Pota Focal Intergaelic
fán | afan | an | fa | fad
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
feananna fans
" Tá go leor samplaí den mhodh oibre seo le feiceáil sa taispeántas: feananna déanta as cleití; bileoga ceoil a osclaíonn agus a dhruideann leo féin; uirlisí a scaoileann péint amach ar na ballaí nó ar an urlár; dordveidhil a dhéanann ceol aisteach taibhsiúil .
lucht tacaíochta fans
" " Tríocha bliain tar éis bhás Morrison, tá glúin nua ina lucht tacaíochta aige agus ní dócha go dtiocfaidh laghdú ar an méid suime a chuirtear ann go ceann i bhfad.
Fan go fóill beag Just wait a while
" "Fan go fóill beag," arsa Nuala.
lucht leanúna gailf agus iomána golf and hurling fans
" Cé gur gnáthfhadhb ag lucht leanúna gailf agus iomána é an liathróid a leanúint ar an teilifís, tá an fhadhb níos measa ar an idirlíon.
lucht leanúna fans
" Nuair a tharlóidh sé - agus is cinnte go dtarlóidh - beidh deighilt i measc lucht leanúna in Éirinn ó thaobh dílseachta de.
lucht leanta fans, supporters
" Agus ag tagairt do Pháirc an Chrócaigh, is cosúil go mbíonn an ghrian ag taitneamh i gcónaí ansin! Ní shílim gur thit aon deoir bháistí ann ar feadh an tsamhraidh ach oiread, cé gur sileadh neart deora ó am go ham! Aithním nach samhradh breá a bhí ag na feirmeoirí nó ag lucht saoire agus turasóireachta ach ag lucht leanta na gcluichí Gaelacha bhí samhradh den scoth de bharr fheabhas agus chaighdeán agus éagsúlacht na gcluichí éagsúla.
fan talún on the ground
" Dá leanfadh contaetha agus foirne eile a sampla agus an iomáint a imirt mar ba chóir, leis na bunscileanna i réim, an sliotar á imirt fan talún níos sciobtha agus an camán á úsáid mar ba chóir (seachas síor-rith agus teagmháil throm chorp, cuir i gcás), b'fhéidir gurbh fhearrde an cluiche.
agus atá fanta sa chuimhne and that have remained in the memory
" Dáiríre, nuair a chuimhním air, is iomaí cluiche ó 1980 i leith ina raibh Uíbh Fhailí páirteach agus atá fanta sa chuimhne.
gur chóir na hainmhithe atá fanta a mharú that the remaining animals should be killed
" Tá lucht cearta ainmhithe ag rá gur chóir na hainmhithe atá fanta a mharú sa gcaoi nach mbeidís ag fulaingt de bharr an teasa agus an aistir gan staonadh atá orthu.
fan i do thost stay quiet
" Más dea-sceimhlitheoireacht atá ann, fan i do thost.
d'fhan muid inár dtost we stayed quiet
" Ach níor dhúirt muidinne sin riamh mar go raibh a fhios againn go raibh daoine ag iarraidh síocháin a bhaint amach agus go raibh siad ag iarraidh na *"hawks" *a thabhairt leo, so d'fhan muid inár dtost.
d'fhan sé ar a ghogaidí gur imigh an mearbhallán he stayed on his hunkers until the dizziness eased
" Chroith Ciarán a cheann ach d'fhan sé ar a ghogaidí gur imigh an mearbhallán.
geolán fan
" Í ag féachaint uaithi ar an aer arís, an geolán ag casadh, an chathair á ndalladh, geoin bhodhar an tráchta, boladh a allais féin chuige (rud nach dtaitníodh leis an gcuideachta ach ní raibh leigheas air, ní raibh maith le díbholaíoch, b'in an saghas duine é).
lucht leanúna fans
" Cé gur dhiúltaigh John Prescott do thuairim Ringo – “Níl sé ina chónaí i Learpholl,” ar seisean - tá a lán suime sa scéal i measc lucht leanúna na mBeatles ar fud an domhain, agus tá litreacha seolta ó na Stát Aontaithe, agus ó thíortha eile, chuig na meáin chumarsáide anseo, ag gearán faoin phlean atá ann Dingle a scrios.
nach bhfanfainn sa ghairm sin that I wouldn't stay in that career
" “Chuaigh mé le bunmhúinteoireacht, is dócha, toisc go raibh sé san fhuil ach bhí a fhios agam nach bhfanfainn sa ghairm sin.
d’fhanainn I used to stay
" Chuaigh mé chuig coláiste ealaíne agus d’fhanainn i ndiaidh na ranganna.
dá mhéad a athraíonn an mhúinteoireacht is amhlaidh go bhfanann sí mar an gcéanna the more teaching changes, the more it stays the same
" Ach tá rud amháin an-soiléir dom tar éis leabhar McCourt a léamh, mise a chaitheann gach lá ag múineadh an Bhéarla chomh maith i ngairmscoil gharbh, is é sin, dá mhéad a athraíonn an mhúinteoireacht is amhlaidh go bhfanann sí mar an gcéanna.
lucht tacaíochta fans
" Tugadh tús áite ó thaobh ticéad de do dhaoine a raibh ticéad séasúir d'Anfield acu agus ansin eagraíodh ballóid leis an 1,000 ticéad a bhí fágtha a roinnt idir an lucht tacaíochta eile.
fanta sa chraobhchomórtas still in the championship
" Go n-éirí go geal leo siúd go léir atá fanta sa chraobhchomórtas.
dá bhfanfaidís sa bhaile if they stayed at home
" Daoine iad seo a bheadh ina gceannairí pobail dá bhfanfaidís sa bhaile agus a bheadh gníomhach i gcúrsaí teanga, ealaíne, agus drámaíochta, b’fhéidir.
lucht leanúna fans
" De ghnáth, ní tharraingíonn cluiche den tsraith náisiúnta an tráth seo den bhliain ach slua measartha i gcodarsnacht le cluiche sa chraobhchomórtas i lár an tsamhraidh, ach ar an ócáid áirithe seo tháinig lucht leanúna na *Dubs* agus Thír Eoghain ina mílte, móide dream mór neodrach (mar a thugtar orthu) don ócáid speisialta, is é sin lasadh oifigiúil thuilsoilse nua Pháirc an Chrócaigh agus an chéad chluiche faoi shoilse sa staid stairiúil sin.
cé acu a bhfanfainn sa chathair whether I'd stay in the city
" Sa deireadh, bhí mé idir dhá chomhairle cé acu a bhfanfainn sa chathair nó an rachainn chun an bhaile go hÉirinn.
a fhanann sa chóras oideachais níos faide, who stay longer in the education system,
" Daoine a fhanann sa chóras oideachais níos faide, is minic a fhanann siad gníomhach i gcúrsaí spóirt agus imríonn siad níos mó ná spórt amháin de gnáth.
duine dár lucht leanúna, one of our fans,
" Cúpla bliain ó shin bhuaileamar le hathair duine dár lucht leanúna, Kevin Pendred, agus d’inis sé scéal dúinn faoin gceathrar cairde a bhí aige a d’úsáid a thigh mar oifig samhradh amháin agus a d’fhág bille ollmhór teileafóin leis – muid faoi ndear an bille a dúirt sé linn, ag scige.
lucht leanúna fans
" Is tír í an Astráil atá an-tógtha le cúrsaí spóirt, agus ó thaobh lucht leanúna de, caithfear a rá go bhfuil muintir Melbourne i bhfad chun tosaigh ar áit ar bith eile sa tír.
plódaíonn lucht leanúna fans crowd in
" Cibé spórt a bhíonn ar siúl, is cuma faoin aimsir, plódaíonn lucht leanúna isteach chun é a fheiceáil.
D'fhan mé thar oíche I stayed overnight
" D'fhan mé thar oíche i marae, ar cineál tí de chuid phobal traidisiúnta na Maorach é.
d'fhan lear mór vótálaithe óga sa bhaile, a big proportation of young voter stayed at home
" In 2005, thug an ciniceas agus an fhuarchúis an svae leo agus d'fhan lear mór vótálaithe óga sa bhaile, ag ligean dá dtuismitheoirí agus dá seantuismitheoirí PiS a thoghadh chun an Sejm.
sular bhuail an cac an gaothrán before the shit hit the fan
" Bhí conradh ceithre bliana eile aige ina phóca tóna sular bhuail an cac an gaothrán (Ooooops! Tá mé buartha, a eagarthóra!).
a fhanfaidh leis which will stay with him
" Chonaic Myers rudaí i mBéal Feirste a fhanfaidh leis go deo.
lucht leanúna an spóirt fans of sport
" Fuair bua Phádraig an líon ba mhó vótaí agus an t-éacht ba shuntasaí spóirt ón mbliain seo caite á roghnú ag lucht leanúna an spóirt in Éirinn.
lucht éisteachta díograiseach dedicated listeners, fans
" Dar ndóigh, tá lucht éisteachta díograiseach ag na ceoltóirí seo, daoine atá splanctha ina ndiaidh.
Bhí lucht leanúna mór againn we had a lot of fans
" Bhí lucht leanúna mór againn ar an mhór-roinn ach ní raibh comhordú ceart déanta ar chúrsaí.
dá bhfanfaimis ansin. if we were to stay there.
" Chuir mé an t-eolas ar fad i dtoll a chéile mar gheall ar an drochbhail atá ar an bhfoirgneamh faoi láthair agus faoi na costais ar fad a bheadh i gceist dá bhfanfaimis ansin.
lucht leanúna an-díograiseach very devoted fans
" Bíodh is nach bhfuil a gcáil inchurtha le cáil na ngrúpaí móra mar U2, mar shampla, tá lucht leanúna an-díograiseach acu.
músclaítear suim ar leith i lucht leanúna spóirt abhus a particular interest is awakened in sports fans over here
" Is tír í an Astráil atá an-tógtha le cúrsaí spóirt agus músclaítear suim ar leith i lucht leanúna spóirt abhus agus foirne na tíre páirteach i gcomórtais mhóra idirnáisiúnta ar nós na gCluichí Oilimpeacha.
dúnghaois fan nó imeacht go luath stay or go early policy
" Tugtar ‘dúnghaois fan nó imeacht go luath’ (stay or go early policy) ar an gcur chuige seo.
fan ar shiúl ó avoid
" Rud amháin a d’aithnigh mé agus mé sa chathair iontach seo le ‘maighdean-Nua-Eabhrac’ – fan ar shiúl ó na ‘nithe is díol spéise do thurasóirí’.
fan glan ar stay away
" Más dian ort an braon fola – nó an galún fola sa chás seo - fan glan ar ‘*Let the Right One In*’, ach caillfidh tú ceann de na haislingí ceallalóíde samhlaíochtúla is úire agus is dúshlánaí ar camchuairt faoi láthair.
fan na gcliathán down the wings
" Measaim féin go gcaithfidh foireann iarracht a dhéanamh an cluiche a imirt ar bhealach nach bhfeilfidh sé do Chill Chainnigh - an sliotar a choinneáil ag gluaiseacht go híseal agus go tapa ó thaobh go taobh agus i dtreo na gcúinní agus síos fan na gcliathán, nó, mar a rinneadh ó am go ham cheana, imreoir a thógáil as na tosaithe agus a chur ag imirt taobh thiar dá leathchúlaí láir mar a rinne Áth Cliath i gcoinne Chill Chainnigh le déanaí.
fan stay
" ‘Antichrist’, le Lars Von Trier Ná himigh i ngiorracht scread asail do ‘Antichrist’ le Lars Von Trier, fan iomlán glan ar an scannán a scoilt Féile Scannán Cannes ina dhá leath i mbliana, má cheapann tú nach bhfuil seans dá laghad, ‘dá laghad’ a deirim, go bhféadfaí go mbeadh fiúntas agus dleathacht ealaíne de shaghas éigin i scannán ina bhfuil neart míreanna mar seo a leanas tríd síos:- bean a ghearrann a brillín di féin le deimheas mór garraíodóireachta, nó siosúr maintín, ní fhéadfainn a bheith cinnte cioca gléas gearrtha a d’úsáid sí - i ngar-seat ollmhór caol díreach os comhair an cheamara, í dulta glan iomlán as a meabhair le ciontacht a mhíneod ar ball; an bhean chéanna i lár seisiúin suirí lena fear roimhe sin nuair a d’fhág sí gan aithne gan urlabhra é tar éis a mhagairle a bhataráil le ceap adhmaid, mar gur theastaigh uaithi eisean a ghortú as a ról féin sa chiontacht thuasluaite.
fanaim I wait
" Agus mo bhrollach lán fanaim soicind beag agus scaoilim an t-aer amach go deas réidh ar an mbéal.
Fanfaidh tú you'll wait
" Fanfaidh tú ar feadh scaitheamh fada fá choinne ceann amháin agus tiocfaidh cúpla ceann ansin sa mhullach ar a chéile.
fanta left
" Leagadar rompu agus rinne uisce faoi thalamh le chéile le bheith cinnte gurbh é an náisiún mór, saibhir, an Fhrainc, agus nárbh é an tírín beag, bocht, Éire éidreorach (a bhí saibhir cúpla bliain ó shin ach nach bhfuil cianóg rua ná sciúrtóg fanta anois aige), a rachadh chun na hAfraice Theas an bhliain seo chugainn le himirt i gcomórtas Chorn an Domhain (sacar, ní rugbaí, ar eagla na míthuisceana).
spreacadh fanta spirit remains
" Ar mhodh agus ar shiocair éicin nach dtuigim, braithim go bhfuil spreacadh fanta in go leor againn in Éirinn le gníomh úr aisteach éicin a dhéanamh go fóill.
An bhfan Dónall did Dónall stay
" Siceagó ==== **CB: An bhfan Dónall i Sasana?** MDÓS: Ní dhein.
mórán ama fanta much time left
" Níor theastaigh uaidh fanacht i gCalifornia, cé nach raibh mórán ama fanta aige.
fanfaidh sé aclaí he’ll remain healthy
" Má chónaíonn damhan alla nó feithid i gceantar gan sioc nó sneachta, fanfaidh sé aclaí agus gníomhach i rith an Gheimhridh.
d’fhan remained
" Ach cé gur laghdaigh géire an bhochtanais d’fhan an deighilt idir saibhir agus daibhir chomh leathan agus a bhí riamh.
d’fhan stayed
" Cad déarfá faoi na feisirí a d’fhan sa seomra sin faoin gcoinníoll nach sceithfidís eolas Rehn lena gcuid vótóirí?** SÓhU: Caithfidh siad súd labhairt dóibh féinig, ach, cinnte ó mo pháirt féin, cuireadh é sin in iúl, ón gCoimisinéir.
a d’fhan liom which I’ve remembered
" An té a chuir an cheist, dúirt sé rud amháin a d’fhan liom, go raibh níos mó foighne agam ná mar a bhí ag aon duine eile i measc imreoirí eile an chlub.
fanta ionam (still) left in me
" Má léim alt eile i nuachtán faoina sciobtha is a bhriseann scéalta nuachta ar Twitter, Facebook is ar YouTube caillfidh mé a laghad stuaime is atá fanta ionam.
a raibh fanta acu what they still held
" Theip ar na Gaeil a raibh fanta acu dá dtír a choimeád 1601, theip orthu an fénechas (.
fanta left
" Ní bheidh fanta faoi réim fhoghlaim teanga do liog-rianta inchinne an duine atá os cionn 14 bl.
Fanann stays
" Fanann an rón beag leis an máthair agus snámhann sé thar na tonnta ar dhroim a mháthar, dá bhrí sin, ní móide go ngortófar é má fhanann sé lena mháthair.
D’fhan remained
" D’fhan sé mar sin gur chuir Michael D.
D’fhanfadh would wait
" D’fhanfadh Mary Travers i measc na marbh dearmadta ach gu’b é gur roghnaigh Sinn Féin Mary McArdle mar chomhairleoir speisialta do Charal Ní Chuilin, an tAire úr Cultúir, Ealaíona agus Fóillíochta san Fheidhmeannas úr.
Cé nár fhan sé although he didn’t stay
" Cé nár fhan sé i bhfad sa phost, chruthaigh sé leagan amach nua, ceann de mholtaí eile na meithle, chun go bhféadfadh Coiste an Chontae bonn úr a chur faoin iomáint sa chontae.
Fanta remaining
" Spriocanna Fanta ======== Maidir le moladh a ceathair, ní léir go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta maidir le háiseanna den scoth, Lárionad Iomána agus Acadamh Sainiúlachta.
am imeartha fanta playing time left
" Mar is Cóir a Bheith =========== Ní féidir a rá go bhfuilimid slán mar go ndeir an réiteoir go bhfuil ocht nóiméad am imeartha fanta.
fanfaimid dall ar we’ll remain ignorant
" Nár thábhachtaí go bhfiosróimis scéal an airgeadais náisiúnta agus ilnáisiúnta ná vóta amháin a chaitheamh uair amháin gach ceathrú bliain? Mura gcuirimid oiliúint orainn féin, fanfaimid dall ar a bhfuil romhainn agus roimh gach éinne inár dtimpeall.
Níl fanta all that remains
" Níl fanta go feidhmiúil is go rafar sa cheird anois ach an mionlach.
lucht leanúna an-mhór a great amount of fans
" Ionad mór spóirt é Ollscoil Memphis agus tá lucht leanúna an-mhór ag foirne an choláiste, go háirithe i gcás na peile, na cispheile agus an chluiche chorr.
fanta sa ré réamhthionsclaíoch still in the pre-industrial era
" Ní raibh i gcaint an chuairteora Shínigh ach plámás na taidhleoireachta, ach mar sin féin, chuir ráiteas Xi ag meabhrú mé ar an chaoi a ndearna geilleagar na tíre seo a bhealach isteach sa nua-aois, agus ar an tSín féin, a bhfuil leathchos amháin aici sa nua-aois agus cos eile fanta sa ré réamhthionsclaíoch.
atá fanta which is left
" Chomh maith le sin gheofaí amach an bhfuil bunús ar bith leis an smaoineamh go mba cheart aitheantas Gaeltachta a bhronnadh ar ceantair ar nós Cluain Dolcáin agus ba cheart, más féidir, a thaispeáint go bhfuil an Ghaeilge á seachadadh ó ghlúin go glúin i measc sciar suntasach teaghlach in aon phobal ar fud na tíre, mar a sheachadtar í sa méad sin den bhfíor-Ghaeltacht atá fanta.
d'fhan remained
" Ceol Shráid na Boirbe ========== Ar ndóigh, d'fhan rian na Fraince ar an gcathair fiú tar éis Mhargadh Napoléon, ach gan baint polaitiúl a bheith ag an bhFrainc leis an áit, thosaigh saíocht na Fraincise ag dul i laige sa 19ú haois, go háirithe agus inimircigh na hÉireann agus na hIodáile ag plódú isteach.
fhanann go dilís léi loyally stick by her
" Is marthanóir í Donna agus tarraingíonn sí ar fhoinsí inmhéanacha agus seachtracha le í féin a choinneáil slán agus, mar aon leis an tacaíocht agus sólás a fhaigheann sí óna muintir féin, a máthair agus a deirfiúracha Anna agus Martha, a fhanann go dilís léi i gcónaí.
lucht leanúna fans of
" An Taobh Tuathail ======== Tá lucht éisteacht eile ansin chomh maith ag an raidió ó thaobh an cheoil de agus tá siad scaipthe ar fud na tíre agus ar fud na cruinne agus níl focal Gaeilge acu, nó níl aon bhaint acu leis an tír seo, b’fhéidir, agus ’siad sin lucht leanúna An Taobh Tuathail, an clár ceol domhanda agus techno.
d’fhan dílis dá fhréamhacha Éireannacha remained loyal to his Irish roots
" Fear ab ea é Fuller a d’fhan dílis dá fhréamhacha Éireannacha i gcónaí agus chreid sé go daingean go raibh Murphy neamhchiontach.
fan an cúrsa stay the course
" Ach cá bhfios? Níl an bhiaiste ach ina tús go fóill, ach is cosúil cheana féin go mbeidh na vótóirí ag roghnú idir dhá rud shimplí i ndeireadh báire: “gearradh rialtais, agus ceannasaíocht an mhargaidh” (na Poblachtaigh) nó “fan an cúrsa, agus bíodh dóchas agat i dtéarnamh” (na Daonlathaigh).
má fhanann siad dílis do if they stay loyal to
" An mór an baol dóibh má fhanann siad dílis do réimeas Al-Assad? Nó an ceart dóibh tacú leis trodairí an fhreasúra, nó an tír a fhágáil má tá ar a gcumas é sin a dhéanamh? Catacóm San Lorenzo di Beffi ============ Saoithiúil go leor - agus roinnt de na pobail Chríostaí is sine sa Mheán-Oirthear i mbaol a ndíothaithe, fuaireamar léargas nua ar luathstair na Críostaíochta san Eoraip nuair a thángthas ar na mallaibh ar iarsmaí seandálaíochta a bhaineann le cuid de na pobail Chríostaí is luaithe san Iodáil.
ná fanaimis i dtaobh leis an drochscéala i dtólamh let’s not remain tied to negative news all the time
" Abair amach é nuair a chasfar duine leat agus ná fanaimis i dtaobh leis an drochscéala i dtólamh.
tailte a bhí fanta fós acu lands which they still possessed
" Ghlac Comhthionól Coitinn na Náisiún Aontaithe ag deireadh mhí na Samhna le stádas taidhleoireachta a thabhairt don Phalaistín, céim ab ionann is breith stáit, sna tailte a bhí fanta fós acu fán bhliain 1967.
Ní raibh fanta ach all was booked except
" Ní raibh fanta ach suíocháin i mbarr an tí ar an gcúigiú stór – ‘i measc na ndéithe’ mar a deir lucht opera.
bhfuil laige éigin fanta iontu some weakness has remained with them
" Smacht in Ionad na hAinrialach =========== Tá an iomarca daoine róghortaithe sa saol agus tá sciar líonmhar a gortaíodh agus a bhfuil laige éigin fanta iontu, nó go bhfuil goimh aisteach iontu ó shin.
a d'fhan ciúin who stayed quiet
" Bhí páiste is fiche sa rang seo, agus faoi dheireadh na heachtra tubaistí, bhí gach duine acu marbh, cés moite de chailín amháin a d'fhan ciúin agus a lig uirthi go raibh sí marbh cheana féin.
i ndiaidh iad an lasair a chur sa bharrach when they had fanned the flames
" Ach i ndiaidh iad an lasair a chur sa bharrach lena 40,000 bileog, tá an DUP agus an UUP dóite ag an phléasc a tháinig mar thoradh ar an ghníomh dhíchéillí agus tá siad go hiomlán in aimhréidh, an UUP ach go hairithe faoi stiúir Mike uafásach Nesbitt agus an locht á chur orthu sin ag an aicme oibre as an drochbhail ina bhfuil siad.
Fan bomaite anois hould on a sec
an t-uafás eile fanta le déanamh a hell of a lot left to do
" **SMM: An t-airgead atá bailithe leis an iarracht seo chun ionad dea-chúraim a lonnú i gCaisleán an Bharraigh, níl an t-uafás eile fanta le déanamh agaibh.
Níl fanta san eagraíocht ach the organization is now nothing but
" Níl fanta san eagraíocht ach buíon thionsanta dortadh fola fud fad na hAfraice.
Níl fanta de screamh ar an dlí idirnáisiúnta ach of the thin mantle of international law only
" Níl fanta de screamh ar an dlí idirnáisiúnta ach an scannán is tanúla, scannánaíocht Hollywood, cláir teilifíse gan beann ar aon rud ach seafóid agus cé dúirt seo faoi siúd nó fúithi siúd.
d'fhan an rialú sin slán the ruling remained untouched
" In 1856, mar shampla, rialaigh Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe nár bhain bille cearta na tíre le daoine Gormaigh, agus d'fhan an rialú sin slán go dtí 1868.
lucht gréine agus gainimh fans of sun and sand
" Uair amháin, ba iad Na hAlpa an áit a bhí mór le rá i measc sléibhteoirí, agus d’amharc siad ar An Spáinn mar cheann scribe don ‘lucht gréine agus gainimh.
D’fhan mé feín i mo thost I remained quiet
"D’fhan mé feín i mo thost, ach bhí tús comhrá déanta… Is scéal casta go leor atá sna staidrimh a bhaineann le cúrsaí daonra agus imirce sa nGearmáin le blianta beaga anuas.
d’fhan siad dílis they remained loyal
" Máirtín Standún as Learpholl agus Gearóid Ó Maoil Mhíchil ar ndóigh, mar a chéile, d’fhan siad dílis don Ghaeilge.
d’fhan mé dílis do na tuairimí a bhí agam I remained loyal to my views
" D’fhág mé an IRSP ina dhiaidh sin ach d’fhan mé dílis do na tuairimí a bhí agam go dtí an lá inniu.
de phúdar bainne fanta of milk powder remained
" Bhain mé na seilfeanna cúil amach agus chonaic go raibh stán mór ramhar amháin de phúdar bainne fanta agus cheannaigh mé é.
go bhfantar i ndiaidh one stays on after
" Is minic a thagtar isteach san AE ar bhonn víosa mar thurasóir nó mar mhac léinn, is go bhfantar i ndiaidh don víosa sin dul in éag.
na cuimhní a fhanfaidh leat go deo the memories which shall remain with you forever
" An Chaid ==== **CB: An Club versus an Contae – cad iad na buaicphointí duitse?** DÓC: An club is dócha – sin iad na cuimhní a fhanfaidh leat go deo.
d'fhan an stát the state continued
" Má ghlac, níor íocadh an t-airgead ach le méid áirid acu sin agus d'fhan an stát ag baint móna go santach as na portaigh lagáin i rith an ama trí Bhord na Móna.
Fanaimis go bhfeicimis we’ll wait till we see
" Fanaimis go bhfeicimis caidé atá sé ag gabháil a dhéanamh faoi Bhanc na Vatacáine.
Fan liom bear with me
" Cad é an bhaint ata ag an tSín, na geilleagair éiritheacha agus bratach Shasana lena chéile? Fan liom.
atá fanta agam which is left to me
" Is cosúil go bhfuil go leor ag éirí as nuachtán a cheannach go laethúil, mar go bhfuil sé ar fáil ar líne, ach fós féin atá ag iarraidh go mbeadh nuachtán clóite ina láimh acu ag deireadh na seachtaine le haghaidh ‘lean back screen-free reading’, mar a thug sí ar cheann de na pléisiúir is mó atá fanta agam, san aois ina bhfuilim.
nár fhan siad leis that they didn’t wait for
" Ní hamháin sin ach tá gach cuma ar an scéal nár fhan siad leis an toradh ón bpróiséas comhairliúcháin sular deineadh an cinneadh thíos i gCill Airne, le linn Oireachtas na Gaeilge, deontas a chur ar fáil do nuachtán ar líne amháin, Smaoinigh gur deineadh an cinneadh ar an 1 Samhain ach an dáta atá ar an anailís a cuireadh ar fáil don bhForas ná an 8 Nollaig 2013! Sa chonchlúid deirtear sa tuarascáil, a réitigh Regina Uí Chollatáin agus Róisín Ní Mhaolchallann, go bhfuil sé ‘róluath le bheith ag dul i dtreo an idirlín amháin’ agus go mba mhaith le pobal na Gaeilge ‘go mbeadh nuachtán clóite ar fáil’ chomh maith le nuachtán ar líne.
ach cúig mhíle fanta only five miles left
" Níl ach cúig mhíle fanta, geábh a rithinn faoi dhó gach seachtain san am roimhe seo.
bhfanfaidh an suíomh the site shall remain
" Tá caint ann anois go mbeidh an dánlann iontach seo ina ceap oifige amach anseo ach tá mórán den phobal agus den aos ealaíne go háirithe ag súil nach dtarlóidh sé seo agus go bhfanfaidh an suíomh mar atá mar chuid d’oidhreacht na bliana.
fanfaidh rian a staire the trace of their history stays
" Mar gheall ar stair lucht a labhartha, fanfaidh rian a staire agus a ndearcadh saoil mar chuid inmheánach den teanga, más iniompar agus más inláimshithe é.
atá fanta aige which he has left
" Chuige sin bhí an litir ag impí ar Dinny Mc Ginley rud éicint fiúntach a dhéanamh sa dhá bhliain atá fanta aige in oifig lena cur faoi ndeara a chomhleacaithe sa rialtas ‘go dteastaíonn athrú i meon, athrú i bpolasaí agus athrú sa gcur chuige’.
Is é croitheadh an tsacáin atá fanta the remnants are left
" Is é croitheadh an tsacáin atá fanta sna ceantair Ghaeltachta faoin am seo, faraor.
chaillfear a bhfuil fanta againn go dtí seo shall die what we still have
" An gá a rá go bhfuil siad ag iompar na bhfód anois? An bhfuil aon údar a cheapadh nach sa cheo chéanna a chaillfear a bhfuil fanta againn go dtí seo de thobar an dúchais?