Pota Focal Intergaelic
glúna | gúnga | ga | gan | gang
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gúna gleoite pretty dress
" Is fada freisin ó tugadh béile na Nollag dom ar phláta plaisteach - caithfidh go rabhas breá sábháilte i gcathaoir ard, gúna gleoite na Nollag agus bibí beag daite orm agus mo thuistí, aintíní agus uncailí ag rá liom gur cailín beag maith mé.
i ngúnaí beaga in small dresses
" £73 an cead isteach a bhí i gceist go dtí an Princess Royal Stand, an áit a raibh mé féin ag obair, agus cé go raibh radharc maith ón ardán, ní dheachaigh cuid mhaith de na *punters *amach air mar go raibh sé rófhuar dóibh agus iad gléasta i ngúnaí beaga nó i gcultacha.
ghúna na tuirlingte the dress worn when landing
" Gan dabht, ba chuirtéis chliste dath ghúna na tuirlingte ag Baile Dhomhnaill roimhe sin.
a gúna comaoineach her communion dress
" Bhí a gúna comaoineach ann, neart bonn míliteach le m’uncail agus grianghraif ag gabháil siar go tús an 20ú haois.
póca a gúna her skirt pocket
" Tógann sí a guthán amach as póca a gúna, cuireann Tinder ar siúl agus athraíonn na socruithe: Fir laistigh d’aon mhíle amháin achair.
molaim gúna dubh I advise (wearing) a black dress
" Má théann tú chuig na Gradaim Chumarsáide, molaim gúna dubh a chaitheamh.
Mná na ngúnaí bána the white dress women
" Mná na ngúnaí bána ba chionsiocair leis an éagaoineadh is cosúil, cionn is gur leáigh an tseacláid ar a gcuid gúnaí, go feiceálach, a fhad is d’fhan siad ag geabaireacht in ionad a bheith ag placadh leo.
an ngúna gliomaigh ar baisteadh the lobster dress which was called
" Sa bhliain 1937 d’oibrigh sé i gcomhpháirt leis an dearthóir Iodálach clúiteach Elsa Schiaparelli ar an ngúna gliomaigh ar baisteadh an ‘Mondrian’ air, gúna taibhseach a chuaigh i bhfeidhm go mór ar Yves Saint Laurent nuair a chruthaigh sé culaith lándathannach sa stíl chéanna i 1965.
gúna taibhseach a spectacular dress
" Sa bhliain 1937 d’oibrigh sé i gcomhpháirt leis an dearthóir Iodálach clúiteach Elsa Schiaparelli ar an ngúna gliomaigh ar baisteadh an ‘Mondrian’ air, gúna taibhseach a chuaigh i bhfeidhm go mór ar Yves Saint Laurent nuair a chruthaigh sé culaith lándathannach sa stíl chéanna i 1965.