Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
spéiriúla airy, bright, cheerful
" Tá dúil mhór ag daoine ina saothar agus cúis mhaith acu - is radharcanna suaimhneacha, ildaite, spéiriúla iad den chuid is mó.
fabraicí geala bright fabrics
" Éistíonn sí le ceol bríomhar sa chistin, agus tá pictiúirí agus fabraicí geala sa halla agus sa seomra suí.
spéir gheal ghlé bright clear sky
" I ndiaidh mo thurais gluaisteáin dhá uair an chloig as Chicago le déanaí, bhí spéir gheal ghlé - a bhí thar a bheith fairsing - romham nuair a bhain mé South Bend amach.
veisteanna geala buí bright yellow vests
" Bhí sé lán póilíní, áfach, veisteanna geala buí ag clúdach a n-éide leamh bhuí.
aisling gheal a bright vision
" Agus é i lár an támhnéil, nochtaíodh fís dó: aisling gheal darbh ainm Conor Cruise Missile O'Brien.
Pabhsae Gléigeal Bright Posy
" *An Chicago Tribune *a d'fhiafraigh ar dtús cá raibh an t-anlaith milis, mealltach, fáinne-chluaiseach, bairéadach sin Peatsaí Dan Mac Ruairí? *Pravda *na Rúise a thóg an cheist cá háit a raibh an boc eile milis, mealltach, col ceathrach, círéibeach sin ar bhreá leis a bheith ina fhorlámhaí ar an Chreag i Lár na Farraige móire suaite, Pól Mac Ruairí? *L'Osservatore Romano *a bhí ag iarraidh a fháil amach cá raibh an Pabhsae Gléigeal sin atá ina príomh-*idiot *preabach, praiticiúil, pragmatach ar Phobalscoil Thoraí, an tSiúr Máire Clár na Cáiréise? Fiafraíonn an nuachtán naofa an raibh sise ar scoil an lá sin nó, mura raibh, cá háit go díreach a raibh sí agus cad é a bhí ar siúl aici ann? Ceisteanna iad sin atá á gcíoradh anois ag tuairisceoirí na cruinne, ceisteanna a bhfuil a bhfreagraí tuillte ag lucht léite nuachtáin an domhain.
geala bright
" Ansin shiúil muid suas ar dhroim creagach, agus bhí radharc iontach ann trasna páirceanna geala glasa agus fána leo go dtí an fharraige, iad lán de bhláthanna fiáine.
glé bright
" * Gluais • Glossary fáilteachwelcoming iontach fiafraitheachvery inquisitive lochtblame a mhalairt ar fadquite the opposite le haoibh an gháirewith a smile fial lena ndáimhgenerous with their affection croíúilcordial cumannfriendship luachmharvaluable tá dúil mhór agamI really like saoithiúlachtoddness snagcheol preabach an tráchtathe throbbing jazz of the traffic mo chéadfaímy senses ricseánnarickshaws gíoscánsqueaking uchtógabumps ag spréachadhspluttering pléascántaexuberant dordándrone siamsánhumming crónánmurmuring rosc ceoilrhapsody clapsholastwilight mheasfáyou would think searradhstretch fonn súchaitetrite melody solúbthaflexible spleodrachboisterous castaí úranew turns tromchúiseachimportant, weighty ag súgaíochtmaking merry gan spionnadhwithout vigour spreang spreagthaimpulse to inspire a dtiúin dhiamhair féintheir own mysterious tune rúndasecret léargasinsight mo thriallmy journey gaosánnose i dtólamhalways do chuid rámhaí a ligean le sruthletting your oars go with the flow i mbéal na séibesuddenly ní aimseoidh duine é féin go deoa person will never find himself balcóiníbalconies glas olóigeolive green stainnínístands síodasilk cadáscotton glébright gleoitepretty seodajewels tráchtáilcommerce dronggang an dubh a chur ina gheal ortto bamboozle you stuaicsullen appearance dreach diúltacha negative appearance a ndíograistheir enthusiasm a gcuid pionsúr amplachtheir greedy pincers téann siad i bhfostú ionatthey become entangled in you deilín na mbacachthe rigmarole of the tramps ag margáil leatbargaining with you ag dréim leatexpecting you a athrachany better bratógrag in aicearracht aimsirein a short period of time amhrasachsuspicious tuahatchet mangairísellers seálta ollawool shawls fidileachafiddles saoltachtwordliness spioradáltachtspiritiuality neamhchoireachinnocently manaslogan teachtairímessengers smailcmouthful dúidíní draíochtamagical clay pipes smálblemish clúreputation eiteogawings áras mórluachachimportant dwelling beadaíconceited tíorántatyrannical ceannsmachtupper hand daonlathasdemocracy éileamhdemand go slachtmharneatly neartplenty giollaservant ordúilorderly fairsingspacious fionnuarcool babhta trom meitifisicea heavy session of metaphysics toiteachsmoky mífholláinunhealthy truaillithe go holcbadly polluted galsteam ag sceitheadh ina scamaill dhubha ghalrachaescaping in black sickly clouds stúrdust ina phlá phlúchtachin a suffocating plague sceadamáinthroats scamhógalungs cársánachwheezy screamh ghlas sheileogachgreen salivary scum ag spaisteoireacht thartstrolling around gnúisface gnaíúilcomely ag rúscadhrummaging i gcarn bruscairin a pile of rubbish áilleagántrinket séarachassewerage bradaílpilfering lena ruaigeadh as bealachto drive them out of the way seilbh shaoltaworldly possessions burlabundle níos tibhethicker go bhfóirfeadh na bróga i gceart dóthat the shoes would suit him fine Tír Tairngire na féilethe Promised Land of generosity miantadesires Úll Mór na bhféidearthachtaíthe Great Apple of possibilities brioscbrittle tnáiteweary dílleachtaorphan brúidiúlachtbrutality gluaiseachtaímovements go míorúilteachmiraculously méithrich cothaitheachsustaining gealbhan binnehouse-sparrow broiddistress dia an áidh agus an rachmaisthe god of luck and wealth gaoiswisdom coimirceprotection bratógachragged barróghug
deirge gheal a bright redness
" Leath bealaigh suas an staighre beo, chonaic mé deirge gheal fúm.
nach raibh sí ar an scalltán ba chliste sa nead that she wasn't the brightest nestling in the nest
" Dúirt a hathair faoi dhuine den naonúr, an t-aon bhean ina measc, nach raibh sí ar an scalltán ba chliste sa nead.
glé bright
" As go brách arís le Balor gur casadh dó aingeal beag geal glé.
lonrach bright
" Bhí an bréagriocht ar dóigh ar fad: bhí folt casta gruaige uirthi ar dhath an óir; ba ghile a craiceann ná sneachta na haon oíche; ba dheirge a grua ná na caora caorthainn; ní thiocfadh leat a samhail a thabhairt dá súile ach réalta geala oíche sheaca, bhí siad chomh lonrach sin.
niamhracha bright
" Is minic ag an am seo den bhliain, agus muid traochta i ndiaidh rírá na Nollag, go mbíonn sé go deas éalú ó dhuairceas an gheimhridh agus briseadh beag a thógáil i gceann de mhórchathracha niamhracha na hEorpa.
deargrua bright red, carrot red
" Cuirfidh muid imireacha fionnrua, donnrua, agus rud beag bídeach deargrua fríd.
níos gile agus níos áille brighter and happier
" Agus mé in Ashan Children’s Home, bíonn an saol níos gile agus níos áille.
na soilse lonracha the bright lights
" Isteach linn (mise, Rossa agus Oki) sa charr agus as go brách linn go domhan na soilse lonracha i stiúideo TV3 ar eastát tionsclaíochta Ballymount.
an-gheal very bright
" Lár na hAstráile Tá sé dochreidte chomh mór, tirim agus dearg is atá lár na hAstráile! Bíonn na réaltaí an-gheal istoíche, tá an t-aer glan agus tá an-chuid cangarúnna, nathracha nimhe agus damhán alla gránna ann ar féidir leo dochar ceart a dhéanamh duit! Ach chaith mé cúpla uair an chloig ar eitleán go Cairns agus bhí mé i lár crann pailme agus an t-aer meirbh agus trom.
dathanna níos gile a úsáid to use brighter colours
" Chuir Pissarro ina luí air dathanna níos gile a úsáid agus roimh i bhfad bhí sé ag úsáid fíordhathanna gan truailliú agus ag péinteáil ar bhealach scaoilte agus saor.
cunaí, cliste, clifeartha smart, clever, bright
" Fear cunaí, cliste, clifeartha thú chomh maith, a shaoi na scríbhneoireachta,” arsa Ian Mór le Laoch na Litríochta.
na tráthnónta geala the bright evenings
" Ní raibh orm streachailt le hathrú aeráide, mar bhí an aimsir sa leathsféar thuaidh ar aon dul leis an aeráid sa leathsféar theas – báisteach ghruama - ach thaitin na tráthnónta geala in Éirinn go mór liom.
éide scoile gheal, a bright school uniform,
" Bhí siad uilig gléasta in éide scoile gheal, agus d'amharc siad féin agus a dtuismitheoirí ar na bláthanna, bréagáin agus léinte sacair ar an scrín, gach duine fós faoi bhrón mar gheall ar bhás an bhuachalla óig.
aer geal bright air
" Toisc go bhfuil an staid chomh beag, bíonn na leantóirí an-chóngarach do na himreoirí agus bíonn siad in ann an liathróid dhearg a fheiceáil go soiléir san aer geal agus iad ina suí inti.
geal bright
" Chodail muid sa bhrú garbh tar éis céilí iontach sa chlub – bhí sé geal sula raibh muid inár luí.
spleodracha bright, joyful
" Shúamar áilleacht na láithreach isteach, gona sléibhte, crainnte, bláthana fiáine agus dathanna spleodracha an tsamhraidh.
geal bright
" Táim i mo shuí i gcistin duine eile, i gcontae duine eile ag breathnú amach ar thírdhreach a bhíos uaireanta fliuch, uaireanta fiáin, uaireanta geal, uaireanta glas ach i gcónaí neamhaithnid.
niamhrach bright
" Agus nuair a rinneadh amhlaidh, tháinig táin le chéile nach bhfacthas riamh a leithéid cruinnithe ar mhachairí méithe Mhaigh Eo, iad in arm agus in éide, idir chlaíomh agus each, a gcuid léinte gorma féin ag bogadh go bog sa leoithne mar bhúnna muc na coille craobhaí, a gcuid baithisí agus a gcuid súl tais ag glioscarnaigh faoi sholas niamhrach ghrian an tsamhraidh.
gléineach bright
" Chun tosaigh bhí Naonúr an Green Isle, le Denis Naughty agus Leo an Leon os a gcomhair amach, a gcuid claimhte ag lonrú sa solas gléineach a bhí ag eisileadh ó dhreach Enda.
gléineacha bright
" Is léir ó na dathanna gléineacha gur mór an acmhainn atá i gceist, ach caithfimid modh a shaothraithe a fhoghlaim.
is loinnrí brightest
" Chuir an obair olc ar Michelangelo mar shíl sé nach raibh ann ach baois a bhí bunaithe ar uabhar agus ar fhéinghlóir an Phápa, ach maireann sé inniu mar cheann de na seoda is loinnrí den Athbheochain.
níos gile brighter
" Tá creperie iontach deas istigh sa gcoill sin inar féidir galettes (pancóga traidisiúnta dorcha) agus crepes (atá níos gile agus níos siúcrúla) a ithe.
gealgháireacha bright, pleasant
" Leanaí gealgháireacha ar fad a bhí i dteach na scoile.
an-gheala very bright
" Forbrófar círín ar an droim agus ar an eireaball le linn am an ghoir agus feictear dathanna an-gheala air faoin am seo chomh maith.
níos finne brighter
" Feictear na dathanna glas, donn ‘is buí ar chraiceann an droma aige, agus dathanna níos finne taobh thíos.
ar ghile an lae because of the bright daylight
" B'éigean dúinn ár spéaclaí cumhdaigh a chuir orainn, ar ghile an lae agus an tsneachta.
gheal bright
" Cuma agus Dearadh ========= Tá cuma gheal, taitneamhach ar an treoir ghramadaí seo.
héisc is gile brightest of fish
" Nuair a bhí mé faoin uisce b’iomaí iasc agus sliogiasc a ghluais thar bráid, gach ceann acu ar na héisc is gile agus is ildaite dá bhfaca mé riamh.
gheal bright
" Trá gheal, fholamh í an trá seo a shíneann níos mó ná seacht gciliméadar ar chósta an oileáin atá mar chuid de Pháirc Mhuirí na Mórsceire Bacainní.
ba ghile brightest
" Toisc méid na gcrann ar an oileán féin, ba iad dathanna an Fhómhair na dathanna ab áille agus ba ghile dá bhfaca mé riamh.
dathanna geala bright colours
" Seachas na dathanna dorcha a bhí in ionad na bhfear, bhí spleodar mór agus dathanna geala ann.
clúdaithe le brat geal covered with a bright carpet
" Bhí urlár an tí clúdaithe le brat geal, agus brait bheaga bhána thall agus abhus leis na soithí a leagan orthu.
buí geal bright yellow
" Leanann siad líne charraigeacha atá péinteáilte buí geal go dtí an fothrach séipéil, líne a thug na siúlóirí ‘Bóthar na mBrící Buí’ air nuair a nochtadh é i 2010.
geal agus te bright and warm
" Ach chonaic sé fíorfháilte Thír Conaill fosta ag deireadh an lae, nuair a bhí an aimsir geal agus te agus bhuail muid le bus Sheosaimh Uí Eochaidh ar an Mhálainn Bhig.
gaineamh geal a ndumhcha the bright sand of their dunes
" Tugtar “na brait bhána” orthu de bharr gaineamh geal a ndumhcha.
an spéir ag dórtadh anuas ar áit lit up by a bright sky
" Dumhcha gainimh, tithe saoire, agus an spéir ag dórtadh anuas ar áit gan chrann gan chraobh.
solas geal lonrach bright shining light
" Tá tuama Liam Flannbhuí le feiceáil sa tsaothar seo in ascaill, cláiríní breac-chearnógacha ar an urlár agus dhá chuaille thaibhseacha lasta le solas geal lonrach ar an dá thaobh.
cas geal bright and winding
" Bóthar na fíréantachta a shiúlfaidh siad feasta, agus ní imeoidh siad riamh arís ar fán ná ar fuaidreamh ón bhealach cas geal sin atá siad i ndiaidh a chur rompu féin.
ag leanstan na lóchrainn gheala following the bright torches
" Feiceann Súil Ghlas Mullach Glas ============= Roimh bhánú an lae mar sin bhí muid ag leanstan na lóchrainn gheala suas sleasa géara na Corcóige agus muid fós leath inár gcodladh.
cith agus dealán showers and bright spells
" An mbeidh an aicme oibre - an dream is mó a d’fhulaing le linn na dTrioblóidí - in ann theacht ar straitéis nach bhfuil ar chumas pholaiteoirí meánaicmeacha? Agus anois tuar na haimsire: cith agus dealán go dtí biaiste na mórshiúlta, ansin d'fhéadfadh stoirmeacha, toirneach agus tintreach a bheith forleathan, go háirithe i mBéal Feirste.
i dtodhchaí gheal na Gaeilge in a bright future for Irish
" “Cén mhaith dúinn a bheith ag caitheamh airgid ar theanga atá marbh, ná atá ag fáil bháis?” Cé chomh minic a chluintear abairtí mar seo, go háirithe in am seo an ghátair ó thaobh an gheilleagair de? In ainneoin go bhfuil creideamh an-láidir ar fad ag Balor i dtodhchaí gheal na Gaeilge, bhí an tsíorcháisíneacht agus an chnáimhseáil shíoraí ag creimeadh a dhóchais… go dtí gur thug sé cuairt ar Ghaelscoil na Gaeilge Gaelaí i mBaile Gaelach sa chathair cois Life.
Solas geal a bright light
" Solas geal a thagann amach as an dorchadas atá ann, solas a thuilleann ár n-aird agus ár meas agus a deir linn gur marthanóirí atá sna daoine seo agus ní íospartaigh.
chomh glé leis an lus gormáin as bright as the cornflower
" Agus na súile… iad chomh gorm agus chomh glé leis an lus gormáin nó le droim na farraige i mbrothall an tsamhraidh, nó le droim locha in uaigneas an tsléibhe lá geal seaca sa gheimhreadh.
ní ba ghile brighter
" D’amharc sé ar fholt breá gruaige Enda agus chonacthas dó go raibh sé ní ba ghile mar fholt ná folt fireann ar bith a chonaic sé lena bheo; agus chonacthas dó go raibh cuid gruaige fionnrua an Taoisigh ní ba shlíoctha agus ní ba réidhe agus ní ba mhínmhothaithí ná folt gruaige ar bith a chonaic sé riamh; gan ribe dá dhlaoi as alt; é gan barrchleite amach ná bunchleite isteach.
fionnrua bright red
" D’amharc sé ar fholt breá gruaige Enda agus chonacthas dó go raibh sé ní ba ghile mar fholt ná folt fireann ar bith a chonaic sé lena bheo; agus chonacthas dó go raibh cuid gruaige fionnrua an Taoisigh ní ba shlíoctha agus ní ba réidhe agus ní ba mhínmhothaithí ná folt gruaige ar bith a chonaic sé riamh; gan ribe dá dhlaoi as alt; é gan barrchleite amach ná bunchleite isteach.
an ngealgháire atá uaithi the bright smile she wants
" Svaidhpeálann sí trí dhraidgháirí na bhfear uilig go dtí go dtagann sí ar an ngealgháire atá uaithi agus an t-eolas a ghabhann leis: Diarmaid, 25.
a chuid seolta móra geala his big bright sails
" Chroch Balor Mairnéalach suas a mhisneach, agus ina dhiaidh sin chroch sé suas a chuid seolta móra geala go barr na gcrann.
Méadar Geal ar gach Cosán a bright meter on every footpath
" Beidh Méadar Geal ar gach Cosán & na Mná Óga go Dolba Dána (Naomh Colm Cille cecinit) ============= Tá pleananna agam chun postanna a chruthú do mhuintir na tuaithe fosta.
mbeidh todhchaí gheal ag an iris the magazine shall have a bright future
" ie agus tá muid ag iarraidh a chinntiú go mbeidh todhchaí gheal ag an iris go fóill.
cé chomh geal is a bhreátha how bright and how fine
" Ag deireadh an lae, is cuma cé chomh geal is a bhreátha is a bhí lá, rachaidh an ghrian ina luí thiar.
gheal eachtrach bright and different
" An té atá as obair abhus agus ar mhaith leis taithí saoil is oibre a fháil i dtír gheal eachtrach, tá comhairle ag Alex Hijmans dó: foghlaim blaiseadh den Phortaingéilis, faigh teastas TFL anois agus gabh chun na Brasaíle.
soilse geala na Nollag as sméideadh go gealgháireach the bright Christmas lights winking merrily
" Beidh soilse geala na Nollag as sméideadh go gealgháireach as fuinneoga siopaí ar chách, ach níl an méid dífhostaíochta, gnólachtaí druidte ná níl na céatadáin dócmhainneachtaí ag tabhairt aon siocair gealgháire sna Sé Chontae ach oiread le háit ar bith.