an mórgóir, dea-mhúinte.
D’fhreastail attended
" D’fhreastail tuairim is 4,600 duine ar na cruinnithe seo agus fuair an coiste corradh is 3,500 aighneacht scríofa chomh maith.
d’fhreastalaíodh used to attend
" Sna 1980í luatha, d’fhreastalaíodh Jim de Stín, a dheartháireacha, Brian agus Daithí, agus a dheirfiúr Sharon ar Choláiste na bhFiann.
mórán freastail ar much attendance
" Is cuimhin liom nuair nach mbeadh mórán freastail ar Chorn Uí Riada.
d'fhreastail mise I attended
" "Tógadh mé le Briotáinis ar scoil agus le Fraincis sa bhaile", arsa Klervi, "Bunaíodh scoil Diwan i Landerne tar éis gníomhú mo thuismitheoirí, agus d'fhreastail mise agus mo bheirt dheirfiúr ar an scoil sin.
d'fhreastail attended
" Dar le Tangi, a d'fhreastail ar scoil Diwan é féin ina óige, is rud iontach é dul thar lear agus tabhairt faoi theanga agus faoi chultúr éagsúil.
D’fhreastail mé ar I attended
" D’fhreastail mé ar an chéad léiriú domhanda de dhráma nua de chuid Frank McGuinness i lár an Mheithimh: *The Matchbox* , sa stiúideo *Playhouse*, Learpholl.
d’fhreastail muid ar we attended
" Is de bhunadh Éireannach é Len Mc Cluskey agus d’fhreastail muid ar an scoil chéanna leis na Bráithre Críostaí i Learpholl agus, ag fás aníos, chuala muid na scéaltaí céanna faoi na 200 laochra áitiúla a chuaigh go dtí an Spáinn le troid i gcoinne fhaisistigh an Ghinearáil Franco idir 1936 agus 1939.
d’fhreastail suas le deich míle duine ar up to ten thousand attended
" I lomchodarsnacht le teirce an scaifte sin, d’fhreastail suas le deich míle duine ar na himeachtaí éagsúla ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne anuraidh – agus bhí an tOireachtas sin iontach pléisiúrtha chomh maith.
na cailíní freastail the shop workers
" Ach taobh thiar de na haoibheanna gáire agus daoine ag síneadh cártaí creidmheasa agus nótaí airgid a fhad leis na cailíní freastail - airgead a bhéarfaidh a oiread pléisiúir do scairshealbhóirí Boots, Argos, M&S agus a bhéarfaidh sé do lucht faighte na mbronntanas - beidh imní ar go leor daoine, leimíní airgeadais ag tarraingt ar an aill.
freastalaíonn sé ar it serves
" Dá bharr sin, freastalaíonn sé ar thuismitheoirí a dteastaíonn uathu oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí ar neamhchead don chúlra creidimh atá acu, mar feictear scoileanna ar an mbunús Caitliceach, Ilchreidmheach, agus Idirchreidmheach (Caitliceach / Protastúnach).
an lucht freastail the service staff’s
" Bhí toscairí in ann Fraincis, Spáinnis agus Gearmáinis a labhairt i gCaisleán Cnucha coicís ó shin, agus ba é an Béarla príomhtheanga an lucht freastail.
d’fhreastail sí ar she attended
" Scríobh sí leabhar faoina streachailt, *When you Walk Through the Storm*, agus cé go raibh sí an-lág, d’fhreastail sí ar an tseirbhís chuimhneacháin ag Anfield trí lá sular éag sí féin.
a fhreastalaíonn ar who attend
" Ní bheidh Gaelcholáistí ábalta, mar shampla, tosaíocht a thabhairt feasta ins an chóras iontrála do dhaltaí a fhreastalaíonn ar bhunscoileanna friothálacha lán-Ghaeilge.
le hais an té a d'fhreastail ar bhunscoil Bhéarla as against a person who attended an English medium national school
" I bhfocail eile, ní gá go dtabharfadh freastal ar bhunscoil lán-Ghaelach buntáiste iontrála do dhalta le hais an té a d'fhreastail ar bhunscoil Bhéarla ach a bhfuil cónaí air sa cheantar máguaird.
a d'fhreastail uirthi who attended it
" Nuair a ghlac Bunscoil Phobal Feirste daltaí ón phobal don naíscoil, bhí mise i measc na gcéad pháistí a d'fhreastail uirthi.
D’fhreastail mé ar sheoladh I attended the launch
" D’fhreastail mé ar sheoladh ‘*Cold Spring*’, an t-úrscéal is déanaí de chuid McGinley ag Oideas Gael i mí Iúil.
ionad fáilte agus freastail a reception and services center
" Shíl mé gurbh fhearr a chur ar a shúile dó go bhfuil ionad fáilte agus freastail i mBonn do na himirceánaigh.
d’fhreastail sí ar she attended
" Bhuail mé léi don chéad uair i 1994, nuair a d’fhreastail sí ar mo chúrsa siúl sléibhe.
lucht freastail na Féile festival audience
" Ligtear seomraí is arasáin ar cíos ar phraghsanna seafóideacha agus déantar brabús maith as rothair a chur ar fáil do lucht freastail na Féile ar an oileán a dtugtar Lido air.
B’fhiú an dream Gaeilge nár fhreastail the group of Irish speakers who never attended
" B’fhiú an dream Gaeilge nár fhreastail riamh roimhe ar aon Oireachtas amháin a mhealladh ann.
Freastalaíonn an chuid eile the others attend
" Freastalaíonn an chuid eile ó am go ham ar chluichí agus ar imeachtaí éagsúla an chumainn.
D’fhreastail sí ar she attended
" D’fhreastail sí ar ‘BRIT School for Performing Arts and Technology’ agus bhain sí céim amach i 2006.
ag teacht aníos a d’fhreastail ar coming up who attended
" “Anois tá daoine óga ag teacht aníos a d’fhreastail ar Diwan (scoileanna tumoideachais Briotáinise) nó ar Div Yezh (scoileanna dhátheangacha) agus daoine a bhfuil cúrsa STUMDI (eagraíocht ranganna do dhaoine fásta) déanta acu.
d’fhreastail sí ar she attended
" Is é Annie Carroll, an duine is sine de mhuintir Uí Bheirn agus d’fhreastail sí ar an ócáid.
a d’fhreastail ar who attended
" Tugadh an cúram sin do eagraíocht, arbh é a phríomhghnó Coláistí Samhraidh a eagrú agus clubanna do dhaoine óga a reáchtáil do scoláirí a d’fhreastail ar na coláistí sin.
d’fhreastail mé ar I attended
" Nuair a chríochnaigh mé ar scoil, d’fhreastail mé ar Ollscoil Luimnigh mar ar bhain mé céim amach sa cheol traidisiúnta.
d’fhreastail sé ar seó taistil he attended a travelling show
" Agus é ar seachrán san India, d’fhreastail sé ar seó taistil agus taispeántas le lóchrainn draíochta lárnach ann.
d’fhreastail mé ar I attended
" Is le himní agus le cumha a d’fhreastail mé ar na mórshiúlta an mhí seo chuaigh thart mar bhí mé ag cuimhneamh ar na sluaite a bhí sa mhórshiúl i Sligeach ar son na Gaeilge sa bhliain 1905 (sa ghrianghraf).
d’fhreastail mé ar I attended
" Rinne mé an Ardteist i scoil De La Salle i mBaile an Teampaill agus ina dhiaidh sin d’fhreastail mé ar Choláiste Phádraig, Droim Chonrach le traenáil mar mhúinteoir bunscoile.
an líon daoine a d’fhreastail ar an aifreann the number of people who attended mass
" Chuaigh an líon daoine a d’fhreastail ar an aifreann i laghad, agus taobh istigh de dheich mbliana chuaigh an ráta beireatais ón gcúige is airde i gCeanada go dtí an ráta is ísle sa tír.
d’fhreastail mé ar cheiliúradh mór I attended the big celebration
" Chaith mé tráthnóna aoibhinn ag an Buenos Aires *Hurling Club*, d’fhreastail mé ar cheiliúradh mór Lá na Féile Pádraig in Plaza San Martin atá baiste as laoch mór agus fuasclaitheoir na hAirgintíne, José de San Martin agus ceol traidisiúnta, amhráin tíre agus callán na mbróg damhsa a lá Riverdance ag líonadh na cearnóige ag dul ó sholas dó.
is beag earra a fhreastalaíonn ar few goods serve up
" Bíonn an-rachairt ar earraí chuimhneacháin le linn an Chorn Domhanda ach is beag earra a fhreastalaíonn ar fhaisean.
bhfreastalódh na hábhair oidí ar the trainee teachers would attend
" Bhí an cinneadh seo ag teacht salach ar mholadh a bhí sa Straitéis go bhfreastalódh na hábhair oidí ar bhreis chúrsaí Gaeilge le barr feabhais a chur ar a gcaighdeán labhartha.
a d’fhreastail ar who attended
" Bhí fear amháin a d’fhreastail ar mo chúrsa in ann 12 cineál féir a aimsiú ar thaobh an bhealaigh cóngarach d’Oideas Gael in achar gairid 10 mbomaite! Ach cúpla lá tar éis sin, chuaigh fear áitiúil thart ag scairdeadh fiailnimhe ar chiumhais an bhóthair agus mharaigh sé gach rud! In ionad lusanna ildaite, tá gach rud dóite agus liath anois agus tá cuma uafásach air agus tá dochar déanta don ghnáthóg seo.
is é an chaoi gur pléasc an líon freastail the number(s) attending just exploded
" Bíonn thart ar thrí scór san iomaíocht anois faoi dhá bhliana déag d’aois! Sílim gur imir an teilifís, TG4, tionchar mór ar an bpobal an t-am sin, mar is é an chaoi gur pléasc an líon freastail ar fad in achar gairid blianta.
D’fhreastail mé ar I attended
" D’fhreastail mé ar choláiste samhraidh i Ros Muc, Conamara, i mbliana.
D'fhreastail attended
" D'fhreastail Bearnaí Ó Doibhlin ar an taispeántas áit a raibh sé in ann éisteacht lena ghlór féin agus le glór a bhean chéile.
D’fhreastail attended
" D’fhreastail Robert McMillen ar léacht a thug an staraí John Gray ar na mallaibh agus is léir dó, go fiú má d’athraigh an saol féin ón bhun aníos idir an dá linn, nár athraigh scéal géarchéimeanna geilleagair ina mbunghnéithe ó Bhoilgeog na Mara Theas sa bhliain 1720 go dtí an lá inniu.
D’fhreastail attended
" D’fhreastail Diarmuid Johnson ar ócáid cheoil sa mBreatain faoi Nollaig.
D’fhreastail attended
" D’fhreastail Ciara Nic Gabhann ar Fhéile na Meán Ceilteach i nDoire, féile inar tharraing Raidió na Gaeltachta agus Magamedia aird agus an-mholadh as a saothar le tamall anuas.
Ní minic a fhaightear deis freastail ar one doesn’t often have the opportunity to attend
" Ní minic a fhaightear deis freastail ar athchóiriú den scéal An Béal Bocht, ach fuair Anne Marie Flanagan a deis sa Project Arts Centre.
D’fhreastail attended
" D’fhreastail Tony Birtill ar imeachtaí Fhéile Learphoill, ceann acu i mballóga teampaill a scriosadh sa Dara Cogadh Domhanda.
D'fhreastail attended
" D'fhreastail Balor na mBéimeann ar chóisir fíona le deis faire ar an phearsa a chuaigh ó amharc ar Mhéara na gConallach Toigh Ard-Mhéara na hArdchathrach.