Pota Focal Intergaelic
bun | fan | fán | faun | fen
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar thóir an spraoi looking for fun
" In ainneoin go bhfuil an chuid is mó acu an-bhocht, bíonn cuma ghealgháireach ar na Cúbaigh de ghnáth agus bíonn siad i gcónaí ar thóir an spraoi.
bhí cuma na féile uirthi she looked generous, fun
" Ar dhóigh inteacht, bhí cuma na féile uirthi.
ag spochadh as making fun of
" Bíonn siad ag spochadh as ár dteanga.
mulldaí beag a term of endearment to describe a fat 'cherubic' baby. Only used for babies and children, otherwise usually used to poke fun or in an insulting way
" "Árú cad é an dóigh nach dtiocfadh leat an mulldaí beag seo a mhilleadh?" arsa Nuala agus chrom sí os a chionn.
ag spochadh as making fun of
" Bíonn an *Portadown News* ag spochadh as achan taobh sna Sé Chontae, rialtas na Breataine san áireamh ("insecurity minister" Jane Kennedy, mar shampla).
spraoi fun
" Bhí Murphy an-tógtha le ceol Meiriceánach ó na tríochaidí, go háirithe leis na hamhráin a scríobh Leon Redbone, agus thosaigh sé féin agus Spillane ag canadh le chéile ar mhaithe le spraoi.
spraoi fun
" Bhain mé a leithéid de spraoi as an eagarthóireacht, a leithéid de phléisiúr.
spraoi fun
" Is le cartúin ildaite a chuirtear an t-ábhar i láthair agus tá cuid mhaith spraoi le baint as na cluichí atá ar an diosca.
spraoi fun
" Sílim go mbaineann siad spraoi as ár seachrán.
spraoi fun
" com) *Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin.
spraoi fun, playing
" Seomra ranga le ceithre chuid - don spraoi, don scéalaíocht, don cheardaíocht agus cistin bheag don lón.
Níl mé ag gabháil a spochadh as duine ar bith I'm not going to make fun of anyone
" Níl mé ag gabháil a spochadh as duine ar bith nó tá an rud ar fad ró-thromchúiseach agus ró-léanmhar go mór.
spraoi fun
" Bhaineamar spraoi as, agus dúirt muid, "Ó, caithfidh muid teacht le chéile am éicint nuair a rachaidh muid abhaile.
spraoi fun
" Tabharfaidh an leabhar sin deis do McEvoy roinnt spraoi a bheith aige agus a bheith ag cur thairis faoi staid na polaitíochta áitiúla i Nua-Eabhrac sna 1990í.
ag spochadh as an dream seo making fun of these people
" "Dá mbeadh a fhios agam go raibh sé chomh simplí sin scríobh i mBéarla," a deir sé, ag spochadh as an dream seo, "is fadó riamh a bheinn tar éis tabhairt faoi!" Deir de Paor go bhfuair sé tacaíocht i gcónaí ó fhilí na Gaeilge, go háirithe nuair a bhí sé ag dul i mbun pinn agus é fós sna déaga.
spraoi fun
" Ach in ainneoin an rince, an spraoi agus an bhailiú airgid go léir a bhí i gceist ag an ócáid seo, agus a bheidh le fáil ag ócáidí eile de chuid an IPPCH a bheas ann roimh an samhradh, beidh an bhagairt ón sceimhlitheoireacht, atá ag méadú leis, ina ábhar gruama machnaimh.
ag spochadh as Sinn Féin making fun of Sinn Féin
" Cinnte tá neart cúiseanna le bheith ag spochadh as Sinn Féin, a fhad is atá siad ag iarraidh bogadh ó *frisson *na streachailte armtha go dtí an pholaitíocht bhunreachtúil, ó na cótaí *duffle *go dtí na cultacha Armani.
ag spochadh as making fun of him
" Mar a bheifeá ag súil, bítear i gcónaí ag spochadh as de bharr go bhfuil blas láidir tuaisceartach ar a chuid cainte agus, gan amhras, déanann seisean amhlaidh i gcás a chomhoibrithe.
an-spraoi a lot of fun
an-spraoi go deo great fun altogether
" Bíonn an-spraoi go deo againn, mar is daoine den scoth iad a fhreastalaíonn ar na ranganna, agus is spéisiúil na cúiseanna a bhíonn acu leis an Ghaeilge a fhoghlaim.
spraoi fun
" Bhí cáil freisin ar na lomthóirí a raibh fochultúr dá gcuid féin ag baint leo - a gcuid taistil, an obair agus an spraoi a bhíodh acu agus na héachtaí (más fíor) a rinne siad.
spraoi fun
" ÉÓD: Is sa gcaint agus sa bhfocal is mó atá an saibhreas agus an ealaín, agus tá idir chlisteacht agus spraoi sna hagallaimh bheirte agus sna lúibíní.
níos spraíúla more fun
" Chomh maith leis sin, bíonn na liricí níos saibhre is níos spraíúla ná Béarla idirnáisiúnta amhráin na *Top 40s *mar go mbíonn siad lán le cora cainte agus imeartas focal.
spraoi fun
" Chomh fada is a bhaineann sé le cuid againn, ábhar suilt agus spraoi is ea an spórt.
cleachtadh practice/fun
" AÓF: Cén áit a ndéanann sibh cleachtadh mar sin, más as áiteachaí éagsúla sa tír sibh ar fad? MNA: Tagaimid le chéile, de ghnáth sa Rinn, agus tógaimid tigh ar cíos ar feadh cúpla seachtain agus bíonn cleachtadh den dá shórt againn ann! AÓF: Is tú an t-aon bhean atá sa ghrúpa, i measc scata fear.
spraoi fun
" "An-chainteoir is ea mo mháthair," arsa Angela, "agus bhí an-ghreann ag m'athair", rud a d'fhág go mbíodh spraoi sa chomhrá sa bhaile.
scléip fun
" scléip ======= Ní hionann sin is a rá nach bhfuil scléip ag baint leis Am Mòd - tá, go deimhin.
ag magadh fúthu making fun of them
" Is minic nach dtuigeann siad ach oiread, is léir, saothar agus díograis an Gharda Síochána i gcásanna drugaí agus, go deimhin, tarlaíonn sé uaireanta go bhfágtar na gardaí lasmuigh de na tithe cúirte agus na mangairí drugaí ag magadh fúthu.
spraoi fun
" Ba léir go raibh i bhfad níos mó spraoi ag na Caitlicigh.
ag spochadh asainn making fun of us
" Uaireanta, bíonn siad ag spochadh asainn – mar shampla, deir siad, ‘Ach, cén chéad teanga atá agaibh? Cén fáth a bhfuil sibh ag labhairt Gaeilge? Níl sé nádurtha.
spraoi fun
" Tá tú ag iarraidh dul abhaile istoíche agus tá tú ag iarraidh breathnú ar rud éicint atá cosúil le ‘Cornation Street’ nó ‘Eastenders’ nó ‘Ros na Rún’, i nGaeilge, ar féidir leat spraoi agus taitneamh a bhaint as, in ionad bheith i gcónaí ag breathnú ar chláir faoi mhórfhilí na Gaeilge nó rud éicint mar sin.
spraíúil fun
" “Mar sin, bhí na fadhbanna seo uilig ann agus muid ag ullmhú don fhéile phíobaireachta, ach ba é rud a fuair na daoine a chuir an stró orthu féin dul chuig an chéad fhéile amach, ná go raibh sé corraitheach, ilghnéitheach, agus spraíúil.
spraoi fun
" MNíB: Gurab amhlaidh duit, a chuirliúin chladaigh! *Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin.
fear scléipe a man who liked having fun
" Fear féasógach, fear maith, fear stuama, fear scléipe, fear spéaclaí, fear comhluadair, fear codlatach.
ag spochadh asam making fun of me
" Sin a bhfuil de dhíth orm anois – do leithéidse a bheith ag spochadh asam,” arsa Seoirse.
spraoi fun
" Más craic agus spraoi fríd mheán na Gaeilge (agus na Gàidhlig) atá de dhíobháil ort an t-earrach seo, b’fhiú duit bheith i láthair ag Gaelfest, an fhéile mhór Ghaelach a bheas ar siúl ag tús mhí an Aibreáin i mbliana i mbaile an Chabháin.
fear scléipe a man who liked having fun
" Fear féasógach, fear maith, fear stuama, fear scléipe, fear spéaclaí, fear comhluadair, fear codlatach.
spraoi fun
" Ní *deep and meaningful television* atá i gceist lena leithéid ach píosa craice agus píosa spraoi agus cén bealach atá agat leis an bpobal agus céard is féidir leat a bhaint amach as daoine ag déanamh agallaimh ar an toirt.
Ag spochadh as making fun of
" Ag spochadh as an mbainseó a bhíomar anuraidh nuair a dúirt Dee linn go raibh ceann ceannaithe aici ón gceardaí uirlisí Frank Tate, agus go raibh sí ag súil len é a sheinnt sa seisiún taifeadta a bhí pleanáilte againn do mhí Dheireadh Fómhair.
spraoi fun
" I dteach tábhairne ceann tuí i gceartlár Ghaeltacht Chonamara a bhíos agus comhluadar breá i mo thimpeall agus cé gur thit an ghruaim ar an gcomhluadar ar feadh scathaimhín tar éis an chluiche ba ghearr gur thosaigh an ceol agus an amhránaíocht agus an spraoi arís.
an-iomarca spraoi too much fun
" An fhadhb ba mhó a bhíodh ag na mic léinn seo, dar liom, ná go mbíodh an-iomarca spraoi ar siúl acu.
an-spraoi a lot of fun
" Bhí an-spraoi againn á thaifeadadh mar go raibh an aimsir go breá ag an am agus bhí muid in ann ár scíth a ligint ar an trá tar éis laethanta fada a chaitheamh ag taifeadadh.
spraoi fun
" Imeachtaí náisiúnta a reáchtáil, ar nós Thóstal na bhFiann (lá spraoi do 2,000 déagóir), Scléip(lá na gCumann), Féile an Fhómhair, agus araile.
laethanta scléipe, agus araile. fun days, etc.
" Imeachtaí réigiúnda a chur ar siúl, ar nós ceolchoirmeacha, céilithe, céilithe sráide, campáil, laethanta scléipe, agus araile.
gur bean spraoi agus íobartha in éineacht í, that she is a fun woman willing to make sacrifices,
" Is ansin a bhídís ag traenáil agus ag imirt ina n-óige, ag fáil máistreachta ar an gcamán agus ar an sliotar agus a máthair bhocht sa chúl toisc nach ligfeadh sí dóibh a ndeirfiúr óg a chur ann ar eagla go mbuailfidís í! Bhí *mum* an-lárnach sa scéal agus ba léir gur bean spraoi agus íobartha in éineacht í, agus cócaire maith freisin! Lean an clár Setanta agus ansin Aisake go dtí an Astráil agus chonaic muid iad i mbun traenála le cumann peile na hAstráile i Melbourne.
spraoi fun
" Tá cúrsaí ar ardchaighdeán á soláthar ag Sabhal Mòr Ostaig agus ag Ionad Chaluim Chille; bíonn idir léann, spórt agus spraoi i gceist, agus neartaítear an caidreamh lenár gcomharsa Ghaelach ar bhealach fíornádúrtha ar an gcaoi sin.
spraoi. fun.
" Atmaisféar ársa ann – sorcas, scátháin, seó, smideadh, siamsa, spraoi.
don chuideachta to the fun
" Chan sé an fhírinne ach, má chan féin, bhí Mac Grianna siosmaideach go leor gan a chuid comrádaithe scoile a bhodhrú lena chuid léitheoireachta; bhí sé tugtha don súgradh agus don chuideachta oiread céanna le gasúir eile a aoise agus thuig sé, is léir, nach bhfóirfeadh an maíomh as leabhair don chuideachta a bhí á coinneáil aige.
spraoi agus dheochanna, fun and drinks,
" Dhá lá lán de chaint agus de dhíospóireacht, gan trácht ar cheol, spraoi agus dheochanna, a chaith mé ansin.
ag spraoi agus ag suairceas playing and having fun
" Tá na cnaipí ar cheamaraí digiteacha á mbrú gan tairiseamh agus roinnt de na déagóirí ag spraoi agus ag suairceas mar a bheidís i bpáirc aonaigh nó in iarsmalann ina bhfuil stair ársa á léiriú nach bhfuil aon bhaint acu in aon chor léi.
an spraoi the fun
" Thuigfeá cad as a dtagann an spraoi a bhaineann le Fíbín dá gcaithfeá uair nó dhó ina chomhluadar – ag tús ár gcomhrá insíonn sé dom mar gheall ar Bhrian na mBromanna, carachtar a bhfuil “fadhb gáis” aige ón tsraith atá á léiriú aige do Raidió na Life faoi láthair.
ag spochadh as, making fun of it
" Thosaigh mé ag spochadh as, cineál de, ag rá os ord, ‘Ó, mo léan géar! Tuigim cás na n-amhránaithe seo anois.
atmaisféar croíúil spraíúil a cheerful fun atmosphere
" Cé gur chóisir an-mhór é – agus cé go raibh atmaisféar croíúil spraíúil le brath lena linn – mar is gnáth, bhí teachtaireacht dháiríre ag baint leis an bhféile chomh maith.
cuirtear tús leis an spraoi! let the fun begin!
" Agus an bhunobair seo déanta agat, cuirtear tús leis an spraoi! Is féidir a bheith ag pleidhcíocht leis na dathanna eile ar fad agus ní gá duit ach an luch a úsáid chun balla iomlán a phéinteáil agus triail a bhaint as dathanna éagsúla.
Ba mhór an spórt a bhí agam. I had great fun
an-spraoi a lot of fun
" Ach bhí an-spraoi agam ar ‘Echo Island’ chomh maith.
ag lorg spraoi looking for fun
" ”Bob Burke, múinteoir Gaeilge, Washington State agus Portland, Oregon“Bhíodh Seán i gcónaí ag lorg spraoi – ba bhreá leis damhsa, ceol agus a bheith ag insint scéalta.
lá spóirt agus oireachtais day of fun and sport
" Mionchluichí Oilimpeacha atá i gceist ar bhealach, nó meascán de lá spóirt agus oireachtais, de fhleá cheoil agus rásaí bád seoil, mar a bhíonn ar siúl in áiteanna éagsúla in Éirinn i rith an tsamhraidh.
spraoi fun
" ” Ba iad “Damhsaíocha agus Suirí” agus “An Cleamhnas” na caibidlí ba mhó a thaitin liom mar gheall ar an ghreann agus an spraoi a bhaineann leo.
spraoi fun
" Bhuel, tá an spraoi ar fad thart agus beidh orainn fanacht go ceann ceithre bliana eile sula bhfeicfimid arís in aon choicís amháin a leithéid de lúithnireacht, de dhochloíteacht dhaonna agus d'éachtaí gaiscíochta.
spraíúil fun
" Tá an t-am sin den bhliain buailte linn arís; tá na laethanta saoire thart, tá bunús na ndaoine ar ais ag obair agus caithfear rud inteacht a shocrú chun oícheanta fada an fhómhair agus an gheimhridh a chur isteach go spraíúil.
spraoi fun
" Ach ní hé go raibh cigire ag dul timpeall agus bata ina lámh aige lena chinntiú go raibh an teanga á labhairt ag gach uile dhuine: ba í an sprioc a bhí leis ná spraoi agus siamsaíocht a chur ar fáil – agus diabhlaíocht a chothú! “Bhí réimse leathan imeachtaí ar siúl sa phuball – fíbíní cleamhnais, seónna puipéad, fuirseoireacht agus ceachtanna inar múineadh do dhaoine conas eascainí a ligean trí Ghaeilge! I measc na n-imeachtaí ba mhó ar éirigh leo, dar liomsa, bhí imeacht ar ar bhaist muid Cáirióice CLG.
go leor spóirt a lot of fun
" Mar sin, más spéis leat giota beag taithí chraoltóireachta a fháil – agus go leor spóirt a bheith agat – téigh i dteagmháil le Raidió na Life inniu! Tá tuilleadh eolais faoi Raidió na Life ar fáil ar shuíomh idirlín an stáisiúin: www.
mar ghreann for fun
" Thosaigh an t-ainm mar ghreann i dtosach.
spleodar enjoyment, fun
" Bhraith a mháthair áfach, go raibh meabhar cinn ghéar aige toisc go raibh spleodar agus éirim ag damhsa ina shúile.
spraoi fun
" Deiseanna cainte, deiseanna spraoi, deiseanna saoil.
spraoi fun
" Bíonn spraoi sa teach againn nuair a bhíonn an dá fhoireann ag imirt in aghaidh a chéile.
spraoi fun
" Ní hiad na cluichí féin a mhaireann im’ chuimhne le fírinne, ach an comhluadar is an spraoi, an ceol agus an t-atmaisféar speisialta a chruthaítear nuair atá na Gaeil ó Ghaeltachtaí uile na tíre i dteannta a chéile.
scléip an tsamhraidh summer fun
" Cén fáth a mbíonn ar mhic léinn in Éirinn fanacht chomh fada sin le torthaí scrúdaithe? Ach má tá deireadh tagtha leis an mbliain acadúil nó leis an mbliain scoile agus mic léinn ar fud na tíre anseo ag fanacht lena gcuid torthaí scrúdaithe roimh thús ceart a chur le scléip an tsamhraidh, ní hamhlaidh atá an scéal i roinnt mhaith ollscoileanna sa Fhrainc.
tsiamsa fun
" Agus bígí cinnte, leis an gcúlú seo ar siúl, níl aon duine díobh á dhéanamh ar son an tsiamsa (amháin!).
greann fun, comedy
spraoi fun, enjoyment
" Díreach ar mhúnla na nglún a chuaigh romhainn, is breá linn ár gcairde agus is mór againn an spraoi, an spriolladh agus an spórt; siamsa simplí an tsaoil, mar a déarfá.
siamsa fun
" Díreach ar mhúnla na nglún a chuaigh romhainn, is breá linn ár gcairde agus is mór againn an spraoi, an spriolladh agus an spórt; siamsa simplí an tsaoil, mar a déarfá.
chuideachta fun, company
" Mar sin, d'eagraigh sé siúl ar leibhéal íseal agus bhínn féin ann i gcónaí don chuideachta.
an-ghreann great fun
" Mencken, an scríbhneoir mór aorach Meiriceánach, thart sa lá inniu, is cinnte go mbainfeadh sé an-ghreann as an tslí a bhaineann polaiteoirí Mheiriceá leas go seanbhlastúil as “hobgoblins” ar nós Muammar al-Gaddafi, Osama bin Laden, Saddam Hussein agus Mahmoud Ahmedinejad leis an bpobal a choinneáil scanraithe ar mhaithe leis an tionscal ollmhór míleata Meiriceánach agus leis an stát Iosraelach.
spraoi fun
" Tugann an t-údar cuairt an athuair sa leabhar seo ar oirthear na hAfraice, ag súil go bhfeice sé taobh eile den Afraic: Afraic an ghrá agus an gháire, Afraic na féile agus na flaithiúlachta, Afraic an spraoi agus an tsonais – íomhá nach bhfuil chomh forleathan sin i meáin an Iarthair, iad gafa le scéalta faoi ghorta, cogaíocht, caimiléireacht pholaitiúil agus faoin anró gan stad gan staonadh.
spraoi of fun
" Ócáidí pléisiúrtha, spraoiúla sa chuid is mó - Carnabhal Rio, Notting Hill, Lá na Féile Pádraig i Nua-Eabhrac, Mardi Gras agus an Walt Disney World Christmas Day Parade.
scigaithris ar mocked, made fun of
" Sheas sé le cearta cultúir is teanga na Kabyle riamh ach nuair a chum sé rann a rinne scigaithris ar amhrán náisiúnta na hAilgéire dúnmharaíodh é agus gan ach an dá bhliain is dhá scór aige.
spraoi fun
" Ní hiad na cluichí féin a mhaireann im’ chuimhne le fírinne, ach an comhluadar is an spraoi, an ceol agus an t-atmaisféar speisialta a bhíonn ann nuair a bhailíonn na Gaeil ó Ghaeltachtaí uile na tíre i dteannta a chéile.
spleodar fun
" Bíonn slua mór lán fuinnimh, lán damhsa, lán de spleodar ann.
diabhlaíocht agus spraoi devilment and fun
" Ar na chéad scéalta troma seo tá ‘An tÁdh’ ina n-iompaíonn diabhlaíocht agus spraoi na ngasúr chun tubaiste agus gan ‘an t-ádh’ ach le gasúr amháin acu sa deireadh.
údar grinn a matter of fun
" Tá a fhios agam chomh maith le sin, nach gá taos fiacaile le do dhrad a ghlanadh agus bheartaigh mé fanacht mar atá mé, gan taos fiacaile (an Bhéarla), ar son na cúise! Teannfaidh mise an bhróg ar na diabhail a fuair réidh leis an lipéad Gaeilge! Más údar grinn domh é, is máthair mhachnaimh domh é fosta.
spraoi fun
" Ach tá feidhm dháiríre leis an spraoi freisin – is as an tsúgradh a chuireann an páiste eolas ar an tsaol.
craic fun
" I ndáiríre táim ag glacadh sosa san oifig ó mo pháistí craiceáilte! Mar is eol don léitheoir dílseach táim ag obair don Irish Internet Association.
Craic ar bith no fun
" Craic ar bith ag gabháil sa tír, taobh amuigh de na múinteoirí bochta ag gearán faoi tháillí eitilte *Ryanair* i rith na seachtaine saoire a bheas acu ag deireadh na míosa seo.
magaidh mockery, fun
" Slógadh magaidh atá i gceist, faoin teideal searbhasach ‘Restoring Sanity’, nó ‘Athghabháil na Céille’, ach go cinnte, is frithshlógadh é mar sin féin.
tsiamsaíocht fun
" Nílimd ag cur cosc ar an tsiamsaíocht, ná baol air; níl ann ach go bhfuilimid ag iarraidh é a scarúint ón obair mhór atá romhainn amach, ’sé sin géilleagar na tíre a chur ina cheart.
siamsaíocht fun
" ” Tá Ruane an-mhórtasach as imeachtaí, ní hamháin a bhí mar cheiliúradh ar bhunadh na háite agus a thug siamsaíocht dóibh, ach as imeachtaí a thug orthu machnamh a dhéanamh chomh maith.
ag spraoi having fun
" Bhí féile beorach ar siúl sa chathair agus muid ann, na sráideanna lán le daoine óga béasacha ag canadh agus ag spraoi.
spraoiúil fun
" Bhí atmasféar sócúil spraoiúil dóchasach le brath i ngach áit.
an acmhainn grinn the fun loving acumen
" Tá siad béasach agus fáiltiúil, ach caithfidh mé a admháil, an chraic agus an acmhainn grinn atá le braistint in Éirinn, níl sé le fáil anseo.
spleodar fun
" com) – páistí lán de spleodar, lán de cheol, lán le Gaeilge, - páistí a bhí lán de ‘dhúchas agus de dhóchas’.
greann fun
" aspx> faoin uirlis shoghluaiste seo ar dtús agus gurb é greann an mothúchán is mó a bhraith mé féin is a mhothaigh mé ar líne.
grinn of fun
" Is díol trua, nó grinn i measc athracha chairde an gharmhic í, i measc mheitheal scipéid an ollmhargaidh - i measc a cairde filíochta ar an gcúrsa fiú.
díreach mar spraoi just for fun
" Ach ar ball agus níos mó féinmhuinín múscailte agam, bhí mé ag déanamh bearna do na beithígh agus ag ligean dóibh éalú díreach mar spraoi! Nathracha Nimhe ======== Tá an áit te, fliuch agus uaine tá féar ard ann.
suíomhanna spraoi fun locations
" “Mar chuid dár bplean straitéise 2008-2010, agus arís, an beartas straitéise reatha, tá sprioc ag Glór na nGael áiseanna don fhoghlamóir agus don chainteoir Gaeilge araon, a chuidíonn le deiseanna labhartha i suíomhanna spraoi agus sóisialta a fhorbairt.
ag magadh faoin saol having fun
" Bhí triúr páistí ar thaobh an bhóthair ag magadh faoin saol.
an-ghreann agus an-spraoi great fun and enjoyment
" Bíonn sé i gcónaí nuair a bhí dráma nua á chleachtadh, bíonn sé i gcónaí sa seomra cleachtaidh agus is breá leis aisteoirí agus tá an-ghreann agus an-spraoi ag baint leis.
Is mó ná greann dubh it’s more fun than black comedy
" ”* Is mó ná greann dubh é scannán Sorrentino.